RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tús Áite
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Be sure to visit the podcast's website and support the creator: www.rte.ie
Author
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Category
Podcast website
Latest episode
Nov 27, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 27.10.2026 23:00
Na scéalta móra idirnáisiúnta á bplé leis an Dr. Bairbre Ní Chiosáin, Léachtóir in Ollscoil Toulouse, agus Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Víosaí do mhic léinn ó Ghaza 27.10.2026 6:29
Tá an Ard-Chúirt tar éis cinneadh ón Aire Dlí agus Cirt víosa staidéir a dhiúltú do mhac léinn as Gaza a chur ar ceal agus d’ordaigh sí go ndéanfaí athbhreithniú ar an iarratas agus go ndéanfaí cinneadh nua laistigh de dheich lá. Phléamar an scéal le Naoise Dolan, Scríbhneoir agus Gníomhaí Cearta Daonna See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 27.10.2026 5:41
Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Muiris Ó Cearbhaill, Comhfhreagraí Polaitíochta, The Irish Daily Mail. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Seoladh Phlean forbartha tuaithe nua 27.10.2026 7:30
Sheol an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail, agus Gaeltachta Dara Calleary Plean forbartha tuaithe nua i mBÁC inniu. Bhí ár dtuairisceoir Jack Basquille i láthair ag an seoladh, labhair sé leis an Aire Calleary maidir leis an bplean nua. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Iosrael 23.10.2026 6:02
Ghortaigh gunnadóirí Palaistíneacha cúigear Iosraelach sular maraíodh beirt acu tar éis malartú lámhaigh fada. Mar thoradh ar an eachtra sin, d’ordaigh Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, dianghlasáil ar fud an Bhruach Thiar. Phléamar an scéal le Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine 23.10.2026 13:22
Scéalta móra na seachtaine á bplé le Clodagh Ní Mhuirí, Comhairleoir cathrach BÁC le Fine Gael, agus Míde Nic Fhionnlaíoch, Ball de na Daonlathaigh Sóisialta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Seoladh leabhair - 'An Saol Bocht' 23.10.2026 8:56
Tá an chéad bheathaisnéis mór ar Flann O’Brien nó Myles na gCopaleen nó Brian Ó Nualláin le tríocha bliain anuas á sheoladh ag ionad ollscoil Notre Dame i mBaile Átha Cliath um thráthnóna. Tá Brian Ó Conchubhair, údar agus Ollamh le Teanga agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame, linn ar an gclár chun é a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Dónal Lunny imithe ar shlí na firinne 23.10.2026 12:13
Tá Dónal Lunny, Ceoltóir mór le rá a bhí mar bhall den ghrúpa Planxty, agus a bhí mar cheannródaí i saol an cheoil thradisiúnta i gcoitinne, imithe ar shlí na fírinne. Labhraíomar le Paddy Glackin, fidléir, ball bunaidh de The Bothy Band, agus le Macdara Ó Faoláin, ceoltóir traidisiúnta bouzuki a bhí ag seinm le Dónal Lunny le déanaí. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 22.10.2026 5:51
Scéalta ó na nuachtáin áitiúla ó fud fad na tíre á gcur i láthair ag Jack Basquille. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: El Niño 22.10.2026 9:02
Is feiniméan aimsire é El Niño ina n-éiríonn uiscí dromchla an Aigéin Chiúin níos teo ná mar is gnách, rud a mbíonn tionchar aige ar phatrúin aimsire ar fud an domhain. Táthar ag súil leis an mbuaicphointe i mí na Nollag. Seo tuairisc ag Cearbhall Ó Síocháin ar an eachtra aeráide agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige orainn. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an lae 22.10.2026 6:30
Scéalta móra polaitíochta na lae á bplé le Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuachta RTÉ/TG4. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Liostaí Feithimh 22.10.2026 5:56
D'fhág níos mó ná 70,000 duine na ranna éigeandála ospidéil gan fanacht, nó d'fhág siad sular críochnaíodh a cóir leighis, le linn na chéad seacht mí den bhliain seo, de réir figiúirí nua. Phléamar é le Dr. Anthony O'Connor, Dochtúir Comhairleach in Oispidéal Thamhlachta agus Ollamh le Leighis i gColáiste na Trionóide. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Múinteoirí Thar Lear 22.10.2026 11:58
Labhair muid faoi thaithí mhúinteoirí thar learr, coinníollacha, agus an aighneas pá sa bhaile le beirt a thóg an chinneadh fágáil, Áine Ní hEósa, Múinteoir bunscoile as Corcaigh, Perth, agus Eva Ní Dhoibhleann, Múinteoir bunscoile as Gaoth Dobhair, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Mír na Meán 21.10.2026 9:36
Súil á chaitheamh ar cad atá sna meáin, idir Theilifís, Raidió, Litríocht, agus eile! Inniu bhí dhá chláir á phlé, 'Glúin an tSosa Cogaidh' agus 'Ceol 1798', an dá cheann ar TG4 agus Rob Ó Conchúir inár dteannta chun iad a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Gaeloideachas agus Stailc na nAturnaetha le Barry Ward 21.10.2026 6:46
Bhí TD d'Fhine Gael Barry Ward ag tagairt do líomhaint an Aire go raibh dlíodóirí cosanta tar éis díriú isteach go sonrach ar chásanna éignithe chun bac a chur orthu mar chuid dá n-aighneas faoi íocaíochtaí agus dúirt sé go raibh an méid a dúirt an tAire mhífhéaráilte agus gur chóir dó é a tharraing siar. Labhair muid leis an fear féin maidir leis an gceist seo. See omnystudio.com/listener f...
Tús Áite: Cúrsaí Aeráide agus fuinneamh in-athnuaite 21.10.2026 10:03
Chaill Éire go leor leictreachais in-athnuaite le linn na chéad naoi mí den bhliain seo. Ba leor an méid leictreachais a cailleadh chun cumhacht a sholáthar do bheagnach leathmhilliún teach in Éirinn, ach níorbh fhéidir é a úsáid de bharr srianta sa chóras leictreachais. Labhair muid faoi le Frank Allen, Comhairleoir Infrastruchtúr, Cathaoirleach Translink, Iar-Cathaoirleach Iarnróid Éireann See o...
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 21.10.2026 7:17
Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Agóidíocht lasmuigh d’ambasáid na Stáit Aontaithe 21.10.2026 7:36
Gach lá le 4 bliana anuas tá grúpa ag ágóidíocht lasmuigh d'ambasáid na Rúise in Éirinn mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, ach inniu, dhírigh an grúpa a gcuid ágóidíocht ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus ambasáid Mheiriceá i ndeisceart na cathrach. Chuaigh ár dtuairsceoir Jack Basquille amach chuig ambasáid na Stáit Aontaithe chun labhairt leo siúd a bhí i mbun ágóidíochta. See omnystudio...
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 20.10.2026 10:24
Na scéalta móra idirnáisiúnta atá ag dó na geribe don phainéal, Inár dteannta inniu bhí Scott Oser, Ollamh Fisice i Vancouver British Columbia, agus Peadar de Blúit, Tráchtaire. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Buaic-Ghradam Cumarsáide 2026 20.10.2026 9:34
D'fhógair An tOireachtas inniu go mbeadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2026 á bhronnadh ar iriseoir agus craoltóir atá aitheanta ar dhuine de na tráchtairí polaitíochta is údarásaí sa tír le blianta fada, Cathal Mac Coille. Labhair muid leis an mbuaiteoir féin sa stiúideo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Díospóireacht 20.10.2026 13:52
Bhí díospóireacht ar an gclár maidir le ráiteas an Taoisigh i leith Shinn Féin agus Hitler, agus maidir le stailc na nAturnaetha, inár dteannta bhí Pádraig Ó Suilleabháin, TD Fianna Fáil do Chorcaigh Thuaidh Lár agus ball den gComhchoiste um Dhlí agus Ceart, Gnóthaí Baile agus Imirce, agus le Máiréad Farrell, Teachta Dála Gaillimh Thiar SF Urlabharaí ar Caiteachas Phoiblí agus Athchóriú Shinn Féin...
Tús Áite: Polaitíocht an lae 20.10.2026 8:00
Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Painéal an Luain: Cáin ar Thithe Tréigthe 19.10.2026 1:07
Gearrfaidh na Coimisineirí cáin 7% de luach maoine ar úinéirí foirgnimh chónaithe tréigthe mura ndéanann siad bearta feabhais, mar chuid d'iarracht dul i ngleic le tithíocht tréigthe ar fud na tíre. Fuaireamar tuairim thapaigh ar an scéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Painéal an Luain: Agóidí imithe as smacht sa Fhrainc 19.10.2026 19:23
Tá cumhacht bronnta ag Príomh Aire na Fraince ar mhéaraí áitiúla sa Fhrainc dianghlasáil oíche a chur i bhfeidhm chun daoine agus gnólachtaí a chosaint, Phléamar an scéal is déanaí leis an bpainéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Painéal an Luain: Stailc na nAturnathe Cosanta 19.10.2026 6:56
Tharraing líon mór aturnathe a oibríonn i réimse na cosanta coiriúla siar ó gach obair ag tosnú inniu mar ghéarú ar a n-aighneas leis an Aire Dlí agus Cirt maidir le scéim nua íocaíochta do chúnamh dlí coiriúil. Fuaireamar tuairimí an phainéil maidir leis an oighneas seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.