RTÉ Raidió na Gaeltachta

Nuacht a hAon

News GA ↓ 100 episodes

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.

Author

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Category

News

Podcast website

www.rte.ie

Latest episode

Jun 26, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

John Boyle : Ard Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann. 26.06.2026

Léiríonn staidéar atá déanta ag an Roinn Oideachais go mbeidh titim ar rollaí na ndaltaí i scoileanna náisiúnta na tíre don scoilbhliain nua. Anuraidh bhí titim 6,700 ar líon na ndaltaí. Tá imní ar Chumann na Múinteoirí go gcuirfidh an titim suas le 400 postanna i mbaol.

Ferdia McCann : Oifigeach Meitéareolaíochta Sinsearach le Met Éireann. 26.06.2026

Tá stádas buí stoirmeachaí toirní fógraithe go chuile chontae i gCúige Chonnacht inniu agus deich gcontae eile. Ta Met Éireann ag tuar go bhféadfadh fuarlaigh a bheith in áiteacha agus go bhféadfaí damáiste a dhéanamh do sheirbhísí cumachta, uisce, gáis agus teileachumarsáide.

Angus Lambkin : Oibrí daonchairdis Idirnáisiúnt. 26.06.2026

Áirítear gur maraíodh na mílte duine agus gur gortaíodh na mílte eile ach ar scrios dhá chrith talún móra, i dtuaisceart Veiniséala i Meiriceá Theas tráthnóna Dé Céadaoin. Cén chaoi a dtabharfar faoin obair fhóirthinte?

John Downing : Comhfhreagraí polaitiúil agus colúnaí leis an Irish Independent. 26.06.2026

Léiríonn taighde atá foilsithe inniu ag Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann go gcuireann comhlachtaí idirnáisiúnta atá lonnaithe anseo sciar ollmhór airgid isteach sa stát chiste trí íocaíochtaí Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa agus trí cháin bhreis luacha a íocann na fostaithe, chomhmaith leis an gcáin chorparáideach.

Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil. 26.06.2026

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Cáit de Bhailís Nuacht an Iarthair Séamus Ó Scanláin Nuacht an Deiscirt Aoife Ní Shúilleabháin Nuacht an Tuaiscirt Maighréad Uí Annluain.

Nuacht a hAon Dé hAoine 26ú Meitheamh 2026. 26.06.2026

An barr is deireanaí nuachta.

Domhnaill Ó Catháin : Abhcóide agus tráchtaire ar chúrsaí polaitiúla na Stáit Aontaithe. 25.06.2026

Bhótáil an Seanad 50 in aghaidh 48 go gcuirfí i bhfeidhm an tAcht Cumhachtaí Cogaidh, Acht a rith Teach na Comhdhála níos túisce an mhí seo le cur faoi ndeara don Uachtarán Trump deireadh iomlán a chur leis an gcogadh in aghaidh na hIaráine. Maíonn an Teach Bán go bhfuil an tAcht míbhunreachtúil.

Liam Mac an Mhaoir : Tráchtaire agus anailísí spóirt. 25.06.2026

Creidean Tony Davis, a bhfuil dhá bhonn uile Éireann aige nach fada go mbeidh imreoirí contae ag lorg sciar níos mó den airgead atá dá dhéanamh ag an gCumann Lúchleas Gael as an gcomórtas craoibhe. Anuraidh, áirítear gur shaothraigh an Cumann €67m ioncam as an gcraobh.

Conall Ó Móráin : Podchraoltóir ar chúrsaí airgeadais. 25.06.2026

Tá an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta ag tuar go n-ardóidh an ráta boilscithe go dtí 3.7% agus iad ag foláireamh, gur dóigh go n-ardóidh praghsanna fuinnimh níos deireannaí sa bhfómhar agus sa ngeimhreadh.

Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG. 25.06.2026

Deir an Tánaiste agus an tAire Airgeadais Simon Harris nach mbeidh aon athrú tobann ann ag deireadh mhí Iúil, ach a rachaidh na h-íslíthe ar na rátaí dleachta ar dhíosail agus ar pheitreal atá i bhfeidhm faoi láthair i léig.

Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil. 25.06.2026

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Marion Ní Shúilleabháin Nuacht an Tuaiscirt Michelle Nic Pháidín Nuacht an Iarthair Máire Bríd Ní Chualáin Nuacht an Deiscirt Conall Ó Cíobháin.

Nuacht a hAon Déardaoin 25ú Meitheamh 2026. 25.06.2026

An barr is deireanaí nuachta.

Ciarán Mac Guill : Tráchtaire ar ghnóthaí na Fraince. 24.06.2026

Tá rialtais ar fud na hEorpa ag déanamh socraithe le daoine a chosaint ó na teochtanna arda. Tá dhá scór duine théis bháis sa bhFrainc ón deireadh seachtaine mar gheall ar an teas mór atá sa tír. Arú aréir an oíche ba theocha a bhí sa bhFrainc ó tosaíodh ag coinneáil cuntais ar chúrsaí aimsire i 1947.

Gráinne Uí Chaomhánaigh : Oibrí deonach le ALONE. 24.06.2026

Tá ALONE, an eagraíocht stocaireachta do dhaoine atá ag dul in aois ag impí ar an rialtas cúram a dhéanamh do na sean daoine sa gcáinaisnéis. Infheistíocht stuama a bheadh ina leithid de chaiteachas a deir siad, iad ag rá go sábhálfadh sé i bhfad níos mó airgid ná a bheith ag maoiniú cúram baile fad téarmach.

Pádraig Ó Suilleabhain TD : Ball de Choiste Sláinte an Oireachtais. 24.06.2026

Inniu ag cruinniú de Choiste Sláinte an Oireachtais cháin an TD Ó Suilleabháin an tIonad Náisiúnta Cógaseacnamaíochta faoi pholasaí na Scéime Luath Rochtanna Drugaí atá i gcoinne drugaí nua a mhaoiniú d’othair a bhfuil galair neamhghnáthacha orthu.

Piaras Ó Dochartaigh TD urlabhraí airgeadais Shinn Féin, agus an Taoiseach, Mícheál Martin Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG. 24.06.2026

Ar maidin, rinne Urlabhraí Shinn Féin, Piaras Ó Dochartaigh, achainí ar an Taoiseach sa Dáil síneadh a chur leis na híslithe ar an dleacht a ghearrtar ar pheitreal agus díosail atá le dul in éag ar an 1ú Lúnasa.

Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta  & Áitiúil. 24.06.2026

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta   Marion Ní Shuilleabháin Nuacht an Deiscirt Conall Ó Ciobháin Nuacht an Tuaiscirt Michelle Nic Pháidín Nuacht an Iarthair Máire Bríd Ní Chualáin.

Nuacht a'1 Dé Céadaoin 24ú Meitheamh 2026. 24.06.2026

An barr is deireanaí nuachta.

Seán Ó Cearbhaill : Aturnae le taithí na mblianta ar na cúirteanna. 23.06.2026

Cuirfear isteach go mór ar chasanna cúirte as seo go ceann cupla lá san aighneas atá ar bun ag dlíodoirí faoi íocaíochtaí i gcásanna a seasann an stát a gcuid costais.

Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG. 23.06.2026

Ar maidin thug an rialtas a mbeannacht don Aire Caiteachas Phoiblí Jack Chambers le h-aghaidh athfhorbairt a dhéanamh Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath a chur i gcríoch. Tá costas €500m luaite leis an obair chóirithe.

Póilín Ní Chiaráin : Comhfhreagraí RnaG i mBéal Feirste. 23.06.2026

Níos mó ná aon áit eile ar fud na Ríochta Aontaithe bhí tionchar ollmhór ag an mBreatimeacht ar na 6 Chontae. Tharraing an cinneadh imeacht as an Aontas Eorpach clampar polaitiúil, go h-áirithe na h-iarrachtaí le haghaidh an teorainn ar an oileán seo a choinneáil oscailte ó thaobh trádála.

Tom Ó Ceallaigh : Tráchtaire ar pholaitíocht na Breataine. 23.06.2026

Deich mbliana agus an lá inniu a bhótáil an Ríocht Aontaithe ar son an Bhreatimeachta, cinneadh a tharraing an Bhreatain amach as an Aontas Eorpach. An tseachtain seo caite, léirigh anailís a rinne Banc Ceannais Shasana go ndeachaigh an geilleagar 6% ar gcúl, mar gheall ar an mBreatimeacht.

Nuacht a'1 Dé Máirt 23ú Meitheamh 2026. 23.06.2026

An barr is deireanaí nuachta.

Seán Mac Shéamuis : Comhairleoir pinsean. 22.06.2026

Tá sé fógartha ag an rialtas go dtiocfaidh an dlí nua faoin aois a mbeidh cead ag daoine éirigh as a gcuid oibre i bhfeidhm ar an Luan seo chugainn.

Andy Caomhanach : Léachtóir in Aonad Theicneolaíocht na Faisnéise in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 22.06.2026

Tá foláireamh éisithe ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí don phobal a bheith airdeallach ar chaimiléirí a dhéanfaidh iarracht teacht i dtír ar na táillí breise custaim a thiocfaidh isteach ar an gcéad lá de mhí Iúil ar earraí atá a gceannacht taobh amuigh den Aontas Eorpach.

Listen to the Nuacht a hAon podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.