RTÉ Raidió na Gaeltachta
Nuacht a hAon
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.
Author
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Category
Podcast website
Latest episode
Jun 26, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG. 22.06.2026 5:25
Deir Sinn Féin go gcaithfidh an chéad Phríomh Aire Nua ar an mBreatain aghaidh a thabhairt ar an mbagairt atá ar an Ríocht Aontaithe ó náisiúnaithe ní amháin sna 6 Chontae ach freisin in Albain agus sa mBreatain Bheag.
Seán Ó Cadhain : Tráchtaire ar Pholaitíocht na Breataine. 22.06.2026 8:25
Sa mBreatain tá sé fógartha ag an bPríomh Aire Keir Starmer go bhfuil sé le n-éirigh as oifig. Sé Andy Burnham rogha na coitiantachta lena leanacht, ar maidin thainig Wes Streeting amach ag tacú leis, an coróiniú ceannaire nua a bheidh againn?
Nuacht an lae: Náisiúnta, Idirnáisiúnta 7 Áitiúil. 22.06.2026 29:40
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Cáit de Bhailís Nuacht an Tuaiscirt Maighréad Uí Annluain Nuacht an Iarthair Séamus Ó Scanláin Nuacht an Deiscirt Aoife Ní Shuilleabháin.
Nuacht a'1 Dé Luain 22ú Meitheamh 2026. 22.06.2026 59:48
An barr is deireanaí nuachta.
Garry Mac Donnacha, Tráchtaire agus anailisí spóirt. 19.06.2026 5:37
Tá an chéad sheachtain de Chorn Sacair an Domhain tagtha chun críche i Meirceá Thuaidh agus tá aghaidh an domhain ar na cluichí atá dhá n’imirt i gCeanada, sna Stáit Aontaithe agus i Meicsiceo.
Niall Ó Muilleoir, Tráchtaire ar pholaitíocht na Stáit Aontaithe. 19.06.2026 8:16
Tá an conradh comhthuisceana a shínigh Meiriceá agus an Iaráin, faoi dheireadh a chur leis an gcogadh sa Meán Oirthear cáinte ag cuid do na polaiteoirí sinsearacha sa bpáirtí poblachtánach.
Seán Ó Cadhain, Tráchtaire ar pholaitíocht na Breataine. 19.06.2026 8:06
Go moch ar maidin, ach ar ghrú Andy Burnham fothoghchán Makerfield dúirt sé go mba léir don dall nach raibh córas polaitiúil na Breataine ag obair, ach go raibh deis anois ag an tír athrú chun leasa.
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. 19.06.2026 7:23
Dúirt an Taoiseach Mícheál Martin ar maidin gur chóir go mbeadh Uachtarán Chomhairle na hEorpa António Costa mar ionadaí na hEorpa in aon chainteanna síochána chun deireadh a chur le Cogadh na hÚcráine.
Nuacht an Deiscirt. 19.06.2026 8:41
Conn Ó Muíneacháin.
Nuacht an Iarthair. 19.06.2026 7:32
Máire Bríd Ní Chualáin.
Nuacht an Tuaiscirt. 19.06.2026 7:57
Caoimhe Ní Chonchoille.
An nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta. 19.06.2026 3:45
Marion Ní Shuilleabháin.
]Nuacht a hAon: Dé Aoine 22 Meitheamh 2026. 19.06.2026 59:33
Láithriú - Fionnuala Uí Neachtain.
Ciarán Ó Sé, Urlabhraí ó Leathanbhanda Náisiúnta Éireann. 18.06.2026 7:17
Tá sé tugtha le fios inniu ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann go bhfuil fáil anois ar an gcóras is nua snáithín ardluais i gContae Chill Chainnigh ina iomláine.
Tom Ó Ceallaigh, Tráchtaire ar chúrsaí polaitíochta na Breataine. 18.06.2026 6:21
Sa mBreatain, sé inniu lá na cinniúna ní amháin d’Andy Burnham agus do pháirtí an Lucht Oibre ach don tír trí chéile agus an bhótail ar siúl sa bhfothoghchán i Makerfield.
An Ceannfort Frank Reidy, Saineolaí míleata agus taidhleoireachta. 18.06.2026 6:59
Tá conradh comhthuisceana faoi dheireadh a chur leis an gcogadh sa Meánoirthear sínithe ag na Stáit Aontaithe agus ag an Iaráin, rud a chiallaíonn go gcuirfear deireadh leis an trodaíocht agus go n-oslcófar Caolas Hormuz.
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. 18.06.2026 7:14
Vótáileadh sa Dáil aréir ar son an bhille a mhol Sinn Féin, go gcuirfí deireadh leis an socrú, faoina gcaitheann mná atá ag iarraidh ginmhilleadh a bheith acu, fanacht trí lá.
Nuacht an Iarthair. 18.06.2026 7:37
Séamus Ó Scanláin.
Nuacht an Tuaiscirt. 18.06.2026 8:47
Maighréad Uí Annluain.
Nuacht an Deiscirt. 18.06.2026 8:45
Aoife Ní Shúilleabháin.
An nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta. 18.06.2026 5:10
Máire de Bhailís.
Nuacht a hAon: Déardaoin 18 Meitheamh 2026. 18.06.2026 1:00:18
Láithriú - Fionnuala Uí Neachtain.
Micheál Mac Donnacha, Comhairleoir Cathrach do chuid Shinn Féin i mBaile Átha Cliath. 17.06.2026 5:08
Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, cáinte faoi gur vótáil siad an dleacht forbartha ar óstáin, ar bhrúnna agus ar áiteacha eile lóistín, a dhúbailt.
An Teachta Dála Peadar Tóibín, Ceannaire Aontú. 17.06.2026 8:06
Tá an Teachta Dála Tóibín cáinteach ar na leasaithe atá Sinn Féin a mholadh ar an reachtaíocht a cheadaíonn ginmhilleadh sa tír seo.
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. 17.06.2026 7:30
Beidh vótáil sa Dáil anocht ar bhille atá molta ag Sinn Féin go gcuirfí deireadh leis an socrú, faoina gcaitheann mná atá ag iarraidh ginmhilleadh a bheith acu, fanacht 3 lá.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.