teicneoir@raidionalife.ie

Fada is Fairsing

News GA ↓ 439 episodes

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...

Author

teicneoir@raidionalife.ie

Category

News

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Sep 30, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Clár 483 - 2025 - Raidió na Life 30.09.2025

Ar an gclár seo bhí Máire Nic an Bhaird agus Laoise Ní Chléirigh ó Ollscoil Mhá Nuad ag labhairt linn faoin tsraith greannán seo ar chúrsaí timpeallachta ar oibrigh siad air le chéile in éineacht le Tom Curran ó ChOBÁC. Chomh maith leis sin labhraíomar le Liadán Ní Fhoghlú ón ngrúpa feachtasaíochta Gaeil ar son Gaza linn le labhairt faoin bhfeachtas, imeacht a bheas acu ag deireadh mhí na Samhna i...

Clár 482 - 2025 - Raidió na Life 23.09.2025

Ar an gclár seo, bhí Bainisteoir an tionscnaimh Céad Míle Fáilte, Connlaith Ní Raifeartaigh linn le labhairt faoin maoiniú €468,000 ón Rialtas don tionscnamh a fógraíodh don tréimhse 2026 agus 2027. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh le Trish Coen maidir le Feachtas Inis Oírr don Phalaistín agus gníomhaíocht an ghrúpa go dtí seo.

Clár 481 - 2025 - Raidió na Life 16.09.2025

Ar an gclár seo, bhí an staraí Úna Ní Broiméil ag labhairt linn faoin gclár TG4 a raibh sí páirteach ann faoi na naisc idir Éirinn agus Na Chéad Náisiúin.

Clár 480 - 2025 - Raidió na Life 09.09.2025

Ar an gclár seo, bhí Joe Ó Ceallaigh ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall linn le labhairt faoin Lá Gael agus Preabghaeltacht a bhí ag an gComhairle in éineacht le Pleanáil Teanga Thuaisceart Dhún na nGall i Londain.

Clár 478 - 2025 - Raidió na Life 26.08.2025

Ar an gclár seo, labhair Joe Ó Dónaill linn faoi na himeachtaí ag a labhair sé mar chuid fhéile na nGael Milwaukee i lár na míosa agus neart eile!

Clár 477 - 2025 - Raidió na Life 12.08.2025

Ar an gclár seo, labhair Pól Ferris linn ó New Jersey faoi Fhéile na nGael Milwaukee agus cloisfimid roinnt ceoil ó Enda Reilly a bheas ag seinm mar chuid den fhéile i mbliana!

Clár 476 - 2025 - Raidió na Life 15.07.2025

Ar an gclár seo, labhair Siobhán Ní Thuairisg linn faoin scéim 'Malartú Beochana Dúchasach Wellington-Gaillimh 2025' idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn a bhuaigh sí i mbliana agus a seal sa Nua-Shéalainn. Chomh maith leis sin, chualamar ó Chlár Ní Bhuachalla ó Ghaeltacht COBÁC faoi na folúntais atá acu do theagascóirí Gaeilge faoi láthair!

Clár 475 - 2025 - Raidió na Life 01.07.2025

Ar an gclár seo, Seoirsín Ní Mheachair ag labhairt linn ò Rhinebeck, Nua Eabhrac faoin gcúrsa "Blaiseadh na Gaeltachta", tionscnamh trasAtlantach a chomhreachtáil sí féin agus comhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste.

Clár 474 - 2025 - Raidió na Life 24.06.2025

Ar an gclár seo, labhair an scríbhneoir agus eagarthóir Mícheál Ó Conghaile linn le labhairt faoi Cheardlann Scríbhneoireachta atá á reachtáil ag Cló Iar-Chonnachta do dhaoine ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin labhraíomar faoi roinnt féilte idirchultúrtha agus idirnáisiúnta i rith an tsamhraidh!

Clár 473 - 2025 - Raidió na Life 17.06.2025

Ar an gclár seo, labhair Manchán Magan linn faoi sheoladh a leabhar úr 'Ireland in Iceland' faoi na naisc idir Éirinn agus an Ìoslainn! Chomh maith leis sin chualamar ó Janik Bastien ar shaoire ó Cheanada go hÉirinn do Chomhdháil ar Chúrsaí Idirghnéasacha i mBaile Átha Cliath.

Clár 472 - 2025 - Raidió na Life 10.06.2025

Ar an gclár seo, labhair Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide, Pádraig Mac Brádaigh linn faoi dhífheistíocht agus scaradh iomlán an Choláiste ón Iosrael agus obair Aontas na Mac Léinn chun an ollscoil a bhrú an cinneadh seo a dhéanamh.

Clár 471 - 2025 - Raidió na Life 03.06.2025

Ar an gclár seo, labhair an t-Ollamh Fraincise agus Iodálaise Dr Elizabeth Scheiber linn faoina shaol i New Jersey na Stát Aontaithe, a spéis sa litríocht agus an méid a d'fhoghlaim sí ó litríocht ar an Holocaust.

Clár 470 - 2025 - Raidió na Life 20.05.2025

Ar an gclár seo labhraíomar le hAindriú Ó Ciardha faoin gcúrsa a rinne sé le Daltaí na Gaeilge in Esopus Nua Eabhrac agus na himeachtaí éagsúla eile atá le teacht ag an ngrúpa i rith na míonna amach romhainn.

Clár 469 - 2025 - Raidió na Life 13.05.2025

Ar an gclár seo , labhraíomar le Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge ag labhairt linn faoin achainí curtha isteach ag an gConradh chuig Coiste Achainíocha Pharlaimint na hEorpa maidir le dúshláin títhíochta sna ceantair Gaeltachta.

Clár 468 - 2025 - Raidió na Life 06.05.2025

Ar an gclár seo, labhraíomar le Caoimhe Ní Shuilleabháin a chaith am sa Bhruiséil ag labhairt linn faoi Scoil na Sléibhte atá á eagrú aici d'fhoghlaimeoirí Gaeilge ó áiteanna ar fud na cruinne le foghlaim Gaeilge fite fuaite leis an gcnocadóireacht! Chomh maith leis sin beidh Barra Ó Scanláin ag labhairt linn faoi Fhéile Éigse na Bruiséile sa Bheilg an mhí seo.

Clár 467 - 2025 - Raidió na Life 29.04.2025

Ar an gclár seo, labhraíomar le Hilary Mhic Suibhne faoi uachtaránacht Trump go dtí seo, a chuairt ar an Róimh do shocraidh an Phápa Pronsias agus na scéalta is deireanaí ó na Stáit Aontaithe.

Clár 466 - 2025 - Raidió na Life 15.04.2025

Ar an gclár seo , labhraíomar le Donna Ní Ghallchobhair ó Lárchomhairle Pharóiste Ghleann Cholm Cille ag labhairt linn faoi thogra muintir na háite chun stádas ‘Pobal Spéire Dorcha’ a bhaint amach.

Clár 465 - 2025 - Raidió na Life 08.04.2025

Ar an gclár seo , labhraíomar le hÁine Uí Fhoghlú ó Ghaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair, fheachtais agus imeachtaí an ghrúpa le gairid agus faoin Dochtúir McMonagle ó Oispidéal Phort Láirge ag obair sall sa Phalaistín. Phléamar féile cheiliúrtha ar chultúr na Palaistíne freisin, atá ar siúl in Ollscoil Mhá Nuad i láthair na huaire.

Clár 464 - 2025 - Raidió na Life 01.04.2025

Ar an gclár seo bhí Alex Hijmans ag labhairt linn faoina chuid colúnaíochta ar an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht le Tuairisc, agus a alt le deireanas faoi Binyavanga Wainana agus leabhar dá cuid scríbhneoireachta 'Conas scríobh faoin Afraic' i measc go leor eile. Chomh maith leis sin bhí Áine Uí Fhoghlú ó Ghaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair, fheachtais agus imeachtaí an ghrúpa...

Clár 463 - 2025 - Raidió na Life 25.03.2025

Mícheál Curtin ag labhairt linn ó Nua Eabhrac faoina chlár nua ar BBC Gaeilge dar teideal "Cárta Poist ó Mheiriceá", a shaol agus a chúlra mar Ghaeil Mheiriceánach agus go leor eile!

Clár 462 - 2025 - Raidió na Life 11.03.2025

Ar an gclár seo bhí Áine McGillycuddy agus Dan Cusack linn ò Chicago le labhairt faoina gciorcal comhrá ansin, Gaeilago agus eile. Chomh maith leis sin bhí Dic Breathnach ar ais linn, i Stiúideó Raidió na Life an uair seo, le labhairt linn faoina chuid drámaíochta agus a chruinnuithe le drámadòirì agus aisteoirí agus faoina bhfuil ag éirí leo go dtí seo.

Clár 461 - 2025 - Raidió na Life 04.03.2025

Ar an gclár seo bhí Molly O'Meara ag labhairt linn faoin bhféile ilchultúrtha Croílár a bheas ar siúl in Áth Luain mí Aibreáin. Chomh maith leis sin bhí Dónal agus Helen ón ngrúpa Preab-Ghaeltacht Bhaile Átha na bhFranc linn le labhairt faoi na himeachtaí iontacha a bheas ar siúl acu do Sheachtain na Gaeilge.

Clár 460 - 2025 - Raidió na Life 25.02.2025

Ar an gclár seo bhí Nadia Dobrianska ag caint linn faoi thionchar Trump ar chogadh na Rúise ar Úcráin. Chomh maith leis sin bhí an Dr Sorcha de Brún in Ollscoil Luimnigh ag caint linn faoi na soinéid de chuid Shakespeare atá aistrithe go Gaeilge aici mar chuid dá cuid taighde, dánta aistrithe ón nGearmáinis, Mark Twain agus go leor eile.

Clár 459 - 2025 - Raidió na Life 18.02.2025

Ar an gclár seo bhí an t-Ollamh agus dlíodóir Fionnuala Ní Aoláin ag labhairt linn faoin gcéad mhí d'uachtaránacht Trump sna Stáit Aontaithe - athruithe i ndan don tír, impleachtaí don Phalaistín agus géarchéim reitrice Trump.

Clár 458 - 2025 - Raidió na Life 11.02.2025

Ar an gclár seo bhí Ola Majekodunmi ag labhairt linn faoin tsraith dánta trítheangacha "Notes from a Workaholic & More" a rinne sí leis an Axis i mBaile Munna. Chomh maith leis sin chualamar ó Dhúbhán Ó Longáin faoin alt a scríobh sé do Nós faoin taisteal agus na deiseanna uile a thug a chumas sa Ghaeilge dó thar na blianta.

Listen to the Fada is Fairsing podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.