Irish Independent
Seachtain
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.
Author
Irish Independent
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 9, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Gaeilge vs An Bhreatnais: Lessons from the Welsh language revival 09.07.2026 23:52
Ba scéal mór é sa Bhreatain Bheag nuair a chuir Plaid Cymru deireadh le forlámhas Páirtí an Luchta Oibre i mí na Bealtaine - páirtí a bhí i gcumhacht sa tír le breis agus 100 bliain. Is páirtí polaitíochta é Plaid Cymru ina bhfuil dlúthcheangal aige le cur chun cinn na teanga Bhreatnaise agus tá an teanga ar a dtoil ag formhór na n-airí rialtais, ar a laghad. Is éacht suntasach é do thír i...
Máthair óg Ghaeltachta ar iarraidh: Breis is 40 bliana gan fhreagaí 02.07.2026 24:23
Breis is daichead bliain ó shín, d’imigh Barbara Bhreathnach, máthair óg de sheachtar, ar iarraidh gan tasc gan tuairisc i gCarna i gcroílár na Gaeltachta. Oíche amháin i mí an Mheitheamh 1985, bhí muintir Bhreathnach ag cóisireacht sa teach tábhairne áitiúil, agus gaolta ar cuairt acu ó thar lear. D’fhill siad go teach cónaithe muintir Bhreathnach agus lean an chóisir ar aghaidh go dt...
Wexford: Cén saghas Gaeilge a labhraíodh i nGaeltacht Loch Garman? 25.06.2026 20:10
Níl aon taifead ann de Ghaeilge Loch Garman. Mar sin de, an bhfuil sí caillte ar fad nó an bhfuil fianaise ar bith ann faoin chineál Gaeilge a bhíodh ann? Agus cad iad na teangacha eile a bhí á labhairt sa chontae in éineacht leis an nGaeilge? Labhair Ciarán Dunbar leis an Dr Conchubhar Ó Crualaoich, Príomhoifigeach Logainmneacha leis an mBrainse Logainmneacha, comh-údar Gaelic...
Gaeltacht Loch Garman: When was Irish spoken in Wexford? 18.06.2026 22:22
Is dúiche Éireannach a chaith beagnach trí chéad bliana faoi thionchar na Lochlannach é Loch Garman. Sa bhliain 1170 tháinig na hAngla-Normannaigh chuig an chontae agus d’fhág lorg ann a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann – an Béarla, cuir i gcás. Ní nach ionadh, glactar leis go minic, sa stairseanchas, agus sa stair scríofa ag an lucht léinn gur contae gallda amach is amach a bhí an...
‘No Irish need apply’: Scéal na nÉireannach i Sasana 11.06.2026 25:58
Ó Learphoill go cathair Londain - is fada scéal an imirce go Sasana. Leis an glúnta, chuir easpa deiseanna sa tír seo iachall ar dhaoine imeacht, agus ba í an Bhreatain an chéad stad do cuid mhaith acu agus iad ag cuartú saol níos fearr dóibh féin. Le linn an chéad seo caite, bhí na hÉireannaigh ag croílár tionscadail tógála sa Bhreatain, ach taobh leis an obair sin, bhí leithcheal, imeallú agus d...
Géarchéim bhreosla níos measa sa Ghaeltacht? 04.06.2026 22:56
Os cionn mí ó shin, tharraing léirsithe maidir le costas breosla aird ar an mbrú atá ar phobail tuaithe. Dúnadh bóithre timpeall na tíre agus lucht na hagóide ag lorg tacaíochta ón rialtas chun dul i ngleic leis an ardú costais. In ainneoin gur chuir an rialtas beartais cúnaimh ar fáil, tá imní ar phobail tuaithe nach bhfuil deireadh na géarchéime seo ann go fóill. ...
Dáithí Ó Sé: ‘A Blasket Island boatman was the best job I ever had!’ 28.05.2026 24:31
Is cloch mhíle mhór í caoga bliain d’aois - fágann duine slán le ré amháin, agus cuireann sé tús le ré nua. Ach ní hionann “caoga” an lae inniu agus an chiall a ba leis do na glúnta eile a tháinig romhainn. Agus is fíor é sin, go háirithe i gcás Dháithí Uí Shé, agus a bhreithlá mór féin ag teannadh leis. Le beagnach Tríocha bliain caite aige ar an scáileán teilifíse, is beag duine in Éirinn...
By-elections i nGaillimh agus BÁC: An buntáiste í an Ghaeilge sna fothoghcháin? 20.05.2026 23:23
Beidh vótálaithe i nGaillimh agus Baile Átha Cliath ag caitheamh vóta i bhfothoghcháin Dé hAoine beag seo. Ghéill Paschal Donohoe a shuíochán Dála i mBaile Átha Cliath Láir i mí na Samhna seo caite chun a dhul ag obair sa Bhanc Domhanda. Chomh maith leis, tá suíochán an Uachtaráin nua Catherine Connolly le líonadh i nGaillimh Thiar. Tá 31 iarrthóir san iomlán ag rith sa dá thoghc...
An dúnmharfóir Stephen McCullagh: 'Iar-chomhghleacaí de mo chuid' 14.05.2026 27:53
Maraíodh Natalie McNally, bean sna luath-tríochaidí, i mbéal na Nollag 2022, agus í trí ar pháiste. Ciontaíodh a iar-pháirtí, Stephen McCullagh, le déanaí as an dúnmharú ina dhiaidh dó iarracht a dhéanamh na póilíní a chur ar strae le linn an fhiosrúcháin. Chruthaigh sé bréag-ailibí dó féin. Maígh sé go raibh sé ag ‘beoshruthú’ ar Youtube ar feadh sé uair a chloig an oíche a dúnmharaí...
Gráinne McElwain: From múinteoir meánscoile to media guru 07.05.2026 22:19
Tá blianta fada caite ag Gráinne McElwain os comhair an cheamara mar láithreoir. D’fhág sí an mhúinteoireacht meánscoile agus í go fóill sna luath-fichidí chun gairm bheatha a chruthú di féin mar thuairisceoir agus mar láithreoir in earnáil an spóirt. Ó shin i leith, d’oibrigh sí ag na hócáidí spóirt is mó leis na cainéil mhóra, ar nós RTÉ, BBC, Sky Sports, GAA Beo agus TG4. Tá a...
1926 Census: ‘1% de phobal na tíre a líon i nGaeilge é - mo mhuintir ina measc’ 30.04.2026 22:44
Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a rinneadh tar éis bhunú an Stáit. Beagnach céad bliain tar éis dó a bheith curtha i gcrích, tá fáil againn anois ar an eolas pearsanta a líonadh isteach ar na foirmeacha sin. Rinneadh tuairisciú ar bheagnach trí mhilliún duine sa daonáireamh sin agus tugann sé léargas fíorluachmhar dúinn ar shaol mhuintir na hÉireann mar a bhí sa bhliain 1926. Tá cuid mh...
War, ISIS, Taliban: An Gaeilgeoir a théann isteach sa choimhlint 23.04.2026 27:01
Ar shamhlaigh tú riamh cad é mar a bheadh sé a bheith i do shuí ag bord os comhair an Talaban? Nó idirbheartaíocht a dhéanamh le rialtas nua tar éis chogadh fíochmhar? Cad é a dhéanfá dá mbeadh ort dul go ceantar buailte ag tubaiste mhillteanach, agus tosú arís leis an atógáil? Sin iad roinnt de na dúshláin a bhíonn os comhair Angus Lambkin go rialta agus é ag obair leis na Náisiúin Aontaithe. Is...
Agóidí agus achrann: Seachtain chorraitheach sa pholaitíocht 15.04.2026 22:14
Ba é seachtain thar a bheith neamhghnách í i gcúrsaí polaitíochta, gan dabht. Le praghsanna breosla ag ardú go géar, shocraítear léirsithe ar fud na tíre an tseachtain seo caite. Chuaigh na mílte i mbun agoide agus dúnadh bóithre, cuireadh bacainn ar scaglanna ola na tíre agus is ar éigean a bhí an tír ar tí stoptha ar fad. Faoi dheireadh, aontaíodh pacáiste ar luach breis agus €...
Dúnmharú Denis Donaldson: 20 bliain gan freagraí ach cor úr sa chás 09.04.2026 24:51
Dúnmharaíodh Denis Donaldson, iarbhall den IRA, 20 bliain ó shin i 2006. Duine sinsearach a bhí ann i Sinn Féin ag tráth a raibh an páirtí ag dul ó neart go neart mar fhórsa polaitiúil sa Tuaisceart. Creidtear gur cara dílis de chuid Gerry Adams agus Martin McGuinness a bhí ann agus i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta tugadh post riaracháin dó i gCnoc an Anfa. &nb...
‘Tortured, jailed, forgotten’: Robáil traenach Sallins 50 bliana ar aghaidh 01.04.2026 26:10
I 1976, tharla robáil traenach a mhairfeas i gcuimhne na ndaoine go deo. I lár na hoíche, ar an 30ú Márta, thaistil seachtar déag ó Bhaile Átha Cliath go Contae Cill Dara, i gcarr a bhí fuadaithe, chuig trasnú traenach bheag fada amuigh faoin tuath. Ag a haon a chloig ar maidin, chuaigh ceathrar acu chuig teach feirme díreach i aice leis an líne iarnróid agus chnag siad ar an doras,...
Bánú na Gaeltachta: Where are all the Irish speakers? 26.03.2026 24:39
Tá go leor ceantar Gaeltachta ann atá ag streachailt go mór le bánú na tuaithe. Sin de réir gníomhaithe teanga atá sa tóir ar réiteach práinneach a rachaidh i ngleic leis an fhadhb. Dar leo, is é bánú na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta, an ghéarchéim is mó a bhí ag an teanga riamh, ach ní ar thithíocht amháin atá an locht, dar leo, I measc na ndúshlán, tá cúrsaí imirce, infrastruchtúr...
The Irish Hitlers: Paddy, Bridget agus uncail Adolf 19.03.2026 24:30
Is beag duine nár chuala trácht ar an sloinne Hitler, ná ar na himeachtaí uafásacha a tharla mar gheall ar Adolf Hitler. Seans nach bhfuil mórán fios ag an ghnáthdhuine ar na hÉireannaigh a bhí gaolta leis – na ‘Irish Hitlers’ mar a tugadh orthu. Mar sin de, cén ceangal a bhí ag Adolf Hitler leis an tír bheag seo ar imeall na hEorpa? Agus cad chuige a ndeachaigh Paddy Hitler chun cogai...
An Ghaeltok: Béarlachas agus ‘pet peeves’ Laura Pakenham 12.03.2026 24:43
Tá Laura Pakenham ar dhuine de réaltaí móra na GaelTok-ta, an pobal úrnua sin de chainteoirí Gaeilge a bhíonn ag cruthú ábhar digiteach ar TikTok. Is as lár na tíre í Laura ó dhúchas, ceantar nach bhfuil cáil mhór air as an Ghaelscolaíocht, ach tá gairm cruthaithe aici anois as an teanga a chur chun cinn. Is múinteoir, craoltóir, cruthaitheoir ábhair ar na meáin sóisialta í agus anois,...
Róisín Seoighe: ‘Tá mé oscailte do chomhoibriú le Fontaine’s D.C!’ 05.03.2026 23:33
Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís ar feadh coicíse agus i mbliana tá an ceol i gcroílár an chéiliúradh. Is é téama na bliana seo ná ‘A Ghaeilge, mo cheol thú’, agus s’iad Róisín Seoighe, ball den ghrúpa ceoil IMLÉ, agus Conor Curley ón bhanna ceoil Fontaines D.C., ambasadóirí na féile. Tá dhá thuras ar leith ag an bheirt ambasadóir leis an teanga. Tógadh Róisín le Gaeilge...
'An ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas sa Ghaeltacht' 04.03.2026 16:18
Chruinnigh scaifte taobh amuigh de Theacht Laighean i mBAC Dé Máirt na seachtaine seo agus iad ag ágóidíocht de bharr fadhb thithíocht na Gaeltachta. Bhí an lucht agóide ag éileamh ar an Aire Tithíochta James Browne dul i mbun gnímh láithreach maidir leis an ghéarchéim thithíochta agus teanga sa Ghaeltacht. Tá sé acu go bhfuil an ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas agus tá muintir na Gaeltachta...
Éire Aontaithe: Would it demote or promote our national language? 26.02.2026 25:27
Tá an t-oileán beag seo ag athrú ar go leor, leor bealaí - ó thaobh na polaitíochta de, ó thaobh an chultúir de agus ó thaobh ár bhféiniúlachta de. Agus leis na hathruithe sin, tá díospóireacht ag teacht chun cinn arís is arís eile, is é sin, reifreann faoin teorainn agus faoi Éire Aontaithe. Ach cé comh réadúil is atá an fís sin maidir le hÉire Aontaithe? Ag Ar...
The Donegal disconnect: Gan traein, gan mótarbhealach agus anois gan an midday flight 18.02.2026 19:37
Do phobal iargúlta ar chósta thiar thuaidh na tíre, tá an tseirbhís aeir go Baile Átha Cliath riachtanach. I nDún na nGall, áit nach bhfuil iarnród ná mótarbhealach ar bith ann, tá go leor daoine ag brath ar an aerfort le dul go dtí an phríomhchathair. Tá an sceideal eitilte mar a bhí ag athrú anois áfach. Agus leis an athrú sin, tá míshástacht, imní agus fearg ag fás. Fógr...
Epstein, the files agus an nasc le hÉirinn 11.02.2026 23:28
Tá an sciar is déanaí de na comhaid a bhaineann le Jeffrey Epstein ag cothú ceannlínte nuachta ar fud an domhain i gcónaí, coicís ó foilsíodh iad. Tá breis agus trí mhilliún comhaid scaoilte sa chuid is déanaí, físeáin, grianghraifeanna, ríomhphoist, téacsanna, agus tuairiscí nuachta fiú. Tá na mílte ainmneacha luaite sna cáipéisí - cé go bhfuil sé tábhachtach le cur ina luí ar dhaoine nach...
Noah Donohoe: Eolas suntasach ag teacht amach ón ionchoisne 06.02.2026 19:30
I mí an Mheithimh 2020, baineadh siar as daoine ar fud na tíre nuair a chualathas faoi bhás neamhchoitianta buachalla óig i dtuaisceart Bhéal Feirste. Tháinig na póilíní ar chorp Noah Donohoe, a bhí sna luath-dhéaga, i ndraein stoirme i dtuaisceart na cathrach, i bhfad óna theach féin, sé lá tar éis dó imeacht ar iarraidh. Tá go leor ceisteanna ann go fóill faoina bhás agus osclaíodh ionchoisne tr...
Dunmharú Shaun Duffy: Pobal beag Gaeltachta ina dhiaidh an ionsaí 05.02.2026 17:29
Sa bhliain 2005, thiar i gceantar tuaithe i nGaeltacht Dhún na nGall, tharla ionsaí fíochmhar a d’fhág smál ar an phobal ann le breis agus fiche bliain anuas. Dúnmharaíodh Shaun Duffy, fear a bhí 36 bliain d'aois, ina theach féin tar éis oíche cheiliúrtha ar an 29 Eanáir. Níor cúisíodh éinne as an dúnmharú a tharla bliain is fiche ó shin. Tá achainí úr déanta ag na Gardaí ar dhui...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.