Parlaimint na hEorpa
Blúiríní Nuachta
Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine. Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa .
Author
Parlaimint na hEorpa
Category
Podcast website
Latest episode
Mar 19, 2025
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Blúiríní Nuachta – 19/03/2025 – Gaeilge 19.03.2025 1:27
Sracfhéachaint: reáchtálfaidh an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta an tríú idirphlé airgeadaíochta le hUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh Christine Lagarde; pléifidh an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta na himpleachtaí do fhrithbhearta trádála an Aontais arna nglacadh mar fhreagra ar tharaifí na Stáit Aontaithe ar tháirgí an Aontais; vótálfaidh an Coiste um Thrádáil Idirnáisiú...
Blúiríní Nuachta – 18/03/2025 – Gaeilge 18.03.2025 1:44
Sracfhéachaint: Magnus Brunner, an Coimisinéir um Ghnóthaí Inmheánacha agus Imirce, ag caint leis an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, Ceartas agus Gnóthaí Baile; tugann an Breitheamh Tomoko Akane, Uachtarán na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, aitheasc don Fhochoiste um Chearta an Duine agus don Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla; freastalaíonn toscaireacht ó Choiste um Chearta Ban agus um Chomhionannas Ins...
Blúiríní Nuachta – 17/03/2025 – Gaeilge 17.03.2025 1:32
Sracfhéachaint: pléifidh an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh na forbairtí is deireanaí sa bheartas fuinnimh; pléifidh an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta rialacha nua d’oiliúnaithe; agus pléifidh an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht cearta paisinéirí do dhaoine a úsáideanna modhanna iompair éagsúla dá dturais.
Blúiríní Nuachta – 14/03/2025 – Gaeilge 14.03.2025 2:24
Sracfhéachaint: chríochnaigh an suí iomlánach inné. In Strasbourg, d’athdhearbhaigh an Pharlaimint gur gá don Aontas rannchuidiú le ráthaíochtaí slándála don Úcráin; ghríosaigh na Feisirí an tAontas agus na Ballstáit chun tacú le fórsaí idirthréimhseacha na Siria; d’fhormheas an Pharlaimint comhaontú freisin faoi shonraí as taifead ainmneacha paisinéirí aeir a aistriú ón Aontas go Ceanada.
Blúiríní Nuachta – 13/03/2025 – Gaeilge 13.03.2025 1:41
Sracfhéachaint: tá an suí iomlánach faoi lánseol; in Strasbourg, vótálann Feisirí ar thogra chun cosaint na hEorpa a neartú; glacann an Pharlaimint dhá rún maidir le tosaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta; agus sa seomra díospóireachta, nocht an Coimisiúin an Gníomh nua um Chógais Chriticiúla.
Blúiríní Nuachta – 12/03/2025 – Gaeilge 12.03.2025 3:04
Sracfhéachaint: tá seisiún iomlánach nua fós ar siúl. In Strasbourg, leag na Feisirí amach a dtosaíochtaí don chéad chruinniú mullaigh eile den Chomhairle Eorpach; rinne an Pharlaimint Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh; agus labhair an tUachtarán Metsola faoi chomóradh 35 bliana ó dhearbhaigh an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin leanúnachas stáit.
Blúiríní Nuachta – 11/03/2025 – Gaeilge 11.03.2025 1:47
Sracfhéachaint: tá seisiún iomlánach nua ar siúl; in Strasbourg, athdhearbhóidh an Pharlaimint a tacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin; tá na Feisirí chun a iarraidh ar AE sócmhainní reoite na Rúise a úsáid chun tacú leis an Úcráin agus chun deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise; leagfaidh an Pharlaimint straitéis eacnamaíoch, shóisialta agus fostaíochta an Aontais amach do 2025.
Blúiríní Nuachta – 10/03/2025 – Gaeilge 10.03.2025 1:36
Sracfhéachaint: tá suí iomlánach nua faoi lán seoil. In Strasbourg pléifidh na Feisirí cúrsaí slándála agus cosanta an Aontais tar éis Cruinniú Speisialta na Comhairle, agus an ghéarchéim dhaonnúil in Gaza atá ag dul in olcas; meastar go gcuirfidh an Coimisiún creat dlíthiúil nua i láthair maidir le daoine nach bhfuil ceart dlíthiúil acu a bheith san Aontas Eorpach a sheoladh ar ais.
Blúiríní Nuachta – 07/03/2025 – Gaeilge 07.03.2025 3:09
Sracfhéachaint: ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, éilíonn Coiste na Parlaiminte um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ról níos láidre do mhná i gcúrsaí síochána agus slándála; beidh vóta ag an bParlaimint ag an suí iomlánach in Strasbourg Dé Luain ar an bPlean Tacaíochta do lánpháirtiú na Moldóive san Aontas, ar fiú 1.9 billiún euro é; beidh plé ag na Feisirí ar iomaíochas an Aontais chomh ma...
Blúiríní Nuachta – 06/03/2025 – Gaeilge 06.03.2025 1:30
Sracfhéachaint: Tá na feisirí ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile in Strasbourg, áit a ndíreoidh siad ar chearta na mban agus ar chosaint na hEorpa; rachaidh an Pharlaimint i ngleic freisin le deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise agus deimhneoidh sí tacaíocht AE don Úcráin; ar an gclár oibre freisin, tá conas slabhraí soláthair cógas leighis criticiúil san Aontas a neartú.
Blúiríní Nuachta – 05/03/2025 – Gaeilge 05.03.2025 1:34
Sracfhéachaint: Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile sa Bhruiséil do chruinniú mullaigh urghnách maidir leis an Úcráin agus maidir le cosaint; roimh chruinniú mullaigh an Aontias Eorpaigh, bhuail Uachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola, le hArd-Rúnaí ECAT, Mark Rutte, agus leag sí béim ar an tiomantas don tslándáil agus don tsíocháin mharthanach san Úcráin; roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan, p...
Blúiríní Nuachta – 04/03/2025 – Gaeilge 04.03.2025 2:06
Sracfhéachaint: neartaíonn na Feisirí bearta cosanta i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí; buann an scannán Laitviach ‘Flow’ - ceann de na scannáin atá ainmnithe do Ghradam Lucht Féachana LUX - gradam Oscar don Phríomhscannán Beochana Is Fearr; seolann Parlaimint na hEorpa comhairliúchán poiblí faoi ghalair neamhchoitianta.
Blúiríní Nuachta – 03/03/2025 – Gaeilge 03.03.2025 1:30
Sracfhéachaint: pléifidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, dúshláin gheopholaitiúla ag Comhdháil Ambasadóirí an Aontais 2025; pléifidh an Fochoiste um Chúrsaí Cánach athchóirithe cánach do chomhtháthú agus digitiú earnáil airgeadais an Aontais; agus cruinniú ag Feisirí le Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin, Henna Virkkunen, maidir le ceannasacht dhigiteach agus cibearshlán...
Blúiríní Nuachta – 28/02/2025 – Gaeilge 28.02.2025 1:50
Sracfhéachaint: Déanfaidh na Feisirí iniúchadh ar straitéisí chun cur le tithíocht inbhuanaithe ar fud an Aontais; pléifidh an Coiste um um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh beartais an Aontais atá le teacht ar chosaint agus spás leis an gCoimisinéir Kubilius; agus is é Dé Luain Lá Domhanda an Fhiadhúlra.
Blúiríní Nuachta – 27/02/2025 – Gaeilge 27.02.2025 1:57
Sracfhéachaint: Vótálfaidh Coiste um Chearta na mBan Pharlaimint na hEorpa ar bhearta níos láidre chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac; pléifidh na Feisirí ganntanas cógas agus straitéis cúram sláinte; tabharfaidh ceannaire údaráis ghéarchéime bhainc an Aontais aghaidh ar cheisteanna na bhFeisirí.
Blúiríní Nuachta – 26/02/2025 – Gaeilge 26.02.2025 2:31
Sracfhéachaint: ar chomóradh tríú bliain ionradh na Rúise, athdhearbhaíonn ceannairí AE a dtiomantas don Úcráin le cúnamh airgeadais, daonnúil agus míleata; an tseachtain seo chugainn, tiocfaidh ceannairí AE le chéile sa Bhruiséil chun smachtbhannaí a phlé, agus cosaint na hEorpa a neartú mar fhreagra ar ionsaí na Rúise; tabharfaidh na Feisirí cuairt ar Éirinn chun measúnú a dhéanamh ar thionscada...
Blúiríní Nuachta – 25/02/2025 – Gaeilge 25.02.2025 1:44
Sracfhéachaint: Tá Feisirí an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint Tomhaltóirí in Washington DC chun comhar AE-SAM maidir le beartais dhigiteacha agus tomhaltóirí a neartú; tá toscaireacht ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i Londain chun seirbhísí airgeadais, smachtbhannaí ar an Rúis agus atógáil na hÚcráine a phlé; tabharfaidh Feisirí ón gCoiste um Ghnóthaí Eac...
Blúiríní Nuachta – 24/02/2025 – Gaeilge 24.02.2025 2:11
Sracfhéachaint: ar chomóradh 3 bliana chogadh foghach na Rúise, seasann Parlaimint na hEorpa i ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin; tabharfaidh toscaireacht ón bhFochoiste um Chúrsaí Cánach cuairt ar an bhFionlainn agus ar an Eastóin le haghaidh cainteanna maidir le beartas cánach agus iomaíochas; agus tá an Coiste um Shláinte Phoiblí ag seoladh comhairliúcháin phoiblí maidir le galair neamhchoitiant...
Blúiríní Nuachta – 21/02/2025 – Gaeilge 21.02.2025 2:10
Sracfhéachaint: Tháinig na Feisirí agus Ballstáit an Aontais ar chomhaontú maidir le mórphlean tacaíochta chun dlús a chur le hathchóirithe na Moldóive, chun a hathléimneacht a neartú agus chun a bealach i dtreo lánpháirtiú san Aontas a chur chun cinn; tabharfaidh Feisirí ón gCoiste um Fhorbairt cuairt ar an Tansáin chun measúnú a dhéanamh ar thionscnaimh Global Gateway; agus Lá Idirnáisiúnta na M...
Blúiríní Nuachta – 20/02/2025 – Gaeilge 20.02.2025 2:51
Sracfhéachaint: le linn na Seachtaine Parlaimintí Eorpaí, iarrann iarUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Mario Draghi, go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach chun iomaíochas na hEorpa a neartú; margadh déanta ag an Aontas chun cur amú bia agus teicstíle a laghdú faoi 2030; agus cuirfidh an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha tús lena théarma nua le cainteanna maidir le beartas domhanda.
Blúiríní Nuachta – 19/02/2025 – Gaeilge 19.02.2025 2:47
Sracfhéachaint: Tháinig Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus Feisirí Parlaiminte ó na Ballstáit le chéile chun dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha, bhuiséadacha agus shóisialta na hEorpa; pléann na Feisirí teannas trádála idir AE agus na Stáit Aontaithe i bhfianaise tharaifí nua na Stát Aontaithe ar shrianta Eorpacha ar onnmhairiú cruach agus IS; agus Aire Sláinte na Polainne chun tosaíochtaí s...
Blúiríní Nuachta – 18/02/2025 – Gaeilge 18.02.2025 2:08
Sracfhéachaint: an tseachtain seo, leanfaidh an Pholainn ar aghaidh ag cur a dtosaíochtaí i láthair na gcoistí parlaiminteacha; beidh an chéad idirphlé eacnamaíoch ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta le hUachtarán an Ghrúpa Euro; dar leis an suirbhé Eorabharaiméadair is déanaí, is iad an costas maireachtála agus an t-athrú aeráide na cúiseanna imní is mó atá ag Eorpaigh óga...
Blúiríní Nuachta – 17/02/2025 – Gaeilge 17.02.2025 2:07
Sracfhéachaint: Thug Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola cuairt ar Iosrael, Gaza agus an Bruach Thiar chun tiomantas na hEorpa don tsíocháin réigiúnach a athdhearbhú; pléifidh Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine, Michael O’Flaherty, príomh-shaincheisteanna lena n-áirítear an Úcráin agus an imirce le Feisirí; pléifidh Leas-Uachtaráin BEI, Robert De Groot, ról an bhainc...
Blúiríní Nuachta – 14/02/2025 – Gaeilge 14.02.2025 2:07
Sracfhéachaint: cheadaigh an Pharlaimint athchóiriú CBL chun cánachas cothrom a chinntiú agus calaois a chomhrac; rinne na Feisirí agus an Coimisiún athbhreithniú ar chomhaontú trádála AE-Mercosur i measc ábhair imní talmhaíochta; déanfaidh an Choiste um Rialú Buiséadach measúnú ar bhuiséad fadtéarmach athchóirithe an Aontais.
Blúiríní Nuachta – 13/02/2025 – Gaeilge 13.02.2025 3:05
Sracfhéachaint: clár oibre 2025 an Choimisiúin agus stráitéis nua iomaíochais an Aontais; labhair Cathaoirleach Verkhovna Rada, nó Parlaimint na hÚcráine, leis na Feisirí in Strasbourg; áitíonn an Pharlaimint ar an mBanc Ceannais Eorpach aghaidh a thabhairt ar rioscaí geopholaitiúla do chobhsaíocht praghsanna.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.