RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tús Áite

News GA ↓ 100 episodes

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Author

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Category

News

Podcast website

www.rte.ie

Latest episode

Jul 10, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Tús Áite: An Mír Spóirt 10.07.2026

Labhair muid le Cuan faoi chluichí leathcheannais Chraobh na hÉireann sa pheil idir Lú agus Maigh Eo, agus Ciarraí agus Baile Átha Cliath, chomh maith le Corn Tailteann agus cluiche ceathrú ceannais an Chorn Domhanda idir Shasana agus an Iorua, atá ar fad ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Tús Áite: Seoladh leabhair 'Flood Tide' 10.07.2026

Seoladh Flood Tide, an leagan Béarla den úrscéal Tonn Tuile le Séamus Ó Néill, i siopa leabhar Hodges Figgis ar Shráid Dawson i mBaile Átha Cliath tráthnóna Dé Céadaoin. Bhí ár dtuairisceoir Jack Basquille i láthair.

Tús Áite: Cúrsaí Chaomhnaithe an Dúlra 10.07.2026

Plé ar an mBille bhac cúrsála giorria sa Dáil, agus Plean athchóirithe dúlra, le Oisín Ó Néill, Oifigeach Abhcóideachta an Dúlra, Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann.

Tús Áite: Painéal Nuachta 10.07.2026

Scéalta móra nuachta á phlé ag an bpainéal, ina measc: Coinspóid timpeall Eachinis Alumina fós, Tonn Teasa agus spleáchas bhreosla Éireann, agus Tine chnámh fuafar i dTír Eoghan. Iad seo á phlé le Eimear McGovern, Iriseoir le The Belfast Telegraph, agus Peadar De Blúit, Tráchtaire.

Tús Áite: 10 Iúil 2026 10.07.2026

Eimear McGovern (Iriseoir le The Belfast Telegraph); Peadar De Blúit (Tráchtaire); Oisín Ó Néill (Oifigeach Abhcóideachta an Dúlra, Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann); Jack Basquille, Cuan Ó Flatharta.

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 09.07.2026

Na scéalta nuachta ó fud fad na tíre á chur i láthair ag Jack Basquille.

Tús Áite: Burnham agus Farage 09.07.2026

Osclaíodh ainmniúcháin inniu d’iarrthóirí do thoghchán i bPáirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain chun ceannaire an Pháirtí a roghnú, an té a bheidh mar Phríomh-Aire nua na tíre ó sheas Keir Starmer síos. Phléamar é seo le Tom Ó Ceallaigh, Tráchtaire i Londain.

Tús Áite: Pléanáil sa Ghaeltacht 09.07.2026

Tá Tinteán, Bánú agus Conradh na Gaeilge ag éileamh comhairliúchán phránnigh ar an Dréacht-Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht a foilsíodh ag deireadh na míosa seo chaite. Pléite le John Prendergast, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge agus Urlabharaí TINTEÁN.

Tús Áite: Painéal Nuachta 09.07.2026

Na scéalta nuachta móra á phlé ag an bPainéal Nuachta; Meiriceá agus an Iaráin, Géirchéim tithíochta vs láthair goilliúnach Bessborough, Graham Plattner. É seo ar fad á phlé le Cuán Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Una Ní Bhroiméil, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá.

Tús Áite: 9 Iúil 2026 09.07.2026

Cuán Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Una Ní Bhroiméil (Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá); John Prendergast (Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge agus Urlabharaí TINTEÁN); Tom Ó Ceallaigh (Tráchtaire i Londain); Jack Basquille.

Tús Áite: An Mír Cartlainne 07.07.2026

Tá céad bliain ann ó thosaigh RTÉ ag craoladh, agus in imeacht na mblianta sin tá cartlanna móra saibhre cnuasaith ag RTÉ. Tabharfaidh Ian ar thuras muid tríd cuid d’ábhar na gcartlanna sin, agus na seoid atá iontu a roinnt linn.

Tús Áite: Painéal Nuachta 07.07.2026

Na scéalta nuachta móra á phlé ag an bPainéal Nuachta; Nigel Farage ag seasamh siar, Ullmhúhcáin d’Éire Aontaithe agus Bille Shinn Féin, agus Bille na gCríocha Gafa, É sin ar fad le Cuán Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Clare Spáinneach, Bainisteoir Seirbhísí le Gaeloideachas

Tús Áite: Toradh Athbhreithnithe Marine Le Pen 07.07.2026

I 2023, Ciontaíodh Le Pen as cuigleáil a dhéanamh agus gearradh tréimhse príosúnachta 4 bliain uirthi agus cuireadh cosc uirthi seasamh d’oifig polaitiúil go ceann cúig bliana. Ach inniu, foilsíodh toradh an achomhairc a lorg sí. Pléadh an scéal seo le Máirín Ní Ghadhra, Craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tús Áite: Vóta Pharlaimint na hEorpa maidir le smachtbhannaí. 07.07.2026

Vóttaí á chaitheamh ag Parlaimint na hEorpa maidir le hAughinish Alumina a chur san áireamh i smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh ar an Rúis. Beidh an vóta ar siúl cúpla uair an chloig tar éis don Taoiseach Micheál Martin aitheasc a thabhairt don Pharlaimint, É seo pléite le Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach de chuid Fianna Fáil Éire Theas.

Tús Áite: 7 Iúil 2026 07.07.2026

Cynthia Ní Mhurchú (Feisire Eorpach de chuid Fianna Fáil Éire Theas); Máirín Ní Ghadhra (Craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta);Cuán Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Clare Spáinneach (Bainisteoir Seirbhísí le Gaeloideachas); Ian Lee (Iar-Léiritheoir le RTÉ).

Tús Áite: 10 gCeist 06.07.2026

Mír na 10 gCeist, Pléifear 10 gceist éagsúla bunaithe ar gach aon ní faoin spéir, idir dúcheisteanna móra an tsaoil, agus nithe níos éadroime chomh maith. An tseachtain seo tá agallamh á chur ar Carrie Crowley, aisteoir.

Tús Áite: Cruinnithe NATO sa Tuirc 06.07.2026

Na hionsaithe ar Chív, an bhfuil bearnaí aerchosanta shuntasacha ag an Úcráin? Trump le bualadh le Volodomyr Zelenskyy Dé Céadaoin ag cruinniú mullaigh NATO in Ankara na Túirce. É seo ar fad á phlé le Frank Reidy, Iar-Cheannfoirt Airm agus Saineolaí Míleata

Tús Áite: Painéal Nuachta 06.07.2026

Scéalta móra nuachta á phlé, ina measc; SIPTU ag bagairt stailceanna, Eachinis ina smál ar Éireann, Tigh Uí Chadhain ar díol, Trump agus Infantino ag cur a ladar isteach sa Chorn Domhanda ar thaobh Mhericeá. É seo ar fad á phlé ag Cecilia Ní Choileán, Abhcóide, agus Maitiú Ó Coimín, Iriseoir le Tuairisc.ie.

Tús Áite: 6 Iúil 2026 06.07.2026

Cecilia Ní Choileán (Abhcóide); Maitiú Ó Coimín (Iriseoir le Tuairisc.ie); Frank Reidy (Iar-Cheannfoirt Airm agus Saineolaí Míleata); Carrie Crowley (Aisteoir).

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine 03.07.2026

Scéalta móra na seachtaine á phléigh ag Séamus Ó Drisceoil, Comhairleoir Cánach agus fear gnó, Oifigeach Tionscnaimh le cúram do chúrsaí tithíochta, Comharchumann Chléire, agus Lucinda Glynn, Léiritheoir Teilifíse

Tús Áite: Lá Neamhspléachais Mheiriceá 03.07.2026

Amárach beidh Stáit Aontaithe Mheiriceá ag ceiliúradh 250 bliain de neamhspleáchas thar an deireadh seachtaine, fuaireamar dearcadh Seathrún Sardina, Saineolaí Aeráide i gCalifornia.

Tús Áite: Léirsiú Yamamori Izakaya 03.07.2026

Bhailigh slua le chéile i mbun léirsithe aréir i gCúirt an Dáma i lár na cathrach toisc cinneadh deireadh a chur le himeachtaí sa bhialann Yamamori Izakaya. Bhí an ceoltóir agus craoltóir Ailbhe Ní Riain ag seinm ann agus labhair sí linn faoi.

Tús Áite: Polaitíocht an lae 03.07.2026

Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta agus Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Tús Áite: 3 Iúil 2026 03.07.2026

Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Ailbhe Ní Riain (Ceoltóir agus Craoltóir); Seathrún Sardina (Saineolaí Aeráide i gCalifornia); Séamus Ó Drisceoil, (Comhairleoir Cánach agus fear gnó, Oifigeach Tionscnaimh le cúram do chúrsaí tithíochta, Comharchumann Chléire) Lucinda Glynn (Léiritheoir Teili

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 02.07.2026

Scéalta ó na nuachtáin áitúil ag Eimear McGovern

Listen to the Tús Áite podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.