fr

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tús Áite

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

N'hésitez pas à visiter le site du podcast et à soutenir son créateur : www.rte.ie

Auteur

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Catégorie

News

Site du podcast

www.rte.ie

Dernier épisode

16 oct. 2026

Où écouter ?

Les podcasts dans l'appli Replaio Radio Bientôt disponible

Les podcasts arrivent très bientôt dans l'appli. Installe-la dès maintenant et découvre en avant-première une toute nouvelle façon de vivre les podcasts

Télécharger sur Google Play Installe-la gratuitement Android près de 10 M de téléchargements · note de 4,8 iOS bientôt

Épisodes

Tús Áite: Zelenskyy ag éileamh €70bn breise ón AE 16.10.2026

Tá An tUachtarán Zelenskyy ag éileamh €70bn breise ón AE, Labhair muid le Alan Dukes, Iar-Chathaoirleach Ghluaiseacht na hEorpa in Éireann, Iar-Aire Airgeadais agus Iar-Cheannaire Fhine Gael.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine 16.10.2026

Scéalta na seachtaine á bplé againn le Seán Ó Riain, Iar-thaidhleoir lonnaithe sa Fhrainc, agus le Éidín Ní Shé, Leas-Ollamh Comhlach sa Roinn Bainistíochta agus Margaíochta agus Leas-Ollamh Comhlach san Institiúid Taighde Sláinte, Ollscoil Luimní  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 16.10.2026

Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Gráinne Ní Aodha, Iriseoir leis an Irish Examiner.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: 'On the Air -100 Years of Irish Radio' Ar Lean.. 16.10.2026

Lean an comhrá ón lá inné le Rosemary Day ar aghaidh inniu, bhí go leor le rá aici maidir leis an mír sa leabhar aici faoi Raidió na Gaeltachta agus na hathruithe a dhéanfadh sí air.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: BBC Gaeilge le scor 15.10.2026

Tá an BBC ag scoir Aonad na Gaeilge atá mar chuid de BBC Thuaisceart na hÉireann. Cuireadh an cinneadh in iúl don cúigear fostaí den Aonad inniu. Labhair muid le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge faoin smaointe.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: 'On the Air -100 Years of Irish Radio' - Leabhar nua 15.10.2026

Is leabhar nua é 'On the Air -100 Years of Irish Radio' atá scríofa ag Rosemary Day Ollamh comhlach agus ceann Roinne ag an Roinn Meán agus Léann Cumarsáide ag Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimní. Bhí sí linn chun é a phlé.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Deacrachtaí Starlink san Úcráin 15.10.2026

Tá an Úcráin le tosnú ag ionsaí scaglanna ola na Rúise arís tar éis staonadh ó na hionsaithe sin ar iarratas ó Stáit Aontaithe Mheiriceá. Phléamar é le Nadia Dobrianska, Stairí, Tráchtaire agus Iar-Oibrí Cearta Daonna san Úcráin.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Pionós 15 bliain do Jeffery Donaldson 15.10.2026

Gearradh téarma príosúnachta cúig mbliana déag ar iar cheannaire an DUP i gCúirt in Iúr Chinn Trá as coireanna gnéis i gcoinne beirt chailín óg inniu, Phléamar an scéal le Liam Tunney Iriseoir leis an Belfast Telegraph.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 15.10.2026

Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuacht RTÉ/TG4.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Léarscáileanna IMEASC 15.10.2026

Tá sraith léarscáileanna ullmhaithe ag an ngrúpa stocaireachta IMEASC bunaithe ar staitisticí ón Roinn Oideachais a léiríonn ar bhealaí difriúla an bearna idir soláthar agus éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge ar fud an sé chondae ficihid. Labhair muid futhú le Rachel de Bhailís, urlabhraí ar son IMEASC. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Léarscáileanna IMEASC 15.10.2026

Tá sraith léarscáileanna ullmhaithe ag an ngrúpa stocaireachta IMEASC bunaithe ar staitisticí ón Roinn Oideachais a léiríonn ar bhealaí difriúla an bearna idir soláthar agus éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge ar fud an sé chondae ficihid. Labhair muid futhú le Rachel de Bhailís, urlabhraí ar son IMEASC. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Gradam Rnag le bronnadh ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann 14.10.2026

Bronnfar Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta 2026 ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag ceolchoirm speisialta in Ionad Cultúrtha Brú Ború i gCaiseal, contae Thiobraid Árann ag 7 i.n. anocht. Labhair muid le Tomás Ó Maoldomhnaigh, Ardrúnaí Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 14.10.2026

Scéalta móra polaitíochta an lae á gcur i láthair ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Stailceanna ar fud na Cathrach 14.10.2026

Mar a luaigh mé ag tús an chláir tá 300,000 oibrí san earnáil phoiblí ar stailc inniu, Bhí breis is 38,000 dóibh anseo san ardchathair amuigh ag na picéid stailce go moch ar maidin ag impí ar an rialtas go n-éisteofar lena gcuid éilimh. Chuaigh ár dtuairisceoir Jack Basquille amach chun labhairt leo.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Stailc ghinearálta inniu 14.10.2026

Tá an stailc mhór san earnáil phoiblí a thosnaigh ag meán oíche ag leanacht ar aghaidh, agus 300,000 fostaí san earnáil i mbun agóid thionsclaíoch inniu. Labhair muid le Phil Ní Shéaghdha, Ardrúnaí, Cumann na nAltraí agus na mBan Cabhrach an INMO, agus le John Connolly, TD Fianna Fáil do Ghaillimh Thiar, urlabhraí breisoideachais agus ardoideachais.  See omnystudio.com/listener for privacy in...

Tús Áite: Mír na Meán 14.10.2026

Plé ar cad atá ar siúil sna meáin, idir teilifís, raidió, agus ar líne, Inár dteannta inniu bhí Rónán Ó Muirthile.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Ionsaí thine Phort Láirge 13.10.2026

Tá Jessica O’Connor, tuairisceoir New Ross Standard, inár dteannta ar an gclár chun an scéal treascrach seo ó Phort Láirge a phlé.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Stailceanna ar an gCéadaoin 13.10.2026

Agus lá na stailceann ag teannadh linn, Dúirt an rialtas nach bhfuil sé “soiléir” cén fáth ar dhiúltaigh na ceardchumainn don tairiscint ón Aire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers, chun cainteanna a thionól inné. Labhair muid le Úna Ní Riain, ball fheidhmeannacht chomhairle na gCeardchumann agus an INTO.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 13.10.2026

Scéalta móra idirnáisiúnta á bplé againn leis an bpainéal; An tOllamh John Harrington, Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda Caerdydd, agus Antóin Mac Unfraidh, Iar-Thaidhleoir.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 13.10.2026

Scéalta móra polaitíochta an lae á gcur i láthair ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Cogadh na Rúise i gCoinne na hÚcráine 12.10.2026

Dealraíonn sé go bhfuil an Rúis ag sárú an sos cogaidh fuinnimh – más ann dó - a mhaíonn Donald Trump a bheith aontaithe idir an Rúis agus an Úcráin. Phléamar an scéal seo leis an bpainéal.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Oighneas Bhóthar Gharbh Achaidh Críochnaithe? 12.10.2026

Tá rún mímhuiníne sa Chéad Aire Michelle O’Neill agus trí Aire de chuid Sinn Féin á phlé ag Stormont inniu. Na páirtithe Aontachtacha a mhol an rún mar gheall ar an bpáirt a ghlac O’Neill agus na hAirí eile san agóid i gcoinne paráid na bhfear buí ar bhóthar Gharbh Achaidh. Phléamar an scéak seo leis an bPainéal.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Gníomhaíocht tionsclaíoch augs stailceanna 12.10.2026

Níl an Cuma ar an scéal faoi láthair go dtarraingeoidh na ceardchumainn san earnáil phoiblí siar óna bplean stailc aon lae a bheith acu Dé Céadaoin. Roinn an Painéal a gcuid tuairimí ar an scéal.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Clár Laochra Teanga na Gaeltachta 09.10.2026

Tá €1m curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais do scéim nua Clár Laochra Teanga na Gaeltachta, Phléamar an scéal seo leis An tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Iar-Stiúrthóir SEALBHÚ in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Bású poiblí i Meirceá 09.10.2026

Fógraíoch go mbeadh Nidal Hasan, gunnadóir Fort Hood, le cur chun bás go poiblí i Meiriceá. Labhair muid faoi le Fionnuala Ní Aoláin, Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil na Ríona. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Écoute le podcast Tús Áite sur Replaio

La radio et les podcasts dans une seule appli - gratuite, sans inscription. Installe-la dès aujourd'hui et ne rate pas le lancement

Télécharger sur Google Play

Replaio n'est pas éditeur de podcasts ; les noms des émissions, les visuels et l'audio appartiennent à leurs auteurs et sont diffusés via des flux RSS publics