RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tús Áite

News GA ↓ 100 episodes

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Author

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Category

News

Podcast website

www.rte.ie

Latest episode

Jul 10, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Tús Áite: An Bealach Gorm 02.07.2026

Comhrá faoina cuid taistil le hAnna Heussaff, Scríbhneoir agus Tráchtaire Comhshaoil

Tús Áite: Cainteanna Trádála idir an tAontas Eorpach agus an tSín 02.07.2026

Tá an tSín agus an AE i lár próiséas comhairliúcháin ar an éagothroime trádála idir an dá bhloc i ndiadh cruinnithe acu sa Bhruiséil. É seo á phlé le Conall Ó Móráin, Saineolaí Airgeadais agus Láithreoir an Phodhcraoladh That Great Business Show

Tús Áite: Raic na rialacha nua um cúnamh dlí coiriúil 02.07.2026

Beidh athruithe ar an slí a n-íoctar aturnaetha choiriúla chúnamh dlí, beidh bunráta 520 euro á n-íoc sa chóras nua agus is figúir coinspóideach é an figúir céanna. É sin á phlé le Antóin Delap, aturnae.

Tús Áite: Polaitíocht an lae 02.07.2026

Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tús Áite: 2 Iúil 2026 02.07.2026

Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Antóin Delap (Aturnae); Conall Ó Móráin (Saineolaí Airgeadais agus Láithreoir an Phodchraoladh That Great Business Show); Anna Heussaff (Scríbhneoir agus Tráchtaire Comhshaoil); Eimear McGovern.

Tús Áite: Preasócáid Volodymyr Zelensky le Micheál Martin 01.07.2026

Dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky inniu go bhfuil cuideachtaí faoi smacht na Rúise i dtíortha Eorpacha arb é an t-aon aidhm atá acu ná obair a dhéanamh ar son na Rúise agus d’éiligh sé go ngearrfaí smachtbhannaí orthu. É seo á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tús Áite: Mír na Leabhar 01.07.2026

Turas Róise le hAnna Heussaff agus Bilal agus Cócó le Áine Uí Fhoghlú, a bhí á phlé ag Áine Ní Ghlinn inniu ar mhír seachtainiúil na leabhar.

Tús Áite: Teorainn líon na bpaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath 01.07.2026

Tá reachtaíocht rite ag an Dáil chun deireadh a chur leis an teorainn ar líon na bpaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. É seo pléite le hÉadaoin Heussaff, áitritheoir cois láthair agus urlabhraí Childrens Rights over Flights

Tús Áite: SEAS 2026 01.07.2026

Bhí SEAS 2026 á reachtáil in Óstán Buswell’s i mBaile Átha Cliath inniu – is lá abhcóideachta é SEAS a eagraíonn Conradh na Gaeilge chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur os comhair na bpolaiteoirí agus lucht stocaireachta bailithe san ardchathair ó fud fad na tíre. Labhair ár dtuairisceoir Jack Basquille leo siúd a bhí i láthair.

Tús Áite: Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh 01.07.2026

Phléamar Éire ag glacadh Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh uirthi féin ó inniu leis an Feisire Eorpach le Fine Gael, Sean Kelly

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 01.07.2026

Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tús Áite: 01 Iúil 2026 01.07.2026

Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíóchta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Sean Kelly (Feisire Eorpach le Fine Gael); Éadaoin Heussaff (áitritheoir cois láthair agus urlabhraí Childrens Rights Over Flights); Áine Ní Ghlinn

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 30.06.2026

Srian ar shaorántacht ar bhonn breithe curtha ar ceal, SÁM agus an Iaráin, Crith talún Veniseála, agus an Rúis ag fulaingt. na scéalta á phlé ag Antóin Mac Unfraidh, Iar-Thaidhleoir, agus Angus Lambkin, Oibrí Daonchairdis Idirnáisiúnta.

Tús Áite: Treoirlínte pleanála nuafhoilsithe an Rialtais 30.06.2026

Laghdófar an tréimhse ar gá do Ghaeilgeoirí a bheith ina gcónaí i gceantar Gaeltachta chun cead pleanála a fháil sa limistéir áitiúil, á phlé le Conor McGuinness, Teachta Dála Shinn Féin i bPort Láirge agus John Connolly, TD Fianna Fáil do Ghaillimh Thiar, urlabhraí breisoideachais agus ardoideachais.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 30.06.2026

Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tús Áite: 30 Meitheamh 2026 30.06.2026

Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Conor McGuinness (Teachta Dála Shinn Féin i bPort Láirge); John Connolly (TD Fianna Fáil do Ghaillimh Thiar, urlabhraí breisoideachais agus ardoideachais); Antóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir); Angus Lambkin (Oibrí Daonchairdis Idirnáisiúnta).

Tús Áite: Leanúint ag obair tar éis 65? 29.06.2026

Tá cearta nua maidir le haois scoir d’fhostaithe tagtha i bhfeidhm. Faoin reachtaíocht, ceadaítear d’oibrithe incháilithe rogha a dhéanamh fanacht i mbun oibre thar an aois scoir atá luaite ina gconradh fostaíochta, má tá an aois sin faoi bhun aois an phinsin Stáit, is é sin 66

Tús Áite: Dleachtanna ar Bhreosla 29.06.2026

Beidh ceannairí pháirtithe an rialtais ag cruinniú chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na dleachtanna bhreosla a bhfuil deireadh á chur leo faoi dheireadh mí Iúil, agus a tógadh isteach i mí Aibreáin i nidadh na n-agóidí breosla.

Tús Áite: SÁM 250 29.06.2026

Beidh Stáit Aontaithe Mheiriceá ag ceiliúradh 250 bliain ar an bhfód, Dé Sathairn seo chugainn, an 4ú Iúil, ag am a bhfuil an tír sáinnithe i gcoimhlint sa mheánoirthear agus níos easaontaithe ná mar a bhí le fada an lá sa bhaile.

Tús Áite: Óráid Andy Burnham 29.06.2026

Thug Andy Burnham a chéad óráid mhór ag díriú ar pholasaithet ó sheol sé a fheachtas chun bheith ina phríomh-aire. Pléann an painéal na mórphointí a luaigh sé san óraid.

Tús Áite: 29 Meitheamh 2026 29.06.2026

Deirdre Ní Fhloinn (Abhcóide agus Iar-Chomhairleoir); Siobháin Grogan (Cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge agus Cathaoirleach d’Uisce for Gaza); Mairéad Ní Nuadháin (Colúnaí le Tuairisc.ie agus iar-Cheannasaí ar Chaidreamh Seachtrach le RTÉ); Niall " Blue Niall" Ó Móracháin (ceoltóir agus ealaíontóir leictreonach)

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine 26.06.2026

Scéalta móra na seachtaine á phléigh ag Ursula Ní Shabhaois, Tráchtaire Polaitúil, agus an tOllamh John Harrington, Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda Caerdydd.

Tús Áite: Tionchar Athrú Aeráide ar fharraigí na hÉireann 26.06.2026

An bhfuil sé le sonrú ar mharaí thart timpeall na tíre go bhfuil an athrú aeráide ag imirt droch-thionchar suntasach ar theocht na huisce agus ar chumas na horgánach mara é a sheasamh fós, Phléamar an méid seo leis an Dr. Mark de Faoite saineolaí mara agus fiontraí.

Tús Áite: Ceannaire Hezbollah, Naim Qassem, ag diúltú dí-armáil 26.06.2026

Cainteanna le leanúint idir Iosrael agus an Liobáin inniu. Ionsaithe fós ar bun ag Iosrael ar dheisceart na Liobáine. Níl slí tríd chaolas Hormuz ach trí shlite a aontaíonn an Iaráin. IAEA ag filleadh ar an Iaráin. Phléamar na scéalta seo le Mícheal Ó hUanacháin, Tráchtaire agus iar-iriseoir le RTÉ.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 26.06.2026

Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

Listen to the Tús Áite podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.