RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tús Áite

News GA ↓ 211 episodes

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Be sure to visit the podcast's website and support the creator: www.rte.ie

Author

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Category

News

Podcast website

www.rte.ie

Latest episode

Oct 5, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android almost 10M downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Tús Áite: Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 18.09.2026

Linn ar an bpainéal bhí: Caomhán Ó hÓgáin, Aistritheoir leis an gComhairle Eorpach sa Bhruiséil, Róisín de Bhaldraithe, Feidhmeannach polasaí AE, IBEC augs bunaitheoir Conradh na Gaeilge sa Bhruiséil, agus Kevin Lally, Comhairleoir Polaitiúl i bPairlimint na hEorpa, Sinn Féin. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Glór ár linne 2026 17.09.2026

Bhí seó taispeántais na gceoltóirí atá páirteach sa scéim 'Glór ár Linne' ar siúl aréir i Whelan’s ar Shráid Camden i lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí ár dtuairisceoir Jack Basquille i láthair.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Athteangaireacht stairiúil. 17.09.2026

Le déanaí, tharla an chéad ateangaireacht riamh san AE ar oráid Uachtaráin an Aontais Eorpaí. Labhair muid le cheann den fhoireann athteangaireachta, Maitias Mac Cárthaigh, ateangaire sa Choimisiún Eorpach.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Ed Sheeran agus an Phailistín 17.09.2026

Bhain an ceoltóir Ed Sheeran, Macklemore, rapálaí meirceánach, ón gcamchuairt aige mar gheall ar sheasamh Macklemore ar son na Pailistíne. Labhair muid le Fiachna Ó Braonáin, Craoltóir agus Ball de na Hothouse Flowers, ball d’Ealaíontóirí ar son na Pailistíne. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Ateangaireacht Gaeilge 17.09.2026

Tá an Ghaeilge lárnach i ngnóthaí an Aontais Eorpaigh le déanaí, bhí Thomas Byrne, Aire Stáit Gnóthaí Eorpacha agus Cosanta agus Teachta Dala le Fianna Fáil, inár dteannta chun labhairt faoi.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 17.09.2026

Scéalta móra polaitíochta na lae a chur i lathair ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Comórtas Náisiúnta Treabhadóireachta 15.09.2026

Tá Macra na Feirme ag éileamh go gcuirfí 10% den bhuisie dan chéad Comhpholasaí Talmhaíochta eile ar leataobh chun an fheirmeoireacht a dhéanamh níos mealltaí don chéad ghlúin eile. Phléamar an scéal seo le Josephine O’Neill, Uachtarán Macra na Feirme, beo ón gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta in Uibh Fháillí.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 15.09.2026

Scéalta móra idirnáisiúnta á bplé leis an tOllamh Brian Ó Broin ó Ollscoil William Patterson New Jersey, údar agus tráchtaire, agus  Úna Ní Bhroiméil, Staraí agus tráchtaire ar Stair Mheiriceá  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polatíocht an Lae 15.09.2026

Scéalta móra nuachta an lae á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Díospóireacht faoi Éire Aontaithe 15.09.2026

Dúirt an Taoiseach go bhféadfadh Sinn Féin comhghuaillíocht SF le páirtithe Náisiúnacha san Albain agus sa Bhreatain Bheag dochar a dhéanamh do chúis Éire Aontaithe. Phléamar an scéal seo le Aengus Ó Snodaigh, TD do Shinn Féin agus Ball de Choiste an Oireachtais um Ealaíona, na Meáin, Cumarsáid, Cultúr agus Spórt See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Éire Aontaithe i mbéal an phobail 14.09.2026

D'fhógair ceannairí Shinn Féin, an SNP, agus Plaid Cymru inniu go bhfuil "ré Westminster ag teacht chun deiridh" agus shínigh siad comhaontú atá dírithe ar bhrú a chur ar Shráid Downing reifrinn ar neamhspleáchas ón Ríocht Aontaithe a reáchtáil. Phléamar an scéal seo leis an bpainéal sa stiúdieo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Olltoghchán na Sualainne 14.09.2026

Tá páirtithe freasúra ar an eite clé beagáinín beag chun tosaigh ar pháirtithe an rialtais de réir torthaí sealadacha thoghchán na Sualinne. Pléadh an méid seo leis an bpainéal, agus le Dr. Greg Darwin, Ollamh Comhlach le Gaeilge in Ollscoill Uppsala.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Ceanada agus an tAontas Eorpach 14.09.2026

Dúirt Príomh Aire Cheanada Mark Carney go bhfuil Ceanada ar lorg comhghuaillíocht ar leith leis an Aontas Eorpach ach nach bhfuil Ceanada ag lorg ballraíocht san Aontas, roinn an painéal a gcuid tuairimí ar an scéal.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Deireadh le taraifí ar Uisce Beatha 14.09.2026

Bhua bua mór ag Shane Lowry agus ag rialtas na hÉireann araon ar an ngalfchúrsa sa Dún Beag inné. Agus Lowry ag glacadh lena chíorann mar bhuaiteoir comórtas oscailte gailf na hÉireann d’fhógair Donald Trump go mbainfeadh sé taraifí ó uisce beatha na hÉireann. Phléamar an scéal leis an bpainéal.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: 9/11 á chomóradh 11.09.2026

Tá 25 bliain imithe ó ionsaithe 9/11, agus tá an lá tragóideach sin á chomóradh i Nua-Eabhrac inniu. Phléamar an scéal le duine a bhí ar an talamh ag an am, Is é sin Niall Ó Dowd, Foilsitheoir, iriseoir agus údar. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine 11.09.2026

Scéalta móra na seachtaine seo á phle againn le Emmet Ryan, Saor-iriseoir , agus Seán Ó Riain, Iar-thaidhleoir lonnaithe sa Fhrainc.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 11.09.2026

Scéalta móra polaitíochta á chur i láthair ag Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite - 10 Meán Fómhair 2026 10.09.2026

Clár cúrsaí reatha agus nuachta á chur i láthair ag Aonghus Ó Lochlainn. Inár dteannta inniu bhí: Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Eoin Dillon  (píobaire); Seán Federico Ó Murchú (Eagarthóir Nuachta); Barry Ward (Teachta Dála d'Fhine Gael i nDún Laoghaire, Abhcóide Sinsireach agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh); Leila Adelaide. ...

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 14ú Meán Fómhair 10.09.2026

Scéalta nuachtáin ó fud fad na tíre á chur i láthair ag Leila Adelaide.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: 'Think in' Fhine Gael 10.09.2026

Tá Seisiún Smaointeoireachta Fhine Gael ar siúil inniu i nGuaire, co. Loch Garman faoi láthair, Phléamar an scéal le Barry Ward, Teachta Dála d'Fhine Gael i nDún Laoghaire, Abhcóide Sinsireach agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Paddy Keenan 10.09.2026

Tá an píobaire clúiteach Paddy Keenan ar shlí na fírinne agus é seachtó sé bliain d’aois, Phléamar an fear féin, agus an tionchar a bhí aige ar saol an ceoil le Eoin Dillon, píobaire.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Trump ag ceannach vótaí? 10.09.2026

$5,000  atá geallta ag Donald Trump do gach uile Meiriceánach thar 18 má éiríonn leis na Poblachtánaigh smacht a fháil ar ais ar Theach na Comhdhála i dtoghcháin meán-téarma Mheiriceá i mí na Samhna. Bhí Seán Federico Ó Murchú, Eagarthóir Nuachta, inár dteannta chun an scéal a phlé.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 10ú Meán Fómhair '26 10.09.2026

Scéalta móra polaitíochta an lae á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mír na Meán 09.09.2026

Na cláireacha spéisiúla atá sna meáin fé láthair, á phlé againn le Norita Ní Chartúir.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Intleacht Shaorga 09.09.2026

D'éirigh taighdeoir as Anthropic, ceann de na príomhchuideachtaí hintleachta saorga ar domhan, mar gheall ar imní go bhféadfadh an teicneolaíocht "muid uile a mharú faoi dheireadh na ndeich mbliana seo". Bhí Pádraig de Búrca, Iriseoir leis An Páipéar, inár dteannta chun an scéal a phlé.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Listen to the Tús Áite podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.