Irish Independent

Seachtain

News GA ↓ 175 episodes

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

Author

Irish Independent

Category

News

Podcast website

www.independent.ie

Latest episode

Jul 9, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Bríd: Bandia págánta nó bean naofa? 29.01.2026

Ag dul siar na cianta, rinneadh ceiliúradh ag an am tábhachtach seo den bhliain.  Ba é Imbolc ceann de mhórfhéilte an fhéilire Cheiltigh.  Agus ag croílár an cheiliúrtha sin tá Bríd.  Ach cad é an ceangal idir Bríd an bandia agus Bríd an naomh, más ann dó ar chor ar bith? Agus cérbh iad na bandéithe eile a shleamhnaigh as cuimhne na ndaoine le himeacht ama? ­ Láithreoir: Tessa Flemi...

Tubaisteach do na Gaeltachtaí: 2,300 fishing jobs i mbaol 22.01.2026

Deir eagrais iascaireachta go bhfuil beagnach 2,300 post i mbaol tar éis chinneadh ón Aontas Eorpach atá “tubaisteach”, dar leo. I mí na Nollag, ag cruinniú sa Bhruiséil, fógraíodh go mbeidh ciorrú ollmhór ar an méid iasc is féidir a thabhairt i dtír in Éirinn. Tiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm i mbliana. Cén tionchar a bheas aige seo ar iascairí agus ar lucht próiseála atá fostaithe sa tír seo?...

Éigeandáil teanga sa Ghaeltacht: An bhfuil an Ghaeilge ag sleamhnú uainn? 21.01.2026

An bhfuil éigeandáil teanga sa Ghaeltacht? De réir tuarascáil nua-eisithe - tá. Deirtear go neamhbhalbh sa tuairisc seo go gcaithfear “idirghabháil phráinneach chuimsitheach” a dhéanamh sula sleamhnaíonn an Ghaeilge níos faide siar mar theanga sa Ghaeltacht. Mar sin, an bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis mar theanga sna ceantair? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: John Prendergast See omnystudio.com/li...

A Gaeltacht resurrected: Áit a bhí á bánú ach anois faoi bhláth 15.01.2026

Amuigh faoin tuath in oirthear Chontae Dhoire, díreach faoi scáth shliabh Charn Tóchair, tá pobal beag de chúpla cead theach le fáil ann.   Go dtí tús an 20ú haois, bhí Gaeilge láidir go fóill sa cheantar, ach tháinig athrú ar sin nuair a thosaigh an cheantar á bhánú de bharr easpa fostaíochta, easpa tithe agus easpa deiseanna.  Thart fá tríocha bliana ó shin, tháinig an pobal le chéile...

Dúnmharú Michaela McAreavey: 15 mbliana ar aghaidh agus ceartas in easnamh go fóill 10.01.2026

I mí Eanáir 2011, dúnmaraíodh Michaela McAreavey agus í ar mhí na meala in ostán in Oiléan Mhuirís. Phós sí John McAreavey díreach dhá lá déag roimhe sin. Buille uafásach dá teaghlach a bhí san eachtra brúidiúil agus tharraing an fiosrúchán aird na meán ní amháin in Éirinn, ach ar fud an domhain. Cúisíodh beirt fhear ach fuarthas neamhchiontach an dís acu. 15 bhliain níos déanaí, tá an cás fós gan...

Éilis Ní Dhuibhne: Gaeilge, Grief agus saol caite i mbun pinn 08.01.2026

Tá os cionn caoga bliana caite ag an úrscéalaí Éilis Ní Dhuibhne i mbun pinn.    Le breis agus 30 leabhar eisithe aici, idir Bhéarla agus Ghaeilge agus iliomad gradaim buaite aici, is í duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i litríocht na hÉireann.     I measc an réimse leathain leabhar atá scríofa aici, tá ‘The Dancers Dancing’, ‘Twelve Thousand Days’ agus ‘Fáinne Geal a...

2026: ‘Ní féidir a bheith cinnte de rud ar bith tar éis thús spleodrach leis an mbliain’ 08.01.2026

Maduro fuadaithe, neamhaird ar bhuaiteoir Nobel Machado, an Ghraonlainn faoi bhagairt ó thús na bliana. Tar éis seachtain den bhliain 2026, tá cúrsaí an domhain níos corraithí ná mar a bhí anuraidh cheana féin. Pléann John Downing agus Conchúr Ó Faoláin cúrsaí an tsaoil sa bhliain úr le Ciarán Dunbar See omnystudio.com/listener for privacy information.

Súil siar ar na ceannlínte nuachta: Cérbh iad na buaiteoirí agus na caillteoirí i 2025 01.01.2026

Tá 2024 thart, faoi dheiridh - cad é mar a bhí sé mar bhliain?  Ní raibh easpa ceannlínte ann a bhain siar asainn, anseo in Éireann agus níos faide i gcéin.  Bhog Donald Trump ar ais isteach sa Teach Bán i Washington, bhí toghchán Uachtaránachta dár gcuid féin againn anseo in Éireann, ciontaíodh an laoch spóirt DJ Carey as calaois a dhéanamh, agus tháinig deireadh leis an ruaille buaille...

Éist arís: Páirc na Gaeltachta - Why did Dublin's 'Gaeltacht' fail? 25.12.2025

Nuair a smaoiníonn muid ar Ghaeltacht, is minic a thagann íomhá chugainn d'áit iargúlta, cois farraige, ar imeall na tíre. Ach le 100 bliana anuas, rinneadh iarrachtaí déanta le nua-Ghaeltachtaí a bhunú sna cathracha agus ar imeall na bailte móra. Amharcann Ursula Ní Shionainn siar ar roinnt de na hiarrachtaí seo. Cad chuige gur éirigh le ceann nó dhó ach gur theip ar an chuid is mó acu? Foclóir:&...

Thuas seal, thíos seal: Best and worst den Ghaeilge i 2025 18.12.2025

Ag amharc siar ar an bhliain a bhí, is fíor go raibh an Ghaeilge thuas seal thíos seal.   Bhí sí faoin spotsolas go minic le linn na bliana agus bhí neart ceannlíntí a thug ardú croí do Ghaeilgeoirí.  Le Ros na Rún ag ceiliúradh 30 bliana ar an fhód, méadú as cuimse ar úsáid na Gaeilge ar Tik Tok agus méadú suntasach ar líon na mac léinn Gaeilge in Ollscoil na Banríona, bhí go leor le bh...

Cé mhéad teaghlach atá ag tógáil clann le Gaeilge sa Ghaeltacht? 11.12.2025

Tá tuarascáil nua seolta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta a léiríonn líon na dteaghlach atá ag tógáil clann le Gaeilge sna Gaeltachtaí.  Tá figiúirí le haghaidh gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) san áireamh sa tuarascáil.   Níl ach 3 LPT sa Ghaeltacht ar féidir a rá go bhfuil os cionn 50% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaeilge iontu.  Mar sin, cén fáth nach bhfui...

Pól Deeds: Tabharfaidh an Coimisinéir Gaeilge nua dúshlán na meán. 10.12.2025

Ba chéim stairiúil chun cinn é don teanga ó thuaidh nuair a ceapadh an Dr Pól Deeds, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, mar Coimisinéir Gaeilge.  Ach, leis na focail ‘weaponise’ agus ‘divisive’ in úsáid go minic agus an Ghaeilge á phlé ar na meáin Bhéarla ó thuaidh, an cailís nimhe é ról an Choimisinéara nua? ­ Agus an féidir le Pól Deeds athmhuintearas a chothú idir an dá thaobh d...

Fear a mharaigh cailín óg Gaeltachta ag lorg ath-thástáil ar an bhfianaise 04.12.2025

Ba ionsaí é a bhain siar as pobal beag Gaeltachta i gCo. na Gaillimhe.    I mí na Nollaig 1998, maraíodh déagóir óg, Siobhán Hynes, go brúidiúil agus í amuigh don oíche ar an gCeathrú Rua. Ní raibh ach seacht mbliana déag aici.    Fuarthas a corp ar chladach beag, tuairim ar dhá mhíle go leith as sráidbhaile na Ceathrún Rua.    Cúisíodh John McDonagh, fear áitiúil, as...

Bill Clinton: Cuairt chonspóideach an chéad Uachtarán Meiriceánach ó thuaidh 27.11.2025

Tríocha bliain ó shin, tharla rud nár tharla riamh roimhe. Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Bill Clinton - an polaiteoir is cumhachtaí ar domhan - cuairt ar Thuaisceart na hÉireann don chéad uair riamh. Ar lá stairiúil i 1995, le linn shos cogaidh an IRA nuair a leagadh síos na gunnaí agus na buamaí, sheas Clinton os comhair na mílte i nDoire agus labhair sé faoin tsíocháin. Ach cad chuige go raib...

Tar éis an X-odus: Cá bhfuil na Gaeil ar líne anois? 20.11.2025

Bhí ré órga ag an Ghaeilge ar líne ar feadh tamaill, go háirithe ar Twitter - go dtí gur cheannaigh Elon Musk an t-ardán i 2022. Ina dhiaidh sin, tharla an ‘X-odus’, d’fhág roinnt comhlachtaí móra agus roinnt daoine aitheanta slán le ‘X’, agus bhí líon suntasach Gaeilgeoirí ina measc. Mar sin, cá háit ina bhfuil na Gaeil ag bailiú ar líne anois?  Agus an bhfuil spás ar bith ann ar líne d’ardá...

DJ Carey: Ó ghlóir Pháirc an Chrócaigh go gruaim Mountjoy Prison 13.11.2025

Bhí clú agus cáil ar DJ Carey mar dhuine de na himreoirí iománaíochta is fearr a chonaic an tír seo riamh.  Le linn na 90óidí agus ag tús na mílaoise, ba laoch é, ní amhain i gCill Chainnigh, ach i measc chosmhuintir na tíre ar fad.  Bhí saol an mhadra bháin aige féin agus a pháirtí Sarah Newman le linn ré an Tíogair Ceiltigh, bhí tithe acu in áiteanna ar leith sa tír, agus ba mhinic iad...

Cúig chéim i dtreo do Ghaeltacht féin a thógáil 06.11.2025

Cén chuma a bheadh ar "Ghaeltacht nua" na linne seo, agus cén dóigh a dtosaíodh duine ag tógáil a leithéid? Tá Jake MacSiacais agus Róisín Nic Liam ina gcuid de ‘Lios Loch Lao’, grúpa atá ag forbairt tithe agus árasán do Ghaeilgeoirí i mBéal Feirste agus tá Caoimhín Ó Cadhla ina bhall de ‘Lonnaíochtaí Gaeilge Teo’ atá ag iarraidh tearmann do chainteoirí Gaeilge a thógáil san ardchathair. Ar Seacht...

Nuacht Gaeilge ar an BBC in Albain – ach cá bhfuil nuacht Gaeilge an BBC sa Tuaisceart? 30.10.2025

De réir an daonáirimh is déanaí, tá eolas éigin ag 130,000 duine ar an nGaeilge in Albain ach i dTuaisceart na hÉireann, tá fios éigin ag beagnach 100,000 duine sa bhreis ar sin ar an teanga - 228,617.  Tá i bhfad níos mó Gaeilge ar an BBC in Albain ná mar atá ná mar atá ó thuaidh áfach. Tá idirdhealú soiléir ann, mar sin féin, agus is beag gearán a dhéanann Gaeilgeoirí faoin cheist – cad chu...

Aighneas an Uachtaráin: Feachtas ag teacht chun deiridh 23.10.2025

Faoi dheireadh thiar thall, tá an feachtas toghchánaíochta beagnach críochnaithe agus bhí deireadh teasaí leis go deimhin. Caithfear na vótaí Dé hAoine agus roghnófar Uachtarán na hÉireann nua le teacht i gcomharbacht ar Michael D. Higgins.  Amharcann John Downing, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Independent, ar na straitéisí a bhí ag na hiarrthóirí agus ar na taicticí a d’oibrigh ag...

Island life: Na héilimh, na deacrachtaí agus na buntáistí a bhaineann le saol iargúlta 16.10.2025

Roimh dheireadh na míosa seo, beidh oileáin bheaga na hÉireann ag caitheamh vóta i dtoghchán na hUachtaránachta ar an lá céanna leis an mórthír. ­ Tá 29 oileán ann ina bhfuil cónaí iontu agus tá suntas ar leith a bhaineann leo ó thaobh an chultúir de agus na teanga de. ­ Ach cad é mar atá sé le bheith i do chónaí ar oileán, ar charraig atá fada amuigh ar an bhfarraige, scartha ón mhórthír? ­ Láith...

Bíonn siúlach scéalach: The life of a travelling storyteller | Aindrias de Staic 09.10.2025

Tá baint nach beag Éireann agus le hÉireannaigh leis an scéalaíocht agus leis an tsamhlaíocht, agus tá clú agus cáil uirthi dá bharr. Ach leis an saol nua-aimseartha mar a bhíonn anois, is minic nach dtugtar an meas ceart don tseanchas, ná don tobar saibhir a chuireann sí ar fáil dúinn. Ach deirtear go bhfuil borradh ag teacht ar an nós ársa scéalaíochta seo agus go bhfuil sé faoi bhláth arís. Ar...

Gael ar leith: Slán le Manchán Magan 06.10.2025

Bhailigh na sluaite inniu i gColáiste Gonzaga i mBleá Cliath inniu le slán a fhágáil agus omós a thabhairt do Mhanchán Magan. Ní raibh ach 55 bliain d’aois slánaithe aige nuair a d’imigh sé ar shlí na fírinne an Déardaoin seo caite. Bhí ailse air le tamall. Bhain Manchán cáil amach mar gheall ar a chuid oibre mar scríbhneoir, láithreoir agus mar dhuine a spreag glúin nua i dtreo na Gaeilge de. Ar...

Gunnaí, Grá, agus Géarchéim: The kidnapping of Tiede Herrema 02.10.2025

50 bliain ó shin, chuaigh beirt bhall den IRA Sealadach i mbun ghnímh a chuir cor nua i stair na hÉireann.  Bhí leannáin Eddie Gallagher agus Marion Coyle ar aon sa phríosún.  Mar sin, bheartaigh an bheirt acu iad a scaoileadh saor ar bhealach éigin.    Ach, d’imigh an eachtra a bheartaigh siad go hiomlán as smacht.  Ar Seachtain, cuimhníonn an Dr. Mícheál Ó hAodha, leacht...

Oideachas trí Ghaeilge: The road to being líofa 28.09.2025

Cé comh deacair is atá sé tabhairt faoin oideachas trí Ghaeilge – go háirithe mura bhfuil mórán den teanga agat sa chéad dul síos.  I gclár faisnéise nua a chraolfar ar TG4 oíche Dé Luain, buaileann an tionchaire ar líne, Kayleigh Trappe, le daoine fud fad na hÉireann a rinne díreach sin agus iad ag freastal ar na Boird Oideachais agus Oiliúna, nó mar is fearr aithne orthu, na ETBanna. ...

Cás Liam Óig caite amach ag an chúirt 26.09.2025

Tá cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, rapálaí ón bhanna cheoil Kneecap, caite amach ag ag cúirt i Sasana. Cuireadh ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe. Seo an tríú huair do Liam Óg teacht os comhair na cúirte i dtaca leis an gcúiseamh seo, ach cuireadh moill ar an bh...

Listen to the Seachtain podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.