Irish Independent

Seachtain

News GA ↓ 175 episodes

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

Author

Irish Independent

Category

News

Podcast website

www.independent.ie

Latest episode

Jul 9, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Presidential Race or Closed Club? Triúr san iomaíocht, neamhspleáigh fágtha ar lár 24.09.2025

Beidh díreach triúr iarrthóirí ag dul san iomaíocht sa toghchán uachtaránachta, agus is iad ar fad ainmnithe ag Páirtithe an Oireachtais. Ach cad é faoi na hiarrthóirí neamhspleácha, iad siúd nach raibh in ann an tairseach a bhaint amach agus a n-ainm a chur ar an ballot paper? Agus le lá na vótála ag teanadh linn, cén cineál Uachtaráin atá uainn anois? Ar Seachtain, tugann Ursula Savage, tráchtai...

Gaeil ar na sráide: Cé a bhí ag éisteacht? 22.09.2025

Chuaigh na mílte Gaeilgeoirí chun sráide i mBaile Átha Cliath Dé Satharn sa chéad agóid náisiúnta ar son na Gaeilge san ardchathair le breis agus deich mbliana. Ach an raibh duine ar bith ag éisteacht leo?  Ar Seachtain, phléigh na hiriseoirí Áine Ní Bhreisleáin agus Ciarán Dunbar faoin mórshiúil stairiúil le Tessa Fleming.  Foclóir: • Éileamh: Demand  • Fiúntas: Merit or value&nbsp...

Na mílte Gaeilgeoirí take to the streets in protest - Cén fáth? 18.09.2025

Ní rud a fheictear go minic é – slua mór de Ghaeilgeoirí ag bailiú le chéile ar shráideanna na hardchathrach – agus iad feargach.  Is í seo an chéad agóid náisiúnta - thuaidh agus theas - ar son an Ghaeilge le breis agus deich mbliana. Cén fáth a bhfuil siad ag dul chun sráide, agus an seasann an phobal gan Gaeilge, leo?  Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Róisín Ní Chinnéide  Foclóir:...

‘Rinne mé gach rud eile’: Naoise Dolan ar a bealach go Gaza 10.09.2025

Tá mionchabhlach de thuairim is 50 bhád ar a bhealach go Gaza – agus tá Éireannaigh ina measc siúd atá ar bord.     Tá na céadta daoine ó thíortha fud fad an domhain mar chuid den  Global Sumud Flotilla agus é ar intinn acu cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach do mhuintir Gaza.     Tuairiscíodh oíche Dé Luain gur bhuail drón ceann de na báid sa Túinéis áfach.   ...

Big Tech, an taobh dorcha de - agus an Gaeilgeoir determined to expose it 04.09.2025

Tá an teicneolaíocht fite fuaite i mbeagnach gach gné dár saoil laethúil.  Mar sin féin, ní thuigeann muid i gcónaí an taobh diúltach den nuálaíocht seo, cé go bhfuil na bagairtí a bhaineann le Big Tech feicthe againn arís agus arís eile. Oibríonn Pat de Brún agus a fhoireann chun an dochar atá á dhéanamh ag na comhlachtaí teicneolaíochta a nochtadh.  Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Pat...

Gaeilge ón Áras: Should an tUachtarán speak Gaeilge? 28.08.2025

Roimh deireadh na bliana beidh an tír ag caitheamh vóta leis an deichiú Uachtarán na hÉireann a thoghadh. Cé nach ról polaitiúil atá ann, tá tionchar láidir ag an Uachtarán agus iad ag úsáid an ardán, le bunluachanna a n-Uachtaránacht a chur chun cinn. I gcás Mícheál D. Ó hUiginn, thug sé tacaíocht leanúnach do chur chun cinn na Gaeilge le linn a théarma oifige — agus i rith a shaoil ghairmiúil ar...

Mo Chara sa chúirt 20.08.2025

Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara as Kneecap, mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana Dé Céadaoin. ­ Ba é seo an dara uair dó a bheith sa chúirt i dtaca leis an chúiseamh atá á chur ina leith. ­ Bhailigh na céadta daoine taobh amuigh den teach cúirte ar maidin chun tacaíocht a léiriú dó. ­ Bhí comharthaí agus bratacha á n-iompar agus t-léinte á chaitheamh a léirigh i...

Gaeilge Bhaile Átha Cliath (cuid a dó): What was the Irish dialect of Dublin like? 18.08.2025

San chéad chuid den phodchraoladh seo, chuala muid faoi stair na Gaeilge sa Chontae  Ach sa dara chuid seo, díríodh ar an gceist - cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath.  Labhair Ciaran Dunbar leis an Ollamh Emertius Nicholas Williams, fear a bhfuil go leor taighde déanta aige ar an teanga mar a bhíodh i gCúige Laighean.  Agus labhair sé le Colm Ó Broin, fear d...

Gaeltacht Bhaile Átha Cliath (cuid a haon): How long did traditional Gaeilge survive in Dublin? 14.08.2025

Is fada an lá ó bhí ‘Gaeltacht Bhaile Átha Cliath’ ann.  Mar sin de, is tearc ár gcuid eolas ar an gcineál Gaeilge a bhíodh á labhairt go traidisiúnta gan briseadh ann.  Conas a bhí sí mar Ghaeilge? Cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath agus cá huair a bhíodh sí á labhairt?  Labhair Ciarán Dunbar le Colm Ó Broin taighdeoir neamhspleách as Baile Átha Cliath. ­ C...

Bean an Tí exodus: Rethinking na coláistí samhraidh 07.08.2025

Tá athmhachnamh le déanamh ar mhúnla na gcoláistí samhraidh chun todhchaí na hearnála a dheimhniú.  Le titim shuntasach ar líon na leapacha atá ar fáil do scoláirí, ganntanas mná agus fir tí agus na céadta daltaí fágtha ar liostaí feithimh, tá gníomh radacach de dhíth le dul i ngleic leis na dúshláin mhóra seo. Ach, cad é an dóigh is fearr leis na coláistí luachmhara seo a chaomhnú?  Agu...

Moving Maighdean Mhuire: Mass hysteria nó míorúilt diaga? 31.07.2025

I rith samhradh na bliana 1985, bhí Éire corraithe leis an bparanormáltacht.  Thosaigh dealbha diaganta den Mhaighdean Mhuire ar fud na tíre ag bogadh. Ach cad é a ghríosaigh na heachtraí seo?  Cén fáth go raibh an Eaglais míchompordach leis an méid a bhí ag tarlú?  Agus an míorúilt a bhí ann i ndáiríre, nó mass hysteria?  Ar Seachtain, amharcann Doireann Ní Bhriain siar ar an...

An troid ar son Sam: The Gaeltacht’s glory days 24.07.2025

Tá lá de na laethanta is tábhachtaí san fhéilire ag teannadh linn, All-Ireland Final Day.  Tá dhá chraobh bainte amach ag Dún na nGall cheana ach is iad Ciarraí an foireann is rathúla i stair peile na tíre seo agus iad sa tóir ar chraobh uimhir 39 i mbliana.  Le stair shaibhir peile fhoireann Jack O’Connor agus draíocht fhoireann Jim McGuinness, amharcann Tadhg Evans, eagraí spóirt leis...

‘Israel’ sa Ghaeltacht: Smaointe radacacha Desmond Fennell 17.07.2025

Ba smaointeoir, scríbhneoir aistí agus fealsamh radacach é Desmond Fennell.  Chuaigh a chuid tuairimí i gcoinne an ‘status quo’ go minic agus ní raibh eagla ar Fennell riamh snámh in aghaidh easa.  Chruthaigh sé meas agus conspóid araon - cibé áit a ndeachaigh sé.  Ach, ar chreid sé féin sna smaointe radacacha a bhí aige?  Ar Seachtain, labhraíonn Toner Quinn, eagarthóir an lea...

Agóidí phobal na Gaeilge: Still fighting na sean-chathanna céanna? 10.07.2025

I mí Mhéan Fómhair beidh na mílte Gael ag dul chun na sráideanna i mórshiúl náisiúnta ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge.  Ach, an bhfuil pobal na Gaeilge ag troid na sean-chathanna céanna le breis agus caoga bliain?  Agus cé chomh héifeachtach is a bhíonn léirsithe mar seo chun athrú polasaí a bhaint amach?  Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar roinnt...

Gaiscí Mhichíl D san Áras and finding his successor 03.07.2025

Cuireadh tús le hUachtaránacht Michael D Higgins i 2011, tar éis dó breis is milliún vóta a fháil agus sciar 56% faighte aige. ­ Ó shín i leith, ghlac sé leis an dúshlán a bheith mar Uachtarán do chách, agus níor chuir sé fiacail ina fhocail agus é ag labhairt amach go poiblí ar ábhair éagsúla. ­ Ach le deireadh a dhara téarma mar Uachtarán ag druidim linn agus a chomharba le roghnú sna míonna ama...

Cúig ‘media moments’ a láidrigh an ghluaiseacht LADTA+ in Éirinn 26.06.2025

Bhí go leor eachtraí cinniúnacha ann a d’fhág lorg ar dhul chun cinn na gluaiseachta LADTA+ in Éirinn.  Ó na 1970í ar aghaidh, tháinig méadú ar infheictheacht dhaoine aeracha sna meáin in Éirinn - rud a d’imir tionchar nach beag ar mheon mhuintir na tíre.  Ó phóga aeracha ar an scáileán i Ros na Rún, go hóráidí dodhearmadta in Amharclann na Mainistreach, seans go bhfuil sé deacair samhlú...

Kneecap: Mo Chara sa chúirt agus legal ‘dream team’ leis 18.06.2025

Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó 'Mo Chara' as Kneecap mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana inniu. ­Tá sé curtha ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain anuraidh, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe. ­D’fhoilsigh Kneecap ráiteas ar na meáin shóisialta inar shéan siad go ndearnadh aon choir agus gheall s...

Tréigthe agus folamh: A Gaeltacht housing solution? 12.06.2025

Tá Comhairle Chontae Mhaigh Eo ag earcú Comhordaitheoir Ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht, agus beidh dualgais acu sna Gaeltachtaí fud fad na tíre. ­ Ach, an bhfuil aon fhiúntas leis an ról agus an ndéanfaidh sé rud ar bith chun dul i ngleic leis an ghanntanas tithíochta? ­ Thug iriseoir Gaeltachta Seachtain, Áine Ní Bhreisleáin, leargás ar an cheapúchán úr. ­ Foclóir: ­ Tithe folmha: Vacant homes ­...

Gaelcholáiste nua mar chuid den fhís do cheantar Gaeltachta BÁC 05.06.2025

Tá Gaelcholáiste nua beartaithe do lár na cathrach agus tá na doirse le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2026, ach is iomaí dushlán atá fós le sárú leis sin a chur i gcrích.  Ach, le os coinn 90% de mhúinteoirí na scoile i gcoinne Synge Street CBS a aistriú go Ghaelcholáiste, agus le tuismitheoirí go fóill gan mórán eolais faoin Ghaelcholáiste nua, an bhfuil baol ann nach dtarlóidh sé?  Cad i...

Gaeltacht Acla faoi bhagairt de bharr na ‘second homes’ 29.05.2025

Tá clú agus cáil ar áilleacht chósta iarthar na hÉireann agus meallann sé turasóirí ó chian agus ó chóngar.  Tá go leor daoine in Éirinn agus thar lear a bhfuil teach saoire acu sna ceantracha ghalánta seo, na Gaeltachtaí san áireamh.  Ach leis na fadhbanna atá á gcruthú do dhaoine áitiúla de bharr na dtithe saoire seo, is léir go bhfuil práinn le cur leis an soláthar tithíochta fad-téar...

'Mo Chara’ Liam Óg Ó hAnnaidh cúisithe faoin Terrorism Act 22.05.2025

Tráthnóna Dé Céadaoin, cúisíodh ball de Kneecap, Liam Óg Ó hAnnaidh, a sheinneann faoin ainm stáitse Mo Chara, as coir faoin Acht Sceimhlitheoireachta.  Baineann an cúiseamh le líomhain go raibh bratach Hezbollah á thaispeáint aige ag ceolchoirm i Londain anuraidh.  Tá Hezbollah agus tacaíocht dó mídhleathach sa Ríocht Aontaithe.   Tuigtear go mbeidh an tUasal Ó hAnnaidh ag séanadh...

Grá, Gníomh agus Gay Rights: 'Bliain i ndiaidh an reifrinn a phósamar’ 22.05.2025

Cothrom an lá seo deich mbliana ó shín anois  chuaigh muintir na hÉireann i mbun vótála i reifreann stairiúil suntasach. Reifreann chun pósadh a leathnú amach d’achan duine – chun go mbeadh an rogha ag daoine duine den inscne chéanna pósadh.  Sa deireadh, bhí 62% againn i bhfabhar Bunreacht na hÉireann a athrú.  Labhair an Dr John Walsh faoin athrú a tháinig ar an tír ó thréimhse ch...

Conspóid an Carna Bay Hotel: Cad é seasamh mhuintir na háite? 16.05.2025

‘Caith do chuid airgid i do cheantar féin’, manna a bhí in úsáid le linn na dianghlasála, aimsir Covid-19. Ach bíonn ceantair iargúlta ag súil le turasóirí chun airgead a tharraingt isteach. I gcás Iorras Aithneach, go dtí cúpla bliain ó shin– bhí na turasóirí seo ag cur in Óstán Chuan Charna, nó an Carna Bay Hotel, mar ab fhearr aithne air. Ach bhí casadh sa scéal - thosaigh cogadh i bhfad ón bha...

‘Raising Gaeilge’: Parenting as Gaeilge agus ceachtanna atá foghlamtha 15.05.2025

Tá béim láidir ar an dátheangachas na laethanta seo agus pléitear go maith na buntáistí a bhaineann leis. Ach cé chomh deacair is atá sé páiste a thógáil trí Ghaeilge, go háirithe nuair atá siad timpeallaithe ag an Bhéarla? Cuireann Siún Ní Dhuinn an spotsolas ar na deacrachtaí atá le sárú mar thuismitheoir agus í ag tógáil páiste le Gaeilge agus na ceachtanna atá foghlamtha aici ar an bhealach. F...

Stair an ‘Far-Right’ in Éirinn agus ceist na Gaeilge 08.05.2025

Le blianta beaga anuas, tá cuid mhór cainte ann faoin eite fíordheis. Trasna na hEorpa tá méadú tagtha ar líon na Páirtithe ar an eite fíordheis atá ag dul i mbun cumhachta. Tá na grúpaí seo ag bailiú nirt, ach ní gluaiseacht nua é seo in Éirinn. Amharcann na hiriseóirí Ciarán Dunbar agus John Downing siar ar an faisisteachas i stair na tíre seo. Foclóir: Ábhartha: Relevant An eite fhíordheis: Far...

Listen to the Seachtain podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.