Irish Independent
Seachtain
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.
Author
Irish Independent
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 9, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Kneecap i lár conspóide: Agóid pholaitiúil nó gríosú chun fuatha? 30.04.2025 21:24
Is mion minic a bhfeictear Kneecap i lár conspóide, ach an ndeachaigh siad thar fóir an uair seo? Ó cuireadh teachtaireachtaí frith-Iosrael in airde ar scáileán mhór ag a gceolchoirm ag Coachella coicís ó shín, tá súile an domhain ar an mbanna ceol, agus tá fiosrúchán ar bun ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Bhreatain. An bhfuil ráitis agus físeáin Kneecap ag cothú gríosú chun fuatha nó an a...
Bás an Phápa, séipéal scriosta & todhchaí Fhoras na Gaeilge: What’s hitting the headlines this week? 24.04.2025 22:18
Is tréimhse ciúin í an sos Cásca sna seomraí nuachta go minic. Leis an Dáil agus na scoileanna ar saoire ag an am seo bliana, ní bhíonn iriseoirí leath comh gnóthach is a bhíonn de ghnáth. Ach is léir nach amhlaidh an Cháisc seo. Ar an bpodchraoladh, tugann Gearóid Ó Muilleoir, eagarthóir Seachtain, agus an t-iriseoir Ciarán Dunbar, spléachadh ar mhórscéalta an nuachtáin. Foclóir: Ar shlí na fírin...
Women who saved an Ghaeilge : Íte Ní Chionnaith, mná Bhóthar Seoighe, Lolly Yeats, Pádraigín Ní Uallacháin 17.04.2025 24:12
Le os coinn 100 bliana tá saothar nach beag déanta leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Bunaíodh Gaelscoileanna, TG4, Raidió na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta, gan trácht ar an iliomad rudaí eile ar an liosta mór fada. Ach go minic, déantar dearmad ar na mná a d’imir tionchar nach beag ar na gaiscí seo. Insíonn an leachtóir Katie Whelan dúinn faoi thionchar cheithre bhean cheannróda...
Trump-chúiseach: Can Ireland handle taraifí an Teach Bán? 09.04.2025 18:25
Tá tús curtha le ré nua trádála, ré tharaifí Donald Trump. Tá luach stocmhargaidh an domhain tar éis titim go tobann is go domhain. Creideann Trump go gcuirfidh na taraifí borradh faoi gheilleagar na Stát, ach tá eacnamaithe ag tabhairt rabhadh go ndéanfar damáiste do chúrsaí eacnamaíochta timpeall na cruinne. Mar sin, cé acu a bhfuil an ceart acu? Labhair Ciarán Dunbar le Caoimhín Ó Tiománaigh, l...
Fás Fhéile na Gealaí and why Dublin’s féile Ravelóid failed 03.04.2025 21:09
Is earnáil thar a bheith iomaíoch é earnáil na bhféilte agus is cinnte go bhfuil dúshláin mhóra roimh fhéilte atá níos lú. Tá rudaí ag éirí níos strusmhaire fós do lucht eagraithe Fhéile na Gealaí i Ráth Cairn na Mí óir le laghdú “60% ar mhaoiniú” agus ar urraíocht na féile. Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail, ball de lucht eagraithe na féile faoin buille trom seo agus amharcann sí siar ar conas a d’f...
Bliain ar aghaidh: Jeffery Donaldson’s shocking fall from grace 27.03.2025 25:45
Níl mórán scéalta a bhaineann siar as iriseoirí a bhfuil taithí na mblianta acu, ach sin go díreach an rud a tharla ar Aoine an Chéasta na bliana seo caite. Gabhadh ceannaire an DUP, Sir Jeffery Donaldson agus a bhean chéile, Lady Eleanor Donaldson, go luath maidin Déardaoin 28ú Márta 2024 i dtaca le líomhaintí cionta gnéasach a tharla i bhfad roimhe seo. Baineann na 18 gcúiseamh i gcoinne Jeffrey...
4 bright ideas chun Dublin a dhéanamh níos gaelaí 20.03.2025 22:47
Cé nach bhfuil Gaeltacht ar bith ann i gContae Bhaile Átha Cliath – tá an líon is airde de Ghaeilgeoirí laethúla lonnaithe anseo. Ach le heaspa deiseanna leis an teanga a úsáid, cad é is féidir leis na húdaráis a dhéanamh leis na Gaeilgeoirí seo a chothú? Ar Seachtain, leagann Daithí de Buitléir, Clárbhainisteoir Gaeilge 365, agus Caitríona Kenny, Oifigeach Pobail agus Forbartha Sóisialta le Comha...
Forás na Gaeilge funding cuts: Na chéad íospartaigh, páistí bunscoile 18.03.2025 17:44
Tá idir dea-nuacht agus drochnuacht ann ó thuaidh maidir leis an Ghaeilge. Ar lámh amháin, tá post an Choimisinéara Gaeilge fógartha faoi dheireadh – gníomh a bhí an pobal ag fanacht air le tamall fada anuas. Ach ar an lámh eile – tá na ciorruithe ó Fhorás an Gaeilge ag dul i bhfeidhm. Ar an chéad íospartach - An scéim Scoil Spreagtha, scéim a mhúineann an teanga do pháistí bunscoile. Ar Seachtain...
What’s that in English? An chiall atá ag ár sloinnte gaelacha 13.03.2025 20:28
Tá Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn, agus mar sin tá spotsolas an domhain ar chúrsaí Éireannacha agus oidhreachta in athuair. Ó bunaíodh é i 1902, tá clú agus cáil ar an iris ‘Ireland’s Own’ agus tá baint láidir aige le híomha na tíre seo agus é ar an iris clóite is faide bunaithe in Éirinn. Agus sinne in 2025, tá an-tóir ar an iris go fóill, go háirithe ag an am seo bliana agus an saol Gaelach...
Grá sa Ghaeltacht: Recipe for success? 10.03.2025 13:32
Tá an darna sraith de Grá ar an Trá ag toiseacht anocht tar éis é a chuir ar athló roimhe seo de bharr cúinsí ar leith. Bhí an clár le craoladh i mí Dheireadh Fómhair anuraidh nuair a tháinig sé chun solais go raibh duine de na rannpháirtithe ciontaithe as ionsaí a dhéanamh ar bhean. Rinneadh athochtar rannpháirtí ag dul san iomaíocht don duais €10,000 agus beidh bean an tí, Síomha Ní Ruairc, man...
Enya: Ó Ghaeltacht Dhún na nGall to superstardom 06.03.2025 21:47
Tá sí ar an cheoltóir aonair is mó rath as Éirinn riamh le os coinn 85 milliún album díolta aici. Tá clú agus cáil bainte amach ag Enya ó thosaigh sí ag ceol siar ag tús an 1980óidí lena teaghlach sa bhanna ceoil Clannad. Ina dhiaidh di an ghrúpa a fhágáil tar éis dá bhliain, bhain sí a ‘big break’ amach i 1988. Amharcann an leachtóir Katie Whelan siar ar na conspóidí, na bagairtí agus an saol cúl...
Julie Jay: Béal Feirste - an gig is measa a bhí agam riamh! 03.03.2025 19:18
Is í an fuirseoir Julie Jay, is í duine d’Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, in éineacht le Michael Fry agus Shane Daniel Byrne, fuirseoirí an bheirt acu sin freisin. Dúirt Julie go raibh sí ar bís cuireadh a fháil le bheith ina hAmbasadóir i mbliana agus gur tháinig an scéala ina dhiaidh di a seó grinn Gaeilge a chur ar an stáitse i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Ach dar le Julie, bhí a...
Gaelscolaíocht - blossoming under the DUP ach ag titim siar faoin rialtas ó dheas 27.02.2025 20:34
Tá obair mhór os chomhair Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge agus é ag cur tús lena aistear sa ról. Toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin, gníomhaí teanga as Iarthar Bhéal Feirste, mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Labhair sé le Seachtain faoin fheachtas ‘Gaelcholáiste BÁC 2,4,6,8’ agus an peirspictíocht éagsúil “Feirsteach” atá aige agus conas a imreoidh sé tionchar air sa ról...
Gradaim Nós: The rising stars sa cheol Gaeilge 20.02.2025 22:00
Beidh mór-réalta an cheol Gaeilge faoin spotsolas ag na Gradaim Nós an deireadh seachtain seo. Tá 30 ceoltóir ainmnithe i naoi rannóg, Amhrán na Bliana, Albam na Bliana (Nuacheol) agus Físeán na Bliana ina measc. Labhair eagarthóir na hirise, Conor Torbóid agus bunaitheoir na hirise, Tomaí Ó Conghaile faoi na ceoltóirí atá mar chuid den renaissance ceoil atá ag tarlú i saol na Gaeilge. Focló...
Irish folklore: How romantic is atá muid mar thír? 14.02.2025 18:29
Tá tobar saibhir béaloidis in Éirinn ina bhfuil scéalta ann atá bunaithe ar eachtraí ársa a bhí foréigeanach, tubaisteach, draíochtúil agus cealgach. D’fhás cuid mhór againn aníos ag éisteacht le scéalta faoi laochra cróga amhail Cú Chulainn, an Bhanríon Méabh, Gráinne Mhaol agus an Tuath de Danann. Ach cad é faoi na scéalta grá? Agus an bhfuil mórán den searc le mothú i mbéaloideas na hÉireann? D...
Kneecap star Fionnuala Flaherty: ‘Níl an aisteoireacht chun mé a shábháil’ 13.02.2025 23:24
Tá Fionnuala Flaherty ainmnithe do ghradam aisteoireachta ag na IFTA’s den chéad uair. Tá seacht n-ainmniúchán déag faighte ag Kneecap ag na gradaim a bheith ar siúl Dé hAoine, an líon is mó ainmniúchán do thogra ar bith i mbliana. Ar Seachtain, labhair Fionnuala faoin bhriseadh croí a bhí aici, agus an cinneadh an aisteoireacht lánaimseartha a fhágáil le ‘security’ a bheith aici. Láithreoir: Tess...
An caidreamh aisteach idir Éirinn agus an tír is rúnda ar domhain 06.02.2025 20:01
Is í an Chóiré Thuaidh an tír is rúnda agus is míleata ar domhain. Tá rialacha ar leith i bhfeidhm sa tír, agus bhí leis na blianta, a chuireann srian ar na meáin idirnáisiúnta tuairisciú mar is ceart a dhéanamh ar cad é atá ag tarlú sa tír. Mar sin féin - bhí ceangail ag an ríocht rúnda seo le grúpaí cultúrtha agus grúpaí paramíleata in Éirinn. Láithreoir: Tessa Fleming | Aoi: Bill Breathnach Foc...
Bringing back na teangacha marbha 30.01.2025 22:26
Le Kneecap, How to Gael agus Manchán Magan go mór i mbéal an phobal tá próifíl ard ag an nGaeilge faoi láthair agus tá borradh ollmhór tagtha ar an tsuim sa teanga. Ach, an amhlaidh an cás dearfach seo i dtíortha eile? Agus an féidir teanga atá marbh a hathbheochan arís? Labhair Seachtain leis an léachtóir Katie Whelan faoi roinnt de na teangacha a bhí i mbaol báis, agus cé chomh rathúil is a bhío...
Cad é an ‘roadmap’ don Ghaeilge sa rialtas nua? 23.01.2025 20:34
Tar éis do rialtas úr a bheith ceaptha inniu, beidh aird na n-airí rialtais ar spriocanna an Chláir Rialtais a bhaint amach. Foilsíodh an clár rialtais le breis agus 160 leathanach ann ag déanamh cur síos ar na gealltanais ar fad atá ag an rialtas nua seo. Ach cad é atá i ndán don teanga faoin Aire Ghaeltachta nua? Labhair an t-iriseoir Bill Bhreatnach le Seachtain leis na spriocanna is suntasaí i...
Manchán Magan: India’s linguistic link leis an Ghaeilge 20.01.2025 18:07
Cé go bhfuil an chuma air sa chéad dul síos gur beag na cosúlachtaí atá idir Éirinn agus an Ind, tá tréithe domhain is arsa a cheanglaíonn an dá chultúr le chéile. Ag dul siar na mílte bliana, ba léir go raibh i bhfad níos mó rudaí ann i gcoitianta idir na hÉireannaigh agus ana hIndiaigh ó thaobh teanga, scéalta agus traidisiún. Labhair Manchán Magan le Tessa Fleming faoi na seoid chultúrtha seo a...
Trump 2.0: From Capitol riots to presidential oath 16.01.2025 19:46
Níl ach cúpla lá fágtha sula dtosnaíonn Donald Trump a dara seal mar Uachtarán SAM sa Teach Bán. Ach cad é a bheas difriúil faoi uachtaránacht Trump an uair seo agus ar chóir dúinn in Éirinn a bheith buartha faoi? Láithreoir: Ciarán Dunbar | Aíonna: Aisling Brady agus Niall Ó Muilleoir Foclóir: Oirniú: Inauguration - Searmanas insealbhaithe: Induction ceremony - Traon: A third - Síntiúis dheonacha...
‘Gaeilge i mo chroí’: Reconnecting leis an teanga 10.01.2025 20:56
Leis an bhliain úr buailte linn, is cinnte go bhfuil liosta de rúin na hathbhliana ag roinnt mhaith againn, agus tá Molly Nic Céile ag moladh do dhaoine foghlaim na Gaeilge a chur ar an liosta sin. Is cruthaitheoir ábhar Gaeilge ar líne í Molly, a thosaigh ag foghlaim an teanga in athuair mar dhuine fásta agus í ag déanamh stáidéir ar an ollscoil. Bhuaigh a céad leabhar, ‘Gaeilge i mo chroí’ grada...
Ó Snodaigh agus Ó Cairealláin: The men behind éirí amach na Gaeilge 09.01.2025 22:45
Cailleadh Gael mór le rá roinnt seachtainí anuas, Pádraig Ó Snodaigh agus Gearóid Ó Cairealláin, beirt iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Toghadh Pádraig ina Uachtarán idir 1974-1979 agus chuir sé tús leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Coiscéim i 1980. Chaith Gearóid tréimhse mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge idir 1995-1998 agus thuill sé aitheantais le linn a shaoil mar ghníomhaí teanga. Bhí s...
50 bliain ar aghaidh: Lorcán Bale agus an dúnmharú satánach san ardchathair 02.01.2025 21:34
Os coinn caoga bliain ó shín, tharla dúnmharú uafásach i mBaile Pálmair nár chuala mórán daoine faoi. B’eachtra aisteach agus uafásach é, nár tuairiscíodh sna nuachtáin go dtí blianta fada ina dhiaidh sin. Ar Seachtain, labhraíonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar faoin chás aisteach seo agus cén fáth go raibh sé i bhfolach ar feadh beagnach daichead bliana. Foclóir: Baile Pálmair: Palmerstown Dlúth: Ti...
Cén fáth a bhfuil daoine meallta ag na seantraidisiúin págánta? 26.12.2024 20:52
Beidh daoine i gceantair ar fud fad na tíre amuigh ag ceiliúradh Lá an Dreoilín inniu. Is sean-traidisiún Ceilteach é Lá an Dreoilín a dhéantar ceiliúradh air go fóill, go háirithe i gCiarraí, in iarthar Luimnigh agus i mBaile Átha Cliath. Sa Daingean, áit ina maireann an traidisiún go láidir go fóill, beidh ceithre bhannaí ceoil ó na sráideanna éagsúla ag máirseáil tríd an bhaile mar chuid den fh...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.