Irish Independent
Seachtain
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.
Be sure to visit the podcast's website and support the creator: www.independent.ie
Author
Irish Independent
Category
Podcast website
Latest episode
Oct 7, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Julie Jay: Béal Feirste - an gig is measa a bhí agam riamh! 03.03.2025 19:18
Is í an fuirseoir Julie Jay, is í duine d’Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, in éineacht le Michael Fry agus Shane Daniel Byrne, fuirseoirí an bheirt acu sin freisin. Dúirt Julie go raibh sí ar bís cuireadh a fháil le bheith ina hAmbasadóir i mbliana agus gur tháinig an scéala ina dhiaidh di a seó grinn Gaeilge a chur ar an stáitse i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Ach dar le Julie, bhí a...
Gaelscolaíocht - blossoming under the DUP ach ag titim siar faoin rialtas ó dheas 27.02.2025 20:34
Tá obair mhór os chomhair Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge agus é ag cur tús lena aistear sa ról. Toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin, gníomhaí teanga as Iarthar Bhéal Feirste, mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Labhair sé le Seachtain faoin fheachtas ‘Gaelcholáiste BÁC 2,4,6,8’ agus an peirspictíocht éagsúil “Feirsteach” atá aige agus conas a imreoidh sé tionchar air sa ról...
Gradaim Nós: The rising stars sa cheol Gaeilge 20.02.2025 22:00
Beidh mór-réalta an cheol Gaeilge faoin spotsolas ag na Gradaim Nós an deireadh seachtain seo. Tá 30 ceoltóir ainmnithe i naoi rannóg, Amhrán na Bliana, Albam na Bliana (Nuacheol) agus Físeán na Bliana ina measc. Labhair eagarthóir na hirise, Conor Torbóid agus bunaitheoir na hirise, Tomaí Ó Conghaile faoi na ceoltóirí atá mar chuid den renaissance ceoil atá ag tarlú i saol na Gaeilge. Focló...
Irish folklore: How romantic is atá muid mar thír? 14.02.2025 18:29
Tá tobar saibhir béaloidis in Éirinn ina bhfuil scéalta ann atá bunaithe ar eachtraí ársa a bhí foréigeanach, tubaisteach, draíochtúil agus cealgach. D’fhás cuid mhór againn aníos ag éisteacht le scéalta faoi laochra cróga amhail Cú Chulainn, an Bhanríon Méabh, Gráinne Mhaol agus an Tuath de Danann. Ach cad é faoi na scéalta grá? Agus an bhfuil mórán den searc le mothú i mbéaloideas na hÉireann? D...
Kneecap star Fionnuala Flaherty: ‘Níl an aisteoireacht chun mé a shábháil’ 13.02.2025 23:24
Tá Fionnuala Flaherty ainmnithe do ghradam aisteoireachta ag na IFTA’s den chéad uair. Tá seacht n-ainmniúchán déag faighte ag Kneecap ag na gradaim a bheith ar siúl Dé hAoine, an líon is mó ainmniúchán do thogra ar bith i mbliana. Ar Seachtain, labhair Fionnuala faoin bhriseadh croí a bhí aici, agus an cinneadh an aisteoireacht lánaimseartha a fhágáil le ‘security’ a bheith aici. Láithreoir: Tess...
An caidreamh aisteach idir Éirinn agus an tír is rúnda ar domhain 06.02.2025 20:01
Is í an Chóiré Thuaidh an tír is rúnda agus is míleata ar domhain. Tá rialacha ar leith i bhfeidhm sa tír, agus bhí leis na blianta, a chuireann srian ar na meáin idirnáisiúnta tuairisciú mar is ceart a dhéanamh ar cad é atá ag tarlú sa tír. Mar sin féin - bhí ceangail ag an ríocht rúnda seo le grúpaí cultúrtha agus grúpaí paramíleata in Éirinn. Láithreoir: Tessa Fleming | Aoi: Bill Breathnach Foc...
Bringing back na teangacha marbha 30.01.2025 22:26
Le Kneecap, How to Gael agus Manchán Magan go mór i mbéal an phobal tá próifíl ard ag an nGaeilge faoi láthair agus tá borradh ollmhór tagtha ar an tsuim sa teanga. Ach, an amhlaidh an cás dearfach seo i dtíortha eile? Agus an féidir teanga atá marbh a hathbheochan arís? Labhair Seachtain leis an léachtóir Katie Whelan faoi roinnt de na teangacha a bhí i mbaol báis, agus cé chomh rathúil is a bhío...
Cad é an ‘roadmap’ don Ghaeilge sa rialtas nua? 23.01.2025 20:34
Tar éis do rialtas úr a bheith ceaptha inniu, beidh aird na n-airí rialtais ar spriocanna an Chláir Rialtais a bhaint amach. Foilsíodh an clár rialtais le breis agus 160 leathanach ann ag déanamh cur síos ar na gealltanais ar fad atá ag an rialtas nua seo. Ach cad é atá i ndán don teanga faoin Aire Ghaeltachta nua? Labhair an t-iriseoir Bill Bhreatnach le Seachtain leis na spriocanna is suntasaí i...
Manchán Magan: India’s linguistic link leis an Ghaeilge 20.01.2025 18:07
Cé go bhfuil an chuma air sa chéad dul síos gur beag na cosúlachtaí atá idir Éirinn agus an Ind, tá tréithe domhain is arsa a cheanglaíonn an dá chultúr le chéile. Ag dul siar na mílte bliana, ba léir go raibh i bhfad níos mó rudaí ann i gcoitianta idir na hÉireannaigh agus ana hIndiaigh ó thaobh teanga, scéalta agus traidisiún. Labhair Manchán Magan le Tessa Fleming faoi na seoid chultúrtha seo a...
Trump 2.0: From Capitol riots to presidential oath 16.01.2025 19:46
Níl ach cúpla lá fágtha sula dtosnaíonn Donald Trump a dara seal mar Uachtarán SAM sa Teach Bán. Ach cad é a bheas difriúil faoi uachtaránacht Trump an uair seo agus ar chóir dúinn in Éirinn a bheith buartha faoi? Láithreoir: Ciarán Dunbar | Aíonna: Aisling Brady agus Niall Ó Muilleoir Foclóir: Oirniú: Inauguration - Searmanas insealbhaithe: Induction ceremony - Traon: A third - Síntiúis dheonacha...
‘Gaeilge i mo chroí’: Reconnecting leis an teanga 10.01.2025 20:56
Leis an bhliain úr buailte linn, is cinnte go bhfuil liosta de rúin na hathbhliana ag roinnt mhaith againn, agus tá Molly Nic Céile ag moladh do dhaoine foghlaim na Gaeilge a chur ar an liosta sin. Is cruthaitheoir ábhar Gaeilge ar líne í Molly, a thosaigh ag foghlaim an teanga in athuair mar dhuine fásta agus í ag déanamh stáidéir ar an ollscoil. Bhuaigh a céad leabhar, ‘Gaeilge i mo chroí’ grada...
Ó Snodaigh agus Ó Cairealláin: The men behind éirí amach na Gaeilge 09.01.2025 22:45
Cailleadh Gael mór le rá roinnt seachtainí anuas, Pádraig Ó Snodaigh agus Gearóid Ó Cairealláin, beirt iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Toghadh Pádraig ina Uachtarán idir 1974-1979 agus chuir sé tús leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Coiscéim i 1980. Chaith Gearóid tréimhse mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge idir 1995-1998 agus thuill sé aitheantais le linn a shaoil mar ghníomhaí teanga. Bhí s...
50 bliain ar aghaidh: Lorcán Bale agus an dúnmharú satánach san ardchathair 02.01.2025 21:34
Os coinn caoga bliain ó shín, tharla dúnmharú uafásach i mBaile Pálmair nár chuala mórán daoine faoi. B’eachtra aisteach agus uafásach é, nár tuairiscíodh sna nuachtáin go dtí blianta fada ina dhiaidh sin. Ar Seachtain, labhraíonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar faoin chás aisteach seo agus cén fáth go raibh sé i bhfolach ar feadh beagnach daichead bliana. Foclóir: Baile Pálmair: Palmerstown Dlúth: Ti...
Cén fáth a bhfuil daoine meallta ag na seantraidisiúin págánta? 26.12.2024 20:52
Beidh daoine i gceantair ar fud fad na tíre amuigh ag ceiliúradh Lá an Dreoilín inniu. Is sean-traidisiún Ceilteach é Lá an Dreoilín a dhéantar ceiliúradh air go fóill, go háirithe i gCiarraí, in iarthar Luimnigh agus i mBaile Átha Cliath. Sa Daingean, áit ina maireann an traidisiún go láidir go fóill, beidh ceithre bhannaí ceoil ó na sráideanna éagsúla ag máirseáil tríd an bhaile mar chuid den fh...
An Ghaeilge agus an Nollaig in Dublin’s ‘tenement slums’ 19.12.2024 19:59
Os cionn céad bliana ó shín, bhí ceathrú faoin gcéad de dhaonra Bhaile Átha Cliath ina gcónaí sna tionóntáin. Cumadh an leasainm Dirty Dublin de bharr na ‘slums’ seo ina raibh galar, míchothú agus easpa sláinteachais go forleathan iontu. Ach, i measc na bochtaineachta fairsinge sna tionóntáin ar fud na cathrach, bhí taobh eile den scéal ann freisin - pobal dlúth a mhair faoi scáth a chéile. Labhai...
‘Why Irish people should hate the Irish language’ 12.12.2024 12:24
Tá na póilíní ó thuaidh ag fiosrú ‘eachtra fuatha’ tar éis do bhileoga frith-Ghaeilge a bheith faighte ar charranna lasmuigh de rang Ghaeilge i lár chathair Bhéal Feirste an tseachtain seo. Labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir Ciaran Dunbar faoin scéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Sandra Collins: Cás aisteach na mná óige a d’imigh gan tasc gan tuairisc 12.12.2024 21:10
D’imigh Sandra Collins gan tasc gan tuairisc ó Chill Ala, Contae Mhaigh Eo, sa bhliain 2000. Níor thángadar ar a corp riamh. Bhí ocht mbliana is fiche ag Sandra nuair a d’imigh sí ar iarraidh agus bhí sí ag iompar clainne ag an am. In ainneoin go bhfuil sí ar iarraidh ar feadh tamall an-fhada anois, is ar éigean a fheictear a scéal sna meáin. Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir...
Year of the French: The Irish model agus domhain suarach an Tíogar Ceilteach 05.12.2024 22:18
17 bliana ó shín, baineadh siar an an tír nuair a fuair an mainicín clúiteach Katy French bás. Léirigh a bás domhain suarach an Tíogair Cheiltigh, áit a raibh cocáin ar fáil go forleathan. Ar Seachtain, amharcann Róisín Ní Mhaoláin siar ar shaol an mhainicín clúitigh seo agus ar a bás scannalach. Foclóir: Mílaois: Millennium Mainicín: Model Rath: Success Geallta: Engaged Achrannach: Turbulent Slab...
Do rogha, do vóta, do thodhchaí: John Downing ar Feachtas ’24 28.11.2024 18:19
Beidh muintir na hÉireann ag vóta in Olltoghchán 2024 Dé hAoine. Tá feachtasaíochta amháin le dul agus tá na páirtithe móra ar chomhchéim lena chéile. Labhair an t-iriseoir John Downing le Ciarán Dunbar le spléachadh a thabhairt ar an bhfeachtas mar a bhí. Foclóir: Siamsaíocht: Entertainment Leamh agus leadránach: Dull and boring Pobalbhreitheanna: Opinion polls Stiúradh: To steer Tuar: To call To...
Sophie Toscan du Plantier, Fiona Pender: An bhliain is contúirtí do mhná in Éirinn 25.11.2024 19:20
Cailleadh 19 bhean i 1996 de bharr bhanmharú agus formhór acu, mharaigh fear a raibh aithne acu air iad. Ar Lá Idirnáisiúnta le Deireadh a chur le Foréigean in Éadan Mná, amharcann Róisín Ní Mhaoláin siar ar an bhliain is contúirtí do mhná na tíre seo le beagnach 30 bliana anuas agus insíonn sí scéalta na mban a cailleadh. Foclóir: Feasacht – Awareness Nós - Custom/habits Foréigean baile – Domesti...
Cad iad na héileamh atá ag Gaeilgeoirí san olltoghchán? 22.11.2024 18:58
Tá seachtain le dul go dtí an olltoghchán agus tá iománaíocht ghéar ann idir na páirtithe ar fad. Ach do Ghaeilgeoirí, cad é atá uathu sa toghchán seo? Agus cad iad na geallúintí atá á ndéanamh ag na mórpháirtithe maidir leis an Ghaeilge? Labhair Tessa Fleming leis aniriseoir Ciarán Dunbar agus an le feidhmeannach cumarsáide le Conradh na Gaeilge, Kate Ní Dhúbhlaoich. Foclóir: Manifesto : Forógra...
Bombs and brawls: An ghlúin a sheas an fód ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta 21.11.2024 19:55
Ag deireadh na seascaidí, bhí meath ollmhór tagtha ar an Ghaeltacht de bharr eisimirce, dífhostaíochta agus bochtanais, le daoine óg ag imeacht ar mhaithe le saol níos fearr a bheith acu. Labhraíonn Ciarán Dunbar le Rónán Mac Con Iomaire faoina leabhar úr ‘An Ghluaiseacht, Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta’, agus faoin ghluaiseacht chonspóideach agus radacach as iarthar na tíre a sheas an fhód...
Olltoghchán '25: An cath go dtí seo le Cathal MacCoille agus Áine Ní Bhreisleáin 14.11.2024 19:56
I 2020, tháinig deireadh leis an iomaíocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael a bhí i gcroílár na polaitíochta in Éirinn le beagnach 100 bliana, agus chuaigh said i mbun comhrialtas lena chéile agus an Comhaontas Glas. Ag deireadh na míosa caithfidh an phobal vóta in olltoghchán 2024 leis an chéad rialtas eile a togha. Tá iomaíocht ghéar ann agus labhair Tessa Fleming leis na hiriseoirí Cathal MacCoi...
Níl aon tinteán mar do thinteán féin agus níl aon Ghaeltacht gan tithe ann 07.11.2024 17:53
Sheoladh feachtas nua uile-Éireann TINTEÁN le béim a chur ar an easpa tithíochta atá ar fáil in sna ceantracha Gaeltachta. Agus olltoghchán ag teannadh linn, tá sé i gceist ag TINTEÁN cur ina luí ar pholaiteoirí gur gá todhchaí na nGaeltachtaí a chosaint agus tithíocht a chur ar fáil sna ceantair éagsúla. Labhraíonn Tessa Fleming le Maitiú de Hál, ball de TINTEÁN/BANÚ, faoin troid ar son na Gaelta...
Trump ar an uachtarán is cumhachtaí riamh 06.11.2024 19:52
Tá an rás anois rite agus ba bhua suntasach a bhí ann don Donald Trump. Feachtas thar a bheith neamhghnách a bhí ann le roinnt míonna anuas agus ba léir an scoilt idir tacadóirí Donald Trump agus tacadóirí Kamala Harris. Labhraíonn Ciaran Dunbar le Siobhán Ní Chiobháin agus Niall Ó Muilleoir faoi thoghchán na huachtaránachta 2024 agus cad é atá in ann do Meiriceá anois? Foclóir: Deighilte – Divide...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.