Irish Independent

Seachtain

News GA ↓ 175 episodes

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

Author

Irish Independent

Category

News

Podcast website

www.independent.ie

Latest episode

Jul 9, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

‘An Cailín Ciúin’ filmmakers ag obair ar scannán eile 12.09.2024

Tar éis an rath ollmhór a bhí ar an scannán An Cailín Ciúin ar fud na cruinne, deir déantóirí an scannáin, Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualoí, go bhfuil siad ag obair ar scannán eile. Eisíodh An Cailín Ciúin i 2022. Fuair sé ardmholadh ó gach carn den domhan agus ba é an chéad scannán Gaeilge ainmníodh do na Oscars. Labhair Colm agus Cleona le Tessa Fleming faoi cad é atá i ndán d’earnáil scanná...

Jeffery Donaldson pleads neamhchiontach 10.09.2024

Phleadáil Jeffery Donaldson agus a bhean chéile neamhchiontachar chúisimh atá á gcur ina leith a bhaineann le líomhaintí coireanna gnéis. Tá 18 gcúiseammh curtha i leith Jeffery Donaldson, a bhaineann le héigniú, ionsaí mígheanasach agus gníomh ró-mhígheanas. Beidh an triail ag tosnú ar an 24ú Márta 2025. Foclóir: Neamhchiontach – not guilty Dheimhnigh – confirmed Cúisimh – charges Breitheamh – ju...

An Ghaeilge ar líne: Na mílte ag foghlaim le ‘Irish with Mollie’ 05.09.2024

Tuairiscítear go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaltaí a rinne an scrúdú Gaeilge san Ardteistiméireacht i mbliana. Ach ag an am céanna, tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart ar líne. Le os cionn 170,000 leantóir ar Instagram agus grúpaí ar fud fad na cruinne ag glacadh páirt i ngrúpaí Gaeilge faoi stiúir Múinteoir Mollie, is léir go bhfuil an spéis sa teanga agus an fonn atá ar dhaoine í a fhog...

An ‘Sos Cogaidh’ 30 bliana ar aghaidh: The impact of the IRA’s ceasefire 30.08.2024

D’fhógair an IRA a chéad ‘sos cogaidh’ tríocha bliain ó shin ar an 31 Lúnasa 1994.Tar éis 25 bhliain de choimhlint agus 1,700 duine a mharú, chuir an tIRA stop leis an fhoréigean. Meastar gur eachtra chinniúnach é sa Phróiseas Síochána. San eagrán seo de Seachtain, téann Ciarán Dunbar síos bóithrín na smaointe leis an staraí acadúil Fearghal Mac Bhloscaidh. Foclóir: Sealadach – proivisional Comhré...

Ciontach: Dúnmharú Mary Callinan agus Sylvia Sheils i nGráinseach Ghormáin 29.08.2024

Ba thuras fada a bhí i gceist sula raibh a fhios ag na Gardaí céard go díreach a tharla do Mary Callinan agus Sylvia Sheils ar an 7ú lá de mhí an Mhárta sa bhliain 1997. Ní hamháin go raibh clann agus cairde leis an mbeirt croí bhriste tar éis an dúnmharú seo, a tháinig aniar aduaidh, i gceantar ciúin a mhothaigh muintir na háite, i nGráinseach Ghormáin, slán sábháilte ach bhí go leor ceisteanna l...

Ciontach: Martin 'The General' Cahill, duine de na coirpigh is cáiliúla i stair na hÉireann 26.08.2024

Ba é Martin Cahill – a.k.a The General – ceann de na Crime Lords is clúití in Éirinn. Rugadh é go beo bocht, mar chuid de chlann ollmhór, i lár na cathrach i mBÁC sna 1940í. Thosaigh Martin Cahill amach i mbun mionchion agus é óg agus lean sé ar aghaidh agus phleanáil sé ceann de na robálacha ba mhó le rá i stair na tíre. Tar éis na coireachta d’fhorbair Cahill stádas mistiúil i gcultúr na hÉirean...

Ciontach: Joe O'Reilly agus dúnmharú Rachel Callaly 22.08.2024

Mharaigh Joe O’Reilly a bhean chéile Rachel Callaly i 2004. Ba é cheann de na cásanna is iomráití sa tír. Lig O’Reilly air gur buirgléireacht a bhí ann i dtosach báire agus go raibh sé faoi bhrón as a bhean chéile a chailleadh. Áfach, lena iompar aisteach ina dhiaidh an dúnmharú, tháinig sé faoi amhras na nGardaí agus fuarthas ciontach é as an ionsaí fíochmhar. Ar Seachtain, amharcann Róisín Ní Mh...

Rose of Tralee: Na heachtraí is conspóidí 15.08.2024

Is é an t-am sin bliana arís nuair a théann 32 Rós ó fud fad na cruinne san iomaíocht le bheith ainmnithe mar Rós Thrá Lí. Ar Seachtain, labhraíonn Eimear McGovern, iriseoir ón Belfast Telegraph, faoi na heachtraí is conspóidí ón chomórtas thar an blianta. ­ Foclóir: Maslach – demeaning Oidhreacht – heritage Charthanachtaí - charities Trasinscneach - transgender Aerach – gay In ainneoin – despite...

Kneecap: Usually, bíonn ort bás a fháil before they make a film about you! 08.08.2024

Tháinig an grúpa Kneecap chun cinn in 2017 lena singil C.E.A.R.T.A, agus ó shín i leith, tá siad ag tarraingt clú agus cáil orthu féin de bharr a gcuid ceoil - agus an chonspóid a leanann iad. Agus an scannán oscailte anois sna pictiúrlainn in Éirinn, bhuail Seachtain le roinnt den fhoireann taobh thiar den scannán ar an chairpéad dearg ag an première. Láithreoir: Tessa Fleming Foclóir: Dlúthchair...

How Dublin is getting Gaeilge ar ais ar na sráideanna 08.08.2024

Tá an t-údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath ag iarraidh tacú le gnólachtaí chun seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí. Deir Daithí de Buitléir, Clárbhainisteoir togra Gaeilge365, go bhfuil buntáistí eacnamaíochta ann do ghnólachtaí má bhaineann siad leas as an teanga. Láithreoir: Ciarán Dunbar Aoi: Daithí de Buitléir See omnystudio.com/listener for privacy information.

Dúnmharú Thomas Dooley: Maraithe sa reilig ag a mhuintir féin 01.08.2024

‘You’re a big man now’. B'in cuid de na focail deireanacha a chuala Thomas Dooley agus é ina luí ina fhuil féin ag fáil bháis tar éis ionsaí fíochmhar i reilig lán le daoine i gCiarraí. A mhuintir féin a bhí freagrach as a dhúnmharú foréigeanach. Láithreoir: Tessa Fleming. Rannpháirtí: Tadhg Evans. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Buama na hÓmaí: The aftermath of a savage attack 01.08.2024

Maraíodh 31 duine agus gortaíodh na céadta i mbuama na hOmaí i 1998. 26 bliana ar aghaidh ón lá uafásach sin, tá cuid mhór ceisteanna go fóill le freagairt. Ar theip ar na péas an t-ionsaí a chosc? Labhraíonn Tessa Fleming leis an scríbhneoir Ciarán Ó Pronntaigh faoin ionchoisne a thosaigh an tseachtain seo, agus an tionchar a d’fhág an buama ar an bhaile. See omnystudio.com/listener for privacy i...

Overtourism: Céad míle fáilte or na céadta mílte fadhbanna? 25.07.2024

Gach bliain, téann na sluaite againn chuig na ‘must-see bucket list travel destinations’ cosúil le Páras, an Veinéis agus Barcelona. Ach tá roinnt de na háiteanna seo ag streachailt le líon mór na gcuairteoirí. An bhfuil tús na faidhbe á fheiceáil againn anseo in Éirinn? Agus cén dóigh gur féidir linn an turasóireacht a bhainistiú go héifeachtúil? Labhraíonn Tessa Fleming le Jamie Ó Flannúra, ó Di...

Eamonn Casey: Cérbh é an t-easpag seo a bhfuil mí-úsáid ghnéis ar pháistí curtha ina leith? 22.07.2024

Ba dhuine mór le rá é an tEaspag Eamonn Casey in Éirinn idir na 60óidí agus na 90óidí. Tá clár faisnéise déanta ag RTÉ faoin bhfear clúiteach seo agus ina chuirtear líomhaintí mí-úsáid ghnéis ar pháiste ina leith. Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir John Downing siar ar shaol an Easpaig Eamonn Casey agus na conspóidí a bhain leis. Foclóir: Tograí - projects Meas - respect Feachtasaíocht - campai...

Bean Tí Ghaeltachta: ‘Your house is not your own’ 22.07.2024

Is oilithreacht bhliaintúil é na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht do chuid mhór scoláirí. Trí seachtaine sáite sa Ghaeilge agus, in amanna, i ngrá! Cuirtear síos ar na coláistí samhraidh seo mar "rite of passage" do dhéagóirí, ach le roinnt blianta beaga anuas, bhí siad i mbaol de bharr easpa mná tí. Labhraíonn Ciaran Dunbar le Deirdre Uí Ghallchóir, bean an tí nua atá ag cuir lóistín ar fáil do 1...

Donald Trump ag buachan óir 'nach gcreidtear focal as béal na meán' 18.07.2024

Leis an íomha íocónach de Donald Trump lena dhorn san aer agus fuil ar an aghaidh, creidtear go forleathan go bhfuil rás Joe Biden rite? Labhair Ciarán Dunbar leis an tOllamh Brian Ó Broin atá ag teagasc sa William Paterson University, New Jersey agus an scríbhneoir Séamas Ó Neachtain atá lonnaithe i Nua Eabhrac. Foclóir: Dall – blind Sleamhnú - sliding Antoisceach - Extremist Comhréiteach - compr...

The Twelfth: Tugann Ian Malcolm ar na traidisiúin a bhaineann leis 11.07.2024

Seo chugainn 'The Twelfth', lá mór na bProtastúnach ó thuaidh. Lá mór ceiliúrtha agus na máirseálacha. Ach, bíonn conspóid ann go minic de bharr na dtinte cnámha, íomhánna de pholaiteoirí náisiúnacha agus bratacha Éireannacha á gcur trí thine. Is traidisiún tábhachtach é seo do dhílseoirí ach an 'free-pass' é don seicteachas? Labhraíonn Seachtain leis an Dr Ian Malcolm, aontachtóir a bhfuil an-tui...

Roderic O’Gorman: Ré nua don Chomhaontas Glas? 08.07.2024

Is é Roderic O’Gorman ceannaire úr an Chomhaontais Ghlais – the Green Party. Is é O’Gorman ceathrú cheannaire an pháirtí ó bunaíodh é os cionn 40 bliain ó shín. Ach cad é mar a bheas todhchaí an pháirtí faoi stiúir Roderic O’Gorman? Labhair Seachtain leis an t-iriseoir John Downing. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Jordan Bardella: Réalt Tik Tok leading France’s rise of the far-right 04.07.2024

Ó Bhaile Átha Cliath go Beirlín, ón Phrague go Páras, tá ardú tacaíochta ag teacht ar an eite fíordheis. Sa Fhrainc, is é seo uair na cinniúna agus an cuma ar an scéal go mbainfidh Marine Le Pen agus Jordon Bardella cumhacht amach sa toghchán. Labhraíonn an tOllamh Bairbre Ní Chíosáin le Seachtain le mínigh a thabhairt ar thírdhreach nua polaitíochta na Fraince. ` Foclóir: Cinneadh - decision Ag t...

Jeffrey Donaldson: Case goes to trial, tuilleadh cúisimh curtha ina leith 03.07.2024

Beidh Jeffrey Donaldson ar ais sa chúirt san Fhómhar. Bhí sé féin agus a bhean Lady Eleanor os comhair na cúirte ar an Iúr maidin Dé Céadaoin. Tá líon na gcúiseamh curtha ina leith méadaithe go dtí 18 anois. Foclóir: Breitheamh – judge Cúisimh - charges Cúirt Chorónach - Crown Court Ráiteas poiblí – public statement Séanann sé – he denies Líomhaintí – allegations Pléadáil – plead Sprioc - objectiv...

Gaeil agus Géibhinn: ‘We created our own Irish dialect’ 01.07.2024

Chaith Eoghan Mac Cormaic 15 bliana sa phríosún. Fuarthas ciontach é as bean óg RUC a dhúnmharú. Le linn na tréimhse a chaith sé i Long Kesh, ghlac sé páirt in agóidí ar son aitheantas mar chimí polaitiúla - The Blanket Protest agus The Dirty Protest. Agus i measc na príosúnaigh eile ar nós Bobby Sands a bhí in éineacht leis, d’fhás an Ghaeilge as "a tool of resistance". Labhraíonn Eoghan le Seach...

RTÉ: Cad é an ‘New Direction’ agus an bhfuil baol ann don Ghaeilge amach anseo? 27.06.2024

What next for RTÉ as the ‘New Direction’ is revealed. 400 jobs for the chop – is that a threat to Nuacht TG4 agus do Raidió na Gaeltachta. Tá RTÉ féin sa nuacht go minic le bliain anuas, scannal i ndiaidh scannail, an bhfuil réiteach faighte acu anois? Labhraíonn Ciarán Dunbar le Conchúr Ó Faoláin agus le Róisín Ní Mhaoláin. Foclóir: Neamhspleách - independent Féiniúlacht - identity Pacáiste - pac...

East Belfast GAA: ‘Bomb threats’, bagairtí agus bolscaireacht 24.06.2024

Ní gnáth rud é go mbeadh club CLG nuabhunaithe sa lá atá inniu ann ach ní gnáth club atá i gceist le East Belfast GAA – club chumann lúthchleas Gael in Oirthear Bhéal Feirste. Bunaithe sa bhliain 2020, tá an-rath ar an gclub – d'ainneoin dúshláin ar leith nach mbeadh ag gnáth club - bagairtí, buama bréige agus bolscaireacht. Ar phodchraoladh Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le Rúnaí an chlub Irial...

Labour ahead in the polls ach Farage i mbéal an phobail 20.06.2024

Thall sa Bhreatain, tá na Tóraithe go mór ar chúl, agus tá Labour go mór chun tosaigh sna pobalbhreitheanna. Mar sin féin, is é Nigel Farage ó Reform UK, atá chun tosaigh sna ceannlínte - cén tionchar a bheas aige ar an olltoghchán thall i ndeireadh na dála? Labhair Ciarán Dunbar le Ciarán Ó Pronntaigh agus le hUrsula Ní Ní Shabhaois Láithreoir: Ciarán Dunbar Léiritheoir: Róisín Ní Mhaoláin Foclói...

Eamonn Mallie: Thatcher, Troubles and trauma 17.06.2024

Chaith Eamonn Mallie breis agus caoga bliain ag obair mar iriseoir. Ina leabhar úr, ‘Eyewitness to War and Peace’, pléann sé na heachtraí a d’athraigh an pholaitíocht ó thuaidh. Labhraíonn sé le Ciarán Dunbar faoin tréimhse fhoréigneach sin agus faoi na mórscéalta a bhris sé. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Listen to the Seachtain podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.