teicneoir@raidionalife.ie

Fada is Fairsing

News GA ↓ 439 episodes

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...

Author

teicneoir@raidionalife.ie

Category

News

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Sep 30, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Clár 457 - 2025 - Raidió na Life 04.02.2025

Ar an gclár seo bhí Eoin McEvoy ag labhairt linn faoin léamh dráma "Grindr, Saghdar agus Cher" a rinne sé sa Bhreatain Bheag trí Bhreatnais le gairid! Chomh maith leis sin b Dic Breathnach ag labhairt linn faoin gCruinniú Drámaíochta a bheidh aige le scríbhneoirí, aisteoirí agus stiúrthòirí in Áras na Gaeilge.

Clár 456 - 2025 - Raidió na Life 28.01.2025

Ar an gclár seo chualamar ó Cholm Ó Cinnseala as na Forbacha ag labhairt linn faoina chuid ama sa Mheánoirthear agus an litir a scríobh sé chuig ár bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa faoi chás na Palaistíne. Chomh maith leis sin, labhraíomar le Caoimhe Ní Fhanthorpa a bhí ag caint linn faoina saol san Éigipt, an chúis gur bhog sí ann agus na difríochtaí cultúrtha leis an tír.

Clár 455 - 2025 - Raidió na Life 21.01.2025

Ar an gclár seo chualamar ó Jeffrey Sardina a labhair linn faoi na tinte uafásacha i gCathair na nAingeal i gCalifornia le gairid agus an t-Uachtarán nua Trum ag filleadh ar an Teach Bán. Chomh maith leis sin, bhí Bertie Ó hAinmhire ó Dhlúthpháirtíocht na Gaillimhe ar son na Pailistíne agus Trócaire ag labhairt linn faoi chúrsaí sa Phailistín i láthair na huaire tar éis don sos comharc a bheith fò...

Clár 454 - 2025 - Raidió na Life 14.01.2025

Ar an gclár seo chualamar ó Aislínn Nic Ruairí a bhí ar an gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus í ag labhairt linn faoi pháirt a ghlacadh sa chlár agus a saol sa Bheilg! Chomh maith leis sin, d'éisteamar le beagán de cheol fear chéile Aislínn, Páidí Ó Dubháin, ar cheoltóir proifisiúnta é sa Bhruiséil.

Clár 453 - 2024 - Raidió na Life 24.12.2024

Ar an gclár seo chualamar ó Joe Breathnach faoi Extra G agus an t-alt a scríobh sé faoi Biden agus Trump in agus na pardúin atá á mbronnadh ag Biden agus é ag fágáil oifig an uachtaráin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Ríoghnach Hyland a bhí ar an gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus í ag labhairt linn faoi pháirt a ghlacadh sa chlár agus a saol sa Bheilg.

Clár 452 - 2024 - Raidió na Life 17.12.2024

Ar an gclár seo chualamar ó Michael Ó Conchúir ó Chonradh na Gaeilge Aoetearoa sa Nua Shéalainn linn le labhairt faoin bPop Up Gaeltacht a bhí acu an tseachtain seo caite agus go leor eile! Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Chiarán Ó Ceallaigh sa Bhruiséil faoi obair Chonradh na Gaeilge ansin agus faoin gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi lánúin ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa chathair da...

Clár 451 - 2024 - Raidió na Life 10.12.2024

Ar an gclár seo bhí Seán Ó Baoill, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí na hÉireann linn le labhairt faoin gcomhdháil atá á reachtáil ag an gCumann i gcomhpháirtíocht le Cairde Ceardchumann na Pailistíne, ceardchumainn eile agus grúpaí sibhialta eile faoi chearta páistí na Palaistíne mí Eanáir. Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Briana Ní Loinsigh as New Jersey, ina cónaí i Nua Eabhrac anois, faoina turas...

Clár 450 - 2024 - Raidió na Life 03.12.2024

Ar an gclár seo bhí Rónán Ó Dochartaigh linn ó Oideas Gael i nGleann Cholm Cille le labhairt linn faoina gcuid oibre ar an tsraith úr acmhainní digiteacha "HEART" www.eduheart.eu dírithe ar oideachasóirí ar spéis seo cúrsaí oidhreachta a thabhairt isteach ina gcuid teagaisc, mar chuid de thionscadal ilchultúrtha comhpháirtíochta a raibh Oideas Gael ar cheann de 5 chomhpháirtí Eorpacha ann. Chomh m...

Clár 449 - 2024 - Raidió na Life 26.11.2024

Ar an gclár seo bhí Alexandra Philbin, mac léinn dochtúireachta i Valencia na Spáinne ag labhairt linn faoi na tuilte timpeall ar an gcathair le gairid agus agóidí na ndaoine in aghaidh an rialtais toisc an easpa rabhaidh a tugadh do dhaoine maidir leo agus an chaoi ar láimhseáladh an tragóid. Chomh maith leis sin, chualamar ó Chiarán MacGuill ón ngrúpa an Ghaeltacht sur Seine agus é ag caint linn...

Clár 448 - 2024 - Raidió na Life 19.11.2024

Ar an gclár seo bhí Marion McEvoy ag labhairt linn faoin gceolchoirm "Dublin Says Yes - A Celebration of Migrant Artists" sa Cobblestone i Margadh na Feirme Dé hAoine beag seo! Chomh maith leis sin bhí Seathrún Sardina ag caint linn faoi COP29 san Asarbaiseáin - cé na ceannairí atá i láthair, cad ar a bhfuil sé féin ag coinneáil súile i mbliana mar chuid den phlé agus cad lena bhfuil daoine ag súi...

Clár 447 - 2024 - Raidió na Life 12.11.2024

Ar an gclár seo bhí Amanda agus Seanachán Ó Cinnéide linn le hinsint dúinn faoina dturas go hÉirinn d'Oireachtas na Samhna, obair Amanda ar Abair.ie agus go leor eile! Chomh maith leis sin, chualamar ceol ó Dhónal Danny Ó Ceallaigh i mBaile Átha na bhFranc sa Ghearmáin!

Clár 446 - 2024 - Raidió na Life 05.11.2024

Ar an gclár seo bhí Aindriú Ó Ciardha ag caint linn faoina vóta a chaitheamh i dtoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe go luath an tseachtain seo caite agus cuid mhór de mhuintir na Stát Aontaithe ag caitheamh vótaí inniu, príomhlá vótála an toghcháin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Sheán Ó Muiris i mBaile Átha na bhFranc sa Ghearmáin linn le labhairt faoina bPreabGhaeltacht a bheas acu mar...

Clár 445 - 2024 - Raidió na Life 29.10.2024

Ar an gclár seo bhí Cabríní de Barra ó Ghaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair, fheachtais agus imeachtaí an ghrúpa le gairid. Chomh maith leis sin, chualamar scéalta daoine sa Soláthar Díreach agus na cúinsí maireachtála sna hionaid S.D. faoi láthair.

Clár 444 - 2024 - Raidió na Life 15.10.2024

Ar an gclár seo chualamar ó Angus Lambkin a labhair linn faoi chúrsaí sa Phalaistín i láthair na huaire agus a chuid oibre i nGaza, théis na bliana is measa den chinedhíothú ar an tír le fada. Chomh maith leis sin, d'éisteamar le meascán ceoil speisialta a rinne Aindriú Mac an Rí do dhúnadh Club Chonradh na Gaeilge agus i gcuimhne Seosamh Ó Conchúir agus labhraíomar faoin gclár seo a rinne iaraoi...

Clár 443 - 2024 - Raidió na Life 08.10.2024

Ar an gclár seo chualamar ó Mhollaí Nic Céile linn le labhairt faoina leabhar úr nua 'Gaeilge i mo Chroí'! Chomh maith leis sin, labhair muid le Trevor Ó Clochartaigh ar bronnadh gradam "H.E.A.R.T" air ón Idaho Museum of International Diaspora mar chuid den Chomhdháil "Climate on Culture" a bhí ar siúl le gairid i nGaillimh le daoine as gach cearn den domhan!

Clár 442 - 2024 - Raidió na Life 01.10.2024

Ar an gclár seo chualamar ó Thomás Ó Riain ag caint linn ó Learpholl Sasana faoi tríú léacht bliaintiúil a bheidh ar siúl sa chathair ar an 22 Dheireadh Fómhair in omós do Tony Birtill, comheagraithe ag Conradh na Gaeilge, Learpholl agus Féile na nGael Learpholl. Chomh maith leis sin, chualamar ó Mhicheáilín Nic Sheoin, Ellen Corbett agus Amergín Ó Caoindealbháin faoi chúrsaí Gaeilge i Strasbourg...

Clár 441 - 2024 - Raidió na Life 24.09.2024

Ar an gclár seo chualamar ó Stiofán Ó Foghlú, Cathaoirleach Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha na bhFranc sa Ghearmáin linn le labhairt faoi Thionól na Gearmáine, an tábhacht a bhaineann leis an méid gur féidir linn a fhoghlaim ó ghrúpaí Gaeilge timpeall na cruinne agus inimircigh, agus go leor eile!

Clár 440 - 2024 - Raidió na Life 17.09.2024

Ar an gclár seo bhí Brent Ó Casaide linn le labhairt faoi Fhleadh Ghaelach Oulu san Fhionlainn, ar siúl ón 25-29 Meán Fómhair le héagsúlacht ceoltóirí agus scéalaithe i measc go leor eile ar an gclár spleodrach! Chomh maith leis sin, labhraíomar le Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge faoin imeacht ag a mbeidh sí ag labhairt, comheagraithe ag @Conradh na Gaeilge Craobh na Bruiséile agus Feisi...

Clár 439 - 2024 - Raidió na Life 10.09.2024

Ar an gclár seo bhí an tuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh ag caint linn ó na Cluichí Parailimpeacha i bPáras na Fraince faoi bhuanna uile Foireann na hÉireann, searmanas mór dúnta na gCluichí agus go leor eile. Chomh maith leis sin labhraíomar le Máirín Nic Fhionghuin as an oileán Leodhais ó dhúchas faoin léacht a thabharfaidh sí féin faoi logainmneacha a léiríonn ceangail stairiúla idir Éiri...

Clár 438 - 2024 - Raidió na Life 03.09.2024

Ar an gclár seo bhí Seanán Ó Coistín ag labhairt linn faoina úrscéal Gaeilge grafach úr 'Scott Pilgrim', ainmniúcháin an leabhair do Ghradam de Bhaldraithe mar chuid de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, faoi fhreastal ar Comic Con Bhaile Átha Cliath le gairid agus go leor eile!

Clár 437 - 2024 - Raidió na Life 27.08.2024

Ar an gclár seo bhí an scéalaí, drámadóir, draíochtóir agus eile, Quentin Reynolds a bhog ó Mhanchain go Baile Átha Cliath cúpla bliain ó shin, linn le labhairt faoina chuid oibre agus léiriú dá chuid scéalaíochta a rinne sé le gairid ag Oideas Gael le Gaeil as gach cearn den domhan. Chomh maith leis sin bhí Tony Ó Floinn linn le labhairt faoin léacht a thabharfaidh sé faoi Phádraig Phiarais Cúndú...

Clár 436 - 2024 - Raidió na Life 20.08.2024

Ar an gclár seo bhí Darach Ó Tuairisg linn ó Fíbín le labhairt faoi "Súil Eile: Oíche Idirnáisiúnta Drámaíochta" inar ghlac Fíbín páirt ann le gairid. Chomh maith leis sin éistfimid siar le píosa ó níos luaithe sa samhradh inar labhair Bríd Anna Ní Bhaoill linn faoin gcúrsa blaiseadh Gaeltachta a chomhreachtáil sí féin agus a chomhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste le Gaeil sna...

Clár 435 - 2024 - Raidió na Life 13.08.2024

Clár speisialta a bhí anseo le breathnú siar ar na Cluichí Oilimpeacha 2024 agus buanna uile Foireann na hÉireann. Labhair tuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh linn tar éis dó filleadh ó Pháras!

Clár 434 - 2024 - Raidió na Life 06.08.2024

Ar an glcár seo bhí an t-Ollamh Fionnuala Ní Aoláin ag labhairt linn ó Mhinnesota, áit a bhfuil sí mar léachtóir, faoina léamh is déanaí ar thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin bhí an Dr Pádraig Ó Liatháin ó Ollscoil Chathair BhÁC, atá i mbun taighde ar lámhscríbhinn Gaeilge in Ollscoil Columbia University, Nua Eabhrac, ag breathnú ar naisc trasAtlantacha ag an Leabharl...

Clár 433 - 2024 - Raidió na Life 23.07.2024

Ar an glcár seo bhí an Dr Ronan Ó Conghaile ó Let's Learn Irish ag labhairt linn faoi na folúntais atá acu do mhúinteoirí Gaeilge dá gcuid daltaí i Washington DC agus ar fud na cruinne! Chomh maith leis sin bhí Ciarán Dunbar ag labhairt linn faoi phodchraoladh 'Seachtain' leis an Irish Independent a rinne sé le Brian Ó Broin agus Séamus Ó Neachtain sna Stáit Aontaithe faoi Trump agus na feachtais...

Listen to the Fada is Fairsing podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.