teicneoir@raidionalife.ie

Fada is Fairsing

News GA ↓ 439 episodes

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...

Author

teicneoir@raidionalife.ie

Category

News

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Sep 30, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Clár 432 - 2024 - Raidió na Life 16.07.2024

Ar an gclár seo bhí Bríd Anna Ní Bhaoill linn le labhairt faoin gcúrsa blaiseadh Gaeltachta a chomhreachtáil sí féin agus a chomhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste le Gaeil sna Stáit Aontaithe, Seoirsín Ní Mheachair ina measc! Chomh maith leis sin bhí Seán Ó hUltacháin ag labhairt linn faoina chuid ealaíne agus a chuid oibre ar chúrsaí oidhreachta agus filíochta, go háirithe an...

Clár 431 - 2024 - Raidió na Life 09.07.2024

Ar an gclár seo bhí an Feisire nuathofa Cynthia Ní Mhurchú linn le labhairt faoi thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, torthaí na dtoghchán agus a cuid pleananna dá tréimhse mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa! Chomh maith leis sin bhí Ciarán Mac Guill linn ón ngrúpa Gaeltacht sur Seine le labhairt faoi cheiliúrdh 15 bliana den ghrúpa agus torthaí toghchán uachtaránachta na Fraince.

Clár 430 - 2024 - Raidió na Life 02.07.2024

Ar an gclár seo bhí Hannah Ní Dhoimhín, Bainisteoir Dréimire, eagraíocht dírithe ar Sheirbhísí Teanga a chur ar fáil ar fud na cruinne, linn le labhairt faoina bhfuil i gceist le Dréimire agus faoin seoladh a hoifige nua a bhí acu sa Phota café ar an Tulach i gConamara an tseachtain seo caite. Chomh maith leis sin bhí Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin ag labhairt linn faoin scoláireacht de chui...

Clár 429 - 2024 - Raidió na Life 25.06.2024

Ar an gclár seo, bhí Lorna Johnson beo i stiúideó Raidió na Life linn le labhairt faoina turas ón Nua Shéalainn go hÉirinn i láthair na huaire, cúrsaí polaitíochta na Nua-Shéalainne agus a turas leis an nGaeilge. Chomh maith leis sin bhí an Feisire nua-aththofa Seán Kelly MEP linn le labhairt faoi thoghcháin Pharlaimint na hEorpa le gairid, torthaí na dtoghchán agus a chuid pleananna dá chéad tréi...

Clár 428 - 2024 - Raidió na Life 18.06.2024

Ar an gclár seo, chualamar haidhcú dar teideal "Santōka: A Bhealach Féin" ón scríbhneoir agus Stiúrthóir Imram, Liam Carson a léirigh an haidhcú úd mar chuid d'Fhéile na Gealaí le gairid. Chomh maith leis sin cloisfimid ó Molly Nic Céille faoina turas go Bostún do Phop-Up Gaeltacht leis an Irish Network Boston ansin le gairid agus a cuid oibre ag cur na Gaeilge chun cinn trína gcainéil ar na meáin...

Clár 427 - 2024 - Raidió na Life 28.05.2024

Ar an gclár seo bhí Patrick O'Leary, Cláraitheoir Ollscoil na hÉireann ag labhairt linn faoi léacht a thug an Dr Katriona O'Sullivan san ollscoil an tseachtain seo caite agus eile! Chomh maith leis sin cloisfimid cuid den chéad díospóireacht poiblí Gaeilge i bParlaimint na hEorpa a reachtáladh le gairid agus ar roinneadh taifead leis i rith na míosa.

Clár 426 - 2024 - Raidió na Life 21.05.2024

Ar an gclár seo bhí Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Ùdarás na Gaeltachta ag caint linn faoi phainéal cainte ar ghlac sé páirt ann faoi thionchar na hintleachta saorga ar chùrsaí oibre i Stanford California le gairid. Chomh maith leis sin bhí Caoimhe Glas agus Ríoghnach Nic Ainmhire ó Choiste Craiceáilte Charn Tochair i nDoire linn le labhairt faoin oíche 'Biongó Lócó' a bheas acu chun airge...

Clár 425 - 2024 - Raidió na Life 14.05.2024

Ar an gclár seo bhí Jeffrey Sardina ag labhairt linn faoin agóid a bhí ag mic léinn Choláiste na Tríonóide, é féin ina measc, ar son na Palaistíne agus in aghaidh na nascanna atá ag an ollscoil le hIosrael, i measc eile. Labhraíomar freisin faoi na Toghcháin Eorpacha a mbeidh deis ag muintir na hÉireann vóta a chaitheamh iontu ar an 7 Meitheamh.

Clár 424 - 2024 - Raidió na Life 30.04.2024

Ar an gclár seo bhí Caitríona Irving, a chónaigh in áiteanna éagsúla timpeall ar na Stáit Aontaithe i rith a saoil agus Nollaig Bonar, a chaith am san Albain in Oileán an Phrionsa Edward agus linn ó Chalifornia agus Èirinn, le labhairt linn faoina dturais ag cur lena gcuid Gaeilge agus ag reachtáil ciorcal comhrá trasAtlantach!

Clár 423 - 2024 - Raidió na Life 23.04.2024

Ar an gclár seo bhí Aisling Ní Bhrádaigh, Ceanasaí Cumarsáide le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi na Toghcháin Eorpacha ina mbeidh deis ag muintir na hÉireann vótáil ar an 7 Meitheamh, conas a bheith cinnte go bhfuil tú cláraithe le vótáil agus an feachtas atá ar siúl ag an eagraíocht, dar teideal "Is Féidir Vótáil, Taim ag Vótáil!"

Clár 422 - 2024 - Raidió na Life 16.04.2024

AAr an gclár seo bhí Áine Uí Fhoghlú ón ngrúpa úr Gaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair an ghrúpa, faoina fheachtas Solas do Pháistí Gaza agus faoin oíche filíochta a nglacfaidh sí páirt ann i gCorcaigh chun airgead a thiomsú don Phailistín.

Clár 421 - 2024 - Raidió na Life 09.04.2024

Ar an gclár seo bhí Gearóid Ó Treasaigh linn ó Ollscoil Naomh Thomáis i Fredericton Ceanada, áit a bhfuil scoláireacht ICUF idir lámha aige. Chomh maith leis sin bhí John Woods linn ón mBruiséil le labhairt faoin gcéad díospóireacht poiblí Gaeilge a reachtáladh le gairid i bParlaimint na hEorpa a raibh sé féin mar chathaoirleach uirthi.

Clár 420 - 2024 - Raidió na Life 12.03.2024

Ar an gclár seo bhí Seannachán Ó Cinéide linn le labhairt faoi imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge i Massachusetts na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin bhí Eoghan Mac Cormaic, iarphríosúnaí Poblachtánach i bpriosiún na Ceise Fada, linn ag caint faoina leabhar úr 'Gaeil agus Géibheann', a thaithí leis an nGaeilge sa phriosiún, Gaeilge i Westminster sa 19ú hAois agus go leor eile.

Clár 419 - 2024 - Raidió na Life 05.03.2024

Ar an gclár seo bhí Deirdre Ní Mhathúna ón Little Ireland Arts Collective san Albain ag labhairt linn faoin imeachtaí Sheachtain na Gaeilge san Albain! Chomh maith leis sin chualamar cuid de cheol cara le Deirdre, Máire McCarthy an ghrúpa.

Clár 418 - 2024 - Raidió na Life 27.02.2024

Ar an gclár seo bhí Pádraig Mac Brádaigh ó Choláiste na Tríonóide ag labhairt linn faoina feachtasaíochta don chéad ról lánaimseartha mar Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn san ollscoil agus faoi Éigse na Tríonóide le gairid. Chomh maith leis sin bhí Lorna Johnson as an Ríocht Aontaithe ach ina cónaí sa Nua-Shéalainn anois ag caint linn faoi cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge sa tír le craobh Ch...

Clár 417 - 2024 - Raidió na Life 20.02.2024

Ar an gclár seo bhí Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ag labhairt linn faoina turas chuig na Stáit Aontaithe le gairid, ag labhairt le mic léinn Ollscoil Harvard faoi Chonradh na Gaeilge agus a chuid feachtas; Ardfheis Chonradh na Gaeilge agus na craobhacha CNAG a bheas ag freastal air ó áiteanna ar fud na cruinne; agus faoi chúrsaí Gaeilge i mBaile Átha Cliath 15, a ceantar féin!

Clár 416 - 2024 - Raidió na Life 13.02.2024

Ar an gclár seo bhí Barra Ó hÉireamhóin ag labhairt linn faoin tionscnamh iontach atá ar siúl aige le grúpa cairde ar fud na cruinne chun airgead a bhailiú do chatharnachtaí a oibríonn ar chúrsaí meabharshláinte. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le píosa a rinne Clár Ní Bhuachalla, Stiúrthóir Gaeltacht UCD i gCOBÁC linn faoi Scoil Samhraidh COBÁC a bhíonn ar siúl gach samhradh san Ollscoil le...

Clár 415 - 2024 - Raidió na Life 30.01.2024

Ar an gclár seo bhí Emma de Paor agus Lena Krochmann linn ó Ériú Leipzig, grúpa mac léinn a oibríonn ar mhionteangacha sa Ghearmáin, linn le labhairt- trí mheascán de Ghaeilge agus Ghaidhlig (Gaeilge na hAlban!) - faoina ngrúpa agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl acu. Chomh maith leis sin bhí Ruth Ó Laoide Kelly linn ón mBruiséil le labhairt linn faoi imeachtaí atá ar siúl ag Craobh na Bruiséile d...

Clár 414 - 2024 - Raidió na Life 23.01.2024

Ar an gclár seo bhí Seathrún Sardina ag insint dúinn faoin bpop up Gaeltacht agus faoina thuras chun na Stáit Aontaithe ag comhdhálacha taighde. Chomh maith leis sin bhí Mags, bainisteoir Ciorcal Comhrá Stutgartt ag labhairt linn faoin ngrúpa Gael atá acu sa chathair Ghearmánach agus a gcuid imeachtaí!

Clár 413 - 2024 - Raidió na Life 16.01.2024

Ar an gclár seo bhí Oisín O'Mahony, Oifigeach Gaeilge agus iar-Chathaoirleach na Cologne Celtics, club Cumann Luthchleas Gael Cologne, ag labhairt linn ó Bonn na Gearmáine faoin gclub agus a shaol ansin! Chomh maith leis sin bhí Diarmaid Ó Maolagáin ó Manotick, Ceanada, Tánaiste Ghaeltacht an Oileáin Úir, ag labhairt linn faoi Fhéile na Sneachta agus Tiomsheachtain Gaeilge atá á eagrú ag an ngrúpa...

Clár 412 - 2024 - Raidió na Life 09.01.2024

Ar an gclár seo bhí Seán Ó Muiris agus Dónal Ó Ceallaigh linn le labhairt faoi Phreab-Ghaeltacht Frankfurt na Gearmáine ar siúl sa chathair go míosúil. Chomh maith leis sin chualamar amhrán Gaeilge de chuid Danny féin!

Clár 411 - 2023 - Raidió na Life 26.12.2023

Ar an gclár seo bhí Tomás Mac Seáin as na Stáit Aontaithe ag labhairt linn faoina chuid staidéir ar an nGaeilge agus a ainmniúchán do dhuais Ollscoil na hÉireann. Chomh maith leis sin bhí Gearóid Ó Drisceoil ag labhairt linn faoina thuras dochreidte ag dreapadh an tsléibhe Kalo Yala sna Himaléithe.

Clár 410 - 2023 - Raidió na Life 19.12.2023

Ar an gclár seo bhí Seán Ó Ceallaigh, ball de Chairde na Pailaistíne Bhéal Feirste, ag labhairt linn faoin ngrúpa agus a gcuid oibre, cad atá de dhíth ó shaoránaigh agus ó cheannairí don Phailistín agus go leor eile. Chomh maith leis sin bhí Ríoghnach Hyland ag labhairt linn faoi sheoladh Craobh na Bruiséile de chuid Conradh na Gaeilge le gairid agus an pobal Gaelach sa chathair.

Clár 409 - 2023 - Raidió na Life 21.11.2023

Ar an gclár seo bhí Peadar Devlin agus Pádraig Mac Brádaigh, beirt mhac léinn i gColáiste na Tríonóide, ag labhairt linn faoina n-óige sa Ghearmáin agus sna Stáit Aontaithe, a gcuid staidéir agus go leor eile!

Clár 407 - 2023 - Raidió na Life 14.11.2023

Ar an gclár seo beidh Ellen Corbett ag labhairt linn faoin bPop Up Gàidhealtachd (popup Gaeilge na hAlban) a bhí aici ag Oireachtas na Samhna ag an deireadh seachtaine! Chomh maith leis sin bhí Brian Ó Broin linn le labhairt faoi laoch na nGael, Dineen Grow a cailleadh le gairid, an éacht a rinne sí thar na blianta do phobal na Gaeilge sna Stáit Aontaithe agus go leor eile.

Listen to the Fada is Fairsing podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.