teicneoir@raidionalife.ie

Fada is Fairsing

News GA ↓ 439 episodes

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...

Author

teicneoir@raidionalife.ie

Category

News

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Sep 30, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Clár 408 - 2023 - Raidió na Life 14.11.2023

Ar an gclár seo bhí Niamh Ní Bhroin ar Ollamh Comhalta í in Ollscoil Agder san Iorua ag labhairt linn faoina saol agus a cuid oibre ansin! Chomh maith leis sin bhí Alex Nic Philibín ag labhairt linn ón Spáinn faoina cuid oibre ar chúrsaí Catalónacha, Bascacha agus Gailíseacha.

Clár 406 - 2023 - Raidió na Life 31.10.2023

Ar an gclár seo ar Oíche Shamhna chualamar ó Bertie Ó hAinmhire ó Dhlúthpháirtíocht na Gaillimhe ar son na Pailistíne agus Trócaire ag labhairt linn faoi chúrsaí sa Phailistín i láthair na huaire. Chomh maith leis sin chualamar ó Sara McNamara a d'inis dúinn faoina cuid taistil go Maspalomas, Gran Canaria le gairid, an t-ilteangachas ann, an sos intinne a fuair sí agus go leor eile.

Clár 405 - 2023 - Raidió na Life 24.10.2023

Ar an gclár seo chualamar ó Robert Henneberg ó Ambasáid na Gearmáine linn faoi Mhalartán Cultúrtha a bhí ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge cúpla seachtain ó shin leis an teangeolaí Sorbaise, craoltóir raidió, grianghrafadóir agus ceoltóir Matej Dzislawk agus an t-ealaíontóir agus acadóir Éireannach, Eoin Mc Evoy. Chualamar cuid de cheol Sorbach Matej ar an gclár freisin.

Clár 404 - 2023 - Raidió na Life 17.10.2023

Ar an gclár seo chualamar ó Dhiarmaid Breathnach ag labhairt linn faoi chúrsaí sa Phailistín faoi láthair, léirsithe in Éirinn agus go leor eile. Chomh maith leis sin bhí an Dr Eoghan Mac Conaill Óig, Ollamh Cúnta le Gnó in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, linn le labhairt faoin Máistreacht sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach atá fógartha acu san ollscoil le gairid, deiseanna ó thaobh ilteang...

Clár 403 - 2023 - Raidió na Life 10.10.2023

Ar an gclár seo chualamar ó Shéamus Ó Broin ó Ghrúpa Gaeilge Manchain a labhair linn faoin bhféile ealaíon a bhíonn ag an ngrúpa gach bliain agus go leor eile. Chomh maith leis sin bhí Seoirsín Ní Mheachair ó Chraobh Chumar an Dá Uisce de chuid Chonradh na Gaeilge in Albany Nua Eabhrac agus ó Dhaltaí na Gaeilge linn le labhairt faoin Lá Gaeilge a bhí acu le gairid gar d'Albany, ceardlann amhránaío...

Clár 402 - 2023 - Raidió na Life 03.10.2023

Ar an gclár seo chualamar ó Shiobhán Nic Ghaoithín a labhair linn faoin bhféile ilchultúrtha Fhéile le Chéile DLR de chuid Comhairle Contae Dún Laoghaire Ráth Dúin le grúpaí ó chúlraí éagsúla, dírithe ar an ionchuimsiú, dul in aghaidh ciníochais agus go leor eile! Chomh maith leis sin chualamar ó Ola Majekodumni a labhair linn faoin bpainéal iontach a mbeidh á stiúradh aici faoin ionchuimsiú sna m...

Clár 401 - 2023 - Raidió na Life 26.09.2023

Clár speisialta é seo ar Lá Eorpach na dTeangacha le triúr sall in Ollscoil Montana na Stát Aontaithe, Traolach Ó Ríordáin agus scoláirí Fulbright Abaigéal Drummy agus Niamh Hetherington, a labhair linn faoi chúrsaí Gaeilge agus cur chun cinn na teangan agus an chultúir Ghaelaigh ansin, agus go leor eile!

Clár 400 - 2023 - Raidió na Life 19.09.2023

Ceiliúradh ar Fada is Fairsing atá sa chlár seo den 400ú clár agus breis is 10 mbliana den chlár ar an bhfód le daoine ó gach cearn den domhan! Clár speisialta a bhí anseo, dírithe ar an Oíche Chultúir á ceiliúradh Dé hAoine. Ar an gclár chualamar ó Monica de Bath ag caint linn faoina himeacht "Brat Do Bhríd – Ag Fí Ó Nádúr" i leabharlann Rathangan. Chomh maith leis sin chualamar ó Patrick O'Leary...

Clár 399 - 2023 - Raidió na Life 12.09.2023

Ar an gclár seo, chualamar ó Chian Ó Conchúir a labhair linn faoi thaispeántas a scannáin úir Gaeilge 'An Chathair Mhór' san Ionad Aisling i Nua Eabhrac agus an scannán féin. Chomh maith leis sin chualamar ó Ailísh Ní Chonghaíle, Oifigeach Forbartha Cultúir agus Óige san Ionad céanna, a labhair linn níos mó faoi sheirbhísí uile an Ionaid agus na himeachtaí cultúrtha a bhíonn ar siúl acu.

Clár 398 - 2023 - Raidió na Life 05.09.2023

Ar an gclár seo chualamar ó Martha Wright i New Jersey na Stát Aontaithe ag labhairt linn faoina saol ansin agus a turas go hÉirinn le gairid! Chomh maith leis sin chualamar ó Chonchubhar Mac Giolla Bhríde atá ar scoláireacht Fulbright mar theagascóir Gaeilge in Ollscoil Wisconsin-Milwaukee faoi oscailt an chomórtais agus tús a scoláireachta féin!

Clár 397 - 2023 - Raidió na Life 29.08.2023

Ar an gclár seo chualamar ó Kelly Doherty ó Na Gaeil Chicago a labhair linn faoi na cúrsaí Gaeilge a bheidh ar siúl ansin san fhómhar, a scéal féin agus Féile na nGael Milwaukee. Chomh maith leis sin bhí Andy Caomhánach, Feidhmeannach Ríomhaireachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair linn le labhairt faoin dream mac léinn a tháinig chucu ó thuaidh as Washington le cur lena gcuid...

Clár 396 - 2023 - Raidió na Life 22.08.2023

Ar an gclár seo labhair muid le hÁine Ní Bheinéid i Melbourne na hAstráile faoi Chorn Domhanda na mBan a bhí ar siúl ansin i rith an tsamhraidh. Chomh maith leis sin labhair Joe Simpson linn faoi Fhéile Eisteddfod sa Bhreatain Bheag ar fhreastail sé air le gairid - meascán de chultúr na Breataine Bige, an phobail aitigh agus go leor eile!

Clár 393 - 2023 - Raidió na Life 25.07.2023

Ar an gclár seo d'éist muid le hagallamh a rinne mé ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille le hEvin Ó Dúnaigh ó Chonradh na Gaeilge i nGlaschú agus Briain Finnegan ó Chumann Chaitlín agus Thomáis Uí Chleirigh i Nua Eabhrac faoin tseachtain a chaith siad le Gaeil ó áiteanna i bhfad is i gcéin i dTír Chonaill. Chomh maith leis sin chualamar an chéad leath d'agallamh a rinne mé le Karl Birthistle san E...

Clár 395 - 2023 - Raidió na Life 11.07.2023

Ar an gclár seo labhair muid leis an tráchtaire spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh faoi Chluichí Domhanda an Chumainn Luthchleas Gael Chomh maith leis sin labhair Seán Ó Daimhín linn faoi Thuras Fraince na mBan nó Tour de France Femmes a raibh sé ag coinneáil súile géire air ar TG4 agus ar Eurosport ó thús deiridh an tseachtain seo caite!

Clár 394 - 2023 - Raidió na Life 05.07.2023

Ar an gclár seo chualamar ó Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais 'Gaelteanga', tionscnamh nua ar líne a sholáthraíonn ranganna Gaeilge ar líne do dhaoine fud fad na cruinne. Chomh maith leis sin bhí Lorna Johnson as an Rìocht Aontaithe agus ina cónaí sa Nua-Shèalainn anois ag linn le labhairt faoin turas ar a bhfuil sí faoi láthair i mbun cúrsa Gaeilge le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille. Ar...

Clár 392 - 2023 - Raidió na Life 27.06.2023

Ar an gclár seo chualamar ó Lonán Ó Lorgnáin i Melbourne na hAstráile faoin obair atá ar siúl aige chun Gaelscoil a bhunú sa chathair agus folúntais atá ag an gcoiste de dhaoine atá ag obair ar phleananna don Ghaelscoil. Chomh maith leis sin chualamar ó Germaine D'Alton agus a dalta Gaeilge, Noah Titus, leaid óg ó Denver Colorado, a bheas ag labhairt linn faoina gcuid ranganna Gaeilge ar líne idir...

Clár 391 - 2023 - Raidió na Life 20.06.2023

Ar an gclár seo chualamar ó Tura Arutura a ghlac páirt sa tsraith imeachtaí ilchultúrtha 'Tradition Now' sa Cheoláras Náisiúnta, é i mbun damhsa ag imeacht dar teideal 'Reflecting Migrations' a léirigh ceol agus damhsa ó imircigh go hÉirinn agus inimircigh a d'fhág Éire. Chomh maith leis sin labhair Joe Simpson linn faoi Fhéile Bróid 2023, a chuid taighde agus go leor eile!

Clár 390 - 2023 - Raidió na Life 13.06.2023

Ar an gclár seo chualamar ó Nora Hickey M'Sichili agus William Howard linn ón Ionad Cultúrtha Éireannach i bPáras na Fraince a labhair linn faoin 'Fhéile na Smaointí' ar siúl san Ionad an tseachtain seo.

Clár 389 - 2023 - Raidió na Life 06.06.2023

Ar an gclár seo labhair Kathryn Ní Mhaoláin linn faoina podchraoladh nua 'Sílim That...', a saol i mBarcelona na Spáinne go dtí le gairid, an 'Sunrise Social', imirt leis an gCumann Luthchleas Gael thar sáile agus go leor eile! Chomh maith leis sin bhí Melissa Murray Figueroa ag labhairt linn ó Connecticut na Stát Aontaithe faoina cuid ceoil agus faoin turas a dhéanfaidh sí go hÉirinn chun na Gael...

Clár 388 - 2023 - Raidió na Life 23.05.2023

Ar an gclár seo labhair Ailín Ní Chonchúir, Stiúrthóir an Teastais i Múineadh na Gaeilge d'Fhoghlaimeoirí Fásta i Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad linn faoin gcúrsa agus conas clárú dó. Chomh maith leis sin bhí Áine Ní Bheinéid linn le labhairt faoina saol i Melbourne na hAstráile agus faoi phop up Gaeltacht a bheas ar siúl sa chathair go luath.

Clár 387 - 2023 - Raidió na Life 16.05.2023

Ar an gclár seo bhí Mary Lou Dunworth, mac léinn de chuid an Dianchúrsa i Scríobh na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad atá lonnaithe i Massachusetts. Chomh maith leis sin bhí Comhordaitheoir na Gaeilge leis an Lárionad Gaeilge san Ollscoil linn le labhairt faoi na deiseanna éagsúla de chúrsaí ar líne atá ann do dhaoine ar fud fad na cruinne atá ag iarraidh cur lena chuid cumas sa Ghaeilge.

Clár 386 - 2023 - Raidió na Life 25.04.2023

Ar an gclár seo labhair Siubhán Nic Amhlaoibh linn faoina am i Learpholl Shasana, an píosa a rinne sí le TG4 faoi Staid Anfield agus an pobal Gaelach i Learpholl. Chomh maith leis sin bhí Seán Mac Coisteallaí ag labhairt linn faoin bPop-Up Gaeltacht a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh beag seo in Havertown ar imeall Philadelphia, PA sna Stáit Aontaithe. Ar deireadh ansin chualamar ó Indrik Ois as an Eas...

Clár 385 - 2023 - Raidió na Life 18.04.2023

Bhí clár speisialta againn anseo faoin bhFéile Pancheilteach ina raibh Bríde de Róiste ó lucht eagraithe na Féile ag labhairt linn faoi conas mar a d'éirigh leis an bhFéile, na himeachtaí agus comórtais éagsúla a bhí mar chuid de agus go leor eile!

Clár 384 - 2023 - Raidió na Life 11.04.2023

Ar an gclár seo, labhair Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad linn faoi fholúntas do Chúntóir Sinsireach Feidhmiúcháin TEG leis an ollscoil atá ar oscailt i láthair na huaire. Chomh maith leis sin bhí Guinevere Barlow ó Ambasáid na hÉireann i Singapore ag labhairt linn faoi Phop Up Gaeltacht a bhí ag lucht na hAmbasáide ansin le gairid.

Clár 383 - 2023 - Raidió na Life 04.04.2023

Ar an gclár seo labhair Sinéad Ní Scolaí linn faoina scoláireacht ICUF in Ottawa Cheanada agus a saol sa chathair. Chomh maith leis sin labhair Cailín Nic an tSionnaigh atá ar scoláireacht Fulbright mar theagascóir Gaeilge in Ollscoil Wisconsin-Milwaukee linn faoina bliain ansin.

Listen to the Fada is Fairsing podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.