teicneoir@raidionalife.ie
Fada is Fairsing
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...
Author
teicneoir@raidionalife.ie
Category
Podcast website
Latest episode
Sep 30, 2025
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Clár 382 - 2023 - Raidió na Life 28.03.2023 27:34
Ar an gclár seo, labhair Judy-Meg Ní Chinnéide linn faoi ghearrliostú a sraith drámaí do pháistí 'A New Home' do dhuais raidió Gradaim Féilte Nua Eabhrac le gairid. Chomh maith leis sin bhí Greagóir Ó Dáire linn ó Uppsala na Sualainne le labhairt linn faoi Fhéile Pádraig agus an phop-up Gaeltacht a bhí acu sall.
Clár 381 - 2023 - Raidió na Life 21.03.2023 30:28
Ar an gclár seo, labhair Daithí Mac Cárthaigh linn faoin gComhdháil a bheas ar siúl in Óstaí an Rí chun eolas a roinnt le daoine faoi dheiseanna fostaíochta do chéimithe dlí mar dhlítheangeolaithe leis an AE srl. Chomh maith leis sin bhí Caitríona Weafer ag labhairt linn faoi na Gaeil ag na hOscair agus an Pop-up Gaeltacht a bhí ar siúl i gCathair na nAingeal mar cheiliúradh orthu uile!
Clár 380 - 2023 - Raidió na Life 14.03.2023 29:14
Ar an gclár seo, labhair John Woods linn faoi oscailt an chomórtais do chonarthaí aistriúcháin leis an AE agus faoi imeacht a bheas ag an gCoimisiún Eorpach in Éirinn faoi. Chomh maith leis sin bhí Brigita Gallagher linn le labhairt faoina scoláireacht ICUF in Alberta Ceanada agus na comparáidí a dhéanann sí idir na Stáit Aontaithe agus Ceanada.
Clár 379 - 2023 - Raidió na Life 07.03.2023 30:09
Ar an gclár seo bhí Alannah Owens, Oifigeach Polasaí leis an eagraíocht Akidwa linn le labhairt faoina gcuid oibre agus an imeacht ceiliúrtha a bhí acu do Lá na Máthairtheangacha. Chomh maith leis sin bhí Ciara Ní Dhomhnalláin linn le labhairt faoina saol i Melbourne na hAstráile agus faoi phop up Gaeltacht a eagraíodh sa chathair le gairid.
Clár 378 - 2023 - Raidió na Life 28.02.2023 27:02
Ar an gclár seo bhí Emmanuel Ntemuse ag labhairt linn faoina scéal féin, a chuid staidéir, a chuid oibre le hÓgras agus imeacht ar ar labhair sé ar líne le gairid. Chomh maith leis sin bhí Tura Arutura ag labhairt linn faoina chuid ranganna agus ceardlanna damhsa Afraiceacha agus Éireannacha i mBéal Feirste!
Clár 372 - 2023 - Raidió na Life 21.02.2023 32:56
Ar an gclár seo bhí Evin Ó Dúnaigh ó Chonradh na Gaeilge Glaschú ag labhairt linn faoi phopup Gaeltacht a bheas ar siúl i nGlaschú Déardaoin! Chomh maith leis sin bhí Jeffrey Sardina ag labhairt linn faoi Mhórshiúl "Éire do Chách" ar fhreastail sé air ar an Satharn!
Clár 371 - 2023 - Raidió na Life 14.02.2023 25:51
Ar an gclár seo labhair Vitoria Mrozowicz ó phobal na Polainne in Éirinn linn faoina cuid ceoil, Gaeilge, faoi chanadh ag imeacht ilchultúrtha de chuid Conradh na Gaeilge le gairid agus go leor eile. Chomh maith leis sin bhí Caoimhín de Barra linn le labhairt faoin alt a scríobh sé ar shuíomh Let's Learn Irish agus an cheardlann ar líne a thabharfaidh sé go luath.
Clár 370 - 2023 - Raidió na Life 31.01.2023 30:03
Ar an gclár seo bhí Cian Mac Cárthaigh linn ón mbanna ceoil Imlé le labhairt faoin gig a bheas acu le Róisín Seoighe i Londain go luath. Chomh maith leis sin bhí Eoin Ó Catháin ag labhairt linn faoi An Cailín Ciúin agus an ráth atá ar lucht an scannáin agus ar mhuintir na hÉireann agus 14 Éireannaigh/scannáin Éireannacha ainmnithe do na Oscars i mbliana.
Clár 369 - 2023 - Raidió na Life 24.01.2023 26:42
Ar an gclár seo bhí Brídín Nic Gabhann ag labhairt linn faoi Fhéile Traid Bharra an Teampaill ag a mbeidh ceoltóirí as gach cearn den domhan ag seinm agus beidh Ryan Quinn ag labhairt linn faoina scoláireacht Ollscoil na hÉireann le dul i mbun staidéir in Ollscoil Utrecht san Ísiltír! Chomh maith leo sin, beidh Dubhán Ó Longáin ag labhairt linn faoi chúrsa nua atá á fhorbairt aige le Gaelchultúr d...
Clár 368 - 2023 - Raidió na Life 17.01.2023 27:14
Ar an gclár seo bhí Eoghan Ó Ceannabháin ó Dhaoine Seachas Brabús ag labhairt linn faoi obair an scáthghrúpa Le Chéile agus an tábhacht a bhaineann leis sa lá atá inniu ann in Éirinn agus ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin bhí Ray Yeates linn le hinsint dúinn faoi Athbhliain na Gealaí Baile Átha Cliath faoi stiúir ag Comhairle Cathrach BhÁC.
Clár 367 - 2023 - Raidió na Life 10.01.2023 25:16
Ar an gclár seo labhair Tura Arutura linn faoina chuid damhsa ar an sean nós agus go leor eile, agus cloisfimid cuid dá cheol!
Clár 366 - 2023 - Raidió na Life 03.01.2023 20:32
Ar an gclár seo labhair Colm Shan ó Shorcas Gerbola linn faoin sorcas agus an éagsúlacht daoine as gach cearn den domhan atá páirteach ann. Chomh maith leis sin bhí Adriana Moura linn ón mBrasaíl le labhairt faoina saol ansin, a cuid oibre mar staraí agus a cuid spéise i gcultúr na hÉireann.
Clár 365 - 2022 - Raidió na Life 20.12.2022 28:33
Ar an gclár seo labhair Caoimhín ó Liatháin linn faoina shaol, a bhlag agus faoin Nollaig san Fhionnlainn! Chomh maith leis sin labhair Aisling Ní Dhonnabháin ó Chonradh na Gaeilge linn faoi na cúrsaí agus scoláireachtaí atá á dtairiscint ag an gConradh do dhaoine a thagann go hÉirinn ó thíortha eile ar lorg tearmainn.
Clár 364 - 2022 - Raidió na Life 13.12.2022 23:16
Ar an gclár seo labhair Hermione linn faoina saol i dToronto Ceanada, a turas foghlama Gaeilge agus go leor eile! Chomh maith leis sin bhí Nadia Dobryanska ag labhairt linn faoi ábhair úra Gaeilge agus Úcráinise atá á fhoilsiú ag Gaeloideachas.
Clár 363 - 2022 - Raidió na Life 06.12.2022 34:04
Ar an gclár seo labhair Osgur ó Ciardha linn linn faoi fhás agus fhorbairt an Pop-Up Gaeltacht thar an sé bliana a bhfuil sí ar an bhfód ar fud na cruinne! Chomh maith leis sin labhair Cathal Gilbert linn faoina chuid oibre ar chearta daonna in Uganda na hAfraice.
Clár 362 - 2022 - Raidió na Life 29.11.2022 25:42
Ar an gclár seo labhair Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann linn faoina turas le gairid chun na Stát Aontaithe, Comhdháil do theagascóiri Gaeilge Fulbright i Washington DC, Féile Altaithe agus go leor eile!
Clár 361 - 2022 - Raidió na Life 22.11.2022 26:25
Ar an gclár seo chualamar ó Álanna Hammel atá ag obair ar imeacht mar chuid d'Fhéile Frederick Douglass le hIonad Ealaíon Loch Garman darb ainm an Féasta Afraiceach.
Clár 360 - 2022 - Raidió na Life 15.11.2022 24:01
Ar an gclár seo chulamar ó Tanya Ní Mhuirthile faoi Lá Feasachta Idirnáisiúnta Idirghnéis, soilsiú Bhaile Átha Cliath i ndathanna idirghnéis le gairid agus a cuid taighde faoin bpobal idirghnnéasach. Chomh maith leis sin bhí Ailín da Silva ag labhairt linn ón mBrasaíl faoi thoradh an toghcháin ansin i mí Dheireadh Fómhair agus réimeas Uachtaráin da Silva.
Clár 359 - 2022 - Raidió na Life 08.11.2022 20:03
Ar an gclár seo chualamar ó Don O'Mahony, Cláraitheoir Sinsearach d'Fhéile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Corcaigh a labhair linn faoi Fhéile 2022.
Clár 358 - 2022 - Raidió na Life 01.11.2022 25:15
Ar an gclár seo, chualamar ó Gwen Butler faoina saol in Indiana, a cuid ceoil agus Cumann Charad na Gaeilge.
Clár 357 - 2022 - Raidió na Life 25.10.2022 30:57
Ar an gclár seo labhraíomar le scoláire ICUF, Antóin Trindle faoina scoláireacht i gCeanada go dtí seo. Chomh maith leis sin bhí Gearóid Ó Ceallaigh agus Séamas Ó Neachtain linn le labhairt faoi cheiliúradh céad is caoga bliain de Chumann Charad na Gaeilge.
Clár 356 - 2022 - Raidió na Life 18.10.2022 25:27
Ar an gclár seo, labhair Jill McMahon linn faoin mbanna ceoil ina bhfuil sí, Bandia, a turas go Londain le gairid agus Aonach Amárach, margadh dara láimhe atá á reachtáil le breis is bliain anuas le Jill agus cairde. Chomh maith leis sin labhair Micheál Ó Conghaile linn faoin gceardlann scríbhneoireachta ar líne do scríbhneoirí Gaeilge go hidirnáisiúnta atá á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht.
Clár 355 - 2022 - Raidió na Life 11.10.2022 23:29
Ar an gclár seo, chualamar ón gceoltóir Ceara Conway faoin imeacht ar ghlac sí páirt ann mar chuid d'fhéile Imram le gairid agus faoina cuid ceoil agus ionspioráide.
Clár 354 - 2022 - Raidió na Life 04.10.2022 26:28
Ar an gclár seo, chualamar ó Brent Ó Casaide, a labhair linn faoi Fhéile Ghaelach Oulu san Fhionlainn a bheidh ar siúl ón 12-16 Deireadh Fómhair 2022 le héagsúlacht ceoltóirí agus scéalaithe i measc go leor eile ar chlár na Féile!
Clár 353 - 2022 - Raidió na Life 27.09.2022 25:10
Ar an gclár seo, chualamar ó Emer Maguire faoina scoláireacht Fulbright sall in Elm's College, Chicopee, MA agus an comórtas atá ar oscailt do scoláirí Fulbright 2023 anois freisin. Chomh maith leis sin d'éisteamar le roinnt ceoil ó aoi a bhí againn ar an gclár le gairid, Enda Reilly.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.