teicneoir@raidionalife.ie

Fada is Fairsing

News GA ↓ 439 episodes

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...

Author

teicneoir@raidionalife.ie

Category

News

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Sep 30, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Clár 352 - 2022 - Raidió na Life 20.09.2022

Ar an gclár seo, chualamar ó Chaomhán Mac Con Iomaire, Oifigeach Oideachais le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann a labhair linn faoin gcomhrá ar líne i nGaeilge a thabharfaidh sé níos déanaí an mhí seo faoi thaispeántas de líníochtaí Ollannacha. Chomh maith leis sin, chualamar ó Eimear Ní Bhroin, Oifigeach Gnóthaí Teangan le hIonadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn a labhair linn faoi na blasr...

Clár 351 - 2022 - Raidió na Life 13.09.2022

Ar an gclár seo labhair mé le Damian McElgunn faoin ngearrscannán a rinne sé faoi Bhród Vancouver 2022. Chomh maith leis sin, chualamar ó Sheoirsín Ní Mheachair faoin tseachtain Gaeilge a bhí ag lucht Daltaí na Gaeilge in Esopus Nua Eabhrac le gairid!

Clár 350 - 2022 - Raidió na Life 06.09.2022

Ar an gclár seo labhair mé le Ben Ó Ceallaigh, léachtóir in Aberystwyth, faoin Scoil spéisiúil ar ábhar an Athghabhála a bheidh ar siúl ag Cumann Chluain Áird ar líne i rí an fhómhair agus an chaint a thabharfaidh sé mar chuid di.

Clár 349 - 2022 - Raidió na Life 30.08.2022

Ar an gclár seo chualamar ó Molly Plunk agus í ag labhairt linn faoi bhronnadh scoláireacht Gaeltachta uirthi agus a seal ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille! Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Dhiarmuid Breathnach faoi chás na Palaistíne i láthair na huaire théis d'ocht dtír de chuid an AE ráiteas a chur amach chun an Iosraeil a cheistiú maidir leis an ruathar a rinneadh ar eagraíochtaí neamhria...

Clár 348 - 2022 - Raidió na Life 23.08.2022

Ar an gclár seo labhair Molly Nic Céile linn ó Nua Eabhrac faoi Phop Up Gaeltacht a d'eagraigh sí ansin, in Astoria níos luaithe an mhí seo agus faoina cuid físeán Gaeilge 'Gaeilge i mo Chroí' d'fhoghlaimeoirí timpeall na cruinne. Chomh maith leis sin, chulamar ó Lonán Ó Lorgnáin i Melbourne na hAstráile faoi obair atá ar siúl chun iarracht a dhéanamh Gaelscoil a bhunú sa chathair!

Clár 347 - 2022 - Raidió na Life 09.08.2022

Ar an gclár seo, chualamar ó Rónan Ó Dochartaigh ó Oideas Gael faoin Scoil Samhraidh Teanga agus Cultúir a bhí ar siúl acu ag Oideas Gael an tseachtain seo caite le scríbhneoirí, ceoltóirí, aisteoirí agus eile, agus faoi na cúrsaí samhraidh Gaeilge a bhíonn acu do Ghaeil ó gach cearn den domhan gach samhradh.

Clár 346 - 2022 - Raidió na Life 26.07.2022

Ar an gclár seo bhí an ceoltóir Enda Reilly ag labhairt linn faoi bhogadh ó Thamhlacht Bhaile Átha Cliath go Detroit Michigan, a chuid ceoil a roinnt ag féilte agus ceolchoirmeacha timpeall ar na Stáit Aontaithe agus an fhéile ollmhór, Féile na nGael i Milwaukee, áit a mbeidh sé ag canadh trí Ghaeilge ag an bPuball Gaeltachta i mí Lúnasa!

Clár 345 - 2022 - Raidió na Life 12.07.2022

Ar an gclár seo, chualamar ó Ray Mac Manais faoi stair agus pleananna 2022 d'Fhéile na nGael Milwaukee. Chomh maith leis sin d'éisteamar le ceol ó albam úr 'Speactram' de chuid Marcas Mac an Tuairnéir.

Clár 344 - 2022 - Raidió na Life 05.07.2022

Ar an gclár seo, chualamar ó Chaitríona Weafer faoin gcinneadh a rinne Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe Roe v Wade a chur ar ceal. Chomh maith leis sin bhí Marcas Mac an Tuairneir ag labhairt linn (as Gaeilge agus Gàidhlig) ó Albain faoina albam úr, Speactram.

Clár 343 - 2022 - Raidió na Life 14.06.2022

Ar an gclár seo bhí Matt O'Heir ag labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge i Chicago agus a shaol féin. Chomh maith leis sin bhí scoláire ICUF agus iarscoláire Fulbright, Pa Sheehan ag caint linn faoi dheireadh seachtaine teanga agus cultúir a bhí ar siúl ag muintir Kingston, Ontario le gairid.

Clár 342 - 2022 - Raidió na Life 31.05.2022

Ar an gclár seo bhí Tuairisceoir Polaitíochta Raidió na Gaeltachta, Eoin Ó Catháin ag labhairt linn faoin lámhach gunna a rinne ar bhunscoil i dTeicseas ag deireadh mhí Bealtaine, inar maraíodh 19 bpáistí agus beirt mhúinteoirí. Chomh maith leis sin bhí Darach Ó Tuairisg, léiritheoir leis an gComhlacht Léiriúcháin Teilifíse agus Drámaíochta Fíbín ag labhairt linn faoi na tionscnaimh éagsúla atá id...

Clár 341 - 2022 - Raidió na Life 17.05.2022

Ar an gclár seo bhí Donal Grogan (Colorado Paddy ar líne!) ag caint faoin bhronnadh gradam Laoch na Gaeilge 2022 air ag Deireadh Seachtaine Gaeltachta LA le gairid! Chomh maith leis sin bhí Tomaí Ó Conghaíle ag caint linn faoi Éigse na Bruiséile a bhí ar siúl lár mhí Bealtaine 2022 den chéad uair.

Clár 340 - 2022 - Raidió na Life 10.05.2022

Ar an gclár seo bhí Caitríona Weafer ag labhairt linn faoi aisghairm Roe v Wade sna Stáit Aontaithe agus faoi Dheireadh Seachtaine Gaeltachta LA a bhí ar siúl le gairid. Chomh maith leis sin bhí Tadhg Mac Cionnaith ag caint linn faoin deireadh seachtaine speisialta ar fhreastail sé air, eagraithe ag Oideas Gael in omós do Tony Birtill.

Clár 339 - 2022 - Raidió na Life 03.05.2022

Ar an gclár seo bhí Alannah Ní Ghallchóir ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag labhairt linn faoin deireadh seachtaine Gaeltachta a bhí ag an gcraobh ag an deireadh seachtaine agus eile. Chomh maith leis sin bhí James Ó Conaill ag caint linn faoina scoláireacht Fulbrigth ag Ollscoil Villanova agus faoi dheiseanna do mhuintir Stáit Aontaithe scoláireachtaí a fháil chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh sa Gha...

Clár 338 - 2022 - Raidió na Life 26.04.2022

Ar an gclár seo chualamar ó Shéamus Ó Fianghusa i Nua Eabhrac a bhí ar ais ag caint linn faoina mhadra míleata, Meaití, a tógadh uaidh breis is trí bliana ó shin anois, agus a throid chun Meaití a thabhairt ar ais abhaile. D'fhill an madra abhaile théis blianta de throid agus cás cúirte le gairid agus agus cheiliúraigh sí a 10ú breithlá inniu!

Clár 337 - 2022 - Raidió na Life 19.04.2022

Ar an gclár seo, bhí Clár Ní Bhuachalla, Stiúrthóir Gaeltacht UCD i gCOBÁC ag labhairt linn faoi Scoil Samhraidh #TionolUCD 2022 COBÁC a bheidh ar siúl mí Mheithimh le héagsúlacht imeachtaí mar chuid de chlár na bliana seo!

Clár 336 - 2022 - Raidió na Life 12.04.2022

Ar an gclár seo, labhair Molly Nic Céile linn faoina cuid físeán Gaeilge 'Gaeilge i mo Chroí' d'fhoghlaimeoirí timpeall na cruinne, a heispéiris ar líne agus na forbairtí ar a cainéal YouTube thar am! Labhair muid freisin faoi óráid an Uachtaráin Zelenskyy le muintir na hÉireann i dTithe an Oireachtais maidir leis an gcogadh san Úcráin.

Clár 335 - 2022 - Raidió na Life 05.04.2022

Ar an gclár seo beidh John Caulfield ag labhairt linn faoi Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Cúirt! Chomh maith leis sin beidh Aileen F. Gorman Leong ón Irish Echo ag labhairt linn faoina cuid alt san Echo faoi chúrsaí Gaeilge sna Stáit Aontaithe!

Clár 334 - 2022 - Raidió na Life 29.03.2022

Ar an gclár seo, bhí Brian Ó Conchubhair ó Ollscoil Notre Dame in Indiana na Stát Aontaithe ag labhairt linn faoi sheoladh a leabhair nua "Bone and Marrow/Cnámh agus Smior: An Anthology of Irish Poetry from Medieval to Modern". Chomh maith leis sin, éistfimid siar le giota beag ón imeacht a bhí ar siúl ag The Journal sa Daingean Dé hAoine 'An Ghaeilge: Faoi bhrú nó faoi bhláth?' faoin nGaeilge in...

Clár 333 - 2022 - Raidió na Life 22.03.2022

Ar an gclár seo, labhair Nadia Dobryanska ón Úcrain ag labhairt linn faoi thuras a muintire ón Úcráin go hÉirinn an tseachtain seo caite, a tuairimí faoi thodhchaí na hÚcráine agus bealaí gur féidir linn tacú leis an tír.

Clár 332 - 2022 - Raidió na Life 15.03.2022

Ar an gclár seo, labhair Deirdre Ní Mhathúna ón 'Little Ireland Collective' san Albain linn faoin gCiorcal Comhrá speisialta seo a bhí ag lucht Dún Éideann le muintir na Gaeltachta Sur Seine i bPáras na Fraince le gairid do Sheachtain na Gaeilge. Chomh maith leis sin labhair Ciara Ní Éannachái linn faoi Lá Idirnáisiúnta na mBan agus a hainmniúchán ar liosta an Irish Examiner don lá. Labhair sí fao...

Clár 331 - 2022 - Raidió na Life 08.03.2022

Ar an gclár seo tá píosa a rinne mé le Jeffrey Sardina ó San Diego beo ón bPop Up Gaeltacht sa Cobblestone i mBÁC le gairid! Chomh maith leis sin bhí Colm Bairéad, iarchraoltóir Raidió na Life agus stiúrthóir #AnCailínCiúin, an chéad fadscannáin Gaeilge ag Féile Berlinale agus ainmnithe do 10 duais IFTA ag labhairt linn faoin scannán agus an ráth atá air!

Clár 330 - 2022 - Raidió na Life 22.02.2022

Ar an gclár seo, labhraíomar le Muireann Ní Chorcráin, scoláire Fulbright agus an tOllamh Brendan Kane linn faoi imeacht a bhí acu mar chuid de Douglass Week agus go leor eile! Chomh maith leis sin bhí Donnchadh Sneddon ag labhairt linn ó Dhún Éideann na hAlbain faoina thaithí leis an nGaeilge agus an Ghàidhlig.

Clár 329 - 2022 - Raidió na Life 15.02.2022

Ar an gclár seo, labhraíomar le Cecily Ní Loinnsigh, iarscoláire Fulbright, faoina ham i gCeanada ar scoláireacht ICUF, taisteal timpeall na tíre agus go leor eile.

Clár 328 - 2022 - Raidió na Life 08.02.2022

Ar an gclár seo, labhraíomar le Tadhg Ó Meachair ón mbanna ceoil Goitse linn faoina gcamchuairt timpeall ar na Stáit Aontaithe go luath, ceol an bhanna agus dúshláin toisc Covid-19. Chomh maith leis sin chualamar amhrán a tháinig amach ar Lá le Bríde, dar teideal Imbolc.

Listen to the Fada is Fairsing podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.