teicneoir@raidionalife.ie
Fada is Fairsing
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...
Author
teicneoir@raidionalife.ie
Category
Podcast website
Latest episode
Sep 30, 2025
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Clár 327 - 2022 - Raidió na Life 01.02.2022 27:30
Ar an gclár seo, bhí Alan Da Silva ag labhairt linn ón mBrasaíl faoina chuid staidéir agus oibre. Chomh maith leis sin bhí Seán Breathnach ag labhairt linn faoina scannán Foscadh atá á thaispeáint mar chuid d'Fhéile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Corcaigh agus a chúlra sa scannánaíocht.
Clár 326 - 2022 - Raidió na Life 25.01.2022 24:58
Ar an gclár seo bhí Diarmaid Ó Maolagáin linn agus é ag insint dúinn faoin ngrúpa Gaeltacht an Oileáin Úir i Tamworth Ceanada. Chomh maith leis sin bhí Don O'Mahoney, Cláraitheoir Sinsearach d'Fhéile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Corcaigh linn ag labhairt faoin bhFéile.
Clár 325 - 2022 - Raidió na Life 18.01.2022 29:43
Ar an gclár seo labhair Derek Ó Briain linn faoi chúrsaí Gaelchultur agus deiseanna do mhúinteoirí lasmuigh d'Éirinn bheith ag teagasc leis an eagraíocht . Chomh maith leis sin beidh bhí Seán Romansic ag labhairt linn faoina shaol thall i gCalifornia na Stát Aontaithe agus a iníon á tógáil aige le Gaeilge ann.
Clár 324 - 2022 - Raidió na Life 11.01.2022 24:55
Ar an gclár seo labhair Tomaí Ó Conghaile linn faoin deireadh a tháinig le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach ag tús na bliana, agus stádas iomlán mar theanga oifigiúil san AE aici anois.
Clár 323 - 2021 - Raidió na Life 14.12.2021 30:08
Ar an gclár seo bhí Eithne Dunbar ag labhairt linn faoina grúpa Gael i gCeanada agus an imeacht spéisiúil "Saíocht" a bhí ar siúl i gCeanada le déanaí agus chualamar cuid dá ceol féin ar an gclár. Chomh maith leis sin bhí Michaíl Caisianóbh ag labhairt linn ó Mhoscó na Rúise faoina thaithí féin leis an nGaeilge, fotheidil ar scannáin agus cartúin Gaeilge agus go leor eile.
Clár 322 - 2021 - Raidió na Life 07.12.2021 21:48
Ar an gclár seo bhí Stiofáinín Nic Cárthaigh agus Caitríona Ní Chonaola ag labhairt linn faoin gceardlann amhránaíochta ar an sean-nós a bhí ar siúl ag an ngrúpa, An Ghaeltacht Sur Seine i bPáras na Fraince le gairid. Chomh maith leis sin labhair Nicola Lavelle linn faoina leabhar nuafhoilsithe Glór ar Inis Gluaire!
Clár 321 - 2021 - Raidió na Life 30.11.2021 29:24
Ar an gclár seo labhraíomar le Mícheál Ó Conghaile faoin imeacht seo ar líne "Muintir na Gaeltachta in Éirinn agus na Maoraigh sa Nua-Shéalainn" a bhí ar siúl an tseachtain seo caite. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh ón uair seo anuraidh a rinne mé le Dan McWilliams, a bhí ag teagasc daltaí in Alberta Ceanada, ag an am mar chuid den chlár ICUF, ó Bhéal Feirste faoin teagasc agus...
Clár 320 - 2021 - Raidió na Life 23.11.2021 26:08
Ar an gclár seo, labhraíomar le Barry Ó Séanáin, a oibríonn ar chúrsaí forbartha agus seachtracha le hIonad na nEalaíon Gaelaigh i gCathair Nua Eabhrac agus é ag labhairt linn faoi athoscailt foirgneamh nua an Ionaid mí na Nollag agus na féidearthachtaí nua a bheidh ann don phobal Gaelach sa chathair leis. Labhróidh sé faoin bhFéile is mó Gaelach a bheas acu freisin agus na himeachtaí éagsúla atá...
Clár 319 - 2021 - Raidió na Life 16.11.2021 26:25
Ar an gclár seo bhí Eóin Mac Domhnaill ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaig linn chun caint faoin seimineár spéisiúil a bheidh ag Buanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach do dhaoine le Gaeilge ar spéis leo an dlítheangeolaíocht ar an 25 Samhain.
Clár 318 - 2021 - Raidió na Life 09.11.2021 25:28
Ar an gclár seo labhraíomar le Greagóir Ó Dáire atá mar léachtóir in Uppsala ag labhairt linn faoin saol ansin sa tSualainn. Chomh maith leis sin bhí Ben Ó Ceallaigh, léachtóir i Roinn an Léann Ceiltigh in Ollscoil Aberystwyth ag labhairt linn faoin Roinn agus a chuid oibre ansin!
Clár 317 - 2021 - Raidió na Life 19.10.2021 29:28
Ar an gclár seo, bhí Philomena Begley linn ón ngrúpa, an Ghaeltacht sur Seine i bPáras na Fraince tar éis don ghrúpa páirt a ghlacadh i gComhra 2021 Dé Céadaoin seo caite le labhairt faoi conas mar a d'éirigh leis! Chomh maith leis sin bhí Angus Lambkin arb as Béal Feirste dó ó dhúchas linn, atá ar a bhealach go Cabúl na hAfganastáine chun dul i mbun oibre sa tír le foireann Comhordaithe Gnóthaí D...
Clár 316 - 2021 - Raidió na Life 12.10.2021 27:55
Ar an gclár seo labhair Brónagh Ní Chuillinn linn faoi chrith talún in oirdheisceart na hAstráile le gairid agus an méid a thit amach ó shin. Chomh maith leis sin bhí an píobaire Tiarnán Ó Duinnchinn ag labhairt linn faoi Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon Bhéal Feirste agus an imeacht, 'The Bunting Collection' a mbeidh sé féin ag seinm aige le Laoise Kelly agus Stephen Rea.
Clár 315 - 2021 - Raidió na Life 05.10.2021 28:35
Ar an gclár seo bhí Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann ag caint linn faoi chomórtas Fulbright atá ar oscailt anois. Chomh maith leis sin bhí Béibhinn O'Sullivan ó Tharrtháil Rón Éireann ag insint dúinn faoi Wally an Rosualt a chuaigh ar thuras go Corcaigh, Dairbhre agus fud fad na hEorpa ar a shlí ar ais go dtí an Ciorcal Artach!
Clár 314 - 2021 - Raidió na Life 28.09.2021 28:31
Ar an gclár seo labhraíomar le Manchán Magan faoi chúrsaí taistil domhanda agus cúrsa scríbhneoireachta a dhéanfaidh sé le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann faoin scríbhneoireacht taistil. Chomh maith leis sin bhí Máirtín Colféir ag labhairt linn faoina shaol i Kingston Ontario, Ceanada agus a chuid oibre i Montréal.
Clár 313 - 2021 - Raidió na Life 21.09.2021 26:38
Bhí Ola Majekodunmi, Ambasadóir na hOíche Chultúir linn le labhairt faoin bhféile agus a ról féin. Chomh maith leis sin bhí Micheál Ó Duibh ag caint linn faoi thaighde a rinneadh faoi Ghaeil ar fud na cruinne agus an aip atá á fhorbairt aige!
Clár 312 - 2021 - Raidió na Life 07.09.2021 30:20
Ar an gclár seo bhí ár dtuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh ag labhairt linn faoi na Cluichí Paralimpeacha agus ráth Foireann na hÉireann. Chomh maith leis sin chualamar an dara leath d'agallamh na seachtaine seo caite leis an ársa comhairc SSG Séamus Fennessy faoi chúrsaí san Afganastáin.
Clár 310 - 2021 - Raidió na Life 24.08.2021 30:26
Ar an gclár seo bhí Frank Reidy, iarcheannfort airm, ag labhairt linn faoi chúrsaí san Afganastáin i láthair na huaire le linn achrainn agus streachailte tar éis do na Stáit Aontaithe an tír a fhágáil agus an Taliban teacht i gcumhacht. Chomh maith leis sin bhí Seoirsín Ní Mheachair ó Dhaltaí na Gaeilge ag labhairt linn faoin gcaint a dhéanfaidh sí ag an Big Irish Campfire leis an Irish Echo.
Clár 311 - 2021 - Raidió na Life 24.08.2021 28:19
Ar an gclár seo chualamar ó Mháirtín de Cógáin faoina chuid ceoil agus faoi Fhéile na nGael i Milwaukee. Chomh maith leis sin beidh an t-ársa comhairc SS Séamus Fennessy ag labhairt linn faoi chúrsaí san Afganastáin i láthair na huaire tar éis dó labhairt faoi ar CNN le gairid agus am a chaitheamh sa tír thar na blianta.
Clár 309 - 2021 - Raidió na Life 17.08.2021 30:01
Ar an gclár seo bhí Robert Henneberg ag labhairt linn faoina aistriú go hÉirinn le bheith ag obair le hAmbasáid na Gearmáine in Éirinn agus comóradh 60 bliain den tús de thógáil Balla Bheirlín. Chomh maith leis sin bhí Sheila Scott in Ottawa, Ceanada ag insint dúinn faoi na naisc idir Éirinn agus Ceanada agus leachtanna na hÉireann i gCeanada i measc eile.
Clár 308 - 2021 - Raidió na Life 10.08.2021 29:25
Ar an gclár seo chualamar an dara leath den agallamh le Lonán Ó Lorgnáin i Melbourne na hAstráile ar chúrsaí sa chathair atá díreach tar éis teacht amach as dianghlasáil, ilteangachas agus go leor eile! Chomh maith leis sin bhí Brian Ó Broin i New Jersey na Stát Aontaithe ag labhairt linn faoina úrscéal nua do dhéagóirí a tháinig amach le gairid dar teideal Eachtra ar Oileán na Rún.
Clár 307 - 2021 - Raidió na Life 03.08.2021 29:46
Ar an gclár seo labhair ár dtuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh linn chun spléachadh a thabhairt dúinn ar na Cluichí Oilimpeacha, Simone Biles agus Foireann na hÉireann go dtí seo. Chomh maith leis sin bhí Lonán Ó Lorgnáin linn ó Melbourne na hAstráile le labhairt faoi chúrsaí sa chathair atá díreach tar éis teacht amach as dianghlasáil, ilteangachas agus go leor eile.
Clár 306 - 2021 - Raidió na Life 27.07.2021 26:50
Ar an gclár seo bhí Tadhg Mac Eoin ag caint linn faoin duais a bhronn Foras na Gaeilge air le gairid agus a chuid taighde ar fhoclóireacht Gaeilge LADTA+. Chomh maith leis sin bhí Helen Concannon linn ag caint faoi champa samhraidh idirnáisiúnta 'Octagon' ar líne de chuid Bantreoraithe na hÉireann agus ceiliúradh 110 bliain na Bantreorach na hÉireann.
Clár 305 - 2021 - Raidió na Life 20.07.2021 26:26
Ar an gclár seo, labhair Tomás Hoey linn faoina shaol i Minneapolis, a chuid scéalaíochta, a scéal grá lena fhear chéile Paul agus a ngarpháistí, a throid leis an ailse, a shaoire go dtí an Oileán Kaua'i le gairid, cultúr an oileáin agus go leor eile.
Clár 304 - 2021 - Raidió na Life 13.07.2021 26:03
Ar an gclár seo labhair Ciara Ní Éannacháin linn ó Stiúideo Cuan faoi na cúrsaí samhraidh "Fís" atá á reáchtáil acu agus na scoláireachtaí atá ar fáil dóibh. Chomh maith leis sin bhí Cormac Breathnach ó Fhoras na Gaeilge ag caint linn faoi bhua Tadhg Mac Eoghain, an chéad duine le Bonn Néill Uí Dhónaill a bhuachan agus an bronnadh ag Ambasáid na hÉireann i mBeirlín le gairid.
Clár 303 - 2021 - Raidió na Life 06.07.2021 22:54
Ar an gclár seo labhair Daithí Irvine linn ó Latharna, gar do Bhéal Feirste arb as dó ó dhúchas, faoina thuras foghlama leis an nGaeilge agus na daoine a mbuaileann sé leo as gach cearn den domhan na laethanta seo ar chiorcail comhrá ar líne ó bhris paindéim Covid-19 amach anuraidh. Chomh maith leis sin cloisfimid ó Bhrónagh Fusco, Oifigeach Ealaíona Pobail le Cultúrlann Mc Adam Ó Fiaich faoi Fhéi...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.