teicneoir@raidionalife.ie
Fada is Fairsing
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...
Author
teicneoir@raidionalife.ie
Category
Podcast website
Latest episode
Sep 30, 2025
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Clár 302 - 2021 - Raidió na Life 29.06.2021 29:19
Ar an gclár seo labhair Eamon Ó Cíosáin linn faoi chinneadh Chomhairle Bunreachta na Fraince ar achomharc in aghaidh altanna i ndlí Molac a thug cosaint do ghnéithe áirithe d'úsáid teangacha réigiúnacha na Fraince. Chomh maith leis sin labhair Dylan James Mac Lochlainn linn faoin mbliain a bhí aige mar dhochtúir i rith na paindéime in Oxford Sasana.
Clár 301 - 2021 - Raidió na Life 22.06.2021 53:22
Clár speisialta é seo d'Fhéile Bróid 2021 agus ceiliúradh de 300 clár de Fada is Fairsing! Ar an gclár tá agallamh speisialta le bunaitheoir an Queercal Comhrá Don Ó Donnacháin, duine a d'oibrigh go dian do phobal LADTA+ na Gaeilge agus a chaith blianta i mbun iriseoireachta timpeall na cruinne ón Éigipt, go dtí an Túnéis, go Libia agus an tSiria. Labhraíomar faoina chuid iriseoireachta, an staidé...
Clár 300 - 2021 - Raidió na Life 15.06.2021 30:19
Ar an gclár seo bhí Aodán Mac Séafraidh ag labhairt linn faoina am thar sáile san Astráil, stair na nÉireannach sa tír agus a chuid oibre le Turas, eagraíocht lonnaithe in Oirthear Bhéal Feirste, a oibríonn chun an Ghaeilge, Cultúr agus Oidhreacht Chúige Uladh a chur chun tosaigh.
Clár 299 - 2021 - Raidió na Life 08.06.2021 26:58
Ar an gclár seo bhí Diarmuid Breathnach ag labhairt linn faoi chás na Palaistíne i láthair na huaire, a chuid scribhneoireachta faoi agus conas is féidir linn tacú le muintir na Palaistíne uaidh seo in Éirinn.
Clár 298 - 2021 - Raidió na Life 01.06.2021 26:58
Ar an gclár seo bhí Marcas Mac an Tuairnéir ag labhairt linn trí Ghaeilge na hAlbain (Ghaidhlig) faoina shingil úr Nochd, Féile Bróid agus tús na féile linn anois, agus go leor eile! linktr.ee/marcasmac Chomh maith leis sin bhí Pádraic Déiseach ag labhairt linn faoi réimse folúntas atá ar oscailt d'iarratais do dhaoine le Gaeilge le Parlaimint na hEorpa faoi láthair.
Clár 297 - 2021 - Raidió na Life 25.05.2021 26:44
Ar an gclár seo, bhí Neil Farron, eagarthóir ar an iris Eurovoix, linn ag trácht ar bheith i láthair i Rotterdam don Chomórtas Eoraifíse! Chomh maith leis sin bhí Damian McElgunn ag labhairt linn faoin scannán Gaeilge a rinne sé faoin bpobal Gaeilge i Vancouver dar teideal 'Idir Muir agus Spéir'.
Clár 296 - 2021 - Raidió na Life 18.05.2021 28:12
Ar an gclár seo, labhair Vikki Ní Bhréin linn faoi dheireadh seachtaine Gaeilge ar mhúin sí aige le lucht Gaeltacht an Mheánoirthoir (Midwest na Stáit Aontaithe). Chomh maith leis sin bhí Mícheál Furlong ag caint linn faoi Phop Up Gaeltacht Ceantar Cuain San Francisco.
Clár 295 - 2021 - Raidió na Life 11.05.2021 23:22
Ar an gclár seo labhairt Hynek Daniel Janoušek linn ó Phrág i bPoblacht na Seice faoina shaol ansin agus an dochtúireacht atá idir lámha aige in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain.
Clár 294 - 2021 - Raidió na Life 04.05.2021 30:17
Ar an gclár seo labhair Gearóid Ó Greacháin linn ó chraobh Darkness into Light na Bruiséile ar son Pieta House faoin ngrúpa agus an méid a bheidh ar siúl acu ar líne i mbliana. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le cuid de mo chéad chlár taifeadta ón mbaile i rith na dianghlasála - bliain ó shin anois.
Clár 293 - 2021 - Raidió na Life 27.04.2021 29:23
Ar an gclár seo labhair Rónán Ó Dálaigh linn faoina tionscnamh Thriftify atá ag dul ó neart go neart le déanaí le custaiméirí in Éirinn agus ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin labhair Niall Ó Siadhail ó Chonradh na Gaeilge i Londain faoina aistriú ó Londain go hÉirinn le gairid, Comhdháil na Breataine ar líne ar an 19 Meitheamh agus faoina ról nua ar choiste gnó Chonradh na Gaeilge.
Clár 292 - 2021 - Raidió na Life 20.04.2021 28:02
Ar an gclár seo labhair Rossa Ó Snodaigh linn faoi Oileáin Mhanainn, an Mhanannais, obair atá ar siúl aige féin le muintir an oileáin agus cosúlachtaí agus difríochtaí idir cás na Manannaise agus cás na Gaeilge.
Clár 291 - 2021 - Raidió na Life 13.04.2021 29:48
Ar an gclár seo bhí Kayla Reed ag labhairt inn ó Osló faoin gCáisc san Iorua agus eile (léigh a blag anseo! scriobhaisiulach.wordpress.com/2021/04/0…a-choill/ ). Chomh maith leis sin labhair Céiteach Mac Stiofáin linn ó Ghaillimh faoi 'virtual Pop Up Gaeltacht' atá á déanamh aige le cairde sa Spáinn, sna Stáit Aontaithe agus daoine eile ar fud na cruinne ar líne le breis is bliain ó shin anois.
Clár 290 - 2021 - Raidió na Life 30.03.2021 30:15
Ar an gclár seo labhair Jeffrey Sardina linn faoi aistriú go hÉirinn i rith na paindéime agus faoi chúrsaí Gaeilge agus a Phop up Gaeltacht San Diego ar líne. Chomh maith leis sin bhí Philomena Begley ón nGaeltacht Sur Seine i bPáras na Fraince linn le labhairt faoi conas mar a d'éirigh leis an gcomhdháil a bhí acu le gairid ar an nGaeilge thar sáile.
Clár 289 - 2021 - Raidió na Life 16.03.2021 29:21
Ar an gclár seo labhair Séamus Ó Neachtain linn faoi Chumann Carad na Gaeilge agus "An Gael - Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge". Chomh maith leis sin bhí Eoin Ó Catháin linn le labhairt faoi agallamh an Phrionsa Harry agus Meghan Markle, faoi bhogadh ar ais go hÉirinn ón mBruiséil, faoin bpaindéim sa Bheilg agus faoina ról nua le Raidió na Gaeltachta.
Clár 288 - 2021 - Raidió na Life 09.03.2021 25:35
Ar an gclár seo labhair Oisín Mac Conamhna ó Londain linn le labhairt faoi chás Margaret Keane, ar bhuaigh a clann cás cúirte i Londain chun focail Gaeilge a chur ar a huaigh, agus an tacaíocht a thug Conradh na Gaeilge i Londain don chlann. Chomh maith leis sin labhróimid faoi imeachtaí idirnáisiúnta Seachtain na Gaeilge.
Clár 287 - 2021 - Raidió na Life 02.03.2021 28:46
Ar an gclár seo bhí mac le Chris Finnegan a bhí Linn an tseachtain seo caite, Ciarán Finnegan - 5 bliana d'aois, an aoi is óige a bhí againn ar an gclár riamh - ag labhairt linn faoi fhás aníos le Gaeilge i Nua Jersey! Chomh maith leis sin labhair Julie Breathnach-Banwait linn ó Perth na hAstráile faoina cnuasach dánta 'Dánta Póca' a foilsíodh le déanaí!
Clár 286 - 2021 - Raidió na Life 23.02.2021 30:26
Ar an gclár seo labhair Mícheál Ó Conghaile ó Chló IarChonnacht faoi cheardlann scríbhneoireachta a bheidh acu do scríbhneoirí ina gcónaí lasmuigh d'Éirinn. Chomh maith leis sin labhair Chris Finnegan linn faoi chiorcal comhrá grúpa Gael i New Jersey, a pháistí a thógáil le Gaeilge i SAM, Bruce Springsteen (arb áit an mbaile céanna le Chris é!) agus an grúpa Gaeilgeoirí Philadelphia.
Clár 285 - 2021 - Raidió na Life 16.02.2021 23:45
Ar an gclár seo bhí Karen Donn linn ó Dallas, Teicseas le labhairt faoi phop-upeanna Gaeltachta ar líne ar fud na cruinne agus a turas féin leis an nGaeilge. Chomh maith leis sin bhí Dónall Seán Ó Dubhghaill ag insint dúinn faoi Chumann na Gaeltachta agus Leacht Ceanada Éireann.
Clár 284 - 2021 - Raidió na Life 09.02.2021 29:05
Ar an gclár seo labhair Sorcha Ní Riain linn faoina cuid taighde agus an chaint a thug sí ar líne le Pa Sheehan i gCeanada do Lá le Bríde. Chomh maith leis sin bhí Dónal Kearney ó Institiúid Amhránaíochta agus Ceoil na hÉireann linn le hinsint dúinn faoi imeachtaí ar siúl ag an Institiúid mar chuid d'Fhéile Douglass agus imeachtaí uile na seachtaine - comhráite faoi chine, imirce + go leor eile. A...
Clár 283 - 2021 - Raidió na Life 02.02.2021 27:40
Ar an gclár seo bhí Anthony Cummins, comhláithreoir liom ar Raidió na Life ag labhairt linn faoina shaol sa Mhalaeisia - a chuid oibre le hOllscoil Perdana, an Ghaeilge ann, an ceol Gaelach in Oirdheisceart na hÁise & a chlár féin Gach Treo.
Clár 282 - 2021 - Raidió na Life 26.01.2021 25:22
Ar an gclár seo bhí Ola Majekodunmi ó Bhord na Féile Máthairtheangacha linn le labhairt faoin gcampa teangacha a d'eagraigh an eagraíocht le déanaí agus tionscnaimh éagsúla Máthairtheangacha! Chomh maith leis sin beidh Sinéad Ní Mhuirí ag insint dúinn faoina scoláireacht Fulbright ag Ollscoil Connecticut, ag múineadh ón mbaile agus go leor eile!
Clár 281 - 2021 - Raidió na Life 19.01.2021 30:15
Ar an gclár seo bhí Ronan Mac Uidhir i mBeirlín na Gearmáine ag labhairt faoi "Gaeilge Gym" agus na pobail éagsúla teangach atá á dtarraingt le chéile aige ar líne agus Seanachán Ó Cinnéide linn le hinsint dúinn faoina gcúrsaí Gaeilge Comhrá le Chéile, insealbhú Biden amárach, foréigean i bhfoirgneamh an Chaipitil le déanaí agus eile.
Clár 280 - 2021 - Raidió na Life 12.01.2021 27:15
Ar an gclár seo labhair Aindriú Ó Ciardha linn ó Oirthuaisceart na Stát Aontaithe faoin bhforéigean i Washington DC an tseachtain seo caite ag Foirgneamh an Chapitil agus cúrsaí Gaeilge agus eile le Gaeilgeoirí Philadelphia. Chomh maith leis sin chulamar ó Aedraen Ó Dubhghaill, PríomhOifigeach Forbartha le Coláiste Lurgan a d'inis dúinn faoin bhfíseán ceoil seo a rinne luch Lurgan le grúpa ón mBre...
Clár 279 - 2021 - Raidió na Life 05.01.2021 27:20
Ar an gclár seo labhair Caoimhe Nic Giollarnáith linn faoina saol i Nua Eabhrac - ó chúrsaí scannánaíochta go cúrsaí Gaeilge, a tuairimí faoi thodhchaí na Stát Aontaithe agus eile.
Clár 278 - 2020 - Raidió na Life 29.12.2020 26:01
Ar an gclár seo cuimhnímid siar ar bhliain eile de Fada is Fairsing le haíonna éagsúla ar fud fad na cruinne, agus labhraímid le Daniel McWilliams faoin bhfeachtas cíbearGhaeltachta Trasna na dTonnta a bhí ar siúl den dara huair arís i mbliana ón 14-18 Nollaig 2020.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.