teicneoir@raidionalife.ie

Fada is Fairsing

News GA ↓ 439 episodes

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...

Author

teicneoir@raidionalife.ie

Category

News

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Sep 30, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Clár 277 - 2020 - Raidió na Life 22.12.2020

Ar an gclár seo labhair Dubhán Ó Longáin linn, a bhfuil cnuasach filíochta foilsithe aige le gairid le Coiscéim, 'IDEO Locator' - le dánta faoi Auschwitz, grá, dúchas agus slamfhilíocht a rinne sé ag Féile Liú Lunasa Eolas- www.litriocht.com/táirge/ideo-locator/?lang=en . Chomh maith leis sin chualamar ceol ón snagcheoltóir Séan McCluskey, as Boston agus lonnaithe i Nua Eabhrac.

Clár 276 - 2020 - Raidió na Life 15.12.2020

Ar an gclár seo labhair Séan McCluskey, as Boston agus lonnaithe i Nua Eabhrac, linn faoina chuid snagcheol agus a albam is deireanaí Stories, agus cloisfimid a leagan de Báidín Fheidhlimí ar an gclár. Chomh maith leis sin chualamar ó Chaitríona Weafer faoin toghchán i Virginia agus a tuairimí féin faoi thodhchaí SAM.

Clár 275 - 2020 - Raidió na Life 01.12.2020

Ar an gclár seo labhair Mícheál Curtin linn faoi Thoghchán Uachtaránachta SAM 2020 agus an saol i Nua Eabhrac ó shin. Chomh maith leis sin bhí Aisling Ní Chatháin, atheangaire leis an gCoimisiún Eorpach, ag labhairt linn faoina gairm, faoi dheiseanna d'Éireannaigh sna hInstitiúidí Eorpacha, an saol sa Bhruiséil agus go leor eile.

Clár 274 - 2020 - Raidió na Life 24.11.2020

Clár speisialta a bhí anseo le Seanán Ó Coistín as Cill Dara a chónaíonn i dTrier na Gearmáine agus a oibríonn i gcúrsaí aistriúcháin le hInstitiúidí an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg. Labhair sé linn faoin saol i dTrier, cúlra ainm na háite (nasc leis an bhfocal Gaeilge treibh!), a chuid oibre agus a thionscnaimh buachaill.com agus tomhaltoir.com

Clár 273 - 2020 - Raidió na Life 17.11.2020

Seo an dara clár againn de shraith speisialta agallamh agus tuairiscí ar Thoghchán Uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar an gclár seo chualamar anailís agus tuairimíocht ó Bhrian Ó Conchubhair, Ollamh in Indiana faoi chúrsaí ina stát féin agus ó Shiobhán Ní Chíobháin i gcathair Nua Eabhrac faoi chúrsaí san Úll Mhór (!) sna seachtainí anuas agus a heispéireas féin den toghchán.

Clár 272 - 2020 - Raidió na Life 10.11.2020

Seo an chéad chlár againn de shraith speisialta agallamh agus tuairiscí ar Thoghchán Uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar an gclár seo chualamar anailís agus tuairimíocht ó Bhrian Ó Broin, Ollamh i Nua-Jersey faoi chúrsaí ina stát féin, na héagsúlachtaí a bhain le toghchán na bliana seo i gcomparáid le blianta eile agus an baol foréigin agus léirsithe atá ann anois ón méid a thit amach.

Clár 271 - 2020 - Raidió na Life 27.10.2020

Ar an gclár seo labhair Colmcille Ó Monacháin linn ó Bhruiséil na Beilge faoina bhua Gradam de Bhaldraithe 2020 dá leabhar 'Ar luch agus ar dhuine', aistriúchán den leabhar Of Mice and Men lonnaithe i gCalafóirne sna 30í . Chomh maith leis sin beidh beidh Leifteanant Aifric Gallagher, an Captaen Diarmuid Ó Céidigh agus eitleoir, Stevie gleeson ó Óglaigh na hÉireann ag labhairt linn óna misean sa t...

Clár 270 - 2020 - Raidió na Life 13.10.2020

Ar an gclár seo labhair Niall Ó Siadhail ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag linn faoina gcuid imeachtaí i rith na paindéime, a bpodchraoladh nua 'Nuacht Mhall' agus conas mar atá cúrsaí sa Ríocht Aontaithe faoi láthair. Chomh maith leis sin labhair Laura Gaynor linn faoin bhféile scannáin Her International a d'eagraigh grúpa déagóirí ar líne.

Clár 269 - 2020 - Raidió na Life 06.10.2020

Ar an gclár seo labhair Eimear Ní Bhroin linn ó Oifig áitiúil an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn faoi Sheimineár Gréasáin a bhfuil a hoifig ag cur ar siúl i gcomhpháirt le hOireachtas na Gaeilge agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le deiseanna fostaíochta leis an Aontas Eorpach. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne mé tamall ó shin le Robert Henneberg ó C...

Clár 268 - 2020 - Raidió na Life 29.09.2020

Ar an gclár seo, labhair Dónall Ó Braonáin, Stiúrthóir Acadúil na Gaeilge Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge OÉG linn faoin seimineár idirnáisiúnta ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain a chuir an Ollscoil ar siúl ar líne le rannpháirtithe ó thíortha i bhfad is i gcéin le déanaí. Chomh maith leis sin labhair Eoin Ó Catháin linn faoi Thoghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe atá 5 seachtaine uainn...

Clár 267 - 2020 - Raidió na Life 22.09.2020

Ar an gclár seo bhí Deirdre Ní Mhurchú ag labhairt linn faoina scoláireacht Fulbright in Ollscoil Gonzags i Stát Washington agus faoin seimineár gréasáin ar ghlac sí páirt ann le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Robert Henneberg ó Chonradh na Gaeilge Beirlín a bhog go hÉirinn ó Bheirlín na Gearmáine le déanaí le dul i mbun oibre le hAmbasáid na Gearmáine in Éirinn.

Clár 266 - 2020 - Raidió na Life 15.09.2020

Ar an gclár seo, bhí Ellen Corbett ag labhairt linn faoina scoláireacht Fulbright in Ollscoil Montana agus faoin seimineár gréasáin ar ghlac sí páirt ann le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Emma Verling, taighdeoir iardhochtúireachta san éiceolaíocht muirí i gColáiste na hOllscoile Chorcaí faoina cuid taighde anseo in Éirinn, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, agus an chaint a thug sí mar...

Clár 265 - 2020 - Raidió na Life 08.09.2020

Ar an gclár seo labhair Marcas Mac an Tuairneir linn ón Albain agus é ag labhairt linn (as Gaeilge agus Gàidhlig) faoin imeacht 'Srubag' ar líne agus faoina chuid filíochta. Chomh maith leis sin labhair Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann faoi shraith seimineár gréasáin atá á dhéanamh ag Fulbright chun a gcuid scoláireachtaí a fhógairt.

Clár 264 - 2020 - Raidió na Life 01.09.2020

Ar an gclár seo labhair Gregóir Ó Dáire linn faoina chuid ama ag teagasc i mBrest agus a aistriú go dtí an Danmhairg. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le éistfimid siar le hagallamh a rinne mé le gairid le Eoin McEvoy agus é ag insint dúinn faoi Lá Idirnáisiúnta i gcoinne homafóibe, défhóibe, idirghnéasachais agus trasfóibe agus an grúpa Gaeil ladta+ an Queercal Comhrá.

Clár 263 - 2020 - Raidió na Life 25.08.2020

Ar an gclár seo labhair Shane Hennessy linn faoi Fhéile na nGael Milwaukee agus na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le saol an cheoltóra i rith paindéim an choróinvíris. Chomh maith leis sin bhí Siothrún Sardina linn le labhairt faoi chúrsaí Gaeilge agus a Phop up Gaeltacht i San Diego, agus eile.

Clár 262 - 2020 - Raidió na Life 18.08.2020

Clár speisialta ar Fhéile na nGael Milwaukee a bhí anseo - ar líne i mbliana toisc paindéim Covid_19. Chualamar ó Mháire Ní Chéileachair faoi chúrsaí ceoil agus ó Ray Mac Manais faoi stair na féile agus naisc le hOireachtas na Gaeilge.

Clár 261 - 2020 - Raidió na Life 11.08.2020

Ar an gclár seo bhí Pa Sheehan ag caint linn faoina bpodchraoladh úr "Ar Imeall na Cearnóige" agus a aistriú go Toronto Ceanada chun tabhairt faoi scoláireacht ICUF. Chomh maith leis sin labhair Donal Regan linn faoi chúrsaí Gaeilge i gColorado, a shaol féin ó Londain go Cill Dara go California go Colorado!

Clár 259 - 2020 - Raidió na Life 14.07.2020

Ar an gclár seo labhair Fran Mulraney linn ó Nua Eabhrac faoina ballraíocht boird den ghrúpa Scríbhneoirí agus Ealaíontóirí Gaeil Mheiriceánacha agus cúrsaí sna Stáit Aontaithe faoi láthair. Chomh maith leis sin chualamar ó Mhícheál von Spiegel i Philadelphia, Coill Penn faoin ngrúpa Gael ansin agus a shaol féin.

Clár 258 - 2020 - Raidió na Life 07.07.2020

Clár speisialta é seo le Galt Barber, a bheirt mhic Conall agus Tadhg, agus a bhean Janet atá ag cur fúthu gar do San Francisco, California na Stát Aontaithe. Labhraíomar faoina saol ansin, lena gclann á thógáil trí Ghaeilge, ciníochas agus éirí aníos na ndaoine gorm faoi láthair i SAM agus go leor eile.

Clár 257 - 2020 - Raidió na Life 23.06.2020

Ar an gclár seo, labhraíomar le Martha Wright i New Jersey na SA ag labhairt linn faoina saol ansin, éirí aníos #BlackLivesMatter, paindéim #Covid_19 agus eile. Chomh maith leis sin bhí Noelle O Connell ó Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt faoin bpaindéim agus an Eoraip, obair na heagraíochta agus eile.

Clár 256 - 2020 - Raidió na Life 16.06.2020

Ar an gclár seo chualamar ó Audrey Nickel i gCalifornia faoi na léirsuithe thall ansin agus ar fud na Stát Aontaithe ar son an phobail ghoirm faoi láthair. Chomh maith leis sin chualamar an dara cuid d'agallamh a rinne mé le Seán Ó Coistealbha i Muintearas i gConamara faoi na tionscnaimh éagsúla atá á reachtáil acu le daoine ar fud na cruinne ar líne i láthair na huaire.

Clár 255 - 2020 - Raidió na Life 09.06.2020

Ar an gclár seo bhí Matt Holmberg i mBostún linn le labhairt faoi bhás George Floyd agus éirí amach #BlackLivesMattter timpeall ar na Stáit Aontaithe le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Sheán Ó Coistealbha i Muintearas i gConamara faoi thionscnamh a rinne siad le Foras na Gaeilge chun scéal fiannaíochta ó Oileán Leodhais a roinnt ar líne agus tionscnaimh eile le daoine ar fud na cruinne ar...

Clár 254 - 2020 - Raidió na Life 02.06.2020

Ar an gclár seo bhí Clár Ní Bhuachalla, Stiúrthóir Gaeltacht UCD i gCOBÁC ag labhairt linn faoi obair a hoifige in aimsir #covid-19 agus eile. Chomh maith leis sin bhí Mícheál Ó Conaire ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag labhairt linn faoi oscailt comórtas d'intéirneachtaí in institiúidí na hEorpa, maoinithe ag an Roinn.

Clár 253 - 2020 - Raidió na Life 26.05.2020

Ar an gclár seo bhí Eoin McEvoy ag labhairt linn faoin Lá Idirnáisiúnta i gcoinne homafóibe, défhóibe, idirghnéasachais agus trasfóibe agus an grúpa an Queercal Comhrá anseo in Éirinn. Chomh maith leis sin bhí Seáinín Mac Conraí ag labhairt linn faoi Ghaeil Brattleboro Vermont - conas atá ag éirí leo i rith pandéim #COVID19 , a gcuid imeachtaí ar líne, obair Sheáinín in oispidéal i Vermont agus ei...

Clár 252 - 2020 - Raidió na Life 19.05.2020

Ar an gclár seo bhí Maitiú Ó Coimín, eagarthóir Nós ag caint linn faoin scéal seo- bailiúchán airgid in Éirinn mar bhuíochas don phobal bundúchasach Navachóch agus Hóipeach i Meiriceá Thuaidh mar chúnamh agus an pobal buailte go dona leis an gcoróinivíreas. Chomh maith leis sin, bhí Pa Sheehan ag labhairt linn faoin saol i dTalamh an Éisc, Ceanada faoi láthair agus a phleananna bogadh go Toronto a...

Listen to the Fada is Fairsing podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.