teicneoir@raidionalife.ie
Fada is Fairsing
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...
Author
teicneoir@raidionalife.ie
Category
Podcast website
Latest episode
Sep 30, 2025
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Clár 251 - 2020 - Raidió na Life 12.05.2020 29:22
Ar an gclár seo bhí Karen Reshkin ag labhairt linn faoina saol i Palatine, Illinois leis an gcoróinvireas, Gaeil Chicago ar líne, an caora cliste agus eile! Chomh maith leis sin, bhí Ian Mac Gabhann ag labhairt linn faoi conas mar a d'éirigh leis an bhfeachtas #trasnanadtonnta le gairid!
Clár 250 - 2020 - Raidió na Life 05.05.2020 30:36
Ar an gclár seo labhair Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann linn faoi chlár Fulbright agus conas atá ag éirí leis in aimsir géarchéime. Chomh maith leis sin, bhí James McDonald ag labhairt linn faoin saol i Londain Shasana faoi láthair, Conradh na Gaeilge i Londain, an cóir Gaelic Voices agus eile!
Clár 249 - 2020 - Raidió na Life 28.04.2020 29:33
Ar an gclár seo labhair mé le Caitríona Weafer faoi chúrsaí thall i Virginia na Stát Aontaithe faoi láthair agus le Colleen Ní Chairmhic faoina cuid oibre leis an dlí trí Ghaeilge i Nua Eabhrac!
Clár 248 - 2020 - Raidió na Life 21.04.2020 33:54
Ar ár gcéad chlár de Fada is Fairsing taifeadta ón mbaile i rith géarchéim an choróin víris, labhair mé le m'iarchomhláithreoir ar an gclár Eoin Ó Catháin faoi chúrsaí thall i mBruiséil na Beilge agus le hEvin Ó Dúnaigh ó Chonradh na Gaeilge Glaschú faoi chúrsaí san Albain - ranganna Gaeilge an Chonartha ar líne agus eile!
Clár 247 - 2020 - Raidió na Life 18.02.2020 28:42
Ar an gclár seo bhí Ciarán Ó Muirthile ó Aidlink Ireland ag labhairt linn faoin gcatharnacht agus a gcuid oibre. Chomh maith leis sin bhí Tony Duffy ag labhairt linn faoina chuid oibre thall sa tSín ach é bheith sáinnithe sa mbaile anois toisc an coróinvíreas agus ar deireadh bhí Brian Ó Éigeartaigh linn ó Fheachtas Comhbhá na hÉireann leis an bPalaistín le labhairt faoin bhfeachtas agus faoin oíc...
Clár 246 - 2020 - Raidió na Life 11.02.2020 23:03
Ar an gclár seo bhí Kate Cunningham ag labhairt linn faoi Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath ar siúl 26 Feabhra - 8 Márta 2020. Chomh maith leis sin bhí Gwyneth Ní Aidicín Ní Loinsigh linn ó Londain Shasana áit ar eagraigh sí Pop Up Gaeltacht ag an deireadh seachtaine i ndiaidh ceolchoirme de chuid Kneecap sa chathair!
Clár 245 - 2020 - Raidió na Life 04.02.2020 28:41
Ar an gclár seo bhí Somhairle Mag Uidhir ó Raidió Fáilte atá caint linn faoin mBreatimeacht agus cúrsaí ó thuaidh ceithre lá tar éis don Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne an tOllamh Kevin Scannell linn le gairid tar éis dó bogadh go Gaillimh chun scoláireacht Fulbright a dhéanamh ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCe...
Clár 244 - 2020 - Raidió na Life 28.01.2020 30:22
Ar an gclár seo bhí an Dr Muireann Ní Raghallaigh ón gColáiste Ollscoile BÁC ag labhairt linn faoina cuid taighde agus cás na dteifeach ag teacht isteach go hÉirinn i láthair na huaire. Chomh maith leis sin bhí Katie Roskams ag labhairt linn ó Northumberland Shasana faoin gcúrsa cianfhoghlama sa Ghaeilge Fheidhmeach atá á dhéanamh aici óna baile i Sasana le Gaeilge OÉG. Ar deireadh bhí Ola Majekod...
Clár 243 - 2020 - Raidió na Life 21.01.2020 25:56
Ar an gclár seo bhí Síne Nic an Ailí linn le labhairt faoi imeacht a bhí ar siúl Dé Sathairn mar chuid den fhéile Máthairtheangacha le file ón mBrasaíl. Chomh maith leis sin beidh bhí Breeda Bonner ag labhairt linn faoi cheiliúradh Lá Fhéile Bríde a bheas ar siúl i gCluain Dolcáin le Áras Chrónáin agus timpeall ar an mbruachbhaile, agus faoin bpobal ilchultúrtha atá ag fás ann anois.
Clár 242 - 2020 - Raidió na Life 14.01.2020 29:24
Ar an gclár seo bhí an Dr Neil Comer ó Ollscoil Ulaidh ag labhairt linn faoin gcúrsa úr, MA san Aistriúchán agus scileanna gairmiúla teanga san ollscoil. Chomh maith leis sin beidh bhí Tomaí Ó Conghaile ag labhairt linn faoi Ghradaim Nós 2020 agus a chuid ama thar sáile sa Bhruiséil ag obair leis an gCoimisiún ag aistriú.
Clár 241 - 2020 - Raidió na Life 07.01.2020 26:06
Ar an gclár seo bhí an tOllamh Kevin Scannell atá díreach tar éis bogadh go Gaillimh chun scoláireacht Fulbright a dhéanamh ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ag labhairt linn faoina scoláireacht agus a chuid taighde faoin nGaeilge ar líne agus eile. Chomh maith leis sin bhí Ciarán Mac Guill ag labhairt linn faoin nGaeltacht sur Seine - grúpa Gael i bPáras na Fraince - a gcui...
Clár 240 - 2019 - Raidió na Life 17.12.2019 25:27
Ar an gclár seo labhair Rowan Sherlock linn faoin gCumann Catharnachta Éireannach i dTalamh an Éisc. Chomh maith leis sin bhí Síne Nic an Ailí ag labhairt linn faoin eagraíocht agus an fhéile Mother Tongues Ireland.
Clár 239 - 2019 - Raidió na Life 10.12.2019 29:11
Ar an gclár seo labhair an Dr Pádraig Ó Duibhir linn faoina chuid taighde sochtheangeolaíochta - ó chás na Gaeilge go cás na Breatnaise is eile. Chomh maith leis sin bhí Seaghan Mac An tSionnaigh linn le labhairt faoin aonach mór leabhar agus ceoil Durango-ko Azoka ar fhreastail sé air i nDurango, Tír na mBascach le gairid.
Clár 238 - 2019 - Raidió na Life 03.12.2019 27:36
Ar an gclár seo bhreathnaíomar siar ar Fhéile Altaithe in agallamh a rinne mé le Síobhra Aiken agus Pádraig Mac Mathúna ag Dinnéar Altaithe Chumann Iarscoláirí Fulbright na hÉireann i Luimneach Dé hAoine. Chomh maith leis sin bhí Cristóir Mooney agus Pamaladh Uí Néill linn ón Astráil (Hastings agus Syndey) le labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge ina mbailte féin agus timpeall na hAstráile.
Clár 237 - 2019 - Raidió na Life 26.11.2019 27:45
Ar an gclár seo bhí Síne Nic an Ailí ó Chultúr Club Conradh na Gaeilge ag labhairt linn faoina cuid taistil le déanaí go grúpaí ar fud na cruinne- grúpa Gaeilge in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha san áireamh! Chomh maith leis sin bhí Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann ag labhairt linn oscailt chomórtas do mhic léinn dul chun na Stáit Aontaithe ar scoláireachtaí SUSI.
Clár 236 - 2019 - Raidió na Life 12.11.2019 32:02
Ar an gclár seo, bhí Cuan Ó Seireadáin ag caint faoina leabhar nuafhoilsithe 'Douglas Hyde: The American Journey' agus na seoltaí a bhí ar siúl sna Stáit Aontaithe agus a bheidh ar siúl in Éirinn. Chomh maith leis sin chulamar pacáiste agallamh a rinne mé le Niall Ó Siadhail, Pól Batley agus Alannah Ní Ghallchobair ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag Oideas Gael le déanaí faoi chúrsaí Gaeilge i Lon...
Clár 235 - 2019 - Raidió na Life 02.11.2019 57:35
Clár speisialta de Fada is Fairsing é seo beo ó Oireachtas na Samhna 2019 le haíonna rialta an chláir tagtha ó i bhfad go hÉirinn a bheith linn don fhéile! Bhí Karen Reshkin agus Mike O'Regan linn ó Ghaeil Chicago, Indiana na S.A.; Scott Oser linn ó Vancouver Ceanada, Eoin Ó Catháin abhaile ón mBruiséil agus James McDonald ó Chonradh na Gaeilge i Londain.
Clár 234 - 2019 - Raidió na Life 22.10.2019 25:52
Ar an gclár seo bhí an tOllamh Gearóid Ó hAllmhurain ag labhairt linn faoin bhfolúntas atá ann do léachtóir Gaeilge in Ollscoil Concordia faoi láthair. Chomh maith leis sin bhí an tOllamh Regina Uí Chollatáin ón gColáiste Oscoile BÁC ag labhairt linn faoin gComhoibriú nua idir COBÁC agus Beijing Foreign Studies University sa tSín.
Clár 233 - 2019 - Raidió na Life 15.10.2019 26:41
Ar an gclár seo bhí bhí Séamas Ó Neachtain agus Niall Gordon ag labhairt linn faoi An Gael - Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge agus an Ghàidhlig ann - litríocht ó Niall le déanaí - roinnt Gáidhlige ó Niall ar an gclár.
Clár 232 - 2019 - Raidió na Life 08.10.2019 30:53
Ar an gclár seo bhí Paula Melvin ag labhairt linn faoi chomórtas scoláireachtaí Fulbright. Ansin bhí Barra Ó Scanláin ag labhairt linn faoin deireadh seachtaine Gaeilge atá á eagrú aige thall i Vancouver Ceanada. Chomh maith leis sin bhí Noelle O Connell, Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi obair a heagraíochta níos lú ná 4 seachtaine roimh an mBreatimeacht agus eile!
Clár 231 - 2019 - Raidió na Life 01.10.2019 26:00
CAr an gclár seo bhí Pa Sheehan ag labhairt linn faoin scoláireacht ICUF atá idir lámha aige i dTalamh an Éisc faoi láthair. Chomh maith leis sin, bhí Paula Melvin ag labhairt linn faoi oscailt scoláireachtaí Fulbright 2020-2021.
Clár 230 - 2019 - Raidió na Life 24.09.2019 29:33
Clár speisialta a bhí anseo faoi Ghaeil Ollscoil Connecticut na SAM. Bhí Sinéad Ní Mhuirí ag labhairt linn faoi bheith mar scoláire Fulbright ann agus bhí Brendan Kane agus Emmett de Barra ag labhairt linn faoi léamh.org agus eile san ollscoil.
Clár 228 - 2019 - Raidió na Life 10.09.2019 26:35
Ar an gclár seo bhí Máire Ní Mhaonaigh ó Ollscoil Cambridge ag labhairt linn faoin bhfoclóir eDIL agus an 500 focal nua Gaeilge ar tháinig sí agus a comhghleacaithe ansin agus in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste orthu- tuilleadh ag: bit.ly/2kkFcrr .Chomh maith leis sin bhí Eoin Ó Catháin ag labhairt linn ón mBruiséil faoin scéal is deireanaí maidir leis an mBreatimeacht.
Clár 227 - 2019 - Raidió na Life 27.08.2019 26:35
Ar an gclár seo bhí Karen Reshkin ag labhairt linn faoin gcaint a thug sí féin agus Dineen Grow ag an gCeardlann Gaeilge ag an Milwaukee Irish Fest le gairid faoi conas rang Gaeilge a thosú. Chomh maith leis sin bhí Fran Mulraney ó Irish Central ag labhairt linn faoin "#popupgaeltacht is mó ar domhan" i Nua Eabhrac!
Clár 226 - 2019 - Raidió na Life 20.08.2019 25:47
Ar an gclár seo labhair Bláth de Burca linn faoin sraith cainteanna ar fheimeanachas atá á eagrú aici mar chuid d'Fhéile Fringe Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin bhí Sara McNamara linn ó Chomhaltas ag labhairt linn faoi Fhleadh Cheoil 2019 i nDroichead Átha, na daoine ó gach cearn den domhan a bhí i láthair aige - daoine ó chraobhacha idirnáisiúnta Comhaltas ina measc.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.