teicneoir@raidionalife.ie
Fada is Fairsing
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...
Author
teicneoir@raidionalife.ie
Category
Podcast website
Latest episode
Sep 30, 2025
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Clár 225 - 2019 - Raidió na Life 13.08.2019 24:49
Ar an gclár seo bhí Pádraig Ó Baoighill ag labhairt linn faoi léacht a thug sé le Conradh na Gaeilge Glaschú i mí an Mheithimh in ómós do Sheán Ó Fiannaí faoi stair 'An tUltach'; chualamar faoi shaol Pádraig féin i nGlaschú, faoi Sheán agus faoin léacht. Chomh maith leis sin beidh Stiúrthóir Forbairt Cluichí an CLG Pat Daly ag labhairt linn faoi Chluichí Domhanda an CLG a bhí ar siúl i bPort Láirg...
Clár 224 - 2019 - Raidió na Life 30.07.2019 28:01
Clár speisialta faoi Ghaeil Cheanada a bhí anseo! Bhí Barra Ó Scanláin ag labhairt linn faoin deireadh seachtaine Gaeilge atá á eagrú aige thall i Vancouver Ceanada -https://www.eventbrite.ca/e/vancouver-irish-language-weekend-tickets-60556850169. Chomh maith leis sin bhí Ian Mac Gabhann ag labhairt linn faoin scoláire seo ón Mohawk Nation, Taho Cross a tháinig go hÉirinn le gairid chun cúrsa Gaei...
Clár 223 - 2019 - Raidió na Life 23.07.2019 27:32
Ar an gclár seo bhí iarchraoltóir Meon na mBan, Brónagh Ní Chuilinn linn ag labhairt faoina cuid taisteal timpeall na hÁise agus a háit chónaithe nua san Astráil. Chomh maith leis sin bhí Aneta Mlckovská ó Leipzig na Gearmáine ag labhairt linn faoina turas timpeall ar Éirinn an samhradh seo.
Clár 222 - 2019 - Raidió na Life 16.07.2019 27:20
Ar an gclár seo bhí Emma de Paor ag labhairt linn ó Ollscoil Leipzig áit a bhfuil sí ag múineadh Gaeilge le ERIU Leipzig, faoi chuairt a thug an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn ar an ollscoil le déanaí agus eile. Chomh maith leis sin bhí Marlena Gawlik ag labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge in Ollscoil Szeczecin sa Pholainn, agus bhí píosa a rinne mé le Chris Hickson múinteoir bunscoile i nGaelscoil...
Clár 221 - 2019 - Raidió na Life 25.06.2019 25:15
Ar an gclár seo labhair muid le Robert Henneberg i mBeirlín na Gearmáine faoi Conradh na Gaeilge Bheirlín, Cluichí Domhanda an CLG agus eile. Chomh maith leis sin bhí Paula Melvin ag labhairt linn faoina bainis dochreidte i bPáirc Yosemite California le déanaí!
Clár 220 - 2019 - Raidió na Life 04.06.2019 30:10
Ar an gclár seo, labhair Somhairle Mag Uidhir linn faoi éirí as Theresa May, Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019 ó thuaidh agus cúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt le deireanas. Chomh maith leis sin bhí Evin Ó Dúnaigh linn ó Chonradh na Gaeilge Glaschú ag labhairt faoi Phop-Up Gaeltacht na Breataine agus Féile Gaeilge Glaschú.
Clár 219 - 2019 - Raidió na Life 28.05.2019 28:08
Ar an gclár seo bhí Noelle Ó Connell, Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019 agus éirí as Theresa May. Chomh maith leis sin bhí Peadar Ó Caomhánaigh ó Pháirtí an Chomhaontas Glas ag labhairt linn faoina bhua féin sna Toghcháin Áitiúla agus bua Ciarán Cuffe sna Toghcháin Eorpacha.
Clár 218 - 2019 - Raidió na Life 21.05.2019 25:16
Clár speisialta a bhí anseo inar bhreathnigh muid ar Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019. Bhí Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge ag labhairt linn faoin bhfeachtas #GaelVóta de chuid an Chonartha. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne Séamas Ó Meachair linn ag tráth na gceist de chuid Oifig Pharlaimint na hEorpa in Éirinn agus Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn i gCl...
Clár 215 - 2019 - Raidió na Life 30.04.2019 25:54
Ar an gclár seo bhí Seaghan Mac An TSionnaigh ag labhairt linn faoin bhféile iontach Bendigeidfran https://www.facebook.com/events/292746674765850/?ti=cl a bhí ar siúl sa Bhreatain Bheag ag an deireadh seachtaine agus an píosa focal ó bhéal a rinne sé féin ag an bhféile le file Breatnach. Chomh maith leis sin bhí Eoin P. Ó Murchú ag labhairt linn faoin bpíosa a rinne sé féin ag an bhféile faoi Gae...
Clár 214 - 2019 - Raidió na Life 16.04.2019 21:31
Ar an gclár seo chualamar ó Noelle O'Connell Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn faoi obair a heagraíochta roimh Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, in aimsir na Breatimeachta agus eile. Chomh maith leis sin chualamar ó Rónán Mistéil faoi chaint a thug an Dr Geordanne Nordstrom as Hawaii an tseachtain seo caite i gConradh na Gaeilge i mBÁC dar teideal "Dia duit Hawaiian" inar chuir sí an Gha...
Clár 216 - 2019 - Raidió na Life 16.04.2019 29:30
Ar an gclár seo labhair James McDonald linn faoi fhéile Gaelic Voices Festival 2019 ar siúl ag London Irish Centre agus Conradh na Gaeilge i Londain ar an 18 Bealtaine agus Pop UP Gaeltacht leis! Chomh maith leis sin bhí Niamh Ní Shúilleabháin ag labhairt linn faoi ionsaí sceimhlitheoireachta Sri Lanka a tharla le déanaí agus í thall ansin i mbun taistil.
Clár 213 - 2019 - Raidió na Life 09.04.2019 24:50
Ar an gclár seo bhí Jim Maher linn ag labhairt faoi Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa ar an 24 Bealtaine agus tráth na gceist a d'eagraigh sé féin agus hOifig Pharlaimint na hEorpa in Éirinn le déanaí i gClub Chonradh na Gaeilge. Chomh maith leis sin bhí Diarmuid Breathnach linn ag labhairt faoi chúrsaí polaitíochta agus cultúir i dTír na mBascach tar éis dó cuairt a thabhairt uirthi le déanaí.
Clár 212 - 2019 - Raidió na Life 26.03.2019 26:34
Ar an gclár seo bhí Oisín Mac Conamhna ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag labhairt linn faoi léacht a bheas ar siúl san ionad ar an 30 Aibreán agus faoin mBreatimeacht agus an mórshiúl ina coinne. Chomh maith leis sin bhí Karl Birthistle ag labhairt linn faoina shaol san Eilbhéis agus cúrsaí Gaeilge ann.
Clár 211 - 2019 - Raidió na Life 19.03.2019 24:22
Ar an gclár seo bhí an t-Ollamh Aoibheann Ní Dhonnchadha ó Institiúd Ard-léinn Bhaile Átha Cliath linn a d'oibrigh ar thaighde spéisiúil a tháinig chun cinn i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoi naisc idir dochtúirí meánaoiseacha in Éirinn agus Persia.https://www.irishexaminer.com/breakingnews/ireland/15th-century-manuscript-reveals-links-between-gaelic-ireland-and-muslim-world-908545.html Chomh...
Clár 210 - 2019 - Raidió na Life 05.03.2019 29:17
Ar an gclár seo bhí Diarmuid Ó Mathúna ag labhairt linn ó El Salvador agus é i mbun taistil timpeall ar Mheiriceá Theas ag trácht ar a bhlag MO Food , a chuid taistil agus an bia ann; chomh maith leis sin bhí Sinéad Ní Dhroma ag labhairt linn faoi ghrúpa nua de mhúinteoirí Gaeilge atá ag teacht le chéile faoin teideal An Gréasán. Bhí Pádraig Ó Mathúna linn freisin le labhairt faoi Ard Fheis Chonra...
Clár 209 - 2019 - Raidió na Life 19.02.2019 25:50
Ar an gclár seo, bhí Patrick McCafferty linn le hinsint dúinn faoi chúrsaí Gaeilge agus mionteangacha in Ollscoil Leipzig sa Ghearmáin. Chomh maith leis sin bhí Julie de Brún ag labhairt linn faoin bhFéile Máthairtheangacaha/ Mother Tongues a bheas ar siúl ar an 2/3 Márta 2019.
Clár 208 - 2019 - Raidió na Life 05.02.2019 25:12
Ar an gclár seo bhí an comhairleoir Éilis Ryan ó Pháirtí na n-Oibrithe linn le labhairt faoin gcorraíl i Venezuela faoi láthair agus an feachtasaíocht in Éirinn mar thacaíocht. Chomh maith leis sin labhair Aneta Mlckovská linn ó Leipzig na Gearmáine faoi chúrsaí Gaeilge in Ollscoil Leipzig agus eile. Ar deireadh labhraíomar faoi sheoladh #TrasnanadTonnta 2019 i mBÁC.
Clár 207 - 2019 - Raidió na Life 22.01.2019 30:41
Ar an gclár seo chualamar ó láithreoir Raidió na Life Cóilín Ó Dubhthaigh a bhí thall sna Stáit Aontaithe le gairid do Chomórtas Náisiúnta Iománaíochta na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin chualamar ó Ian Mac Gabhann faoin bhfeachtas Trasna na dTonnta atá ag dul ó neart go neart le deireanas!
Clár 206 - 2019 - Raidió na Life 15.01.2019 26:44
Ar an gclár seo chualamar ó Shéamus Ó Fianghusa i Nua Eabhrac faoin scéal seo - a mhadra míleata le baint uaidh agus a fheachtas ina choinne bit.ly/2stCznj. Chomh maith leis sin bhí Clár Ní Shúilleabháin linn le hinsint dúinn faoi ranganna #Gaeilge agus imeachtaí eile de chuid Ionad Éireannach Londain.
Clár 205 - 2019 - Raidió na Life 08.01.2019 30:02
Ar an gclár seo bhí Gráinne Ní Ghillín ag labhairt linn ón India faoi na milliúin ban a sheas le chéile ar lorg comhionannais inscne, an méid a thit amach ó shin agus faoina turas féin ar shaoire mhachnaimh sa tír. Chomh maith leis sin bhí an Dr Mairéad Nic Giolla Mhichíl ó Fiontar in Ollscoil Chathair BhÁC ag labhairt linn faoi Fáilte ar líne www.failteonline.ie - ranganna Gaeilge saor in aisce a...
Clár 203 - 2018 - Raidió na Life 18.12.2018 27:04
Ar an gclár seo bhí Diarmuid Breatnach linn ag labhairt faoi na daoine sa Chatalóin atá ag troid don neamhspleáchas ón Spáinn- ó stailceanna ocrais go dtí grúpaí a thacaíonn leo anseo in Éirinn. Chomh maith leis sin bhí Katie Roskams linn ó Shasana le labhairt linn faoina turas foghlama teanga agus cúrsaí Breatimeachta.
Clár 202 - 2018 - Raidió na Life 11.12.2018 24:16
Ar an gclár seo bhí Mícheál Ó Muireagáin linn le hinsint dúinn faoi Phop UP Gaeltacht Hamburg mí Eanáir. Chomh maith leis sin bhí Becca Egan, Rós Dubai ag labhairt linn faoi faoin oíche mhór Chinn Bliana i Má Nuad atá á heagrú aicise agus ag lucht Rós Thrá Lí ar son Pieta House agus Jigsaw . www.facebook.com/events/488283148350511/?ti=cl
Clár 201 - 2018 - Raidió na Life 13.11.2018 26:36
Ar an gclár seo rinneamar ceiliúradh ar 200 clár de #FadaisFairsing! Ar an gclár, bhí scoláire iontach Fulbright John Prendergast ag labhairt linn faoin gcéad chlub iomána agus caide a bunaíodh in Ollscoil Notre Dame in Indiana na Stát Aontaithe an tseachtain seo caite. Chomh maith leis bhí Niall Ó Siadhail ag labhairt linn faoi dheireadh seachtaine Gaeilge Chonradh na Gaeilge i Londain ag deiread...
Clár 200 - 2018 - Raidió na Life 06.11.2018 26:43
Ar an gclár seo labhair Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn, Noelle O'Connell linn faoi obair EMI, Clár na Réalta Goirme, #WomenMeanBusiness, #womeninleadership agus eile. Chomh maith leis sin d'éisteamar le mír a rinne mé le Katie Roskams as Sasana ag cúrsa Gaeilge ag Oideas Gael i nDún na nGall le déanaí, agus ar deireadh bhí léiritheoir 'Gaeil UK', clár nua TG4, Seán Ó Cualáin ag labhai...
Clár 199 - 2018 - Raidió na Life 23.10.2018 25:03
Ar an gclár seo bhí Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide Áine Ní Shúilleabháin linn le labhairt faoi chuairt Chargé d'Affaires Ambasáid na Stát Aontaithe in Éirinn Reece Smyth ar an ollscoil le gairid. Chomh maith leis sin bhí Barra Ó Scannláin linn le hinsint dúinn faoin scoláireacht ICUF atá idir lámha aige in Ollscoil Alberta i gCeanada
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.