RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tús Áite

News GA ↓ 211 episodes

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Be sure to visit the podcast's website and support the creator: www.rte.ie

Author

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Category

News

Podcast website

www.rte.ie

Latest episode

Oct 5, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android almost 10M downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Tús Áite: Ionsaí na nDrón i Leipzig 02.09.2026

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha tar éis fios a chur ar ambasadóir na Rúise freastal ar chruinniú chun míniú a thabhairt ar thuairiscí faoi bhainta bheith ag an Rúis le hionsaí dróin ag aerfort Leipzig. Tá an tAontas Eorpach le gearán a dhéanamh leis an taidhleoir is sinsearaí de chuid na Rúise sa Bhruiséil mar gheall ar an eachtra. Labhair muid le Seán Ó Ceallaigh, Feisire Eorpach d’Éire Theas Fine...

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 02.09.2026

 Scéalta Polaitíochta an Lae á phlé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 01.09.2026

Scéalta Polaitíochta an Lae á phlé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Vóta Fórsa 01.09.2026

Vótáil baill Fórsa ar son mandáit a thabhairt don cheardchumann dul i mbun agóid thionsclaíoch mar chuid dá aighneas pá leis an rialtas. D’fhógair an ceardchumann san iarnóin inniu gur vótáil  96.6 % ar son an mholadh. Phléamar cúrsaí le Paul McSweeney, Leas Ard Rúnaí Fórsa.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Tithe Tábhairne na hÉireann i mbaol. 01.09.2026

Tá teach tabhairne amháin as gach ceithre chinn imithe as gnó ó 2005 i leith de réir tuarascáil nua. An t-eacnamaí Anthony Fley a d’ullmhaigh an tuarascáil thar ceann Ghrúpa Thionscal na nDeochanna in Éirinn. Bhí an scéal seo á phlé againn Eoin Ó Catháin, Stiúrthóir le Cumann Fuisce na hÉireann. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 01.09.2026

Scéalta móra idirnáisiúnta á phlé leis an bPainéal Idirnáisiúnta: Pádhraic Ó Dochartaigh, Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine, agus Alan Titley, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Éire Aontaithe, agus NATO in Éirinn. 31.08.2026

Tá tráchtairí áirithe ag rá le déanaí go bhfuil suim stratéiseach na Breatine arís in Éirinn mar thoradh ar an teannas nua idir an Eoraip agus an Rúis, agus go bhféadfadh go mbeadh an Bhreatain ag iarraidh Tuaisceart na hEireann a choiméad ar mhaith le cúrsaí slándala san Atltantach, agus mar nach féidir braith ar Phoblacht na hEireann mar phairtnéir slándala. Roinn an Painéal á gcuid smaointe ar...

Tús Áite: Scéim infheistíochta Rialtais 31.08.2026

D'fhógair an Rialtas sonraí faoi scéim nua chun spreagadh a thabhairt don phobal infheistiú a dhéanamh. Beidh cuntais infheistíochta faoin scéim ar fáil don phobal go luath an bhliain seo chugainn. Phléamar an scéal leis an bPainéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: SIPTU ag bagairt stailce 31.08.2026

D’fhógair SIPTU go bhfuil a mbaill tar éis vótáil ar son cead a thabhairt don cheardchumann dul i mbun agóid thionsclaíoch agus iad ag tairiscint pá níos fear dá mbaill san earnáil phoiblí. Bhí an scéal seo á phlé againn leis an bpainéal.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Drámaíocht ag an bPicnic Leictreach. 28.08.2026

Beidh aisteoirí ó Chumann Drámaíochta, Ollscoil na Gaillimhe ag léiriú an dráma Coinneáil Orainn le Darach Ó Scolaí sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach i mbliana. Aoir é Coinnneáil Orainn a dhéanann iniúchadh ar mheath na Gaeilge agus ar theipeanna pholasaithe teanga an stáit trí scéal chigire a bhíonn ag cuardach na gcainteoirí dúchais deireanacha. Phléamar é le Bláithín Ní Chatháin, Oifi...

Tús Áite: Scannáin 'Aontas'. 28.08.2026

D’fhógair IFTA gur é an scéinséir Gaeilge Aontas rogha na hÉireann sa chatagóir Scannán Idirnáisiúnta sna hOscars i mbliana. Tá Aontas ag leanúint sna sála ar an Cailín Ciúin, a fuair ainmniúchán Oscar i 2023, agus scannán Kneecap, a bhain gearrliosta na nOscair amach i 2024. Bhí stiúrthóir an scannáin, Damian McCann, inár dteannta chun labhairt faoi.  See omnystudio.com/listener for privacy...

Tús Áite: An Mír Spóirt 10.07.2026

Labhair muid le Cuan faoi chluichí leathcheannais Chraobh na hÉireann sa pheil idir Lú agus Maigh Eo, agus Ciarraí agus Baile Átha Cliath, chomh maith le Corn Tailteann agus cluiche ceathrú ceannais an Chorn Domhanda idir Shasana agus an Iorua, atá ar fad ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Tús Áite: Seoladh leabhair 'Flood Tide' 10.07.2026

Seoladh Flood Tide, an leagan Béarla den úrscéal Tonn Tuile le Séamus Ó Néill, i siopa leabhar Hodges Figgis ar Shráid Dawson i mBaile Átha Cliath tráthnóna Dé Céadaoin. Bhí ár dtuairisceoir Jack Basquille i láthair.

Tús Áite: Cúrsaí Chaomhnaithe an Dúlra 10.07.2026

Plé ar an mBille bhac cúrsála giorria sa Dáil, agus Plean athchóirithe dúlra, le Oisín Ó Néill, Oifigeach Abhcóideachta an Dúlra, Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann.

Tús Áite: Painéal Nuachta 10.07.2026

Scéalta móra nuachta á phlé ag an bpainéal, ina measc: Coinspóid timpeall Eachinis Alumina fós, Tonn Teasa agus spleáchas bhreosla Éireann, agus Tine chnámh fuafar i dTír Eoghan. Iad seo á phlé le Eimear McGovern, Iriseoir le The Belfast Telegraph, agus Peadar De Blúit, Tráchtaire.

Tús Áite: 10 Iúil 2026 10.07.2026

Eimear McGovern (Iriseoir le The Belfast Telegraph); Peadar De Blúit (Tráchtaire); Oisín Ó Néill (Oifigeach Abhcóideachta an Dúlra, Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann); Jack Basquille, Cuan Ó Flatharta.

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 09.07.2026

Na scéalta nuachta ó fud fad na tíre á chur i láthair ag Jack Basquille.

Tús Áite: Burnham agus Farage 09.07.2026

Osclaíodh ainmniúcháin inniu d’iarrthóirí do thoghchán i bPáirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain chun ceannaire an Pháirtí a roghnú, an té a bheidh mar Phríomh-Aire nua na tíre ó sheas Keir Starmer síos. Phléamar é seo le Tom Ó Ceallaigh, Tráchtaire i Londain.

Tús Áite: Pléanáil sa Ghaeltacht 09.07.2026

Tá Tinteán, Bánú agus Conradh na Gaeilge ag éileamh comhairliúchán phránnigh ar an Dréacht-Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht a foilsíodh ag deireadh na míosa seo chaite. Pléite le John Prendergast, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge agus Urlabharaí TINTEÁN.

Tús Áite: Painéal Nuachta 09.07.2026

Na scéalta nuachta móra á phlé ag an bPainéal Nuachta; Meiriceá agus an Iaráin, Géirchéim tithíochta vs láthair goilliúnach Bessborough, Graham Plattner. É seo ar fad á phlé le Cuán Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Una Ní Bhroiméil, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá.

Tús Áite: 9 Iúil 2026 09.07.2026

Cuán Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Una Ní Bhroiméil (Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá); John Prendergast (Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge agus Urlabharaí TINTEÁN); Tom Ó Ceallaigh (Tráchtaire i Londain); Jack Basquille.

Tús Áite: An Mír Cartlainne 07.07.2026

Tá céad bliain ann ó thosaigh RTÉ ag craoladh, agus in imeacht na mblianta sin tá cartlanna móra saibhre cnuasaith ag RTÉ. Tabharfaidh Ian ar thuras muid tríd cuid d’ábhar na gcartlanna sin, agus na seoid atá iontu a roinnt linn.

Tús Áite: Painéal Nuachta 07.07.2026

Na scéalta nuachta móra á phlé ag an bPainéal Nuachta; Nigel Farage ag seasamh siar, Ullmhúhcáin d’Éire Aontaithe agus Bille Shinn Féin, agus Bille na gCríocha Gafa, É sin ar fad le Cuán Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Clare Spáinneach, Bainisteoir Seirbhísí le Gaeloideachas

Tús Áite: Toradh Athbhreithnithe Marine Le Pen 07.07.2026

I 2023, Ciontaíodh Le Pen as cuigleáil a dhéanamh agus gearradh tréimhse príosúnachta 4 bliain uirthi agus cuireadh cosc uirthi seasamh d’oifig polaitiúil go ceann cúig bliana. Ach inniu, foilsíodh toradh an achomhairc a lorg sí. Pléadh an scéal seo le Máirín Ní Ghadhra, Craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tús Áite: Vóta Pharlaimint na hEorpa maidir le smachtbhannaí. 07.07.2026

Vóttaí á chaitheamh ag Parlaimint na hEorpa maidir le hAughinish Alumina a chur san áireamh i smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh ar an Rúis. Beidh an vóta ar siúl cúpla uair an chloig tar éis don Taoiseach Micheál Martin aitheasc a thabhairt don Pharlaimint, É seo pléite le Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach de chuid Fianna Fáil Éire Theas.

Listen to the Tús Áite podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.