Conradh na Gaeilge i Londain
Nuacht Mhall
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Be sure to visit the podcast's website and support the creator: podcasters.spotify.com
Author
Conradh na Gaeilge i Londain
Category
Podcast website
Latest episode
Oct 17, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
25 Bealtaine 2024 (An Clár) 25.05.2024 6:13
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Dúirt an Taoiseach Simon Harris maidin Dé Céadaoin go mbeidh Éire ag tabhairt aitheantas don bPalaistín go foirmiúil ón 28ú lá de mhí na Bealtaine. D’fhógair an Iorua agus an Spáinn go mbeidh siadsan ag tabhairt aitheantas don stát chomh maith. Luaigh an Taoiseac...
18 Bealtaine 2024 (Dún na nGall) 19.05.2024 5:05
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Rinneadh ionsaí ar Phríomhaire na Slóvaice Dé Céadaoin agus é taobh amuigh de chultúrlann i mbaile beag darb ainm Haldlova, i ndiaidh cruinniú a bhí aige. Tuairiscíodh gur lámhachadh ceithre huaire é agus gabhadh an té a rinne an t-ionsaí lámhaigh air ar láthair...
11 Bealtaine 2024 (Ard Mhacha) 11.05.2024 7:52
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de Mí na Bealtaine. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Rinne Iosrael buamáil ar chathair Rafah i nGaza, áit atá dubh le daoine ag ceann thiar theas na Stráice. In ainneoin agóidí idirnáisiúnta, sheol Iosrael tancanna isteach in Rafah inné agus ghlac said smacht ar an trasbhealach teorann is mó. Is é seo an príomhbhea...
4 Bealtaine 2024 (Baile Átha Cliath) 04.05.2024 4:22
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá póilíní sna Stáit Aontaithe tar éis na céadta mac léinn atá ag agóid ar son na Palaistíne a ghabháil ar champais iolracha ar fud na tíre. Rinne póilíní Los Angeles a mbealach isteach sa champa agóide ag UCLA le fórsa, ag coinneáil roinnt agóideoirí agus ag stróiceadh na...
27 Aibreán 2024 (Luimneach) 27.04.2024 6:10
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an seachtú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey. D’fhógair Micheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, an tseachtain seo go raibh cineál stróc éadrom aige i mí Feabhra níos luaithe i mbliana. D'áitigh sé nach raibh tionchar ag an stróc ar a chumas cognaíochta ach go raibh tionchar aige ar a ghluaiseacht ar an tao...
20 Aibreán 2024 (Maigh Eo) 20.04.2024 5:39
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Aibreán. Is mise Oisín Mac Conamhna. Chríochnaigh an t-ionchuisne sa dóiteán tubaisteach sa chlub oíche Stardust i mBaile Átha Cliath Déardaoin. Tharla an dóiteán in 1981, and d’éag 48 duine ann. Shroich an giúiré an breithiúnas gur maraíodh iad uilig go neamhdhleathach. An t-ionchuisne is faide i stair an stáit ...
13 Aibreán 2024 (Dún na nGall) 13.04.2024 5:05
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Chuaigh OJ Simpson, iar-réalta peile Meireacánaí, ar shlí na fírinne le linn na seachtaine. Bhain sé clú amach mar fhear spóirt sna seascaidí agus arís mar aisteoir sna hochtóidí ach ansin bhí sé sna ceannlínte arís in 1994 nuair a fuarthas a iarbhean agus cara dá cuid...
6 Aibreán 2024 (Tír Eoghain) 06.04.2024 4:48
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Beidh Simon Harris ina Thaoiseach Dé Máirt nuair a fhillfidh Teachtaí Dála ar an Dáil i ndiaidh shos na Cásca. Ós rud é nach raibh aon iarrthóir eile do cheannaireacht Fhine Gael tar éis do Leo Varadkar éirí as an ról, tá Harris ina cheannaire gan toghchán ach beidh vóta de dhíth...
30 Márta 2024 (Tiobraid Árann) 30.03.2024 5:12
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhí an líon daoine ag baint úsáid as seirbhisí tithíochta éigeandála in Éirinn níos airde ná riamh cheana an mhí seo caite. Bhí 13,841 daoine i dtithíocht éigeandála i mí Feabhra, 4,170 díobh a bhí ina bpáistí. Sin na huimhreacha is airde a taifeadadh ó tosa...
23 Márta 2024 (An Dún) 23.03.2024 6:38
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá sé fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé chun éirí as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael, agus é ag rá gurb é an t-am a chaith sé ina Thaoiseach “an tréimhse is sásúla de mo shaol”. Ba é Varadkar an Taoiseach ab óige riamh nuair a...
16 Márta 2024 (Ciarraí) 16.03.2024 7:46
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Bhain Cillian Murphy éacht amach nuair a bhuaigh sé Gradam Oscar don aisteoir fireann is fearr dá ról mar J Robert Oppenheimer. Ba é an chéad uair riamh a bhuaigh duine a rugadh in Éirinn an gradam seo. Scannán beathaisnéise atá ann, a stiúir agus a léirigh Christophe...
9 Márta 2024 (An Clár) 09.03.2024 5:35
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 9ú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Ní raibh an Mháirt Mhór chomh mór sin i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo. Bhí buanna móra ag Donald Trump i mbeagnach gach stát seachas Vermont, an t-aon stát a bhuaigh a chéile comhraic Nikki Haley. D’fhógair Nikki Haley go bhfuil sí ag éirí as an rás...
2 Márta 2024 (Maigh Eo) 02.03.2024 4:42
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tharla tubaiste nua i nGaza an tseachtain seo ar Shráid Haroun Al Rasheed cois fharraige i gCathair Gaza. Phlódaigh slua mór daoine timpeall ar thionlacan cabhrach, ag lorg bia. Bhí Fórsaí Cosanta Iosrael freagrach as slándáil an tionlacain, acht nuair a bhrúigh an slua isteac...
24 Feabhra 2024 (Baile Átha Cliath) 24.02.2024 4:23
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh D’fhógair na Stáit Aontaithe smachtbhannaí móra an tseachtain seo atá dírithe ar an Rúis mar gheall ar bhás cheannaire an fhreasúra sa tír, Alexei Navalny, agus an cogadh leanúnach san Úcráin. Fógraíodh bás Navalny sa phríosún ar an 16ú de mhí Feabhra. Dúirt na húdaráis ...
17 Feabhra 2024 (Luimneach) 17.02.2024 6:03
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey. Dúirt Donald Trump go spreagfadh sé an Rúis ionsaí a dhéanamh ar chomhghuaillithe NATO nár chomhlíon a gcuid oibleagáidí airgeadais. Mar thoradh ar na tuairimí seo bhí roinnt polaiteoirí sinsearacha agus oifigigh ar fud an domhain ag labhairt amach i gcoinne Trump. Dúirt ard...
10 Feabhra 2024 (Ard Mhacha) 10.02.2024 5:37
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá an t-iarThaoiseach agus iarcheannaire Fhine Gael John Bruton tar éis bás a fháil i ndiaidh tinneas fada. Thug a chlann le fíos i ráiteas gur bhásaigh sé go suaimhneach in Ospidéal Príobháideach an Mater i mBaile Átha Cliath. Toghadh chun na Dála den chead uair é in 19...
3 Feabhra 2024 (An Clár) 03.02.2024 5:49
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 3ú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Dheimhnigh an DUP go bhfillfeadh siad thar n-ais ar Stormont an tseachtain seo tar éis margaidh a dhein siad le Rialtas na Breataine. Ní raibh forais Stormont ina seasamh le dhá bhliain anuas ó tharraing an DUP amach astu mar gheall ar an margadh trádála déanta idir Rialtas na Bre...
27 Eanáir 2024 (Tír Eoghain) 27.01.2024 5:12
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Siadhail. Dé hAoine, d’fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza. De réir an rialaithe, a tugadh sa Háig inné, tá ar Iosrael a dhícheall a dhéanamh gan cinedhíothú a ligean, agus gan fianaise gur tha...
20 Eanáir 2024 (Tiobraid Árann) 20.01.2024 7:34
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Thóg an Aifric Theas cás roimh an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ag líomhain gur cinedhíothú atá ar siúl ag Iosrael i nGaza. Chualathas an cás i gcúirt sa Háig an tseachtain seo caite. Sa tuarascáil, atá 84 leathanach i bhfad, mhaígh an Aifric Theas go bhfuil...
13 Eanáir 2024 (An Dún) 13.01.2024 6:52
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Bhí an bhliain seo caite ar an bhliain ba theo ar an taifead, a deir seirbhís athraithe aeráide an Aontais Eorpaigh. Nochtaigh figiúirí nua go raibh an teas domhanda gar do 1.5°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch de dheasca athrú aeráide. Deir luch...
6 Eanáir 2024 (Ciarraí) - TÉIC 2 13.01.2024 6:22
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Eanáir. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Ar Lá Caille, bhuail crith talún cósta thiar na Seapáine agus fuair 48 duine bás. Faoi láthair tá na húdaráis ag cuardach a huile daoine atá faoin smionagar agus foirgnimh tite anuas agus trí thine. Sa chathair Ishikawa a bhí eipealár an chreatha talún a chur comhartha rabhai...
30 Nollaig 2023 (Dún na nGall) 30.12.2023 5:21
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 30 lá de mhí na Nollag. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Maraíodh níos mó ná 200 duine le buillí Iosraelacha le linn 24 uair i lár na seachtaine, de réir na Roinne Sláinte atá faoi riarachán Hamas. Dúirt an Roinn Sláinte go raibh líon na bPalaistíneach maraithe sa chogadh go dtí seo ag níos mó ná 21,000 duine – beagnach 1% de dha...
23 Nollaig 2023 (Maigh Eo) 23.12.2023 5:21
Nuacht Mhall. Príomscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna. Scoilteadh screamh an domhain san Íoslainn an tseachtain seo, agus bhrúcht bolcán nua san áit, in aice leis an mbaile Grindavik ar leithinis Reykjanes. Réabadh gág de thrí chiliméadar go leith sa screamh, ónár tháinig laibhe ag ráta thart ar chéad nó dhá chéad méadar c...
16 Nollaig 2023 (Baile Átha Cliath) 16.12.2023 5:30
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Cuirfear iar-shaighdiúir Briotanach ar a thriail as dhá dhúnmharú agus cúig iarracht ar dhúnmharú ar Dhomhnach na Fola. Tá sé cúisithe i ndúnmharú William McKinney agus James Wray i nDoire ar an 30 Eanáir 1972. Chuir deartháir William McKinney, Mickey McKinney, fáilte roimh an gcinneadh Saighdiúir F a chur chun trialach, agus dúirt go rai...
9 Nollaig 2023 (Luimneach) 09.12.2023 6:09
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí na Nollag. Is mise Sibéal Dempsey. Labhair Boris Johnson ag fiosrúchán Covid na Ríochta Aontaithe Dé Céadaoin. Dúirt sé go raibh brón mór air as an bpian agus as an bhfulaingt a tharla le linn na paindéime. Dúirt sé nach raibh sé cinnte an de thoradh chinntí an rialtais a bhí an líon básanna Covid níos airde ná mar...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.