Conradh na Gaeilge i Londain

Nuacht Mhall

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

Author

Conradh na Gaeilge i Londain

Category

Education

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Jul 4, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

4 Iúil 2026 (Ard Mhacha) 04.07.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí deireadh seachtaine iontach peile i bPáirc an Chrócaigh agus níl fágtha anois ach ceithre fhoireann i gCraobh na hÉireann. Dé Sathairn, bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh tar éis cluiche den scoth. Sa dara cluiche an lá sin, bhí an bua ag Ciarraí ar Thír Eoghain — cluiche an...

27 Meitheamh 2026 (Baile Átha Cliath) 27.06.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh.  I Veiniséala, mharaigh dhá chrith talún cumhachtach 589 duine ar a laghad agus gortaíodh beagnach 3,000. Tráthnóna Dé Céadaoin, braitheadh na creathanna talún, a thomhais 7.2 agus 7.5 ar scála Richter, ar fud an réigiúin. Tá scriosadh foirgneamh agus bóithre forle...

20 Meitheamh 2026 (Luimneach) 20.06.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an fichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey. Tá comhaontú ceithre phointe dhéag sínithe ag Donald Trump leis an Iaráin, ag maíomh gur thug sé “bua mór” do na Stáit Aontaithe agus gur athoscail Caolas Hormuz dá bharr. Deirtear, áfach, gur thug an margadh lamháltais shuntasacha pholaitiúla agus airgeadais don Iaráin. I me...

13 Meitheamh 2026 (Liatroim) 13.06.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Inniu an tríú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Órla Nic Con na Búille. Foilsíodh tuairisc dheiridh Choimisiún Imscrúdaithe an Oirdheiscirt an tseachtain seo maidir le líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí i gcoinne Bill Kenneally. Deirtear sa tuairisc gur theip go tromchúiseach ar bheirt oifigeach sinsearach den Gharda Síochána gníomhú...

6 Meitheamh 2026 (Maigh Eo) 06.06.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Oisín Mac Conamhna. Scríobh Volodymyr Zelenskyy, Uachtaráin na hÚcráine, litir oscailte chuig Vladimir Putin, Uachtaráin na Rúise, an tseachtain seo, inar mhol sé cruinniú mullaigh eatarthu, i stát neodrach, chun idirbheartaíocht a dhéanamh chun deireadh a chuir leis an gcogadh idir an dá thír....

30 Bealtaine 2026 (Dún na nGall) 30.05.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá tús curtha le triail iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Jeffrey Donaldson, agus a mhná céile, i ndiaidh do bheirt bhan líomhaintí a dhéanamh go ndearna sé mí-úsáid ghnéis orthu agus iad ina bpáistí. D’inis abhcóide an ionchúisimh, Rosie Walsh KC,...

24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann) 24.05.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Thascar Iosrael an Cabhlachán Domhanda Sumud in uiscí idirnáisiúnta arís i rith na seachtaine. Bhí 50 bád agus níos mó ná 400 gníomhaí páirteach sa chabhlachán, ag déanamh iarracht nua cúnamh a thabhairt go Gaza tar éis tascartha ó Israel ar an mise...

16 Bealtaine 2026 (Gaillimh) 16.05.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer faoi bhrú i ndiaidh seachtain dhramatiúil inar éirigh roinnt airí as an gcomh-aireacht in Westminster, iad ag rá nach bhfuil muinín acu as. Bhí sé i gcruachás mar thoradh ar na toghcháin áitiúla i Sasana inar chaill Páir...

9 Bealtaine 2026 (Tír Eoghain) 09.05.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá triúr marbh agus roinnt eile an-tinn i ndiaidh ráig den hantaivíreas ar long Ísiltíreach san Aigéan Atlantach. D'imigh an long ó dheisceart na hAirgintíne ar an chéad lá de mhí Aibreáin agus beagnach céad go leith duine ar bord, and d'fhág bean amháin in éineacht l...

2 Bealtaine 2026 (An Dún) 02.05.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i ndiaidh ordú a thabhairt go dtabharfar cúig mhíle saighdiúir Meiriceánach abhaile ón Ghearmáin. Rinneadh an t-ordú mar gheall ar achrann eile le comhghuaillí de chuid na Meiriceánach, nuair a cháin Seansailéir na Gearmáine Fr...

25 Aibreán 2026 (Ard Mhacha) 25.04.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá síneadh "deiridh" curtha ag an Uachtarán Trump leis an tsos cogaidh chun deis a thabhairt don Iaráin "moladh aontaithe" síochána a chur chun cinn. Tagann an cinneadh seo i ndiaidh idirghabháil phráinneach ó cheannairí na Pacastáine in Isla...

18 Aibreán 2026 (Baile Átha Cliath) 18.04.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá deireadh tagtha le tréimhse 16 bliana de Viktor Orbán i gcumhacht le bua mór Peter Magyar i dtoghchán parlaiminte na hUngáire. Bhí slua níos mó ná mar a bhí riamh ann ag vótáil ar thodhchaí na tíre. In ainneoin tacaíocht láidir ó Trump agus Putin araon, theip ar Orbán t...

11 Aibreán 2026 (Luimneach) 12.04.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an t-aonú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey. Eagraíodh agóidí ar fud na hÉireann i gcoinne an chostais breosla atá ag ardú, agus d’éiligh roinnt agóideoirí go gcuirfeadh an rialtas uasteorainn ar phraghas an díosail agus go gcuirfí deireadh leis an gcáin charbóin. Mar thoradh ar an gcogadh sa Mheánoirthear, tá praghsan...

4 Aibreán 2026 (Tiobraid Árann) 04.04.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tá dlí nua ceadaithe ag Iosrael a shocraíonn pionós an bháis mar phionós réamhshochraithe le haghaidh Palaistínigh ciontaithe in ionsaithe uafáis. Tharraing an dlí seo cáineadh ó dhaoine, rialtais agus eagrúcháin cearta daonna ar fud an domhain. Dúirt na Náisiú...

28 Márta 2026 (An Clár) 28.03.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá na hIosraelaigh agus na Meiriceánaigh ag leanúint ar aghaidh leis an gcogadh san Iaráin an tseachtain seo, in ainneoin go bhfuil Caolas Hormuz fós fé smacht na hIaráine agus praghas na hola an-ard go fóill. Dhein Uachtarán Mheiriceá Donald Trump bagairt buamála...

21 Márta 2026 (Dún na nGall) 21.03.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá ‘s fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Thug Gerry Adams fáilte roimh “dheireadh láidir” ar éileamh damáiste san Ard-Chúirt i Londain, a tharraing triúr íospartach d'ionsaithe de chuid an IRA Sealadach ina choinne. Mhaígh na héilitheoirí go raibh Adams faoi dhliteanas pearsanta i leith na ngorthuit...

14 Márta 2026 (Maigh Eo) 14.03.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Ta an cogadh idir Iosrael, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, fós ar siúl. Ainmníodh Mojtaba Khamenei, mac an Ayatollah Ali Khamenei a maraíodh ag tús an chogaidh, mar Ardcheannaire nua na hIaráine Dé Domhnaigh. Gortaíodh é san ionsaí a mharaigh a athair, agus n...

7 Márta 2026 (Tír Eoghain) 07.03.2026

Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá leithscéal déanta ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, as ionsaithe a rinneadh ar thíortha eile timpeall Mhurascaill na Peirse agus dúirt sé nach ndéanfaí ionsaí ar thír ar bith nach bhfuil ag ionsaí na hIaráine amach anseo. Tháinig an ráiteas seo i ndiaidh seachtain de chogadh san Mheánoirthear, tar éis do Stáit Aontaithe...

28 Feabhra 2026 (Gaillimh) 28.02.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá sé mar aidhm anois ag Conradh na Gaeilge “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta” tar éis don Ard-Fheis vótáil ar son athraithe ar bhunreacht na heagraíochta. Bhí an ócáid bhliantúil ar siúl san Óstán Europa i mBéal Feirste an deirea...

21 Feabhra 2026 (An Dún) 21.02.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Gabhadh Andrew Mountbatten-Windsor as mí-iompar in oifig phoiblí an tseachtain seo. Ghabh Póilíní Ghleann na Tamaise an t-iarphrionsa ina theach cónaithe ar Eastát Sandringham in Norfolk in oirthear Shasana ag 8 a chlog maidin Déardaoin. Tá roinnt áitreabh de chuid...

14 Feabhra 2026 (Ard Mhacha) 14.02.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Maraíodh naonúr in eachtra mhór lámhaigh in Tumbler Ridge, British Columbia Dé Máirt. Maraíodh seachtar acu i meánscoil an bhaile. Fuarthas seisear marbh sa scoil, agus fuair duine eile bás ar an bhealach chuig an ospidéal. Fuarthas beirt eile marbh i dteach sa bhai...

7 Feabhra 2026 (Baile Átha Cliath) 07.02.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh. An tseachtain seo, d’éirigh Peter Mandelson as Páirtí an Lucht Oibre agus as Teach na dTiarnaí sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar a chuid nasc leis an maoinitheoir péidifileach, Jeffrey Epstein. Tá na póilíní ag fiosrú líomhaintí mí-iompair in oifig phoiblí, tar éis do ríomhphois...

31 Eanáir 2026 (Luimneach) 31.01.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Eanáir. Is mise Sibéal Dempsey. Tharla roinnt eachtraí a bhain le gníomhairí ICE de chuid Donald Trump an tseachtain seo. Dé Sathairn seo caite, lámhachadh agus maraíodh saoránach na Stát Aontaithe darbh ainm Alex Pretti in Minneapolis. Tá an bheirt ghníomhairí feidearálacha a bhí páirteach ann curtha...

24 Eanáir 2026 (Maigh Eo) 24.01.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Oisín Mac Conamhna. Rinne Donald Trump cúlú mór ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos san Eilvéis an tseachtain seo, tar éis a bhagairtí géara an Ghraonlainn a ghabháil ón Danmhairg. Dúirt sé nach mbainfeadh sé úsáid as an bhforéigean leis an Ghraonlainn a ghabháil, in ainneoin a l...

17 Eanáir 2026 (An Clár) 17.01.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an agóidíocht i gcoinne an réimis san Iaráin ag leanúint ar aghaidh le coicís anuas. Creidtear go bhfuil thart ar 2,000 duine marbh le linn na coicíse, idir léirsitheoirí agus daoine ó na fórsaí rialtais. Spreag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, na leirsitheoi...

Listen to the Nuacht Mhall podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.