ClubLeabhar.com

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

[English version below]Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teach...

Author

ClubLeabhar.com

Category

Education

Podcast website

www.clubleabhar.com

Latest episode

May 28, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

An Cleasaí Dubh - Leabhar mhí an Mheithimh 2026 | May's Book of the Month 2026 28.05.2026

[English version below] Maireann scéalta Bhríain Mhic a’ Bhaird i saol atá idir an coitianta agus an corr – saol ina mbuaileann draíocht na samhlaíochta le gnáthshaol na tuaithe. Tá na carachtair a chruthaíonn sé beo daonna, ach bíonn scáil éiginnteachta ag crochadh tharstu go minic, le seift éigin agus rúndiamhair fite fuaite i scéalta a mbeatha. Léirítear réimse leathan de shaolta sna scéalta se...

An Saol Sona - Leabhar mhí na Bealtaine 2026 | May's Book of the Month 2026 01.05.2026

[English version below] Colscartha óna bhean, caidreamh ar éigean aige lena mhac, ní thuigeann Éric cén chaoi a ndeachaigh a shaol amú air oiread. Léas solais atá i ndeis nua oibre, a cheanglaíonn arís é le seanchara scoile agus a thugann go cathair Seoul é, ach ní mhaireann an solas sin i bhfad. Tógfaidh sé eispéireas as an ngnáth le cabhrú le Éric na rudaí tábhachtacha sa saol a aithint… Láithre...

Glórtha an Tráthnóna - Leabhar mhí Aibreáin 2026 | April's Book of the Month 2026 23.03.2026

[English version below] Faoi ainm cleite a foilsíodh an chéad úrscéal a scríobh Natalia Ginzburg i 1942, ach fán bhliain 1947 bhí sí saor le scríobh faoina hainm féin. Tháinig rabharta úrscéalta uaithi as sin amach, mar aon le haistí, gearrscéalta, agus eile. Áirítear í ar mhórscríbhneoirí Iodáilise a linne. I 1961 a tháinig Le voci della sera amach. Tá an scéal suite i mbaile tuaithe in iarthuais...

Na Bróga Peile agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2026 | March's Book of the Month 2026 26.02.2026

[English version below] Póg neamhcheadaithe; déantúsán luachmhar a aimsíonn déagóir sa Bhoireann; ciceanna pionóis le glacadh; duine óg ag glacadh páirt sa chlár teilifíse Cé Ar Mhaith Leis A Bheith ina Mhilliúnaí?; aisteoirí amaitéaracha ag dul amach ar stáitse den chéad uair agus go leor eile. Cnuasach spreagúil atá anseo a thugann an léitheoir ar thurais éagsúla: chuig óige an scéalaí i gCorcai...

Bódléar - Leabhar mhí Feabhra 2026 | February's Book of the Month 2026 03.02.2026

[English version below] I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn muintir an bhaile ag súil go mór leis na hamhráin nua, agus reachtálann siad oíche mhór le fáilte abha...

Eachtraí Sherlock Holmes - Leabhar mhí Eanáir 2026 | January's Book of the Month 2026 09.12.2025

[English version below] Eagrán nuachóirithe le hÉamonn Ó Dónaill Cnuasach sárscéalta bleachtaireachta … mar ar tháinig an carachtar ficseanúil is fearr de chuid an Albanaigh de bhunadh na hÉireann, Arthur Conan Doyle, os comhair an tsaoil den chéad uair. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Éamonn Ó Dónaill [Leagan Gaeilge thuas] A collection of short stories based on the adventures of Sherlock Holm...

Scéalta Nollag - Leabhar mhí na Nollag 2025 | December's Book of the Month 2025 08.12.2025

[English version below] - Gearrliosta 'Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana' ag Gradaim An Post 2025 Foilsíodh leaganacha d’fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne’ san Irish Times aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla, nó neachtar acu, eachtraí atá bunaithe ar thomhaltachas Nollaig na linne seo. Scéal níos...

Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh - Leabhar mhí na Samhna 2025 | November's Book of the Month 2025 27.10.2025

[English version below] ‘Dúnmharú! Piléar tríd an gcluas! Ar an dé deiridh atá sé! Tagann deireadh tobann leis an gCluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a dhúnmharaítear Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí is fearr sa tír, ar an bpáirc imeartha. Ach cérbh é an Glaimhíneach seo, i ndáiríre? Cad a bhí ar siúl aige go ndearnadh é a lámhach go poiblí? Agus cé na dreamanna amhrasacha a raibh sé ag oba...

An Bhlaosc sa mBois - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2025 | October's Book of the Month 23.09.2025

[English version below] Tá go leor cainte déanta le blianta beaga anuas faoi scannal na n-áras máithreacha agus leanaí, agus is anois atá scribhneoirí agus ealaíontóirí eile tosaithe ag dul i ngleic leis an uafás. Chuige sin, tá Micheál Ó Conghaile aitheanta mar dhuine de phríomhscríbhneoirí próis na Gaeilge. Tá sé cruthaithe go minic aige nach leasc leis cúinní dorcha na hÉireann a ransú agus sol...

Heartstopper - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2025 | September's Book of the Month 2025 28.08.2025

[English version below] Tá a fhios ag Nick go bhfuil Charlie aerach, agus creideann Charlie nach bhfuil Nick! Ach, is scéal casta é an grá agus tá Nick ag foghlaim go leor rudaí faoina chuid cairde, a chlann… agus faoi féin! Díríonn Heartstopper ar an gcairdeas, dílseacht agus meabhairghalar. Díríonn sé ar na nithe beaga i saol Nick agus Charlie, na nithe beaga a dhéanann suas na rudaí móra tábhac...

Fiche - Leabhar mhí an Mheithimh 2025 | June's Book of the Month 2025. 20.06.2025

[English version below] Samhradh na bliana 1969, tugtar triúr ógánach le chéile ar thránna iarthar Chorcaí, triúr a n-athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil. Deich mbliana níos deireanaí a thagann deireadh leis an scéal, agus an Ginearál ar leaba a bháis. Scéal grá agus tragóid é seo a suitear i saol atá comhthreomhar, ach n...

Cuimhní Poircealláin - Leabhar mhí na Bealtaine 2025 | May's Book of the Month 2025. 30.04.2025

[English version below] Sobhristeacht na beatha; síorghrá an tuismitheora don pháiste; daoine óga ag teacht in aois; cinntí déanta i bhfaiteadh na súl a fhágann a rian go deo. Sa chéad chnuasach gearrscéalta seo dá cuid, pléann Majella Ní Dhomhnaill go soiléir cumhachtach le réimse téamaí a bhaineann le brúnna agus iontais na linne seo. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agu...

Óró - Leabhar mhí Aibreáin 2025 | April's Book of the Month 2025 01.04.2025

[English version below] San eachtra scleondrach chorraitheach seo, éalaíonn ógánach ar bord loinge agus téann thar farraige siar sa tóir ar ór El Dorado. Arís eile, cruthaíonn Titley a shárchumas scéalaíochta, agus cuireann cosa faoina shamhlaíocht a thugann thar an aigéan sinn go hoileáin rúnda — ina gcastar ollphéisteanna orainn agus nithe nach iad! — agus go hollchríoch ainneoil an óir. Eachtra...

Súile Éisc agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2025 | March's Book of the Month 2025 27.02.2025

[English version below] Seo an chéad leabhar gearrscéalta ó pheann Mhichelle Nic Pháidín. Tugtar ar iliomad turas intinne muid sa chnuasach seo: chuig saol na samhlaíochta i gcuid de na scéalta; léirítear saol an cheantair ina bhfuil sí ina cónaí i gcuid eile; agus faightear blas na farraige sa chuid eile. Tá éagsúlacht as cuimse sa chnuasach seo ó thaobh ghlór an scéalaí. Insítear na scéalta ag ú...

Caithréim agus Tóir - Leabhar mhí Feabhra 2025 | February's Book of the Month 2025 28.01.2025

[English version below] Caithréim agus Tóir – Cnuasach filíochta le hEithne Ní Ghallchobhair. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ailbe van der Heide agus Aedín Ní Thiarnaigh [Leagan Gaeilge thuas] Caithréim agus Tóir – Poetry collection by Eithne Ní Ghallchobhair. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ailbe van der Heide and Aedín Ní Thiarnaigh

Tír Bheag - Leabhar mhí Eanáir 2025 | January's Book of the Month 2025 19.12.2024

[English version below] Agus é ag fás aníos sa Bhurúin in 1992, tá Gabriel óg beag beann ar an teannas polaitiúil ina thimpeall. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, ag snámh san abhainn agus ag goid mangónna agus toitíní, faic na fríde ag cur isteach orthu. Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i Ruanda, tír dhúchais mháthair Gaby, agus ní fada...

An Grá agus an Ghruaim - Leabhar mhí na Nollag 2024 | December's Book of the Month 2024 29.11.2024

[English version below] Eagrán úr de chnuasach cháiliúil Sheosamh Mhic Grianna, bunaithe ar an chéad eagrán a cuireadh i gcló i 1929. Ba é An Grá agus an Ghruaim an dara cnuasach le Seosamh Mac Grianna. San eagrán úr seo tugtar an litriú suas chun dáta le tús áite tugtha den fhoghraíocht. Cuirtear an scéal “An Bhean Lán de Stuaim” ar ais sa bhailiúchán agus fágtar istigh an scéal “Bíonn Súil le Mu...

An Corpán sa Trunc - Leabhar mhí na Samhna 2024 | November's Book of the Month 2024 11.10.2024

[English version below] Nuair a thuirlingíonn trunc mistéireach ag doras Chaitlín Mhic Gearailt, is beag coinne atá aici leis an uafás atá istigh ann: corpán a fir céile. Bhí an Garda óg Seán Mac Gearailt ar mhisean sár-rúnda do Malcolm Ó Conchubhair, Cheannaire an Bhrainse Lorgaireachta, é ag fiosrú buíon coirpeach atá i bhfad ró-eolach ar ghníomhaíochtaí rúnda na nGardaí agus an Rialtais. Níl ao...

Flaitheas - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2024 | October's Book of the Month 2024 30.09.2024

[English version below] Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige. Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth a raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth a raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth a raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht. An Nao...

Heartstopper - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2024 | September's Book of the Month 2024 27.08.2024

[English version below] Tá Charlie agus Nick ag freastal ar an scoil chéanna, ach níl aon aithne acu ar a chéile… go dtí lá amháin nuair a chuirtear ina suí in aice lena chéile iad. Tá siad mór lena chéile láithreach agus ní fada go dtosaíonn Charlie ag titim i ngrá lena chara nua. Níl ach fadhb amháin ann – níl seans dá laghad ann go mbraitheann Nick an bealach céanna faoi Charlie… nó an mbraithe...

Athmháthair - Leabhar mhí an Mheithimh 2024 | June's Book of the Month 2024 30.05.2024

[English version below] Úrscéal nua-aimseartha suite sa tSairdín i lár an chéid seo a chuaigh thart. Aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ón Iodáilís ar an leabhar 'Accabadora' le Michela Murgia. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Hannah Rice agus Stiofán Ó Briain [Leagan Gaeilge thuas] A modern novel set in Sardinia in the middle of the last century. Translation from the Italian of the book Accabado...

Corp an Duine Uasail - Leabhar mhí na Bealtaine 2024 | May's Book of the Month 2024 18.04.2024

[English version below] A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air... Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emma Ní Chearúil agus Katie Whelan [Leagan Gaeilge thua...

Saighdiúir - Leabhar mhí Aibreáin 2024 | April's Book of the Month 2024 28.03.2024

[English version below] In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é Saighdiúir ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: LAonghus Ó hA...

Na Geansaithe Móra - Leabhar mhí an Mhárta 2024 | March's Book of the Month 2024 19.02.2024

[English version below] Buaileann bean ghalánta le seanabhean ar an dtraein, ach ní mar a shíltear a bhítear. Téann cailín óg ag siopadóireacht, is gan ’fhios ag éinne cá luíonn an bhróg uirthi. Braitheann bean teanntaithe san óispidéal, ach nuair a thagann a fear céile ar a tuairisc, ní aimsíonn siad na focail chuí. Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach so, iad go léir faoi bhun 1,000 f...

Sa Pholl Báite - Leabhar mhí Feabhra 2024 | February's Book of the Month 2024 13.02.2024

[English version below] Tá Emer Uí Ghríofa imithe gan tásc. I gcúinne uaigneach ar bhruach na Life a aimsíonn an Garda Réamonn Seoighe a corp. Tá a mac, Dan, cráite faoina bás ach cén drogall atá air labhairt leis na gardaí? Tá Colmán Ó Gríofa ina theach saoire ar leithinis Bhéarra an deireadh seachtaine céanna, é scartha ó Emer ach dílis di i gcónaí. Tacaíonn a chomharsa Aoife Nic Dhiarmada leis...

Listen to the ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.