ClubLeabhar.com

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

[English version below]Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teach...

Author

ClubLeabhar.com

Category

Education

Podcast website

www.clubleabhar.com

Latest episode

May 28, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Ag Dul i bhFad - Leabhar mhí Eanáir 2024 | January's Book of the Month 2024 02.01.2024

[English version below] Seo é an chéad chnuasach Gaeilge le hAlan Titley ó foilsíodh an 100 scéal atá i Leabhar Nóra Ní Anluain (1998). Má tháinig scata úrscéalta uaidh idir an dá linn níor thréig sé an ealaín ghairid riamh, óir tá seacht scéal anseo a ghnóthaigh duaiseanna Oireachtais. A bhformhór mór níor cuireadh i gcló cheana iad. Is ilchineálach an t-ábhar atá sa chnuasach seo: scéalta traidi...

An tEitleán Dofheicthe - Leabhar mhí na Nollag 2023 | December's Book of the Month 2023 28.11.2023

[English version below] Tamall beag i ndiaidh meán oíche ar an 1 Feabhra 1943, déantar ionsaí fíochmhar, barbartha ar iompróir míleata agus é ar a bhealach go saotharlann rúnda i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Maraítear na saighdiúirí uile atá á thionlacan agus goidtear an lastas ríluachmhar atá istigh ann, an tEitleán Dofheicthe. Déanann na Gardaí mionscrúdú ar láthair an áir, ach níl ach fear am...

Múscail, a Ghiorria - Leabhar mhí na Samhna 2023 | November's Book of the Month 2023 Samhain23 27.10.2023

[English version below] “Tá anáil an bhéaloidis le mothú go soiléir san eipic spreagúil, ealaíonta seo. Cuireann scéal an ghiorria ar ár súile go héifeachtach tuiscintí agus tuairimí doimhne ár sinsear i leith an tsaoil agus nádúr an duine – an dá chineál, óg agus aosta, caide agus céilí comhraic. Is figiúr í an chailleach a mhair ar imeall an phobail, díthreabhach a bhí gafa leis an nádúr agus le...

Spluff Splaifeirtí - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2023 | October's Book of the Month 2023 27.09.2023

[English version below] SPLUFF SPLAIFEIRTÍ AGUS A CHAIRDE AR MARZ anseo istigh dúinn. Eachtraíocht, daonnacht, carachtair, dúshláin agus tarlúintí as cuimse a fhágfaidh ár dtuiscintí ar fhíorspéis an domhain sa spás athraithe go deo. “Is scéal é seo atá iontach feiliúnach don aoisghrúpa – é lán den mhistéir, den choimhlint, den naimhdeas agus den chomhcheilg – [scéal] a chuireann saint an duine da...

Béal na Péiste - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2023 | September's Book of the Month 2023 01.09.2023

[English version below] Nuair a thuirling Réamainn Prút i mBéal Feirste i 1988, is strainséir é ina bhaile dúchais. Tugann sé faoi deara na fógraí ollmhóra a roinntear uimhir theileafóin na bpóilíní, á spreagadh chun glaoch a chur ort – chun faisnéis a thabhairt ar aghaidh faoi sceimhlitheoirí, chun ualach a bhaint as do choinsias. Ach tá Réamainn ag smaoineamh ar a óige, ar an sean-rainn a bhíodh...

Na Cócha Móra - Leabhar mhí an Mheithimh 2023 | June's Book of the Month 2023 07.06.2023

[English version below] Chaith príomhcharachtar an úrscéil seo, Barra Mac Aodhagáin blianta dá óige i scoil thionsclaíoch. San aithris mhothúchánach, mhachnamhach seo, leanaimid scéal Bharraigh agus é ag fáil taithí ar fhórsa brúidiúil múinteoirí, agus ar a thuras i dtreo téarnaimh ón tráma sin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emily Barnes agus Liam Mac Amhlaigh [Leagan Gaeilge thuas] Barra Mac...

EL - Leabhar mhí na Bealtaine 2023 | May's Book of the Month 2023 08.05.2023

[English version below] Tosaíonn an scéal seo le beirt fhear óga a fheiceann rud atá dochreidte - doshamhlaithe, go fiú. Ach de réir mar a nochtann an scéal, tógtar fírinní inaitheanta ina thimpeall go dtí go n-éiríonn sé níos deacra diúltú dó. Cad is fírinne ann i saol a bhfuil eolas ag imeacht ar saithnín inár dtimpeall gach lá? Tugann an scéal seo orainn ár dtuiscint ar an saol seo a cheistiú....

Siúrmó - Leabhar mhí Aibreáin 2023 | April's Book of the Month 2023 05.04.2023

[English version below] Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus socraíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote faoin ngrian. Ach nuair a imíonn mac lena chol ceathrair gan tásc, tarraingítear Montale ar ais isteach i gcúlsráideanna...

Imram agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2023 | March's Book of the Month 2023 09.03.2023

[English version below] Cnuasach gearrscéalta le Róise Ní Bhaoill. Tugtar ar thurais muid sna scéalta seo, turais intinne, turais go críocha aduaine, turais go tíortha atá stollta ag an choimhlint agus ag an athrach; ach is turais go croí na daonnachta iad go léir, le daoine atá ag cuartú saol dóchasach úr nó le daoine a bhfuil orthu gníomhú in aghaidh a dtola. I ndomhan a bhfuil mórghluaiseachtaí...

Na Ríthe Beaga - Leabhar Feabhra 2023 | February's Book of the Month 2023 09.02.2023

[English version below] Beirt bhan: Mélanie, a bhfuil fonn uirthi, ó bhí sí ina déagóir, cáil a bhaint amach ar chlár réaltachta teilifíse. Éiríonn léi aird an phobail a fháil ar deireadh leis an gcainéal YouTube a chruthaíonn sí le saol a beirt pháiste a chur os comhair an tsaoil mhóir, lá i ndiaidh lae. An bhean eile: Clara, póilín, a thagann i gcabhair ar Mélanie agus a teaghlach nuair a bhuail...

Na Mairbh a D'fhill - Leabhar Eanáir 2023 | January's Book of the Month 2023 19.12.2022

[English version below] Nuair a fhuadaítear an Dr Leon, eolaí rí‑éirimiúil atá ag obair ar aireagán sár-rúnda ar son Rialtas na hÉireann, iarrtar ar a sheanchara Réics Carló an cás a fhiosrú. Tá Réics muiníneach go n-éireoidh leis Leon a thabhairt slán – níor theip air riamh cás a réiteach. De réir mar a théann sé i mbun oibre, áfach, tuigtear dó go bhfuil rud éigin as an ngnáth ar fad faoin gcás...

An Tóraíocht - Leabhar mhí na Nollag 2022 | December's Book of the Month 2022 01.12.2022

[English version below] Tá an grá agus and t-éad fite fuaite lena chéile sa scéal tragóideach seo ina chuireann Gráinne an laoch óg, Diarmaid, faoi gheasa í a bhreith leis ón bhfear a bhfuil sí geallta leis. Sárinsint agus sárléaráidí ó thús go deireadh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sadhbh Rosenstock agus Rónán Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] A haunting tale of love and jealousy where Gráinne...

Khalil - Leabhar mhí na Samhna 2022 | November's Book of the Month 2022 26.10.2022

[English version below] Samhain 2015. Ar mhótarbhealach sa Fhrainc, tá Khalil, Moslamach fir 23 bliana d’aois, ag triail ar chathair Pháras, crios pléascach fáiscthe lena chliabh. Ar an Stade de France i gcathair Pháras atá a thriail, é réidh le buille trom a bhualadh in aghaidh an tsaoil ghránna ina thimpeall agus Síoraíocht na Mairtíreach a bhaint amach. Ach ar oíche sin an uafáis, níl Khalil i...

An Dara Rogha - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2022 | October's Book of the Month 2022 21.09.2022

[English version below] Bliain 19 sa Ré Úr. Am a bhfuil deireadh leis an saol a bhfuil aithne againn air agus cónaí ar an daonra i mBithsféir fud fad an domhain. Is i mBithsféar 9 atá Emma agus Zara lonnaithe. Ar bhreithlá Emma, í seacht mbliana déag d’aois, roghnaítear í don chúrsa is tábhachtaí sa choláiste, dar leis na hÚdaráis. Ach céard atá i ndán dá cara, Zara, nach bhfuil chomh cliste céann...

Bádh B'fhéidir - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2022 | September's Book of the Month 2022 24.08.2022

[English version below] Scéalta ficsean eolaíochta le Seán Ó Muireagáin. Cuireann Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sna scéalta samhlaíocha ficsin eolaíochta seo, saolta diostóipeacha, saolta barbartha, saolta a mbíonn an fhírinne á ceistiú iontu agus a mbíonn rian maith den fhíorshaol le sonrú iontu i gcónaí. Scamhann sé siar na scaireanna chun go bhfeice muid faoin chlúdach bréige, a...

Eachtraí Tintin: Slat Ríoga Ottokar - Leabhar mhí an Mheithimh 2022 | June's Book of the Month 2022 25.07.2022

[English version below] Tugann Tintin aghaidh ar ríocht bheag, an tSildáivé, áit a bhfuil comhcheilg ar bun i gcoinne an rí óig, Múisc Áir XII. Is mian leis na comhchealgairí Ríshlat an Rí Ottokar a ghoid, siombail na ríochta. Má éiríonn leo, beidh ar an rí éirí as. Tá an tír ag cur thar maoil le feallairí! An éireoidh le Tintin an rí agus an tSildáivé a shábháil? Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna...

Feirm na nAinmhithe - Leabhar mhí na Bealtaine 2022 | May's Book of the Month 2022 13.06.2022

[English version below] Tá na hainmhithe ar Fheirm an Mhainéir ag fulaingt le fada faoi thíorántacht an fheirmeora Ó Ceallaigh. Tá súil acu le saol eile, áfach, an fheirm a bheith faoi cheannas na n-ainmhithe féin, saor ó smacht na ndaoine. Éiríonn siad amach, cuireann siad an feirmeoir chun bóthair, agus glacann siad seilbh ar an bhfeirm. Feirm na nAinmhithe a thugtar uirthi anois, gach ainmhí co...

An Broc-Chú - Leabhar mhí Aibreáin 2022 | Book of the month - April 2022 28.04.2022

[English version below] “Chun an táirge seo a dhíol lenár bpáirtithe in earnáil an leighis, táimid chun an saineolas agus an úire a nascadh le chéile.” Is mar sin a chuireann bainistíocht na saotharlainne Duprat a straitéis nua páirtnéireachta faoi bhráid na beirte: Guy Farkas, ar a dtugtar ‘An Broc-Chú’, taistealaí leighis den seandéanamh, agus Jérémy Labionda, feidhmeannach óg rócháilithe a bhfu...

Madame Lazarre - Leabhar mhí an Mhárta 2022 | Book of the month - March 2022 11.04.2022

[English version below] Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith ina cailín óg di óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa, an t-aon duine amháin dá muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil, sceitheann blúirí eolai...

Bláth na dTulach - Leabhar mhí Feabhra 2022 | Book of the month - February 2022 09.03.2022

[English version below] Is iomaí cruth agus dath ar an ghearrscéal agus tá a shéala sin le feiceáil go soiléir sa díolaim speisialta seo a dhéanann comóradh ar an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha Ultach. Tá scéalta thar a bheith taitneamhach cruinnithe le chéile anseo ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh. Máistir-rang i bhfoirmeacha éagsúla an ghearrscéil atá le fáil...

Ré na bhFathach - Leabhar mhí Eanáir 2022 | Book of the month - January 2022 08.02.2022

[English version below] Cnuasach é seo a chaitheann súil ar chruachás an duine agus é i ngleic le fírinní éagsúla an tsaoil — agus leis na bréaga. Ón am i láthair go dtí an t-am atá caite — agus fiú go haimsir chaite nach raibh riamh ann — tugtar sinn ar cuairt na cruinne, camchuairt a thosaíonn “ar an bhfichiú hoileán is mó ar domhan”, tír aineoil a n-aithneoidh an léitheoir go maith í, fiú faoi...

Duan na Nollag - Leabhar mhí na Nollag 2021 / Book of the month - December 2021 20.12.2021

[English version below] San úrscéal gearr clúiteach seo, insítear scéal Eibinéasair Scrúg, seanchnuastóir crua a dtagann taibhse a sheanchomhghleacaí gnó Iacób Meárlaí ar cuairt chuige, agus taibhsí ón Nollaig a bhí, atá, agus a bheidh. Tar éis a gcuairte, déantar duine níos cineálta agus níos séimhe de Scrúg. Seo é an scéal is cáiliúla riamh faoin Nollaig, agus is ann atá go leor d...

An Bhrachlainn Mhór: Scéalta - Leabhar mhí na Samhna 2021 / Book of the month - November 2021 15.11.2021

[English version below] Scéalta iad seo a chuireann síos ar thragóidí agus ar ghreann, ar an gcontúirt a ghabhann le saothrú na beatha ón bhfarraige agus ar ghaisciúlacht mhuintir Oileáin Árann. Cuireann an t-údar síos go báúil ar chruatan a phobail dhúchais agus ní sheachnaíonn sé cruacheisteanna. Bhí dearcadh cineálta, tuisceanach ag an bhFlaitheartach ar ainmhithe agus ar éanlaith freisin. Scrí...

Mála Mirlíní - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2021 / Book of the month - October 2021 08.10.2021

[English version below] An leagan Gaeilge den úrscéal dírbheathaisnéiseach cáiliúil, Un Sac de Billes. Aistrithe ag R. Seathrún Mac Éin. Giúdaigh de chuid na Fraince a bhí i muintir Joffo agus cuirtear síos sa leabhar seo ar theitheadh Joseph, a bhí 10 mbliana d’aois ag an am, agus a dhearthár Maurice (12) ón chuid sin den Fhrainc a bhí faoi smacht na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda. Lái...

An Béal Bocht - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2021 / Book of the month - September 2021 22.09.2021

[English version below] Is é an t-úrscéal grafach den leabhar An Béal Bocht le Myles na gCopaleen an saothar a bheidh á phlé againn an mhí seo. Ón lá a foilsíodh é ar dtús sa bhliain 1941, tá cáil ar An Béal Bocht mar chlasaic i saol liteartha na hÉireann. Tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag an údar as a shaothar i mBéarla agus tá blas comhaimseartha fós ar an aoir aoibhinn ghreannmhar seo agus b...

Listen to the ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.