Kathryn Ní Mhaoláin

Sílim that...

Education GA ↓ 32 episodes

Podchraoladh Gaeilge ina ndéantar plé ar an sláinte, dea-nósanna, léideanna saoil agus neart craic ar an bhealach. Cláracha aonaracha le bhur n-óstach, Kathryn Ní Mhaoláin, agus agallaimh dhinimiciúla lenár n-aíonna speisialta!

Author

Kathryn Ní Mhaoláin

Category

Education

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Dec 12, 2024

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

#32 An Chloíteacht 12.12.2024

Sí an Nollaig í agus leis sin, is minic a bhíonn an chloíteacht (burnout) i mbarr a réime. Labhraím faoina raibh ar siúl agam i mbliana, m'eispéireas leis an chloíteacht, comharthaí na cloíteachta agus roinnt straitéisí lena shárú. Seo an chéad eagrán aonair le beagnach bliain - fáilte ar ais! Lean @silimthatpod ar Instagram agus ar TikTok! Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé...

#31 Finn Van Der Aar: Athnuachan agus Dóchas 12.11.2024

TÁ MUID AR AIS! Más féidir le Michael Murphy pilleadh ar an pheil idirchontae, is féidir le Sílim that pilleadh ar do chluasa! San eagrán seo tá Seachtain na hEolaíochta á cheiliúradh againn, a bhuí le Taighde Éireann. Tá an athnuachan mar théama i mbliana do Sheachtain na hEolaíochta agus chuige sin, chuir mé agallamh ar Finn Van Der Aar, eolaí muirí, údar agus urlabhraí ar son athrú aeráide agus...

#30 Tomaí Ó Congaile: An Bás agus an Bheatha 24.01.2024

Tá aithne ag na Gaeil ar Thomaí mar bhunaitheoir NÓS, mar aistritheoir agus mar scríbhneoir. Labhraím le Tomaí inniu mar dhuine: faoin bhás, faoin bheatha, faoin bhrón, faoi chreidimh dhifriúla agus faoi leigheas na bplandaí. Is duine ar leith é Tomaí agus bhain mé an-sult as an chomhrá seo! Léigh NÓS ar nós.ie (Comhairle Carad go háirithe!) Lean @silimthatpod ar Instagram agus ar TikTok! Déanann...

#29 Máire Ní Churraoin: Is breá liom mo shaol 17.01.2024

Labhraím leis an amhránaí, láithreoir agus cruthaitheoir ábhair galánta, Máire Ní Churraoin as Ráth Chairn, faoin áthas, faoin tábhacht a bhaineann le mná ag ceiliúradh ban, faoina bród dá ceantar dúchais agus go leor leor eile. Lean @maire_nichurraoin @ancheadghluineile agus coinnigh súil amach don albam! Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonn...

#28 Idir an dá linn... 03.01.2024

Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le "tréimhsí feithimh" inár saolta, gan glacadh leis an bhrú bogadh chuig an chéad "stad saoil" eile, cad é atá "amuigh agus istigh" domhsa in 2024, agus leideanna le sult a bhaint as mí Eanáir. Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus...

#27 Rebecca James: Teorainn agus Sonas 20.12.2023

Labhraím le Rebecca James, coitseáil agus seachránaí, faoi theorainn, féinchúram chrua, an cinneadh ar ghlac sí gan a bheith ag ól, agus níos mó. Lean @sonascoaching @rebeccajames__ le níos mó eolais a fháil faoina cuid oibre! https://www.eventbrite.com/e/deireadh-seachtaine-follaine-tickets-748517575217?aff=ebdsshcopyurl&utm-campaign=social&utm-content=attendeeshare&utm-medium=discove...

#26 Cian Mac Coisteala: Éad 14.12.2023

Comhrá álainn le cara mór de chuid Sílim that, a bhfuil a phodchraoladh féin aige, Nóisin ar Raidió RíRá. Labhraíonn Cian faoin chinneadh deacair a chúrsa ollscoile a fhágáil, faoin phointe is ísle ina shaol, faoin ardteist le linn na pandéime, faoin éad agus faoin dóchas. Tá comhairle iontach aige maidir leis an éad a úsáid ar bhealach dhearfach, le fás a spreagadh. *Rabhadh ábhair* Tá caint san...

#25 Mark Harte: Gabh sa tseans 06.12.2023

Suím síos leis an fhear uasal, Mark Harte, le labhairt faoina shaol agus faoina shaothar. D'fhág Mark an post buan a bhí aige mar mhúinteoir le triail a bhaint as gairm iomlán nua agus tá sé anois ag obair mar Oifigeach Gaeilge in Ollscoil na Banríona, agus tá a chomhlacht féin aige chomh maith ina chuireann sé cóitseáil saoil ar fáil do dhaoine, Harte 2 Harte Coaching, gan trácht (pun intende...

#24 Somhairle Mag Uidhir: Dlúthpháirtíocht & An Phalaistín 22.11.2023

Déanann Somhairle Mag Uidhir plé liom ar an dlúthpháirtíocht agus an Phalaistín. @irish.artists.for.palestine @cairdepalestinebf @dreamdearg

#23 Dr. Abigail Walsh: Intleacht Shaorga & An Duine Daonna Seachtain na hEolaíochta 2023 15.11.2023

Bhí an t-ádh orm agallamh a chur ar an Dr Abigail Walsh, atá i mbun taighde ar an Phróiseáil Nadúrtha Teanga (NLP*), faoin Intleacht Shaorga (AI*) fá choinne Seachtain na hEolaíochta 2023. Téama na bliana seo le linn Seachtain na hEolaíochta ná an duine daonna, agus chuige sin, bhí mé ag iarraidh a fhiosrú: cén tionchar a bhéas ag an Intleacht Shaorga ar eispéireas an duine daonna amach anseo? *Mu...

#22 Cuir suim i suimeanna do phairtnéir 12.10.2023

An tábhacht a bhaineann le suim gníomhach a chur i suimeanna do phairtnéir, agus aird a thabhairt ar na rudaí beaga. Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh lán-Ghaeilge.

#21 Plean féinchúraim i rith tréimhse aistrithe 04.10.2023

Mo chuid smaointe ar thréimhse aistrithe saoil agus plean féinchúram le dul i ngleic leo. Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh lán-Ghaeilge. Le tacaíocht ó Gael Linn

#20 Moya Doogan: Environmental Éadaí 27.09.2023

Comhrá GALÁNTA le Moya Doogan, atá ar dhuine de cheannródaithe móra an fhaisin inbhuanaithe, go háirithe i saol na Gaeilge. Labhraíonn muid faoina taithí teilifíse, na contúirtí a bhaineann le hathrú aeráide, a himeachtaí "Switch", agus impleachtaí an fhaisin ghasta - agus moltaí deasa le bheith níos inbhuanaithe! Is réalt í Moya, thaitin an comhrá liom an oiread sin agus tá súil agam go...

#19 Seán Ó Dubhchon: Tábhacht na Scéalta 06.09.2023

Bhí mé ar bís deis a fháil labhairt le cara liom Seán Ó Dubhchon: scríbhneoir, file, craoltóir, múinteoir agus go leor leor eile. Labhair muid faoin tábhacht a bhaineann le scéaltaí, sna cláracha a dhéanann sé, san fheachtasaíocht, agus roinneann Seán a scéal cumhachtach féin. *Rabhadh ábhair: tá caint ar neamhoird itheacháin agus cúrsaí meabhairshláinte ó thart fá 35 bhomaite istigh san agallamh...

#18 Cad é mar atá do chuid codlata? #7Lá3Nós 23.08.2023

Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le codladh agus dóigheanna le do chuid codlata a fheabhsú. Míním #7Lá3Nós agus an dóigh gur féidir leatsa páirt a ghlacadh ann! Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh lán-Ghaeilge. Le tacaíocht...

#17 Michael Gerard Doherty: Creid 17.08.2023

Tá mé ag iarraidh Michael Gerard a chur faoi agallamh ón bhomaite gur chinn mé go gcuirfinn tús leis an phodchraoladh seo. Bhuail mé leis agus mé ar chleachtadh teagaisc lena rang bunscoile aus chuaigh an dearcadh agus an díograis a bhí aige go mór i bhfeidhm orm. Ó shin, tá Michael Gerard éirithe as an teagasc agus labhraím leis agus é ar tí tus a chur le ré nua ina shaol: MGD Coaching. Is coitse...

#16 Clabhsúr, deireadh ré & tús caibidil nua 06.07.2023

Ceann pearsanta agus measartha mothúchánach, agus ceann atá ar intinn agam le tamall! An tábhacht a bhaineann le clabhsúr i dtréimhse áirithe, mo thaithí féin leis & cén dóigh lena bhaint amach i do shaol féin. Deireadh scoile nó ollscoile, fágáil phoist, bogadh tíre nó eile - tá clabhsúr mar chuid dó ar fad. Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin...

#15 Lisa Nic an Bhreithimh: Easpa eolais vs Aineolas 21.06.2023

Is craoltóir raidió agus gníomhaí pobail í Lisa a oibríonn le ShoutOut, comhlacht a chuireann ceardlanna oideachais ar fáil faoin phobal LADTA+, agus le Equality for Children, a oibríonn ar son cearta páistí i dteaghlaigh le tuismitheoirí LADTA+. Le linn mí an Bhróid, is tábhachtach é na cúrsaí seo a phlé ach tá sé tábhachtach i rith na bliana chomh maith. Phléigh muid an eite fíor-dheis (far-righ...

#14 Gaylgeoirí (Cian Ó Gríofa): CLG, LADTA+ agus a bheith gafa leat féin 17.05.2023

Bhí lúcháir orm san eagrán seo agallamh a chur ar Chian Ó Gríofa aka Gaylgeoirí, faoin phobal LADTA+, an t-eispéireas de theacht amach, faoin CLG, faoina phróiseas cruthaitheach, faoi fhuatheoirí, faoi fhéiníomhá coirp agus neart eile. Thaitin an comhrá seo liom an oiread sin, tá súil agam go mbainfidh sibh sult as. -Kathryn Lean Cian ar Instagram, Tiktok agus Twitter @gaylgeoiri Lean muid ar Inst...

#13 Alcol & Cultúr an Ólacháin in Éirinn agus Thar Lear 26.04.2023

San eagrán seo déanaimse plé ar chultúr an ólacháin, na difríochtaí idir meonta Éireannaigh sa bhaile, Éireannaigh thar lear agus daoine as tíortha eile, agus mo chaidreamh féin leis an alcol. Tá súil agam go mbainfidh sibh tairbhe as an eagrán seo. -Kathryn Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taith...

#12 Cáit san Áit: Taisteal, díoma agus aithne a chur ort féin 19.04.2023

Labhair mé le Cáit Ní Éalaithe, nó "Cáit san Áit" mar a ghlaoitear uirthi ar a cainéal YouTube agus a leathanach Instagram. Is vlagálaí taistil í Cáit atá i ndiaidh taisteal go dtí níos mó ná 40 tír, agus ba mhaith léi cuairt a thabhairt ar níos mó ná 100! Déanann sí a cuid vlagála ar fad trí Ghaeilge, a léiríonn an grá atá ag Cáit dá tír dúcháis chomh maith. Phléigh muid a mianta taisti...

#11 Cairde i do 20í & 30í 12.04.2023

Tá muid ar ais! San eagrán seo déanaimse plé ar cén fáth a bhfuil sé níos deacra cairde a dhéanamh agus a choinneáil agus tú ag éirí níos sine, i mbun staideanna saoil difriúla ó do chuid cairde. Tugaim nodanna ar dhóigheanna le cairdeas a chothú le do sheanchairde, agus cairde nua a dhéanamh, bíodh sin i gcathair nua, tír nua, post nua nó díreach san áit a bhfuil tú. Tá súil agam go mbainfidh sib...

#10 Jonathan Harkin: Cuid 2 Sárú Intinne 03.02.2023

Sa dara cuid den agallamh seo le Jonathan Harkin, cóitseálaí meoin, déanann muid plé ar nósanna a láidriú, chomh maith le clárú néaraitheangeolaíoch [neuro-liguistic programming/NLP]. Lean Jonathan ar Instagram @jonathan_harkin Lean muid ar Instagram, Tiktok & Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart...

#9 Jonathan Harkin: Cuid 1 Brisphointe 28.01.2023

Rabhadh: tagairt déanta san eagrán seo ar an dúlagar agus ar an fhéinmharú [depression & suicide]. Sa chéad cuid den agallamh a rinne mé le Jonathan, labhair sé liom faoin dóigh ar bhog sé go Dubai ar son an ghrá (agus tá sé anois idir gheall agus pósadh leis an bhean chéanna, Katherine), faoina aistear leis an mheabharshláinte, agus faoin oíche ar bhuail sé tóin poill agus gur bheartaigh sé a...

#8 7 gCineál Scíste 20.01.2023

Ní leor codladh amháin chun do chorp a athchóiriú má tá tú scriosta... Déanaimse plé san eagrán seo ar an 7 gcineál scíste atá de dhíth orainn, cén dóigh le haimsiú má bhíonn siad de dhíth ort, agus cad é a thig leatsa a dhéanamh go praicticiúil le níos mó fuinnimh a bheith agat sa 7 ngné seo. Mar achoimre, is iad an 7 gcineál scíste ná: scíste fhisiceach (gníomhach agus éighníomhach), scíste mhea...

Listen to the Sílim that... podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.