Raidió Rí-Rá
Nóisin
Fáiltigí chuig Nóisin! Podchraoladh úr ina thugtar ardán do Ghaeilgeoirí óga na tíre. Gach seachtain, cuirfidh Cían Mac Coisteala is Sorcha Ní Rianach-Puirséil agallamh ar aíonna spreagúla atá i ngrá leis an teanga agus atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú don todhchaí. Más mian leatsa feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus éisteacht le comhráite réchúiseacha lán le clamhsán agus craic, bígí linn! Gabhaimid buíochas ó chroí le lucht Wired 99.9FM is Raidió Rí-Rá as ucht na comhairle agus na cabhrach uilig leis an bpodchraoladh seo!
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
#21 'Aithne Inst-agam' le Órnaith Ní Fhearghaill 27.09.2024 1:11:09
Goidé mar atá sibh a chairde? San eagrán seo, labhraíonn Sorcha s'againne leis an laoch Órnaith Ní Fhearghaill ó Dhún na nGall. Oibríonn Órnaith in earnáil na meán agus pléimid na deiseanna staidéara agus fostaíochta le Gaeilge - agus easpa deise i gcásanna áirithe! Bhaineamar fíor-thaitneamh as an gcomhrá seo ar eispéaras an mhic léinn, moltaí leabhar, agus tuilleadh! Tá dúshlán againn daoibhse c...
#20 'Tús ré, deireadh ré' le Jonathan Ó Caoimh 01.05.2024 51:52
Dia daoibh a chairde Gael! Conas atá sibh? Is fada an lá ó chuala sibh uainne anseo ar Nóisin ach tá leithscéal maith againn ar a laghad. Tá muid beirt faoi ualach na hoibre le cúrsaí ollscoile faoi láthair ach in ainneoin sin go léir, tá gliondar is sceitimíní orainne an t-eagrán seo a roinnt libh. Lá speisialta is brónach ab ea an Aoine seo caite, lá deireanach Shorcha s'againne ar champas C...
#19 'An Chéad Ghlúin Eile' le Máire Ní Churraoin 10.03.2024 50:23
Seachtain na Gaeilge sona daoibh a chairde Gael, tá súil againn go bhfuil sibh ag baint sult as! Lá mór do 'An Chéad Ghlúin Eile' agus iad ag eisiú a gcéad albam le gairid, agus anuas ar seo, bronnadh gradam 'Amhrán Folk na Bliana' orthu ag Gradaim Folk RTÉ 2024 faoi choinne an singil úr s'acu, Bláth na hÓige! Bígí cinnte éisteacht leis agus tacú leo! Ar an bpointe sin, bhearta...
#18 'Barbaí na Gaeilge' le Laura Pakenham 24.02.2024 51:51
Bhuel a chairde Gael, cén chaoi a bhfuil cúrsaí libh na laethanta seo? San eagrán úrnua seo, bhí ríméad ar Chian s'againn fearadh na fáilte a chur roimh an laoch suáilceach í féin, Laura Pakenham. Le linn an agallaimh seo, tugann Laura léargas dúinn ar an méid atá idir láimhe aici mar intéirneach le TG4 Foghlaim agus an sproic s'acu chun tacaíocht is áiseanna foghlama do mhúinteoirí, scolá...
#17 'Eiseamláir na Trionóide' le Pádraig Mac Brádaigh 16.02.2024 1:00:34
Haigh a chairde, goidé mar atá sibh? Ba mhaith linn ár gcomhghairdeas a ghabháil le lucht Choláiste na Trionóide as ucht an éachta a bhain siad amach le déanaí chun ról Oifigeach Gaeilge Lán-Aimseartha a bhunú in Aontas na Mac Léinn s'acu. Bhí baint nach beag ag Pádraigh Mac Brádaigh, leis an toradh seo. San eagrán seo, tá Sorcha s’againne ag caint le Pádraig mar gheall ar an bhfeachtas, ar in...
#16 Airneán le Cúán de Búrca 10.02.2024 36:34
Bhuel a chairde Gael, beannachtaí na ndéithe oraibh uilig agus fáiltigí ar ais! San eagrán úrnua seo, bhí ríméad ar Chian s'againne an deis a fháil chun dul faoi agallamh leis an ardfhear lách, suáilceach is soilbhir é féin, Cúán de Búrca. D'éinne nach bhfuil cur amach acu ar an laoch seo go fóill, bíonn Cúán iontach gníomhíoch ó thaobh an teanga de, go háirithe thuas i mBÁC, is bíonn near...
#15 'Tapaigh an deis!' le Katelyn Hayes 02.02.2024 1:01:06
Beannachtaí na Féile Bríde agus Imbolg oraibh uilig a chairde Gael, tá an t-earrach buailte linn ar deireadh thiar thall! San eagrán úr seo, labhraíonn muid leis an laoch is spéirbhean í féin, Katelyn Hayes. Le linn an agallaimh seo, tugann Katelyn léargas dúinn faoina taithí mar scoláire in Ollscoil na Gaillimhe, a heispéireas foghlama le hAcadamh Fíbín is an chúis go ndeachaigh sí ag taisteal ti...
#14 Dioscmharcaíocht le Jake O'Loughlin 26.01.2024 52:21
Heileo heileo a chairde Gael, tá súil againn go bhfuil sibh uilig go maith! Sa seaneagrán seo, shuíomar síos le haghaidh seal leis an ardfhear lách Jake O'Loughlin chun labhairt leis faoin éacht ar bhain sé amach anuraidh nuair a ainmníodh é féin is a leathbhádóir Daragh Dolan mar Dioscmarcaigh Raidió na Bliana ag Gradaim Náisiúnta na Meán do Mhic Léinn, de dheasca a gcuid oibre lena gclár rat...
#13 'Seo Linn!' le Keith O'Brien 11.01.2024 50:13
Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh a chairde, tá súil againn go bhfuil sibh uilig go maith! San eagrán úr seo, labhraíonn Cian leis an ardfhear is ceoltóir cáiliúil Keith O'Brien. Go dtí seo, tá cáil bainte amach aige leis an mbanna ceoil aitheanta Seo Linn, agus le déanaí d'fhág sé a phost chun díriú ar a chuid ceoil go lánaimseartha. Déanann Keith plé faoin gcinneadh sin agus tu...
#12 Nósanna Geimhridh 23.12.2023 53:26
Fáilte ar ais a chairde Gael, is beannachtaí na Nollag oraibh uilig! San eagrán úr seo phléamar neart ábhair éagsúla, ó nósanna Nollaigiúla sa seomra ranga is na scannáin Nollag atá oiriúnach d'éinne atá ar an tolg ag déanamh craois ar sheacláidí Quality Street le cupán tae, níl tada níos deise! Ach anuas ar seo, rinneamar machnamh ar na sean-nósanna is an béaloideas a bhaineann le Grianstad a...
#11 'Sílim that...' le Kathryn Ní Mhaoláin 04.10.2023 54:46
Bhuel a chairde, aon scéal? Táimid ar ais le heagrán úr daoibh le haoi fíor-inspioráideach, an laoch agus ceannródaí í féin Kathryn Ní Mhaoláin. Go dtí seo, tá cáil bainte amach aici leis an bpodcraoladh uathúil, 'Sílim that...' ach anuas ar sin, tá Kathryn i mbun oibre ar an bpodcraoladh úrnua, Giob Geab Gaelbhratach! Ní féidir a shéanadh gur spreag 'Sílim that...' muidne chun ár...
#10 'Bua na Filíochta' le hAoife McGrath 30.09.2023 59:24
Bail ó Dhia oraibh uilig a chairde, tá súil againn go bhfuil sibh go maith! San eagrán seo, labhraíonn Cian leis an bhfile agus amhránaí óg Aoife McGrath. Déanann Aoife plé faoina saothar ceoil is filíochta agus aithrisíonn sí a chuid dánta Scámhóga Nua agus Sa Chiúineas dúinn. Anuas ar seo, faighimid léargas pearsanta dá samhlaíocht, mothúcháin agus inspioráid! Níl dabht ar bith go bhfuil bua na...
#9 Seal le Seán Ó Dubhchon 21.09.2023 44:25
A chairde, go dté mar atá sibh? San eagrán úr seo, bhí ríméad orainn agallamh a chur ar aoi speisialta, an laoch é féin Seán Ó Dubhchon! Mar is eol do chách, is craoltóir iomráiteach é Seán a bhíonn le cloisteáil go seachtainiúil ar a chuid cláracha cáiliúla Seal le Seán agus Mo Cheol Thú le Raidió Rí Rá agus Raidió na Life. Labhraíomar faoina shaothar go dtí seo, agus na tionscadail rathúla atá i...
#8 SÍOMHA 13.09.2023 56:21
Fáiltígí thar n-ais a chairde! San eagrán speisialta seo, bhí an t-ádh orainn an laoch í féin Síomha a chur faoi agallamh. D'éinne nach bhfuil ar an eolas, (is mionlach sibh muna bhfuil) is ceoltóir gleoite, tréitheach, paiseanta agus cruthaitheach í Síomha, spéirbhean amach is amach! Táimid an-tógtha lena halbam cáiliúil INFINITE SPACE, a bhíonn le cloisteáil ar Nóisin go minic. Bhí gliondar orai...
#7 Eachtra scannalach... 07.09.2023 52:05
A chairde, cén chaoi a bhfuil sibh? Maith dúinn an mhoill leis an eagrán seo, bhíomar gafa ag obair mar ionadaí Raidió Rí Rá ag an bPicnic Leictreach, ach ar aon nós, seo é! San eagrán úr seo, phléamar neart ábhair éagsúla! Rinneamar comparáid idir scrúdaithe agus aistí le haghaidh measúnaithe, d'inis Cian scéal imníoch a tharla dó le déanaí agus chuireamar an cheist, "An bhfuil Cathair L...
#6 'Gaeilge4All' le Róisín Ní Chinnéide 23.08.2023 43:41
Haigh a chairde, aon scéal? Mar is eol do chách faoin am seo, is údar mór imní é go bhfuil fás leanúnach ag teacht ar líon na ndíolúintí Gaeilge chuile bhliain! Mar sin, san eagrán seo, pléimid an fáth gur chóir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge mar ábhar scoile, agus chuireamar Róisin Ní Chinnéide faoi agallamh, chun léargas a thabhairt dúinn faoin obair tr...
#5 'Sea Oh When' le Conlaed Ó Cearbhalláin 17.08.2023 43:08
Haigh a chairde, tá súil againn go bhfuil sibh go maith! San eagrán seo, pléimid Lá Idirnáisiúnta na mBan agus cuirimid Conlaed Ó Cearbhalláin faoi agallamh. Is ceoltóir cruthaitheach agus fíor spreagúil é Conlaed agus labhraíonn sé linn faoina taithí leis an gceoil, agus faoin méid atá idir láimhe aige leis an bhanna ceoil cáiliúil Sea Oh When. Bígí linn! Hosted on Acast. See acast.com/privacy fo...
#4 'Ní neart go cur le chéile' le Tadhg Ó Buachalla 10.08.2023 48:04
Haigh a chairde, conas atá sibh? San eagrán seo, pléamar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge & Seachtain na Gaeilge i mbliana agus chuireamar Tadhg Ó Buachalla faoi agallamh. Is múinteoir bunscoile é Tadhg agus tá cáil bainte amach aige mar chomh-láithreoir ar an bpodcraoladh iontach 'Bothán na bhFear' le Raidió na Life. Anuas ar seo, eagraíonn sé Pop-Up Gaeltacht i gCathair Luimnigh, gach mí! Más m...
#3 Is leor beirt! 03.08.2023 38:14
Haigh a chairde, tá súil againn go bhfuil sibh go maith! San eagrán seo, pléimid feasacht teanga agus scannánaíocht na Gaeilge i mbliana, bígí linn! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
#2 'Beatha teanga í a labhairt' le Déaghán Céitinn 26.07.2023 42:23
Fáiltigí thar n-ais a chairde, san eagrán seo pléimid ár dtaithí féin leis an nGaeilge agus ár ndóchas don todhchaí! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
#1 Fáiltigí chuig Nóisin! 20.07.2023 36:30
Miotaseolaíocht, Grá agus Cineáltas! https://nos.ie/cultur/cailleach-nua-aoise-agus-a-nosanna-feile-bride/ Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Tréiléar 19.07.2023 0:21
Fáíltigí chuig Nóisin a chairde! Music from #Uppbeat (free for Creators!): https://uppbeat.io/t/ra/the-flower License code: J172IC5BXRECALVI Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.