ClubLeabhar.com

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

[English version below]Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teach...

Author

ClubLeabhar.com

Category

Education

Podcast website

www.clubleabhar.com

Latest episode

May 28, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Eachtraí Tintin: Todóga na bhFarónna - Leabhar Mhí an Mheithimh 2021 / Book of the Month - June 2021 08.06.2021

[English version below] Nuair a bhuaileann Tintin agus a mhaidrín Báinín leis an Éigipteolaí aisteach Seán Ó Tuama, téann siad sa tóir ar an áit rúnda ina bhfuil an Faró Kí-Oskh ina luí. Ach tá níos mó ná seargáin agus gaineamh rompu sa ghaineamhlach. Tagann siad ar smuigléirí drugaí agus leanann cúpla leid a fhágann i ngleic le bithiúnach idirnáisiúnta iad. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Muir...

Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta - Leabhar Mhí na Bealtaine 2021 / Book of the Month - May 2021 04.05.2021

[English version below] Ainneoin gur mar scríbhneoir Béarla is mó a bhí cáil ar an Árannach Liam Ó Flaithearta (1896–1984) – na déaga d’úrscéalta agus beagnach dhá chéad gearrscéal – bhí tionchar nach beag ag an aon leabhar Gaeilge a d’fhoilsigh sé lena bheo, an cnuasach gearrscéalta Dúil (1953), ar léitheoirí Gaeilge. Agus ní hamháin de bharr gur chaith sé blianta fada ar chúrsaí scoile agus olls...

Inní - Leabhar Mhí Aibreáin 2021 / Book of the Month - April 2021 28.03.2021

[English version below] Tarraingíonn Réaltán ar a taithí féin mar mhúinteoir, mar mháthair, mar iníon agus mar ghar-iníon sna scéalta seo a thiteann amach thar réimse suíomhanna stairiúla agus comhaimseartha, le bailiúchán scéalta a chur i láthair atá mealltach agus a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Ó Bhéal Feirste an chéid seo caite go Baile Átha Cliath na linne seo, treoraíonn Réaltán go...

Le Gean agus Scéalta Eile - Leabhar Mhí an Mhárta 2021 / Book of the Month - March 2021 22.02.2021

[English version below] Bhris ar m’fhoighne. Ní fhéadfainn é a sheasamh níos faide. Bhí an fhuil ag borradh i mo chuislí. rug mé ar shrian an chapaill amach as a dhá lámh. Sheas mé suas gcarr cosúil leis na fir eile. Ansin thugas laisc don chapall. Réab sí chun cinn. Ba bheag nár caitheadh siar amach as an gcarr mé leis iarracht. ‘Nois bhí sí sna cosa in airde agus muid ag breith suas ar na carran...

Tinte na Farraige Duibhe - Leabhar Mhí Feabhra 2021 / Book of the Month - February 2021 09.02.2021

[English version below] Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an...

Beatha Phí - Leabhar Mhí Eanáir 2021 / Book of the Month - January 2021 28.01.2021

[English version below] Clasaic i litríocht an domhain chéana is ea Beatha Phí, lán de mhíorúiltí is iontais. Bronnadh duais Man Booker air sa bhliain 2002 chomh maith le gradaim eile, rinneadh scannán de a bhain ceithre Oscar agus tá sé aistrithe i mbreis is daichead teanga. Seo anois é i nGaeilge. Tagann Pí Patel slán nuair a théann an long go tóin poill agus a mhuintir ag aistriú ón India go Ce...

Asterix agus an Corrán Óir - Leabhar Mhí na Nollag 2020 / Book of the Month - December 2020 01.12.2020

[English version below] Tá sráidbhaile Asterix go mór trína a chéile. Tá Ogamaix, draoi, i ndiaidh a chorrán óir a bhriseadh agus ní thig leis éilicsir an nirt a dhéanamh gan é! Imíonn Asterix agus Obelix ar mhisean contúirteach go Lúitéis, le corrán nua a cheannach ó Amerigix, a bhfuil gaol i bhfad amach aige le hObelix agus atá ar an fhear déanta corrán is fearr dá bhfuil sa Ghaill. Ach tá Ameri...

Thar na Tonnta - Leabhar Mhí na Samhna 2020 / Book of the Month - November 2020 06.11.2020

[English version below] Is é a dheireadh tús an scéil seo. Tá Sonaí Ó Giolla básaithe ach go bhfuil leithscéal ar a spiorad scaradh lena chorp. Téann sé siar ar bhóithrí na smaointe. A óige i mbaile an Leacain agus ar a chuid laethanta scoile, mar ar chuir sé aithne de chéaduair ar shaothar Karl Marx, a chuaigh go smior ann – ba shóisialaí é feasta. Na laethanta a chaith sé i Londain in éineacht l...

Ar Luch Agus ar Dhuine - Leabhar Mhí Dheireadh Fómhair 2020 / Book of the Month - October 2020 14.10.2020

[English version below] Buaiteoir Ghradam de Bhaldraithe 2020 Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Beirt spailpíní iad George agus Lennie, i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite. Fathach urrúnta ‘ar chiall na bpáistí’ é Lennie agus bíonn George ag tabhairt aire dó. Agus cé nach bhfuil...

Meascra ón Aer - Leabhar Mhí Mheán Fómhair 2020 / Book of the Month - September 2020 28.09.2020

[English version below] Tagann ábhar an leabhair seo ón tsraith raidió ‘Meascra’ a rinne Marcus Mac Conghail do Raidió na Gaeltachta. Iarracht a bhí sa tsraith ardán a thabhairt don scríbhneoireacht nua agus ábhar siamsaíochta (agus machnamh, b’fhéidir) a chur ar fáil. Meascra ceart atá sa leabhar – aistí agóide, gearrscéalta, dánta, cuimhní cinn agus eile agus is iontach an réimse ábhar, stíleann...

Cnámh - Leabhar Mhí an Mheithimh 2020 / Book of the Month - June 2020 23.06.2020

[English version below] Is cnuasach gearrscéalta é seo ón údar Conallach Eoghan Mac Giolla Bhríde. Seo an méid a bhí le rá ag moltóir de chuid an Oireachtais faoi: "Ceardaí oilte an scríbhneoir a thuigeann conas scéal a nochtadh. Comhlíonann an cnuasach seo aidhm na litríochta, cuireann sé breis lenár léamh ar an domhan timpeall orainn agus cuireann sé lenár dtuiscint ar ár gcomhdhaoine. "Tá an sc...

Eachtraí Tintin - An tOileán Dubh - Leabhar Mhí na Bealtaine 2020 / Book of the Month - May 2020 22.05.2020

[English version below] Tá Tintin agus a ghadhar dílis, Báinín, sa tóir ar bhuíon idirnáisiúnta brionnóirí airgid. Ina measc, tá an Dr Müller, a bheidh ina dheargnamhaid ag an iriseoir óg. Tagann Tintin slán ó iarracht é a dhúnmharú ach tá tuilleadh dainséir roimhe nuair a thugann leideanna chomh fada le Poll Dubh in Albain é. Is ann a chloiseann sé faoin mBrúid ar a bhfuil cónaí i gCaisleán na Bi...

Sa Teach Seo Anocht - Leabhar Mhí Aibreán 2020 / Book of the Month - April 2020 06.04.2020

[English version below] Úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile a dhíríonn ar scéal fhir atá ag siúil amach ón teach inár tógadh é agus é ag fágáil a bhean agus a mhac ina dhiaidh. Anocht m'oíche dheireanach sa teach seo agus briseann sé sin mo chroí. Sa teach seo inár rugadh agus ar tógadh mé is mo shinsir romham agus inar fhás mé suas le mo theaghlach líonmhar sul má scaipeadh muid. Sa teach seo mar...

Fatwa - Leabhar Mhí an Mhárta 2020 / Book of the Month - March 2020 02.03.2020

[English version below] Scríbhneoir Gaeilge ar thóir léitheoirí atá i gCormac Mac Ruairí. Tagann sé ar sheift ghlic le suim an phobail a mhúscailt i litríocht na Gaeilge, agus, ar ndóigh, le níos mó leabhar dá chuid féin a dhíol. Ní fada, áfach, go dtarraingíonn an leabhar is úire óna pheann aird antoiscigh Mhoslamacha. An dtiocfaidh aon duine slán ón slad a thitfidh amach ar oileán dúchais an úda...

Cur i gCéill - Leabhar Mhí Feabhra 2020 / Book of the Month - February 2020 30.01.2020

[English version below] Is síceolaí í Cass Ó Caoimh a bhogann go Conamara nuair a fhágtar ina baintreach í. Mar aon leis an bpostroinnt atá aici san Ionad Leighis áitiúil, glacann sí le post páirtaimseartha i gCeannáras na nGardaí mar shíceolaí fóiréinseach. Nuair a bháitear Niamh, cara a hiníne, creideann Cass gur dúnmharaíodh an ógbhean ainneoin an mhéid a cheapann an Bleachtaire Cigire, Tom Bre...

Idir Mhná - Leabhar Mhí Eanáir 2020 / Book of the Month - January 2020 23.01.2020

[English version below] Is seanphoblachtánach é an Móránach ar athraigh a shaol go deo i laethanta glórmhara Chogadh na Saoirse, nuair a bhí sé féin ina cheannaire cumasach treallchogaíochta. Anois agus é ina sheanaois ar fheirm in iarthar na hÉireann, tá an Móránach ag troid i gcónaí - lena theaghlach, lena chairde, agus fiú amháin leis féin. Bíonn sé cráite go mion minic agus é ag iarraidh dul i...

Charlie agus Monarcha na Seacláide - Leabhar Mhí na Nollag 2019 / Book of the Month - December 2019 12.12.2019

[English version below] Níl Willy Wonka - ná an taobh istigh dá mhonarcha iontach seacláide - feicthe ag aon duine le blianta fada. Nuair a fhógraíonn sé comórtas ina dtabharfar buaiteoirí na gcúig thicéad órga (atá curtha i bhfolach aige i gcludaigh na mbarraí seacláide) ar thuras sa mhonarcha, tá tír is talamh ag iarraidh teacht ar na ticéid! Is é Charlie agus Monarcha na Seacláide an scéal is c...

Fonn a Níos Fiach - Leabhar Mhí na Samhna 2019 / Book of the Month - November 2019 05.11.2019

[English version below] Fonn a níos fiach’ a deir an seanfhocal, agus nuair a bhualann an t-ocras Seán Mhicil agus a theaghlach óg caithfidh sé seiftiú dá réir. I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh. Ach más é an gorta a chuireann Seán Mhicil amach thar shneachta an tsléibhe i mblianta deiridh an Gho...

Tairngreacht - Leabhar Mhí Dheireadh Fómhair 2019 / Book of the Month - October 2019 26.09.2019

[English version below] Cuirtear saol Chonchúir Uí Bhraonáin bun os cionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Gan mhoill tá a bheatha féin i mbaol. Is léir áfach, nach Conchúr amháin atá i gcontúirt agus go bhfuil comhcheilg ar siúl a bhainfeadh an bonn de chumhacht an Phápa agus a chuirfeadh deireadh leis an Eaglais. Má tá C...

Cití na gCártaí - Leabhar Mhí Mheán Fómhair 2019 / Book of the Month - September 2019 06.09.2019

[English version below] Úrscéal faoi bhean óg as Málta, Katarina, aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Déantar cleamhnas di le saighdiúir Éireannach in arm Shasana, Tomaí. Is as Béal Feirste dó agus é lonnaithe i Málta le linn an chogaidh, ach tá seisean ag dréim le hÉirinn aontaithe mar a gheall Redmond. Leanaimid scéal Kati ó 1917 agus othair ag teacht go Málta de réir a chéile ó láithreacha an á...

Dialann Emily Porter: An Jailtacht - Leabhar Mhí an Mheithimh 2019 / Book of the Month - June 2019 07.06.2019

[English version below] Bhí plean déanta ag Emily Porter dá laethanta saoire samhraidh i 1994; bhí sí chun fanacht sa leaba go dtí meán lae agus an chuid eile den lá a chaitheamh lena cara is fearr, Olivia. Ach i ngan fhios di, bhí plean eile ag a tuismitheoirí. Plean cruálach. Plean gránna. Plean díoltasach… Bhí Emily le cur in aghaidh a tola, chuig Coláiste Samhraidh sa Ghaeltacht – nó An Jailta...

Gáire in Éag - Leabhar Mhí na Bealtaine 2019 / Book of the Month - May 2019 30.04.2019

[English version below] Cnuasach scéalta le Seán Ó Muireagáin. Scéalta corraitheacha suit i dtréimhse na dTrioblóidí in Éirinn. Sleamhnaigh isteach i saol fealltach an spíodóra, saol céasta an iarshaighdiúra agus saol fuarchúiseach an dúnmharfóra sna scéalta neamhbhuana seo a saoirsíodh as inneoin bhruidiúil an bhuailte, Béal Feirste i rith na dTrioblóidí. Ceithre ghearrscéal a thugann léargas dao...

Titeann Rudaí as a Chéile - Leabhar mhí Aibreáin 2019 / Book of the Month - April 2019 28.03.2019

[English version below] Gaiscíoch mór le rá is ea Okonkwo, agus a cháil in airde ar na fir is cumhachtaí agus is saibhre ina threabhchas. Is duine ceanndána é, afách, agus is minic a theipeann air srian a chur leis a fhearg. Íocann sé féin agus a mhuintir go daor as sin. Nuair a bhagraíonn teacht ar fhir ghil ar thraidisúin an treabhcháis, Gníomhaíonn Okonkwo as a stuaim féin. Toradh tragóideach a...

Eachtraí Tintin: Portán na nOrdóg Órga - Leabhar mhí an Mhárta 2019 /March 2019 05.03.2019

[English version below] Leanann Tintin agus Báinín leideanna aisteacha a chuireann sa tóir ar chairtéal drugaí iad. Tá Tintin faoi ghlas sa long, an Karaboudjan, agus an Captaen Mac Cadóige as a mheabhair le deoch. An criú atá i gceannas! Ar thaobh amháin de, tá gaineamhlach dóite, an Sahára, agus ar an taobh eile de tá duibheagán na Meánmhara. Tá Tintin agus Báinín i mbaol a n-anama cinnte! Láith...

Fuascailt an Iriseora - Leabhar mhí Feabhra 2019 / Book of the Month - February 2019 31.01.2019

[English version below] Tá an t-iriseoir, Bríd, ar ais san ardchathair agus í ag treabhadh léi ina gairm dhúshlánach – ach tá coimhlint sa seomra nuachta. Nuair a thagann sí ar scéal mór na bliana, measctar dualgais an iriseora le tromluí scanrúil an tsaoil. Téann Bríd ar thóir na fírinne ar fud na hardcathrach … Coinnigh ort ag léamh agus neosfaidh an aimsir! Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ma...

Listen to the ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.