ClubLeabhar.com
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
[English version below]Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teach...
Author
ClubLeabhar.com
Category
Podcast website
Latest episode
May 28, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Cinnlínte: Saol an Iriseora - Leabhar mhí Eanáir 2019 / Book of the Month - January 2019 20.12.2018 19:42
[English version below] Cuireann Deaglán de Bréadún inár láthair anseo buaicphointí óna ghairmré mar iriseoir. D’oibrigh sé le The Irish Times agus ina dhiaidh sin le The Irish Sun. Ar na pearsana móra a chastar orainn tá Yasser Arafat, Boris Yeltsin, Mikhail Gorbachev, Cathal Ó hEochaidh, Ian Paisley agus Brian Cowen. Le súil ghéar agus le stíl neamhchasta mar is dual dó, labhraíonn sé go hoscail...
An Strainséara - Leabhar mhí na Nollag 2018 / Book of the Month - December 2018 29.11.2018 15:58
[English version below] Ní hiontas gur baineadh stangadh as an saol nuair a foilsíodh An Strainséara i 1942. Ba ghearr gus aithníodh é ar úrscéalta móra na haoise, agus níl aon mhaolú tagtha ar a cháil ó shin, ach a mhalairt. D’fhógair sé go raibh scríbhneoir den scoth ar an saol, agus léirigh Albert Camus cumas a chruthaitheachta arís ina dhiaidh. Tá an saothar clasaiceach seo ar fáil in nGaeilge...
Na Gamaill - Leabhar mhí na Samhna 2018 / Book of the Month - November 2018 30.10.2018 16:47
[English version below] Tá na Gamail ar cheann de na leabhair is mó aistriúcháin ar domhan. Scéal é seo faoi dhá ghamal agus faoi na cleasa gránna a imríonn siad ar a chéile. Is mór an ghráinn an tUasal Ó Gamail agus a bhean. Déanann siad píoga de na héin bhochta agus itheann siad iad, agus coinníonn siad na moncaithe, Muintir Mhugal-Bhump, faoi ghlas. Ach tá deireadh tagtha le f...
Nuair a Stadann an Ceol - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2018 / Book of the Month - October 2018 25.09.2018 13:08
[English version below] Tar éis di dul ar ollscoil agus cúpla bliain a chaitheamh ag obair, tá Róisín ar ais i mbun staidéir, sa choláiste oideachais don bhunmhúinteoireacht an uair seo. Tá cairde nua aici agus tá go leor ceoil á sheinm, ach tá deacrachtaí móra pearsanta aici freisin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Caoimhe Nic Lochlainn agusAonghus Ó Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] After some...
Teach an Gheafta - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2018 / Book of the Month - September 2018 31.08.2018 17:35
[English version below] Scéal ógfhir atá againn anseo agus an samhradh cinniúnach a chaith sé i dTeach an Gheafta i Mín na Móna i nGaeltacht Thír Chonaill agus é ag iarraidh a shaol casta a shoiléiriú agus a bhealach féin a aimsiú. Ní dhearmadóidh tú in aicearracht an samhradh seo i Mín na Móna. Seo saothar atá lán de ghreann a thógfas do chroí, de chomhbhá leis an duine agus leis an dúlra, de léa...
Tintin sa Tibéid - Leabhar mhí an Mheithimh 2018 / Book of the Month - June 2018 28.05.2018 15:43
[English version below] Tuairscítear gur maraíodh Teang, cara le Tintin, i dtubaiste aeir sna Himiléithe. Ach cloiseann Tintin guth a charad is é ag glaoch air. Tá sé cinnte anois gur beo do Teang i gcónaí. Tugann sé féin, a ghadhar dílis Báinín agus Haileabó, an captaen leathchraiceáilte, faoi mhisean dainséarach: teacht ar Teang. Buaileann siad le manach Búdaíoch i mainistir sa Tibéid a thugann...
An tIriseoir - Leabhar mhí na Bealtaine 2018 / Book of the Month - May 2018 30.04.2018 18:20
[English version below] Foréigean baile, saol scriosta, pósadh cliste. Éalaíonn Bríd ó Ghaoth Dobhair le dul i mbun iriseoireachta i mBaile Átha Cliath. Iriseoir díograiseach, ábalta agus cumasach í, a mhúchann na cuimhní cráite le tréan oibre. Titeann saol Bhríd as a chéile agus í ag fiosrú scéil ar a fód dúchais nuair a aithníonn sí go bhfuil a mac féin ina chroílar. Láithreoir: Seán Ó Catháin A...
Lár an Domhain - Leabhar mhí Aibreáin 2018 / Book of the Month - April 2018 29.03.2018 16:17
[English version below] Duaisleabhar gearrscéalta ón úrscéalaí agus gearrscéalaí aitheanta Beairtle Ó Conaire. Bronnadh Duais an Oireachtais ar an gcnuasach seo in 2006. "Scríbhneoir gairmiúil is ea Beairtle Ó Conaire a bhfuil sé de bhua aige, mar aon leis an ngearrscéalaí Ciarraíoch, Seán Mac Mathúna, friotal simplí fileata a chur ar mhórcheisteanna an duine. Sa gcaoi seo, tugann Lár an Domhain m...
An Leathanach Bán - Leabhar mhí an Mhárta 2018 / Book of the Month - March 2018 05.03.2018 13:28
[English version below] Ar bhínse sráide, i bPáras, tá bean óg ag iarraidh teacht chuici féin. Níl cuimhne aici ar a hainm, ná ar an bhfáth a bhfuil sí san áit sin. Tá a cuimhne tar éis imeacht uirthi. Is úrscéal grafach é An Leathanach Bán ina n-insíonn Pénélope Bagieu agus Boulet scéal mná óige agus í sa tóir ar eolas maidir léi féin, agus tá idir ghreann agus tuiscint san insint...
Sciorrann an tAm - Leabhar Mhí Feabhra 2018 / Book of the Month - February 2018 26.01.2018 18:15
[English version below] Cnuasach gearrscéalta ó údar Canary Wharf. An bua a bhaineann le scéalta an Choileánaigh ná a n-éagsúlacht agus a mbeocht. Is minic í ag plé leis an gclapsholas sin idir dhá shaol agus uaireanta is priaclach an saol é sin! Ní gruaim gan ghreann é, áfach. Scanraíonn sí sinn ach baineann a cuid eachtraí gáire asainn chomh maith. Bí ag faire amach! Ní gnáthdhomhan é seo, domha...
Idir Dhá Thír - Leabhar Mhí Eanáir 2018 / Book of the Month - January 2018 21.12.2017 18:49
[English version below] Cnuasach gearrscéalta nua ó pheann Alex Hijmans. ‘Fágann an duine lorg ina dhiaidh mar a fhágann bád ar an bhfarraige, nó réalta eireabaill sa spéir. D’fhág Tír na Sámach a lorg ormsa, agus – dá laghad é – d’fhág mise lorg ar Thír na Sámach.’ I scéalta an chnuasaigh seo, leanann peann Alex Hijmans an lorg a d’fhág an imirce ar charachtair éagsúla – i Londain, i Liospóin, i...
Conaire Mór - Leabhar Mhí na Nollag 2017 / Book of the Month - December 2017 27.11.2017 14:09
[English version below] Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir macghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na...
Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór - Leabhar Mhí na Samhna 2017 / Book of the Month - November 2017 31.10.2017 17:10
[English version below] Bhuel… Teastaíonn ó Donald J. Trump falla a thógail- huth! Is mian leis Hombres agus bad dudes Mheicsiceo a choinneáil amach as na Stáit Aontaithe… Samhlaigh an t-iontas atá ar na Gaillimhigh, Rónán agus Fionntán Ó Conghaile, as ceantar na nOileán, nuair a thagann glaoch ón Teach Bán isteach chucu san oifig i mBostún, lá. Teastaíonn ón Trumpach go ndéanfaidh ‘R & F Ó Congha...
I dtír mhilis na mbeo - Leabhar Mhí Dheireadh Fómhair 2017 / Book of the Month - October 2017 25.09.2017 17:44
[English version below] Guth nua liteartha ar an bhfód is ea Colm Ó Ceallacháin - seo é an chéad chnuasach gearrscéalta uaidh. Ní mar a shíltear a bhítear. An é sin an Pápa a fheicimid ag comhrá le beirt bhuachaillí le linn a chamchuairt ar Éirinn in 1979? Nó an cuairteoirí ó phláinéad eile iad siúd atá ag caitheamh laethanta saoire cois trá? Tá pearsana sa chnuasach seo ag fás aníos is ag teacht...
Cás aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2017 /September 2017 30.08.2017 16:26
[English version below] Is scéal scáfar é seo a chuirfidh alltacht agus anbhá ar lucht a léite. Déan dearmad ar na léirithe éadroma de atá feicthe agat i scannáin agus cruinnigh do mhisneach le dul i bhfiontar sceimhle síceolaíoch Jekyll agus Hyde. Is i Londain atá an t-úrscéal suite mar dhea, ach tá gach uile leathanach de ar maos in atmaisféar dúrúnda Dhún Éideann - an áit ar rugadh Robert Louis...
Íbíotsa - Leabhar mhí an Mheithimh 2017 / Book of the Month - June 2017 31.05.2017 16:07
[English version below] Téigh go hÍbíotsa ar feadh coicíse agus tá sé romhat amach: lá ar an trá gan náire; codladh gan dúiseacht ar an tsráid; priocadh na díchéille; an t-ál fáin; aistear an aithreachais; tobac agus ól ar an gcúlráid; tonnadh chun na síoraíochta; agus fiú amháin cá bhfios cé a chasfaí ort? Scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin. Láithreoi...
Hula Hul - Leabhar mhí na Bealtaine 2017 / Book of the Month - May 2017 27.04.2017 19:12
[English version below] "Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d’fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í ag féachaint suas air. D’fhéach sí beag, leochaileach, uaigneach. Thuig sé na trí rud san go maith. Ní raibh sé riamh le bean.” Seo é scéal Mhait Dálaigh, fear nach raibh riamh le bean; scéal Cháit Ní Bhric, bean óg a bhfuil a saol caite a...
An Dochtúir Áthas - Leabhar mhí Aibreáin 2017 / Book of the Month - April 2017 31.03.2017 19:02
[English version below] "Ceann desna húrscéalta is dea-scríofa, is difriúla, is spéisiúla - in aon fhocal amháin, is fearr - a foilsíodh in Éirinn le fada an lá. Coinnítear ar bís thú ó leathanach go leathanach." - Pearse Hutchinson Tá an leabhar seo, a céadfhoilsíodh i 1994, ar cheann den bheagán úrscéalta trialacha nua-aimseartha lánfhada sa Ghaeilge. Caidreamh an laoich lena shíciatraí is ábhar...
Máire Nic Artáin - Leabhar mhí an Mhárta 2017 / Book of the Month - March 2017 27.02.2017 16:41
[English version below] Is úrscéal é seo ina dtugtar léargas íogair aibí ar eascairdeas na Sé Chontae le linn aimsir an chéad chogaidh dhomhanda. Sa scéal lándaonnachtúil seo déantar cur síos ar scoilteanna truamhéalacha pobail agus creidimh, agus ar iarracht an fhíorghrá na deighiltí sin a shárú. Iarracht gan rath í, áfach, agus faigheann nimh thubaisteach na dTrioblóidí an lámh in uachtar faoi d...
Go mbeinnse choíche saor - Leabhar mhí Feabhra 2017 / Book of the Month - February 2017 01.02.2017 20:10
[English version below] Is éard atá sa chnuasach seo ná scéalta faoi mhná láidre a mbíonn orthu streachailt in éadan a ndíchumhachtaithe i saol nach bhfuil i gcónaí ceart ná cóir. Tá uaillmhian na saoirse le feiceáil sna mná atá sna scéalta seo; tallanna dochloíte na beatha a thugann orthu troid ar son a saoirse agus a neamhspleáchais. Foréigean, fealladh, dealús, imirce - tá na nithe sin go léir...
Danny Seaimpín an Domhain - Leabhar mhí Eanáir 2017 / Book of the Month - January 2017 19.12.2016 19:12
[English version below] Insítear scéal Danny agus a athar William san úrscéal seo (1975), agus dírítear go háirithe ann ar an ngrá speisialta a bhíonn idir athair agus mac. Is scéal é a bhaineann le roghanna morálta, agus a thaispeánann an tslí a ndéanann daoine ‘maithe’ drochrudaí, nó an tslí a gcuirtear daoine i gcás go mbíonn orthu roghanna deacra a dhéanamh. Ina dhiaidh sin féin, tugann an lea...
An Fuadach - Leabhar mhí na Nollag 2016 / Book of the Month - December 2016 30.11.2016 17:50
[English version below] Tá An Fuadach le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh. Seo é scéal scleondrach corraitheach an dílleachta Dáibhí Balfúr, fear óg a bhfuil a uncail Eibinéasar ag iarraidh é a mharú agus a oidhreacht a thógáil dó féin. Is é a chairdeas leis an claimhteoir Seacaibíteach Ailean Breac Stíobhaird a thugann slán é - ach is fear é siúd a bhfuil an tóir...
An Grá Riabhach - Leabhar mhí na Samhna 2016 / Book of the Month - November 2016 28.10.2016 20:52
[English version below] Is mar fhile go príomha atá aithne ag an saol ar Bhiddy Jenkinson, ach is ealaíonta an scríbhneoir gearrscéalta í freisin, gan aon amhras. Baineann na hocht scéal déag sa chnuasach seo, An Grá Riabhach, le raidhse leathan ábhar agus téamaí - an tseanaois, an mhiotaseolaíocht, cúpláil éisc, cúrsaí creidimh, an gharraíodóireacht - ach tá dhá ghné ann a shnaidhmeann trí gach u...
An Tearmann - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2016 / Book of the Month - October 2016 03.10.2016 18:20
[English version below] Téann Eoin Ó Síocháin, gníomhaí óg cearta daonna as Co. an Chláir, go dtí an Bhrasaíl chun taighde a dhéanamh ar choimhlint fhuilteach idir treibh bhundúchasach agus úinéirí talún. De réir mar a chuireann sé aithne ar mhuintir na háite tagann sé ar an tuiscint nach bhfuil an scéal chomh simplí agus a shíl sé ar dtús – ach faoin am sin, tá sé rómhall. In aghaidh a thola, bei...
Éagóir - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2016 / Book of the Month - September 2016 31.08.2016 17:54
[English version below] Insint líofa léir atá sa leabhar seo ar eachtra staire atá greanta go glé fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí. Baineann croí an scéil le crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle. Dúnmharuithe barbartha i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.