ClubLeabhar.com
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
[English version below]Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teach...
Author
ClubLeabhar.com
Category
Podcast website
Latest episode
May 28, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Réics Carló ar Oileán Mhanann - Leabhar mhí an Mheithimh 2016 / Book of the Month - June 2016 30.05.2016 17:07
[English version below] Ní bhíonn na coirpigh slán nuair a bhíonn bleachtaire áirithe sa chomharsanacht. Réics Carló – ní féidir é a stopadh! Ar saoire ar Oileán Mhanann a bhí sé, é féin, a iníon Fionnuala agus an Ruarcach, nuair a tharla dúnmharú. Fág faoi Réics é teacht ar an gcoirpeach. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Caoimhe Nic Lochlainn and Róisín Adams [Leagan Gaeilge thuas] Criminals are...
Dílis - Leabhar mhí na Bealtaine 2016 / Book of the Month - May 2016 26.04.2016 18:52
[English version below] Bean dhílis tréigthe, bean eile ag dul i ngleic leis an éigniú agus fuadach a hóige, pacáistí rúnda agus fear ag saothrú anbháis. Tiomsaithe faoi chlúdach an leabhair seo tá scéal casta an ghrá, briseadh croí agus díoltas, bás agus buairt an tsaoil, soineantacht na hóige agus briseadh na soineantachta céanna. Is iomaí cor a chuireann an saol de agus is iomaí cor atá i ndán...
Scáil an Phríosúin - Leabhar mhí Aibreáin 2016 / Book of the Month - April 2016 31.03.2016 16:31
[English version below] Is é seo an tríú húrscéal bleachtaireachta do dhaoine fásta ó pheann Anna Heussaff. Dhá dhúnmharú sa chillín céanna i bPríosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath, ceann acu sa lá atá inniu ann agus an ceann eile sa 19ú haois. Cén ceangal atá eatarthu i ndáiríre? Lean Aoife Nic Dhiarmada agus Réamonn Seoighe agus iad ag iarraidh an mhistéir a réiteach. Láithreoir: Ian Ó...
Seacht mBua an Éirí Amach - Leabhar mhí an Mhárta 2016 / Book of the Month - March 2016 25.02.2016 19:52
[English version below] D’athraigh Éirí Amach na Cásca saol na hÉireann agus spreag sé na scríbhneoirí chomh maith le cách. Ba é Seacht mBuaan Éirí Amach ceiliúradh Shean-Phádraic ar bhliain na glóire, agus tá seacht scéal le fáil ann faoi dhaoine ar chuir an tÉirí Amach casadh buan ina saol. Tá cuid den scríbhneoireacht is fearr dá ndearna Sean-Phádraic sa leabhar seo, arb é ochtú bua an Éirí Am...
Aisling nó Iníon A - Leabhar mhí Feabhra 2016 / Book of the Month - February 2016 21.01.2016 20:53
[English version below] Scéal Aisling atá san úrscéal comhaimseartha seo. Déagóir í a tógadh i dteaghlach an-choimeádach traidisiúnta i mBaile Átha Cliath. Ceistíonn sí prionsabail a máthar, prionsabail dhiongbháilte na heite deise. Agus an choimhlint eatarthu ag géarú, tarlaíonn tubaiste a athraíonn a saol go hiomlán agus a spreagann ceisteanna faoi gach rud a chreid siad cheana. Úrscéal dár ré f...
Caillte i gConamara - Leabhar mhí Eanáir 2016 / Book of the Month - January 2016 21.12.2015 21:17
[English version below] Cúig ghearrscéal le cúigear fear as Conamara. Cúigear údar ar de dhlúth agus d’inneach Chonamara iad, a thugann léargas ar leith ar Chonamara, pictiúr ón taobh istigh, a phléann Conamara mar a fheictear do mhuintir Chonamara é. Ach ní hé Conamara na sléibhte maorga, na lochanna gorma, na tránna bána agus na gasúir rua le hasal agus péire cléibh atá faoi chaibidil sa leabhar...
Leabhar Nóra Ní Anluain - Leabhar mhí na Nollag 2015 / Book of the Month - December 2015 26.11.2015 14:20
[English version below] Tugtar cead a gcos do shamhlaíocht agus do chlisteacht Titley sa chnuasach téagartha seo a céadfhoilsíodh i 1998. Tá an-éagsúlacht sna scéalta ar fad, ó thaobh ábhair agus leagain amach de – tá scéal ann gan oiread is comhartha poncaíochta amháin, ceann eile nach bhfuil ach cúig fhocal is fiche ann. Léiríonn Titley tríd síos, áfach, go bhfuil bua na scéalaíochta aige, is cu...
Cogadh na Reann - Leabhar mhí na Samhna 2015 / Book of the Month - November 2015 30.10.2015 14:45
[English version below] Is tearc iad úrscéalta ficsean eolaíochta na Gaeilge, agus dá bharr sin is mór an gar é go bhfuil Aibhistín Ó Duibh agus Evertype tar éis leagan nuachóirithe de Cogadh na Reann, a d'aistrigh León Ó Broin ar dtús i 1934, a chur ar fáil dúinn. Foilsíodh Cogadh na Reann den chéad uair in 1898. Meastar gurb é an chéad úrscéal riamh é faoi ionradh eachtrán ar an domhan agus tá s...
Í Siúd - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2015 / Book of the Month - October 2015 30.09.2015 14:38
[English version below] Léiriú ar shaol dheireadh an fichiú haois mar a fheictear do Shiobhán Ní Shúilleabháin é atá sa chnuasach seo, Í Siúd, ar an saol laethúil, ar mheon an duine, agus ar an dóigh a bhfuil na hathruithe móra atá ag titim amach sa tsochaí inniu ag dul i bhfeidhm ar an meon sin. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Caitlín Nic Íomhar agus Mícheál Hoyne [Leagan Gaeilge thuas] Í Siúd t...
L'Attaque - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2015 / Book of the Month - September 2015 31.08.2015 16:45
[English version below] Baineann an scéal seo le Contae Mhaigh Eo sa bhliain 1798, ‘Bliain na bhFrancach’, nuair a tháinig arm Francach faoin nGinearál Humbert i dtír i gCill Ala. Leanaimid aistear Mháirtín Dhuibh Chaomhánaigh, fear bainte móna as baile beag i gContae Liatroma, agus é ag gabháil tríd an mí-eagar, tríd an bhfulaingt agus tríd an mídhaonnacht atá de dhlúth agus d'inneach an chogaidh...
Splancanna ó shaol eile - Leabhar mhí an Mheithimh 2015 / Book of the Month - June 2015 08.06.2015 15:08
[English version below] Céad grianghraf. Céad aiste ghearr. Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar thír aduain, anaithnid… atá i lár an aonaigh. Seo cuireadh duit aithne a chur ar an mBrasaíl – aithne cheart, aithne a sheachnaíonn an cliché. Sa leabhar seo, tugann Alex Hijmans, atá ina chomhfhreagraí idirnáisiúnta sa tír ó 2007, léaspairtí ar an mBrasaíl nach bhfeictear sna cártaí poist. Láithreoir:...
Salann Garbh - Leabhar mhí na Bealtaine 2015 / Book of the Month for May 2015 26.05.2015 17:23
[English version below] Seo an dara cnuasach gearrscéalta ó Joe Steve Ó Neachtain ó foilsíodh Clochmhóin breis agus deich mbliana ó shin - agus b'fhiú fanacht. Ach, ar ndóigh, níor lig sé a chuid maidí le sruth; tá dhá úrscéal, drámaí agus cnuasach filíochta foilsithe ó shin aige. Ach is é an filleadh seo ar an ngearrscéal, an fhoirm liteartha is dúchasaí sa nGaeilge, b'fhéidir a léiríonn máistrea...
Anamlón Bliana - Leabhar mhí Aibreáin 2015 / Book of the Month for April 2015 23.04.2015 22:42
[English version below] Ar feadh beagnach dhá scór bliain, aimsir thinnis agus aimsir théarnaimh, cuid lárnach de shaol inmheánach Sheáin Uí Ríordáin ab ea a dhialann. Iarracht atá sa deascán díolamtha seo óna dhialanna ar éachtaint a thabhairt ar aigne chéasta an fhile ar bhonn leanúnach ó thosaigh sé amach air sa bhliain 1940, go dtí an bhliain ar cailleadh é, 1977. Blaiseadh beag de bheatha na...
An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh - Leabhar mhí an Mhárta 2015 /March 2015 20.03.2015 17:47
[English version below] Cuirtear ceathrar páistí amach as Londain le linn an Dara Cogadh Domhanda chun éalú ó na buamaí atá ag titim ar an chathair. Cuirtear go teach seanduine iad i lár na tuaithe. Nuair a osclaíonn Lucy, an duine is óige acu, an prios éadaigh, tagann na páistí ar dhomhan iontach a bhfuil draíocht agus eachtraí i ndán dóibh ann. Aistriúchán gleoite le hAntain Mac Lochlainn é seo...
I dTír Strainséartha - Leabhar mhí Feabhra 2015 / Book of the Month for February 2015 18.02.2015 20:42
[English version below] In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóir ru...
Mo Bhealach Féin - Leabhar mhí Eanáir 2015 / Book of the Month for January 2015 23.01.2015 19:46
[English version below] Cuntas ionraic neamhbhalbh atá ann ar choraíocht a aigne le saol nach raibh ag teacht lena mhian, ar na heachtraí a bhain dó sa saol sin, agus ar na daoine fágtha ar casadh ina measc é. Láithreoir: Diarmuid Ó Mathúna Aíonna: Noel Ó Gallchóir agus Róisín Adams [Leagan Gaeilge thuas] An honest outspoken account of his life by Seosamh Mac Grianna, a life that wasn’t going acco...
Seal san Aetóip - Leabhar mhí na Nollag 2014 / Book of the Month for December 2014 09.12.2014 17:40
[English version below] Sa leabhar seo leanann Frank Reidy turas na hÁirce ó Iarúsailéim go dtí an Aetóip. Cíorann sé stair agus seanchas na hÁirce agus tagann sé ar thuiscint nua ar an Áirc ar a stádas agus an tábhacht a bhaineann léi san Aetóip. Tugtar léargas nua anseo ar thír nach mbíonn luaite léi go minic ach ocras, anró agus bás. Os a choinne sin léirítear gáire agus gliondar, aois agus uai...
An Diabhal ar an Ól - Leabhar mhí na Samhna 2014 / Book of the month for November 2014 06.11.2014 20:14
[English version below] Athinsint ar scéalta béaloidis ón gCian-Oirthear atá sa leabhar seo ó thíortha i bhfad i gcéin, iad lomlán le ríthe agus banríonacha, prionsaí agus banphrionsaí, daoine maithe agus drochdhaoine, leisceoirí, simpleoirí, druncaeirí, déirceoirí, ainmhithe, saighdiúirí, spioraid, aingil agus fiú an diabhal é féin. Bainfidh léitheoirí idir shean agus óg taitneamh agus tairbhe as...
Oileán an Órchiste - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2014/ Book of the Month for October 2014 08.10.2014 19:28
[English version below] Tá an t-úrscéal Treasure Island le Robert Louis Stevenson áirithe ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste, agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver. Is mar scéal thea...
Súil le Breith - Leabhar Mhí Mheán Fómhair 2014 / Book of the Month - September 2014 15.09.2014 18:03
[English version below] Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta é Tom Connor, fear atá ag troid ar son pobal atá bánaithe ag an imirce agus ag an mbochtanas. Insíonn a bhean tí, Marion, dó go bhfuil sí ag súil lena pháiste. Caithfidh Tom rogha a dhéanamh idir a dhualgas i leith a phobail, a ghrá do Mharion, agus a chreideamh sa tsagartóireacht. Tá idir dhrámatúlacht agus bhriseadh croí i réiteach an...
An Ghaeilge i gCéin - Leabhar mhí na Nollag 2012 (b) / Book of the Month - December 2012 (b) 26.06.2014 3:25
[English version below] Labhair riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, le hAlex Hijmans faoi "Píosaí Gloine Dhaite", an aiste dá chuid atá i leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com, An Ghaeilge i gCéin. Is as an Ísiltír d'Alex ó dhúchas. Tá cónaí air sa Bhrasaíl anois, áit a bhfuil litríocht Ghaeilge fós á scríobh aige. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathú...
Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg - Leabhar mhí na Nollag 2011 / Book of the Month - December 2011 26.06.2014 3:46
[English version below] Labhair Biddy Jenkinson, údar Duinnín - Bleachtaire ar an Sceilg, leabhar mhí na Nollag, faoin tábhacht a bhaineann leis na carachtair ina cuid leabhar agus faoi na cosúlachtaí idir foclóirithe agus bleachtairí. [Leagan Gaeilge thuas] Biddy Jenkinson, author of Duinnín - Bleachtaire ar an Sceilg, December’s book of the month, spoke to us about the importance of the characte...
Filíocht Ghrá na Gaeilge - Leabhar mhí Feabhra 2012 / Book of the Month - February 2012 26.06.2014 9:53
[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna le Ciarán Mac Murchaidh, eagarthóir Filíocht Ghrá na Gaeilge faoin ngrá mar théama, faoin dán is fearr leis sa chnuasach agus faoi shaibhreas nua-litríocht na Gaeilge. [Leagan Gaeilge thuas] I spoke to Ciarán Mar Murchaidh, editor of February’s book of the month, Filíocht Ghrá na Gaeilge about love as a theme, about his favourite poem in the colle...
Deargadoil i mBád fó Thoinn - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2013 / Book of the Month - October 2013 26.06.2014 8:07
[English version below] Labhair Aodh Ó Gallchóir le Pádraic Breathnach, iarléachtóir le Gaeilge agus úrscéalaí, faoina úrscéal gaisciúil, fuinniúil Deargadaoil i mBád fó Thoinn, atá mar leabhar mhí Dheireadh Fómhair ag ClubLeabhar.com. Cé gur dúirt an t-údar gur ficsean ar fad atá sa leabhar, d’admhaigh sé gur meascán de dhaoine éagsúla atá sna carachtar ach nach ar aon duine ar leith a bhunaigh s...
Dúil - Leabhar mhí Aibreáin 2013 / Book of the Month - April 2013 26.06.2014 7:35
[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an Ollamh Gearóid Denvir ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoin gcnuasach gearrscéalta iomráiteach Dúil, le Liam Ó Flaithearta, atá mar leabhar mhí Aibreáin ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Is é Dúil an t-aon bhailiúchán scéalta Gaeilge de chuid Uí Fhlaithearta a foilsíodh riamh. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLea...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.