Conradh na Gaeilge i Londain

Nuacht Mhall

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

Besuch unbedingt die Website des Podcasts und unterstütze die Macher: podcasters.spotify.com

Autor

Conradh na Gaeilge i Londain

Kategorie

Education

Podcast-Website

podcasters.spotify.com

Neueste Folge

17. Okt 2026

Wo hören?

Podcasts in der App Replaio Radio Bald verfügbar

Podcasts kommen bald in die App. Installiere sie jetzt und erlebe als Erster einen ganz neuen Blick auf Podcasts

Bei Google Play herunterladen Kostenlos installieren Android fast 10 Mio. Downloads · Bewertung 4,8 iOS bald

Folgen

17 Deireadh Fómhair 2026 (Baile Átha Cliath) 17.10.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag mé mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá an foilsitheoir, Faber, tar éis ráiteas a eisiú ag deimhniú nach mbeidh siad ábalta leabhair Sally Rooney a chur ar fáil do shiopaí leabhair sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar an tacaíocht phoiblí a thugann Rooney don eagraíocht ‘Palestine Action’. I mí Iúil 202...

10 Deireadh Fómhair 2026 (Tiobraid Árann) 10.10.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. In Éirinn, fógraíodh Búiséad 2027 le linn na seachtaine. Deir an rialtas go bhfuil sé cóir d’oibrí, ach mheall an plean cáineadh ón bhfreasúra a deir gur theip ar an rialtas aon rud a dhéanamh ar son teaghlaigh atá ag streachailt le costais mhaireachtá...

3 Deireadh Fómhair 2026 (Gaillimh) 04.10.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an triú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tar éis dóibh cluiche a chailleadh i gcoinne na Cosaive, fuair foireann sacair na hÉireann na chéad trí phointe faighte i Sraith na Náisiún Dé Domhnaigh. Cé gur éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar Iosrael, bua gan lúcháir a bhí ann tar éis cluiche nár cheart a im...

26 Meán Fómhair 2026 (An Dún) 26.09.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cuireadh bille síos an tseachtain seo a thabharfadh saoire 20 lá do mhná atá i ndiaidh breith anabaí, agus saoire 10 lá do dhaoine atá ag dul faoi chóireáil torthúlachta. Rinne Coiste Fiontair an Oireachtais plé ar an reachtaíocht mholta Dé Céadaoin. Dúirt urlab...

19 Meán Fómhair 2026 (An Clár) 19.09.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá imní léirithe ag na comhlachtaí móra sa tionscal intleachta saorga mar gheall ar an gcumhacht atá ag an dteicneolaíocht anois. Scríobh an príomhfheidhmeannach de chuid Anthropic, Dario Amodei, aiste inar thug sé rabhadh don domhan faoin dainséar a bhaineann leis an...

12 Meán Fómhair 2026 (Ard Mhacha) 12.09.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. D'éirigh iarUachtarán na hÉireann Máire Mhic Giolla Íosa as a ról mar chathaoirleach ar an choiste atá ag iarraidh trí eagraíocht - Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Peil Gael na mBan agus an Cumann Camógaíochta - a thabhairt le chéile in aon eagraíocht amháin....

5 Meán Fómhair 2026 (Tír Eoghain) 05.09.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Anocht, beidh a troid dheireanach ag Katie Taylor, an dornálaí is rathúla i stair an spóirt in Éirinn. Beidh sí ag troid in aghaidh Flora Pili ón Fhráinc, os comhair slua de 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh ag deich a chlog anocht. Rugadh agus tógadh Taylor i mBré, Conta...

29 Lúnasa 2026 (Liatroim) 29.08.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Órla Nic Con na Búille. Gortaíodh fear agus bean ina n-ochtóidí go dona tar éis timpiste aonfheithicle ar an M50 i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Tharla an timpiste ag Acomhal 10 in aice le sliosbhóthar Bhaile an Mhóta thart ar 3.20pm tráthnóna Dé Céadaoin, 26 Lúnasa. Tuariscítear gu...

22 Lúnasa 2026 (Luimneach) 22.08.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an dara lá fiche de mhí Lúnasa. Is mise Sibéal Dempsey. Tá treocht atá ag fás agus ag teacht chun cinn in Éirinn de thiománaithe óga ag luasghéarú ar an mótarbhealach sa treo mícheart. Is cosúil go bhfuil an treocht seo á spreagadh ag ardáin meán sóisialta ar líne, áit a bpostálann na tiománaithe físeáin díobh féin, chun aird agus a...

15 Lúnasa 2026 (Maigh Eo) 15.08.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna. Chuir an t-athrú aeráide agus téamh domhanda isteach go mór ar an Eoraip an tseachtain seo, le breis agus céad go leith milliún duine faoi theocht de 35 céim nó níos mó Dé hAoine, agus falscaithe ar fud na hilchríche. Is iomaí teach a cailleadh i ndóiteán sa Lár-Réigiún Th...

8 Lúnasa 2026 (Dún na nGall) 08.08.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá an Iaráin agus Óman tar éis teacht ar shocrú ag díriú ar chúrsa do longa frí Chaolas Hormuz, agus oíche Dé Céadaoin, bhí siad ag cur bailchríoch ar phlean chun an pasáiste a chomhbhainistiú, a dúirt urlabhraí thar ceann aireacht gnóthaí eachtracha Tehran. Ghabháil an Iar...

1 Lúnasa 2026 (Tiobraid Árann) 01.08.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tar éis seachtó cúig bliain briseadh an mhallacht a bhí ar fhoireann peile Chontae Mhaigh Eo. Tá ceiliúradh fós ar siúl ar fud an chontae beagnach seachtain ón mbua mothúchánach i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite. D’imir an fhoireann in ag...

25 Iúil 2026 (Tír Eoghain) 25.07.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Siadhail.  Tháinig deireadh le dhá chomórtas spóirt mór le rá Dé Domhnaigh seo caite. Sa tráthnóna, bhuaigh Luimneach Craobh Iomána na hÉireann den séú huair le naoi mbliana anuas. Bua compordach a bhí ann do Chontae an Chonartha agus agdeireadh an chluiche bhí cúl amháin agus naoi...

18 Iúil 2026 (Gaillimh) 18.07.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. I ndiaidh cúpla seachtain dhrámatúil i bpolaitíocht na Breataine, tá an Feisire Parlaiminte nuathofa do Makerfield, Andy Burnham,ar tí seilbh a ghlacadh ar Uimhir 10 Sráid Downing. Cé go bhfuair Burnham, a bheidh ina sheachtú Príomh-Aire ar an mBreatain le deich mbliana an...

11 Iúil 2026 (An Dún) 11.07.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo faoin difear a dhéanfadh sé dá gcuirfí 10% de thithe folmha ar fáil do chainteoirí dúchais Gaeilge na nDéise. Agus é ag labhairt...

4 Iúil 2026 (Ard Mhacha) 04.07.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí deireadh seachtaine iontach peile i bPáirc an Chrócaigh agus níl fágtha anois ach ceithre fhoireann i gCraobh na hÉireann. Dé Sathairn, bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh tar éis cluiche den scoth. Sa dara cluiche an lá sin, bhí an bua ag Ciarraí ar Thír Eoghain — cluiche an...

27 Meitheamh 2026 (Baile Átha Cliath) 27.06.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh.  I Veiniséala, mharaigh dhá chrith talún cumhachtach 589 duine ar a laghad agus gortaíodh beagnach 3,000. Tráthnóna Dé Céadaoin, braitheadh na creathanna talún, a thomhais 7.2 agus 7.5 ar scála Richter, ar fud an réigiúin. Tá scriosadh foirgneamh agus bóithre forle...

20 Meitheamh 2026 (Luimneach) 20.06.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an fichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey. Tá comhaontú ceithre phointe dhéag sínithe ag Donald Trump leis an Iaráin, ag maíomh gur thug sé “bua mór” do na Stáit Aontaithe agus gur athoscail Caolas Hormuz dá bharr. Deirtear, áfach, gur thug an margadh lamháltais shuntasacha pholaitiúla agus airgeadais don Iaráin. I me...

13 Meitheamh 2026 (Liatroim) 13.06.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Inniu an tríú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Órla Nic Con na Búille. Foilsíodh tuairisc dheiridh Choimisiún Imscrúdaithe an Oirdheiscirt an tseachtain seo maidir le líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí i gcoinne Bill Kenneally. Deirtear sa tuairisc gur theip go tromchúiseach ar bheirt oifigeach sinsearach den Gharda Síochána gníomhú...

6 Meitheamh 2026 (Maigh Eo) 06.06.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Oisín Mac Conamhna. Scríobh Volodymyr Zelenskyy, Uachtaráin na hÚcráine, litir oscailte chuig Vladimir Putin, Uachtaráin na Rúise, an tseachtain seo, inar mhol sé cruinniú mullaigh eatarthu, i stát neodrach, chun idirbheartaíocht a dhéanamh chun deireadh a chuir leis an gcogadh idir an dá thír....

30 Bealtaine 2026 (Dún na nGall) 30.05.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá tús curtha le triail iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Jeffrey Donaldson, agus a mhná céile, i ndiaidh do bheirt bhan líomhaintí a dhéanamh go ndearna sé mí-úsáid ghnéis orthu agus iad ina bpáistí. D’inis abhcóide an ionchúisimh, Rosie Walsh KC,...

24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann) 24.05.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Thascar Iosrael an Cabhlachán Domhanda Sumud in uiscí idirnáisiúnta arís i rith na seachtaine. Bhí 50 bád agus níos mó ná 400 gníomhaí páirteach sa chabhlachán, ag déanamh iarracht nua cúnamh a thabhairt go Gaza tar éis tascartha ó Israel ar an mise...

16 Bealtaine 2026 (Gaillimh) 16.05.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer faoi bhrú i ndiaidh seachtain dhramatiúil inar éirigh roinnt airí as an gcomh-aireacht in Westminster, iad ag rá nach bhfuil muinín acu as. Bhí sé i gcruachás mar thoradh ar na toghcháin áitiúla i Sasana inar chaill Páir...

9 Bealtaine 2026 (Tír Eoghain) 09.05.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá triúr marbh agus roinnt eile an-tinn i ndiaidh ráig den hantaivíreas ar long Ísiltíreach san Aigéan Atlantach. D'imigh an long ó dheisceart na hAirgintíne ar an chéad lá de mhí Aibreáin agus beagnach céad go leith duine ar bord, and d'fhág bean amháin in éineacht l...

2 Bealtaine 2026 (An Dún) 02.05.2026

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i ndiaidh ordú a thabhairt go dtabharfar cúig mhíle saighdiúir Meiriceánach abhaile ón Ghearmáin. Rinneadh an t-ordú mar gheall ar achrann eile le comhghuaillí de chuid na Meiriceánach, nuair a cháin Seansailéir na Gearmáine Fr...

Höre den Podcast Nuacht Mhall in Replaio

Radio und Podcasts in einer App - kostenlos und ohne Anmeldung. Installiere sie noch heute und verpasse den Start nicht

Bei Google Play herunterladen

Replaio ist kein Herausgeber von Podcasts; die Namen der Sendungen, Cover und Audioinhalte gehören ihren Autoren und werden über öffentliche RSS-Feeds verbreitet