Conradh na Gaeilge i Londain
Nuacht Mhall
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Author
Conradh na Gaeilge i Londain
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 4, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
10 Eanáir 2026 (Dún na nGall) 10.01.2026 5:59
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis ionsaí a dhéanamh ar Veiniséala agus Uachtarán Veineséala Nicolás Maduro a ghabhadh, agus Donald Trump ag móidiú “an tír a reáchtáil” go dtí go bhfuil próiseas aistrithe cumhachta cuí i bhfeidhm. Gabhadh ceannaire Veiniséala, atá de chui...
3 Eanáir 2026 (Tiobraid Árann) 03.01.2026 5:01
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tharla tine uafásach ag cóisir chéiliúradh na hAthbhliana ag ionad sciála in Crans-Montana san Eilvéis. Maraíodh timpeall 40 duine agus gortaíodh breis is céad duine sa tine. Tá fiosrú maidir le cúis na tine fós ar siúl. Deir finnéithe go mb’fhéidir gur coinneal ar...
27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain) 27.12.2025 8:16
Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá suas le trian den phobal i gCív na hÚcráine gan teas lárnach inniu i ndiaidh baráiste drón agus diúracán ón Rúis. Maítear go bhfuil Moscó ag díriú ar shaoráidí fuinnimh agus ar bhonneagar sibhialta, fiú agus an teocht faoi bhun an reophointe. Beidh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy ag dul go Floridaamárach chun bua...
20 Nollaig 2025 (Gaillimh) 20.12.2025 8:50
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Maraíodh cúig dhuine dhéag, paiste deich mbliana d’aois san áireamh, in ionsaí sceimhlitheoireachta ar Thrá Bondi in Sydney na hAstráile Dé Domhnaigh seo caite. Is iad an bheirt atá ainmnithe leis an sléacht Sajid Akram, a bhí 50 bliain d’aois, agus a mhac Naveed Akram, 24...
13 Nollaig 2025 (An Dún) 14.12.2025 6:02
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá teaghlach Patrick Rooney, an chéad leanbh a fuair bás sna Trioblóidí, le "cúiteamh suntasach" a fháil tar éis caingean dlí i gcoinne Sheirbhís Póilíní Thuaisceart Éireann as a dhúnmharú mídhleathach sa bhliain 1969. Lámhachadh Patrick, buachaill 9 mbliana...
6 Nollaig 2025 (Maigh Eo) 06.12.2025 8:09
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna. I Stáit Aontaithe Mheiriceá Déardaoin, thug an tAimiréal Frank Bradley fianaise don Chomhdháil faoi dhá ionsaí a rinne Cabhlach Mheiriceá ar bhád a bhí ag iompar drugaí, de réir Washington, ar an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Scaoil siad dhá dhiúracán ar an mbád ar dtús, a bhri...
29 Samhain 2025 (Baile Átha Cliath) 29.11.2025 4:14
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá smacht curtha ag comhraiceoirí dóiteáin Hong Cong ar thine ollmhór i gcoimpléasc árasán inar maraíodh 128 duine ar a laghad agus inar gortaíodh 70 duine. Dúirt na póilíní gur dócha gurbh é gnólacht tógála "faillíoch go mór" a bhí ag úsáid ábhar neamhshábháil...
22 Samhain 2025 (Luimneach) 22.11.2025 6:09
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí na Sahmna. Is mise Sibéal Dempsey. Vótáil comhairle slándála na Náisiún Aontaithe i bhfabhar rún a thacaíonn le plean Donald Trump do Gaza. Tá roinnt gnéithe sa phlean, lena n-áirítear bunú Fórsa Cobhsaíochta Idirnáisiúnta, a bhfuil roinnt tíortha gan ainm tar éis tairiscint a bheith páirteach ann. Seachas...
15 Samhain 2025 (Tír Eoghain) 15.11.2025 6:16
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Insealbhaíodh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann Dé Máirt, ag searmanas i Halla Naomh Pádráig taobh istigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí gaolta agus cairde an Uachtaráin nua i láthair, chomh maith le ceannairí polaitiúla na hÉireann agus an triúr iarUacht...
8 Samhain 2025 (Dún na nGall) 08.11.2025 6:04
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Dúirt saoránach Éireannach a sádh agus é ar an traein go Londain gur “an nádúr a bhí ann” nuair a chuaigh sé i mbealach an ionsaitheora le paisinéirí eile a chosaint. Goineadh deichniúr san eachtra foréigin ar an traein idir Doncaster, baile in oirthuaisceart Shasana, ag...
1 Samhain 2025 (An Clár) 01.11.2025 7:56
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá Spéirling Melissa tar éis scrios ollmhór a dhéanamh ar oileáin Mhuir Chairib an tseachtain seo, go háirithe in iardheisceart Iamáice. Bhí luas beagnach 300 ciliméadar san uair faoin ngála gaoithe nuair a tháinig sí i dtír agus í ina catagóir 5 ar dtús mar spéirling. Rinnea...
25 Deireadh Fómhair 2025 (Ard Mhacha) 25.10.2025 6:36
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí seacht déag duine le cur os comhair cúirte Déardaoin tar éis dhá oíche foréigin ag ionad lóistín Citywest i mBaile Átha Cliath. Gabhadh 24 duine san iomlán, cúigear ógánach ina measc, le linn na n-eachtraí, nuair a caitheadh diúracáin agus tinte eal...
18 Deireadh Fómhair 2025 (An Dún) 18.10.2025 5:41
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá an Teachta Dála Paul Murphy, ón pháirtí Pobal Seachas Brabús, ag agairt iarrthóir uachtaránachta Fhine Gael, Heather Humphreys, as clúmhilleadh. Baineann na himeachtaí, a thionscain Murphy inné, le ráitis a rinne Humphreys i ndíospóireacht ar an chlár Thi...
11 Deireadh Fómhair 2025 (Tiobraid Árann) 11.10.2025 8:16
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín-Ní Loingsigh. Tá dóchas ann go mbeidh sos cogaidh buan in Gaza, tar éis vótáil ag an rialtas Iosraelach Dé hAoine chun beart sos cogaidh le Hamas a dhaingniú. Léiríonn an comhaontú céim a haon as plean fiche céim ó rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá chun deireadh...
4 Deireadh Fómhair 2025 (Gaillimh) 04.10.2025 5:53
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tuairiscítear go ndeachaigh fórsaí míleata Iosrael ar bord chuile bhád sa gcabhlachán Sumud atá ag iarraidh soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza. Is Éireannaigh iad seisear déag as thart ar 200 oibrí deonach atá gafa ag Iosrael Bhí an grúpa ilchultúr...
27 Meán Fómhair 2025 (Maigh Eo) 27.09.2025 7:54
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Dé hAoine i Londain, caitheadh amach an cás i gcoinne Liam Óg Ó hAnnaidh, ball den ghrúpa ceoil Kneecap. Cuireadh ina leith gur thug sé tacaíocht d’eagraíocht thoirmiscthe, nuair a tháinig físeán de cheolchoirm a rinne an grúpa i Londain i mí na Samhna 2024 chu...
20 Meán Fómhair 2025 (Baile Átha Cliath) 20.09.2025 7:36
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá go leor daoine sa tionscal scannánaíochta agus níos faide i gcéin ag tabhairt ómós do Robert Redford, a fuair bás Dé Máirt. Tháinig an t-aisteoir agus stiúrthóir aitheanta chun cinn i róil scannán lena n-áirítear The Sting (a bhuaigh sé a chéad Oscar ina leith in 1973)...
12 Meán Fómhair 2025 (Luimneach) 13.09.2025 7:56
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey. Tá roinnt daoine mór le rá ceangailte le Jeffrey Epstein an tseachtain seo tar éis don Choiste Maoirseachta Tí íomhánna a fháil ó dhlíodóirí Epstein de leabhar gearrthóg a bronnadh ar Epstein ar a chaogadú breithlá. Tá grianghraif, sceitsí agus litreacha ó chairde sa liti...
6 Meán Fómhair 2025 (Ard Mhacha) 06.09.2025 12:00
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tharla drochthimpiste ar an iarnród cáblach i Liospóin Dé Céadaoin. Maraíodh seisear déag agus gortaíodh duine is fiche eile ar an Elevador da Glória i lár na cathrach, a iompraíonn turasóirí agus muintir na háite idir cearnóg lárnach, Praça dos Restauradores, agus Bai...
30 Lúnasa 2025 (Tír Eoghain) 30.08.2025 4:36
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá ambasadóir na hÉireann i ndiaidh dul i dteagmháil leis na húdaráis i mBeirlín faoi ionsaí ar agóideoir Éireannach i bpríomhchathair na Gearmáine Déardaoin. Rinneadh físeáin agus pictiúir de Kitty O'Brien go forleathan ar na meáin shóisialta agus í mbun agóide le Irish B...
23 Lúnasa 2025 (An Clár) 23.08.2025 6:42
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 23ú lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tharla cruinniú mullaigh idir Uachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin in Alasca Dé hAoine an tseachtain seo caite inar phléadar an cogadh san Úcráin agus na roghanna atá ann chun deireadh a chur leis. Cuireadh an cairpéad dearg amach do Putin...
16 Lúnasa 2025 (Tiobraid Árann) 16.08.2025 6:16
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an séú la déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. D’fhógair iarrthóir uachtaránachta Fíne Gael, Mairéad McGuinness, ar an Déardaoin go bhfuil sí ag tarraingt amach as an bhfeachtas Uachtaránach. Dúradh nach cinneadh éasca ab ea ann ach tar éis tréimhse san ospidéal go bhfuil a sláinte curtha chun tús aici. I rái...
9 Lúnasa 2025 (Dún na nGall) 09.08.2025 8:16
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Dé Domhnaigh, fuadaíodh bean as Éirinn i Háítí agus seachtar eile in éineacht léi, leanbh trí bliana d’aois ina measc. Is í Gena Heraty, atá ina stiúrthóir i ndílleachtlann in aice le príomhchathair Háítí, Port-au-Prince, agus ar as Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo ó dhúcha...
2 Lúnasa 2025 (Gaillimh) 02.08.2025 7:24
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Lúnasa. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá sé fógartha ag gníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil 20,000 páiste tugtha isteach i Stráice Gaza le haghaidh cúram éigeandála agus iad ag fulaingt de bharr easpa bia. Tuairiscíodh freisin go bhfuil méadú suntasach ar an líon páistí áta ag fáil bháis agus an t...
26 Iúil 2025 (An Dún) 26.07.2025 5:16
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Fuair an t-amhránaí rac-cheoil Ozzy Osbourne bás Dé Máirt an tseachtain seo, agus é 76 bhliain d'aois. As Birmingham ó dhúchas, tá sé curtha síos dá bhanna ceoil Black Sabbath gurb iadsan a chruthaigh an seánra miotal trom, a bhuíochas le hamhráin ar nós Iron Man agu...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.