Conradh na Gaeilge i Londain
Nuacht Mhall
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Author
Conradh na Gaeilge i Londain
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 4, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
19 Iúil 2025 (Maigh Eo) 19.07.2025 6:02
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tuairiscíodh sa Wall Street Journal gur scríobh Donald Trump litir bhreithlae ghraosta leath-thagairteach chuig Jeffrey Epstein, an t-airgeadaí agus péidifileach a chuir lámh ina bhás féin in 2019. Tá an tuairisc séanta ag Trump. Tá an-tacaíocht ag teoiricí comhcheilge faoi ch...
12 Iúil 2025 (Baile Átha Cliath) 12.07.2025 4:43
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tháinig na deartháireacha Gallagher ar ais le chéile an tseachtain seo don chéad ceolchoirm dá gcamchuairt aontaithe. Ba é seo an chéad léiriú ó Oasis ó scar an banna sé bliana déag ó shin. Sna blianta idir an dá linn, bhí achrann cáiliúil idir na deartháireacha Gallagher agus bh...
5 Iúil 2025 (Luimneach) 05.07.2025 6:36
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey. Bhí féile Glastonbury ar siúl an deireadh seachtaine seo caite agus bhí conspóid ann don BBC dá bharr. Cé gur shocraigh an BBC roimh ré gan leagan beo de sheó Kneecap, an grúpa rapcheoil Éireannach, a thaispeáint, bhí conspóid ann faoi ghrúpa eile, Bob Vylan. Chan amhránaí na beirte...
28 Meitheamh 2025 (Tír Eoghain) 28.06.2025 7:56
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Niall ÓSiadhail. Bhí bua gan choinne ag Zohran Mamdani i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh Mhéara Nua-Eabhrac DéMáirt, nuair a fuair sé an ceann is fearr ar iarghobharnóir Stát Nua-Eabhrac Andrew Cuomo. Reáchtálfar toghchán an mhéara féin i mí na Samhna agus me...
21 Meitheamh 2025 (Ard Mhacha) 21.06.2025 7:36
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Leanann an cogadh idir Iosrael agus an Iaráin ar aghaidh an tseachtain seo. Rinne fórsaí Iosrael tuilleadh ionsaithe aeir ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, dírithe ar oirthear na cathrach. Mhol Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, do mhuintir Teh...
14 Meitheamh 2025 (An Clár) 14.06.2025 8:39
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 14ú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Sheol Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump comhaltaí de Gharda Náisiúnta agus de mhuirshaighdiúirí na tíre go Los Angeles an tseachtain seo chun dul i ngleic leis na hagóidí sa chathair. Dúirt Gobharnóir an Stáit, Gavin Newsom, go raibh ordú Trump mídhleathach agus gur c...
7 Meitheamh 2025 (An Dún) 07.06.2025 6:19
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá an suíomh UNESCO Sceilg Mhichíl, a bhfuil clú agus cáil air mar shampla de lonnaíocht luath-chreidimh, le hathoscailt aríst inniu, i ndiaidh conspóid dlí maidir le ceadúnais bháid a ghlacann daoine anonn agus anall ón oileán. Bíonn an t-oileán, a bhí ina shuíomh sc...
31 Bealtaine 2025 (Tiobraid Árann) 31.05.2025 4:54
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Leanann an t-uafás sa Phalaistín agus brú ar rialtais an domhain ag fás gach lá chun smachtbhannaí a chur ar Iosrael. Níl aon bhia ná cúnamh ag dul isteach go Gaza fós. Tá plean sos cogaidh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi bhreithniú faoi láthair,...
24 Bealtaine 2025 (Gaillimh) 24.05.2025 4:44
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá fichead de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá gorta faoi lán seoil in Gaza. Tá sé fógartha ag ceannaire gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe, Stephen Fletcher, go bhféadfadh 14,000 páiste bás a fháil mura gcuirtear bia ar fáil dóibh láithreach. In ainneoin cáineadh forleathan ón bpobal idirnáisiúnta, ní...
17 Bealtaine 2025 (Dún na nGall) 17.05.2025 4:52
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cuireadh breith ar neamhní tar éis fianaise nua ADN a léiriú, agus 38 bliain caite ag fear i ngéibheann i gcás dúnmharaithe mná. Fuarthas Peter Sullivan ciontach sa bhliain 1986 maidir le dúnmharú Diane Sindall, bean óg a ndearnadh tromionsaí gnéasach uirthi ag...
10 Bealtaine 2025 (Maigh Eo) 10.05.2025 6:08
Inniu an deichiú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna. Toghadh Robert Prevost mar Pápa Leo a Ceathair Déag, ag an gceathrú vóta de chomhthionóil na gcairdinéal sa Séipéal Sistíneach sa Róimh Déardaoin. Is eisean an dá chéad seachtó seachtú Pápa ó Pheadar. Is as Chicago dó, an chéad Phápa as na Stáit Aontaithe, agus chaith sé cuid mhór dá shaol i bPeiriú. Rinne an Pápa Proinsias easpa...
3 Bealtaine 2025 (Baile Átha Cliath) 03.05.2025 4:49
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. Sa Spáinn, leantar le himscrúduithe ar cad ba chúis le gearradh cumhachta tubaisteach an tseachtain seo, ceann de na bristeacha leictreachais is mó san Eoraip riamh. De réir anailísithe, thit an mhinicíocht ar eangach leictreachais na Spáinne go tobann, rud a chuir tús le múc...
26 Aibreán 2025 (Luimneach) 26.04.2025 6:30
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá fiche de mhí Aibreán. Is mise Sibéal Dempsey. Fuair an Pápa Proinsias bás Dé Luain de bharr stróc agus cliseadh croí, tar éis dó a bheith thíos le tinneas riospráide den chuid is mó den bhliain seo. Glacadh isteach san ospidéal é den chéad uair ar an gceathrú lá déag de mhí Feabhra mar gheall ar thinneas a d’fhorbair ina n...
19 Aibreán 2025 (Tír Eoghain) 19.04.2025 4:30
Inniu an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go mbeidh sos cogaidh ann go dtí deireadh Dhomhnach na Cásca, agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfaidh an Úcráin an rud céanna. Bhí muintir na hÚcráine amhrasach faoin fhógairt, áfach, ós rud é go bhfuil a lán sos cogaidh briste ag na Rúisigh ó bhí 2014 ann. Tá an scéal amuigh go...
12 Aibreán 2025 (An Clár) 12.04.2025 7:35
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Bhí an stocmhargadh ina chíor thuathail an tseachtain seo tar éis fhógra Donald Trump go mbeadh taraifí á ngearradh ag na Stáit Aontaithe ar earraí ó thíortha ar fud na cruinne. Bhí eagla ag infheisteoirí go gcuirfeadh na taraifí tús le cogadh trádála agus, dá bharr san, l...
5 Aibreán 2025 (Dún na nGall) 05.04.2025 6:34
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. De réir fianaise nua a tháinig chun solais le linn na seachtaine, is dócha gur mharaigh fórsaí Iosraelacha 15 oibrí leighis agus oibrí daonnúil le piléair a bhí scaoilte i neasraon, seachas ó raon fada. Chuaigh na hoibrithe cabhracha ar iarraidh ar 23 Márta agus iad i mbu...
29 Márta 2025 (Tiobraid Árann) 29.03.2025 6:13
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tá staid éígeandála i bhfeidhm i Maenmar tar éís crith talún a tharla Dé hAoine. Ceaptar go bhfuil na céadta daoine básaithe ach níl uimhir chruinn ar fáíl is a leanann oibríocht tarrtháile. Tharla dhá chrith tar éis a chéile agus tá eagla ar dhaoine go...
22 Márta 2025 (An Dún) 22.03.2025 6:57
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Ainmníodh an Fhionlainn mar an tír is sona ar domhan den ochtú bliain as a chéile sa Tuarascáil Dhomhanda ar Shonas, agus thug muintir na háite agus saineolaithe creidiúint dá lochanna móra agus dá córas leasa shóisialaigh láidir mar chúiseanna leis an dea-ghiúmar....
15 Márta 2025 (Gaillimh) 15.03.2025 4:54
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ag a chruinniú leis an Taoiseach, Micheál Martin, sa Teach Bán tráthnóna Dé Máirt go bhfuil “grá mór” ag muintir na hÉireann dó. Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil “ár gcomhlachtaí pharma ag Éirinn”. Ba mhaith leis an Ua...
8 Márta 2025 (Tír Eoghain) 08.03.2025 4:54
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá sé ráite ag na húdaráis in Sante Fe, New Mexico, go bhfuair an t-aisteoir mór le rá Gene Hackman agus a bhean chéile Betsy Arakawa bás nádúrtha an mhí seo caite. Thángthas ar an bheirt agus iad marbh ina dteach ag deireadh mhí Feabhra, agus i ndiaidh fiosrúcháin is léir go...
1 Márta 2025 (Maigh Eo) 01.03.2025 7:09
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Dé hAoine, bhí argóint mhór phoiblí idir Volodymyr Zelenskyy, Uachtarán na hÚcráine, ar thaobh amháin, agus Donald Trump agus J.D. Vance, Uachtarán agus Leas-Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an taobh eile, san Oifig Ubhchruthach sa Teach Bán in Washington. Bhí Zelensk...
22 Feabhra 2022 (Baile Átha Cliath) 22.02.2025 4:32
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh. Dé Domhnaigh, vótálfaidh muintir na Gearmáine i dtoghchán ríthábhachtach a chinnfidh treo na tíre do na ceithre bliana amach romhainn agus a mbeidh tionchar suntasach aige ar thodhchaí polaitiúil na hEorpa. De réir pobalbhreithe táthar ag súil go méadóidh an páirtí fíordhe...
15 Feabhra 2025 (Luimneach) 15.02.2025 6:03
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an cúigiú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey. Bhí Elon Musk le feiceáil go poiblí ag an Teach Bán an tseachtain seo, ina cháil mar cheannaire na roinne nua, Roinn Éifeachtacht an Rialtais. Dúirt sé go raibh oifigigh sa Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta, ar a dtugtar USAID, i mbun calaoise trí g...
8 Feabhra 2025 (Ard Mhacha) 08.02.2025 6:20
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Rinne Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ráiteas neamhghnáth maidir le "togáil" Gaza, nuair a bhuail sé le Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, le labhairt faoi chúrsaí síochána le Hamas. Dúirt Trump go dtógfadh Meiriceá smacht ar Gaza agus go gcab...
1 Feabhra 2025 (An Clár) 01.02.2025 6:33
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tharla timpiste eitleáin in Washington oíche Dé Céadaoin nuair a bhuail eitleán paisinéirí le héileacaptar Black Hawk. Bhí an t-eitleán de chuid American Airlines ag teacht anuas chuig an rúidbhealach nuair a tharla an tuairt leis an héileacaptar. Thit an dá aerárthach isteach...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.