Conradh na Gaeilge i Londain

Nuacht Mhall

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

Be sure to visit the podcast's website and support the creator: podcasters.spotify.com

Author

Conradh na Gaeilge i Londain

Category

Education

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Oct 17, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android almost 10M downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

16 Samhain 2024 (Dún na nGall) 16.11.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá COP29 ar siúl san Asarbaiseáin faoi láthair agus dúirt uachtarán na tíre óstaí leis an chomhdháil aeráide gur “bronntanas Dé” iad an ola agus an gás. Rinne an tUachtarán Ilham Aliyev cáineadh ar “bhréagnuacht an Iarthair” faoi astaíochtaí na tíre, agus mhaígh nár che...

9 Samhain 2024 (Tiobraid Árann) 09.11.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naou lá de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhuaigh Donald Trump toghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá ar son an Pháirtí Phoblachtánaigh oíche Dé Máirt. Fuair sé an ceann is fearr ar Kamala Harris ón bPáirtí Daonlathach, atá ina Leas-Uachtarán reatha. Tá 270 vótá ó na coláistí toghcháin de dhít...

2 Samhain 2024 (Tír Eoghain) 02.11.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh níos mó ná dhá chéad duine sa Spáinn an tseachtain seo nuair a bhuail tuilte lár, oirthear agus deisceart na tíre, go háirithe sa réigiún València. Tharla na tuilte i ndiaidh fearthainn an-trom ar fad, agus scriosadh feithiclí, droichid agus soilsí sráide le linn na tu...

26 Deireadh Fómhair 2024 (An Dún) 26.10.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dúirt MLA de chuid Pháirtí na Comhghuaillíochta, Kellie Armstrong, gur léir gur éadóchas ar son Fheidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann a bhí ann nuair a cuireadh daoine i gcochall taobh amuigh de Bhéal Feirste. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht Tith...

19 Deireadh Fómhair 2024 (Gaillimh) 19.10.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá sé ráite ag an Leifteanantchoirnéal Tom Fox, atá i gceannas ar choimeádaithe síochána na hÉireann i ndeisceart na Liobáine, go bhfuil na trúpaí slán sábháilte, in ainneoin coinníollacha an-dúshlánach agus teannas ag ardú sa Mheánoirthear. Tá níos mó ná 300 sai...

12 Deireadh Fómhair 2024 (Ciarraí) 12.10.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Bhailigh na mílte daoine le chéile chun comóradh a dhéanamh ar lá cuimhneacháin ar an 7ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, an lá a dhein Hamas ionsaí ar dhaoine in Iosrael a bhí ag freastal ar cheolchoirm Nova a bhí ar siúl i bhfásach Negev agus i gceantair eile....

5 Deireadh Fómhair 2024 (Maigh Eo) 05.10.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tháinig forleathnú ar an gcogadh sa Mheánoirthear an tseachtain seo. D’ionsaigh arm Iosrael deisceart na Liobáine Dé Máirt, agus Dé Céadaoin, theilg an Iaráin thart ar dhá chéad diúracán balaistíoch ar Iosrael. D’éirigh leis an gCruinneachán Iarainn, an córas cosanta...

28 Meán Fómhair 2024 (Baile Átha Cliath) 28.09.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 28ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá córas cúram sláinte na Liobáine i ngéarchéim dar le hAire Sláinte na Liobáine, Dr Firass Abiad. Dúirt an Dochtúir Abiad gur maraíodh níos mó ná 40 oibrí cúram sláinte in “ionsaithe spriocdhírithe” an tseachtain seo, agus go bhfuil otharcharranna “dírithe ag míleata Iosrael agu...

21 Meán Fómhair 2024 (Luimneach) 21.09.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey. Tharla an dara hiarracht ar Donald Trump a fheallmharú tráthnóna Dé Domhnaigh ar a chúrsa gailf in West Palm Beach. Bhí an t-amhrastach ag fanacht i dtoir an chúrsa gailf sula bhfaca Gníomhairí na Seirbhíse Rúnda é. Tá an t-amhrastach cúisithe as coireanna gunna cón...

14 Meán Fómhair 2024 (Ard Mhacha) 14.09.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí an chéad díospóireacht uachtaránachta agus b'fhéidir an t-aon díospóireacht amháin idir an Leas-Uachtarán Daonlathach Kamala Harris agus an t-iarrthóir Poblachtánach Donald Trump ar siúl tráthnóna Dé Máirt. Bhí Trump faoi bhrú le hionsaithe géara ar gh...

7 Meán Fómhair 2024 (An Clár) 07.09.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tar éis seacht mbliana de fhiosrúcháin, foilsíodh tuarascáil Dé Céadaoin faoin dtine thubaisteach i dTúr Grenfell in iarthar Londan. Dúirt an tuarascáil go raibh an locht ar an rialtas agus ar an earnáil tógála mar gheall ar bhlianta fada d'fhaillí. Chomh maith leis...

31 Lúnasa 2024 (Dún na nGall) 31.08.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.  Chuir Fórsaí Iosraelacha tús le hionsaithe sa Bhruach Thiar faoi fhorghabháil le linn na seachtaine, agus mar gheall orthu tá díghéarú á lorg ag na Náisiúin Aontaithe. Dúirt na Fórsaí Iosraelacha gur oibríocht fhrithsceimhlitheoireachta a bhí ann agus, Déardaoin,...

24 Lúnasa 2024 (Tír Eoghain) 24.08.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá ionchúisitheoirí san Iodáil ag smaointiú ar chúisimh dúnorgana maidir le bás seachtair nuair a chuaigh an t-oll-luamh Bayesian go tóin poill amach ó chósta na Sicile Dé Luain. I measc na marbh tá Mike Lynch, Sasanach de bhunús Éireannach a bhunaigh an comhlacht idirn...

17 Lúnasa 2025 (Tiobraid Árann) 17.08.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhí na Cluichí Oilimpeacha ba ráthúla riamh ag foireann na hÉireann i bPáras i mbliana, 100 bliain ón chéad uair a ghlac siad páirt sa chomórtas, agus sa chathair chéanna. D’fhill an fhoireann abhaile Dé Luain, chuig fáiltiú leis na mílte daoine ar Sráid Uí...

10 Lúnasa 2024 (An Dún) 10.08.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Lúnasa. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Deir úinéir ollmhargadh den Mheánoirthear ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste nach bhfuil an dara rogha aige ach an siopa a dhúnadh de dheasca an achrainn oíche Dé Máirt sa chathair. Tá Moustafa Wartty ina chónaí i Sasana ó bhí 2002 ann ach tá gnólachtaí aige i mBéal Feirst...

3 Lúnasa 2024 (Ciarraí) 03.08.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí Lúnasa. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá na Cluichí Oilimpeacha ar siúl faoi láthair i bPárás na Fraince. Bhuaigh an snámhaí as Contae Shligigh Mona McSharry an chéad bhonn ag snámh sna cluichí le tríocha bliain. Bhain sí bonn cré-umha amach sa snámh brollaigh 100 méadar. Bhain an snámhaí ó Ard Mhacha Daniel Wif...

27 Iúil 2024 (Gaillimh) 27.07.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá fichead de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. D'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden nach mbeidh sé ag seasamh i gcoinne Donald Trump i dToghchán Uachtaránachta Mheiriceá i mí na Samhna. Tháinig an fógra tar éis seachtainí tuairimíochta faoina shláinte agus éileamh méadaitheach air óna pháirtí...

20 Iúil 2024 (Maigh Eo) 20.07.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna. Theip ar uasdátú bogearraí frith-víris de chuid an chomhlachta Crowdstrike Dé hAoine, rud a chuir isteach go hollmhór ar sheirbhísí sláinte, taistil, airgeadais, agus miondíola ar fud an domhain. Ní raibh le feiceáil ar ríomhairí ar a bhfuil bogearraí Crowdstrike acht “scáileán g...

13 Iúil 2024 (Baile Átha Cliath) 13.07.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh.  Tá bean a cúisíodh as cionta coiriúla in Dubai tar éis a líomhna gur íospartach foréigin baile í fillte ar ais go hÉirinn. Scrios na húdaráis pas Tori Towey, atá 28 bliain d'aois, tar éis di a bheith cúisithe as alcól a ól agus iarracht a dhéanamh lámh a chur ina bás féin. S...

6 Iúil 2024 (Luimneach) 06.07.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey. Rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil méid áirithe díolúine ag uachtaráin ó ionchúiseamh coiriúil. Rinneadh roinnt líomhaintí i gcoinne Trump lena n-áirítear gur scaip sé éilimh bhréagacha ar chalaois toghcháin, gur chuir sé brú ar oifigigh...

29 Meitheamh 2024 (Ard Mhacha) 29.06.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de Mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Thug an deireadh seachtaine seo caite roinnt cluichí spreagúla dúinn sa pheil Ghaelach, bhain Doire bua drámatúil amach in aghaidh Mhaigh Eo tar éis ciceanna pionóis. Seo na socruithe do na cluichí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo: Ciarraí in éadan ...

22 Meitheamh 2024 (Ciarraí) 22.06.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche dé mhí an Mheithimh. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Fuair tumadóirí lián amach ó Rinn an Róistigh a cheaptar a tháinig ó fhomhuireán Gearmánach a chuaigh go tóin poill le linn an Chéad Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1917 a bhí an fomhuireán ag cur mianaigh i gCuan Chorcaí chun cur isteach ar líne sholáthair Chabhl...

15 Meitheamh 2024 (Tír Eoghain) 15.06.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. In Éirinn, thángthas ar thorthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach an deireadh seachtaine seo caite. Choinnigh na páirtithe móra Fianna Fáil agus Fine Gael a líon vótaí agus d'éirigh go maith le roinnt mhaith iarrthóirí neamhspleácha ach theip ar Shinn Féin a líon...

8 Meitheamh 2024 (An Dún) 08.06.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dar le tuairisc déanta ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, tá breis is 320 iarratas déanta acu ar rochtain ar shonraí cumarsáide iriseoirí le 13 bliana anuas. Ar 10 gcinn de na hócáidí seo, bhain sé le hiarracht a dhéanamh ar a gcuid foinsí a aithint trí mho...

1 Meitheamh 2024 (Tiobraid Árann) 01.06.2024

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.   Fuarthas iarUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ciontach i ngach cúiseamh ag deireadh a thrialach i Nua Eabhrac Déardaoin. Bhí ceithre chúiseamh is tríocha ann, a bhain le cuntais ghnó a fhalsú le linn fheachtas na huachtaránachta sa bhliain 2016, nuai...

Listen to the Nuacht Mhall podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.