Conradh na Gaeilge i Londain

Nuacht Mhall

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

Author

Conradh na Gaeilge i Londain

Category

Education

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Jul 4, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

19 Lúnasa 2023 (Tiobraid Árann) 21.08.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an naoú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. D’fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta tuarascáil maidir le tithíocht san Eoraip. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil bearna ollmhór in úinéireacht tí idir daoine óga agus daoine aosta in Éirinn. Tá 80% de dhaoine níos sine ná 40 ina n-úiné...

12 Lúnasa 2023 (Dún na nGall) 12.08.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de Lúnasa 2023. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Dé Máirt, bhailigh na mílte daoine ar shráideanna Bhré, Contae Chill Mhantáin, chun an t-amhránaí, Sinéad O’Connor, a chaoineadh. Tháinig an tsochraid fríd an bhaile tar éis seirbhís phríobháideach, a rinne Ard-Iomám Ionad Ioslamach na hÉireann, an Dr Umar Al-Qadri. Rinn...

5 Lúnasa 2023 (Maigh Eo) 05.08.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá Donald Trump tar éis a bheith cúisithe ar a iarrachtaí an daonlathas a threascairt i ndiaidh thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2020. Phléadáil sé Déardaoin go raibh sé neamhchiontach maidir le ceithre chúis feileonachta fheidearálacha, a bhí sa díotáil a chum an ...

29 Iúil 2023 (Baile Átha Cliath) 29.07.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh. Eagraíodh bigilí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe chun comóradh a dhéanamh ar an amhránaí, Sinead O'Connor, a fuair bás Dé Céadaoin. Bhí sí sé bliana is caoga d'aois. D’eisigh an taibheoir agus gníomhaí as Baile Átha Cliath deich n-albam stiúideo, agus ainmníodh a h...

22 Iúil 2023 (Luimneach) 22.07.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an dara lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey. Tá géarchéim RTÉ ag leanúint ar aghaidh an tseachtain seo. Ghabh an tArdstiúrthóir nua, Kevin Bakhurst, buíochas le daoine a lean ar aghaidh ag íoc a gceadúnas teilifíse. Tháinig a thuairim mar fhreagra ar thitim i ndíolacháin cheadúnais teilifíse le dhá mhí anuas go luach mil...

15 Iúil 2023 (Tír Eoghain) 17.07.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Siadhail.   Tá sé maíte ag ginearál de chuid Arm na Rúise gur tugadh bata agus bóthar dó mar gur inis sé an fhírinne do na ceannairí míleata i Moscó. Deir an Maorghinearál Ivan Popov gur thug sé solas ar fhadhbanna lena n-áirítear easpa airtléire agus saighdiúirí a bheith gortaithe nó m...

8 Iúil 2023 (Ard Mhacha) 08.07.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí meadú ar an fhoréigean i ndiaidh ionradh Arm Iosrael ar bhaile Jenin ar an Bhruach Thiar. Dúirt an Taoiseach sa Dáil go raibh an-imní ar an rialtas faoin ionradh seo. Tá dháréag Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Jenin go dtí seo agus i bhfad níos mó gortaithe...

1 Iúil 2023 (An Clár) 01.07.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Nochtadh an tseachtain seo caite gur íoc RTÉ €354,000 sa bhreis le Ryan Tubridy ó 2017 go 2022, méid nach raibh fógartha acu go poiblí. Dúirt Tubridy féin nach raibh sé ar an eolas faoi na híocaíochtaí. D’éirigh ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, as a post de bharr na conspóide agus,...

24 Meitheamh 2023 (Ciarraí) 24.06.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá cúigear turasóirí ar iarraidh a bhí ag déanamh turas faoin bhfarraige chun féachaint ar an long bhriste Titanic. Ceaptar go ndeachaigh an tumadóir ar iarraidh timpeall an cheantair sin in aice le Talamh an Éisc. Tá seirbhísí cuardaigh agus tarrthála ag d...

17 Meitheamh 2023 (Tiobraid Árann) 17.06.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Fuair Christy Dignam, príomhamhránaí Aslan, bás ag aois 63 Dé Máirt, tar éis tinneas fada. D’fhás Dignam aníos i bhFionnghlas agus thosaigh sé ag seinm ceoil sna seachtóidí, leis an ngrúpa ceoltóirí a bhunaigh an banna Aslan ag tús na n-ochtóidí. Bhí r...

10 Meitheamh 2023 (An Dún) 10.06.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Bhí leibhéil arda truailliú aeir i Meiriceá Thuaidh an tseachtain seo de bharr falscaithe i gCeanada. I Nua-Eabhrac, tugadh amach milliún masc agus moladh do dhaoine fanacht taobh istigh. Bhí aer tocsaineach le brath trasna na mór-ranna ó Philadelphia ar an chósta tho...

3 Meitheamh 2023 (Dún na nGall) 03.06.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.  Tá Éire chun a spriocanna aeráide 2030 a chailleadh mura ndéanann gach earnáil, lena n-áirítear talmhaíocht, leictreachas agus iompar, tuilleadh laghduithe astuithe a chur i gcrích go gasta agus a choinneáil amach anseo, de réir na tuarascála is déanaí ón Ghníomhaireach...

27 Bealtaine 2023 (Maigh Eo) 27.05.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna. Thosaigh céim na ngrúpaí i gcraobh peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D’éirigh go han-mhaith leis na foirne Connachtacha. Bhí Maigh Eo i bhfad róláidir do Chiarraí i gCill Áirne, nuair a chuir siad deireadh leis an tsraith cluichí gan chailleadh...

20 Bealtaine 2023 (Baile Átha Cliath) 20.05.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. Eisíodh tuairiscí contrártha faoi na ceathrar leanaí, leanbh de aon mhí dhéag d'aois san áireamh, atá ar strae i bhforaois bháistí na hAmasóine na Colóime tar éis timpiste eitleáin níos mó ná coicís ó shin. D’fhógraigh an tUachtarán Gustavo Petro ar Twitter gur thángthas...

13 Bealtaine 2023 (Tír Eoghain) 13.05.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Dé Máirt, fuair giúire i Nua-Eabhrac go ndearna iar-uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump mí-úsáid ghnéis ar an iriseoir E Jean Carroll seacht mbliana is fiche ó shin. Os rud é gur cás sibhialta a bhí ann, gearradh píonós $5m ar Trump ach ní sheolfar go príosún é. Dúirt Carroll go raibh náire uirthi agus gur chaill sí a post mar gheall...

6 Bealtaine 2023 (An Clár) 06.05.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an Ríocht Aontaithe ag ullmhú don Chorónú an tseachtain seo. Maidin Dé Sathairn, ag a 11 a chlog, rachaidh Séarlas III go Mainistir Westminster don searmanas. Is searmanas reiligiúnach é agus beidh cúig chéim san imeacht. Ar dtús, cuirfear ola ungtha agus coróin ar Shéarl...

29 Aibreán 2023 (Luimneach) 29.04.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey. An tseachtain seo caite shocraigh Fox News cás dlí clúmhillte i gcoinne na cuideachta meaisínvótála Dominion. D'aontaigh an comhlacht nuachta seacht gcéad ochtó ocht milliún dollar a íoc, rud a chiallaíonn nach raibh ar fheidhmeannaigh shinsearacha lena n-áirítear Rupe...

22 Aibreán 2023 (Ard Mhacha) 22.04.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Fuair an Chúirt Choirúil Speisialta Gerard Hutch neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne, a lámhachadh in Óstán an Regency i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath seacht mbliana ó shin. Bhí an dúnmharú mar chuid den imreas idir dronga coireachta Hutch agus Kinahan. Dúirt...

15 Aibreán 2023 (Ciarraí) 15.04.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtain, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. An tseachtain seo, thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuairt ar Éirinn. Ba é an ceathrú Uachtarán ó na Stáit Aontaithe a tháinig go dtí an t-oileán. Chuaigh sé go Béal Feirste ar dtús chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhí cruinniú aig...

8 Aibreán 2023 (Tír Eoghain) 08.04.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí imeachtaí ar siúl ar fud Thuaisceart Éireann Dé hAoine chun comóradh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Síníodh an Comhaontú cúig bliana is fiche ó shin chun deireadh a chur leis na Trioblóidí, inar maraíodh trí mhíle go leith duine, agus ghlac an pobal leis an cho...

1 Aibreán 2023 (Tiobraid Árann) 01.04.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhuaigh rialtas na hÉireann vóta muiníne, tar éis do Pháirtí an Lucht Oibre rún mímhuiníne a ardú, i bhfreagracht don díospóireacht maidir leis an gcosc díshealbhaithe. Bhí an díospóireacht bunaithe ar chinneadh an rialtais chun an cosc díshealbhaithe a chur i l...

25 Márta 2023 (An Dún) 25.03.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Bíonn níos lú ná 1% den chaint ar fad a dhéantar i nDáil Éireann i nGaeilge, de réir taighde úr. Léirigh an taighde nach raibh ach 11,919 focal labhartha i nGaeilge as an os cionn 1.6 milliún focal a labhraíodh le linn tréimhse seacht seachtaine i mbliana. Mionch...

18 Márta 2023 (Maigh Eo) 18.03.2023

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Oíche Dé Domhnaigh in Hollywood, bhí “An Cailín Ciúin” san áireamh do ghradam Oscar, ainmnithe mar cheann de na scannáin eachtracha is fearr i mbliana. Ba é an chéad scannán Gaelach a bhain an onóir sin amach. Insíonn an scannán scéal faoi chailín óg a bhfuil tuismithe...

Cothrom an Lae - 17 Márta (Baile Átha Cliath) 17.03.2023

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an 17ú lá de mhí an Mhárta – Lá Fhéile Pádraig. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1601, tharla an chéad pharáid a bhfuil tuairisc againn uirthi in onóir na Féile Pádraig  san áit ar a dtugtar “Naomh Agaistín” anois in Florida. Léirítear sna tuarascálacha gur...

Cothrom an Lae - 16 Márta (Tír Eoghain) 16.03.2023

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1872, imríodh an chéad chluiche ceannais sa Chorn FA i Sasana. Bunaíodh an FA féin siar in 1863 ach cuireadh tús leis an chéad Chorn FA i mí na Samhna 1871 agus tharla an cluiche ceannais ar 16 Márta 1872. Ba iad Wanderers FC ó Leytonstone...

Listen to the Nuacht Mhall podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.