Conradh na Gaeilge i Londain
Nuacht Mhall
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Author
Conradh na Gaeilge i Londain
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 4, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
2 Iúil 2022 (Maigh Eo) 02.07.2022 4:55
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, thug Cassidy Hutchinson, iar-sainchabhróir an riaracháin le Donald Trump, fianaise do choiste fiosrúcháin na n-imeachtaí ar an séú Eanair 2021. Tugann a fianaise léargas ar iompar agus meoin Trump sna laethanta thart a...
25 Meitheamh 2022 (Tír Eoghain) 25.06.2022 4:58
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí bua stairiúil ag iarrthóir den eite chlé i dtoghchán uachtaránachta na Colóime Dé Domhnaigh. Bhuaigh Gustavo Petro, a bhí ina Mhéara in Bogotá, príomhchathair na tíre, roimhe seo, agus a chomhiarrthóir, bean Afra-Cholómach, an toghchán réitigh, agus beidh Petro...
18 Meitheamh 2022 (Baile Átha Cliath) 18.06.2022 4:35
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 18ú de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cuireadh bac ar phleananna rialtas na Breataine lucht iarrtha tearmainn a dhíbirt go Ruanda. Bhíothas ag súil go ndíbreofaí seachtar teifeach Dé Máirt. Ach, thug cinneadh ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ar cheann de na cásanna deis do dhlíodóirí achomharc a dhéanamh do na sé...
11 Meitheamh 2022 (Tiobraid Árann) 11.06.2022 4:28
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Thosaigh an Ardteist agus an Teastas Sóisearach Dé Céadaoin. Den chéad uair le dhá bhliain beidh na scrúduithe traidisiúnta scríofa ar siúl, tar éis cur isteach na paindéime. Thosaigh an Ardteist le Béarla Páipéar a hAon, críochnóidh sé a...
4 Meitheamh 2022 (Luimneach) 04.06.2022 5:35
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey. Tá scuainí daoine ag fanacht uaireanta ag aerfort Bhaile Átha Cliath le seachtain anuas, agus chaill thar ceithre chéad déag duine a gcuid eitiltí an deireadh seachtaine seo caite amháin. D’aithin Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath gur theip orthu ina ndualgais do phaisi...
28 Bealtaine 2022 (An Dún) 28.05.2022 4:44
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tháinig na mílte daoine amach ar shráideanna Bhéal Feirste Dé Sathrain seo cáite in agóid ar son cearta teanga ó thuaidh. Tugadh an t-ainm "An Lá Dearg" ar an lá stairiúil seo, nuair a shiúil 17,000 duine ó Chultúrlann McAdam ó Fiaich go dtí Halla na Cathrach...
21 Bealtaine 2022 (Dún na nGall) 21.05.2022 5:05
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Dheimhnigh rialtas na Fionlainne agus rialtas na Sualainne an tseachtain seo go ndéanfaidís iarratas ar bhallraíocht NATO. Cé go raibh na tíortha sásta fanacht taobh amuigh den chomhghuaillíocht go dtí seo, tá ceannairí polaitiúla go mór i bhfabhar ballraíocht...
14 Bealtaine 2022 (Maigh Eo) 15.05.2022 5:37
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá Sinn Féin ina pháirtí is mó i gComhthionól Chnoc an Anfa, agus seacht suíochán is fiche buaite sa toghchán acu, an chéad uair riamh a bhain páirtí náisiúnach an toradh sin amach. Bhí toradh maith ag Páirtí an Chomhaontais freisin, atá lárnac...
7 Bealtaine 2022 (Ciarraí) 07.05.2022 6:52
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá Toghchán Chomhthionól Stormont ar siúl i dTuaisceart na hÉireann. Is iad Sinn Féin an páirtí leis an líon is mó vótaí. Bhaineadar amach 29% de na vótaí céadrogha. Is léir go mbeidh Leascheannaire an pháirtí Michelle O’Neill ina Céad-Aire i dTuaisceart na hÉireann...
30 Aibreán 2022 (Tír Eoghain) 30.04.2022 4:22
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá Emmanuel Macron i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar Marine Le Pen i dToghchán Uachtaránachta na Fraince. Níor bhain Uachtarán reatha na Fraince an dara téarma amach ó rinne Jacques Chirac é fiche bliain ó shin. Chuir ceannairí éagsúla ar fud na hEorpa fáilte roimh bhu...
23 Aibreán 2022 (Ard Mhacha) 23.04.2022 4:21
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Dúirt Uachtarán na hUcráine Volodymr Zelensky go bhfuil tús curtha ag Arm na Rúise le feachtas fornirt in oirthear na hÚcráine. Sheasfadh muintir na hÚcráine an fód ba chuma cé mhéad saighdiúir a sheolfadh an Rúis chuig an tír, arsa Zelensky. Beidh an tr...
16 Aibreán 2022 (Baile Átha Cliath) 16.04.2022 4:08
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an 16ú de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá tairisicint déanta ag an bhfiontraí agus billiúnaí, Elon Musk, an suíomh meáin shóisialta Twitter a cheannach ar shuim os cionn daichead a trí billiún dollar. Is é Musk an scairshealbhóir is mó ar Twitter cheana féin tar éis dó sciar naoi faoin gcéad a cheannach sa chuideachta...
9 Aibreán 2022 (Dún na nGall) 09.04.2022 6:08
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Déardaoin, ceapadh an chéad bhean dhubh ina breitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Is é an chéad uair nach mbeidh fir gheala ina dtromlach sa Chúirt le 233 bliain anuas. Chaith an Bhreitheamh Jackson, atá 51 bliain d'aois, níos mó ná 20 uair ag freagairt fiosrúch...
2 Aibreán 2022 (An Clár) 02.04.2022 5:22
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Thosaigh cainteanna síochána idir an Rúis agus an Úcráin in Iostanbúl an tseachtain seo. Gheall na Rúisigh go maolódh fórsaí Rúiseacha a ngníomhartha míleata timpeall na príomhchathrach Cív agus in áiteanna eile i dtuaisceart na tíre fad is atá na cainteanna ar siúl....
26 Márta 2022 (Luimneach) 26.03.2022 4:32
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Thuairteáil eitleán a bhí ag iompar céad tríocha a dó duine i ndeisceart na Síne Dé Luain. Ní bhfuarthas aon mharthanóirí go dtí seo, de réir údaráis na Síne. Ar an gCéadaoin fuair siad an bosca dubh, is féidir é a úsáid chun tuiscint a fháil ar chúis na timpiste...
19 Márta 2022 (An Dún) 19.03.2022 3:34
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Shroich an líon dídeanaithe atá ag teitheadh as an Úcráin ó thús an chogaidh leis an Rúis 3 mhilliún an tseachtain seo, de réir fícirí ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce. Dúirt UNICEF gur páistí iad leath acu. Ghlac Rialtas na hÉireann 6,600 isteach sa tír, agus chu...
Cothrom an Lae - 17 Márta (Baile Átha Cliath) 17.03.2022 2:13
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an 17ú lá de mhí an Mhárta – Lá Fhéile Pádraig. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1601, tharla an chéad pharáid a bhfuil tuairisc againn uirthi in onóir na Féile Pádraig san áit ar a dtugtar “Naomh Agaistín” anois in Florida. Léirítear sna tuarascálacha gur...
Cothrom an Lae - 16 Márta (Tír Eoghain) 16.03.2022 2:28
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1872, imríodh an chéad chluiche ceannais sa Chorn FA i Sasana. Bunaíodh an FA féin siar in 1863 ach cuireadh tús leis an chéad Chorn FA i mí na Samhna 1871 agus tharla an cluiche ceannais ar 16 Márta 1872. Ba iad Wanderers FC ó Leytonstone...
Cothrom an Lae - 15 Márta (Gaillimh) 15.03.2022 2:28
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett. Cothrom an lae seo sa bhliain 1852, rugadh Lady Augusta Gregory i gCreig an Róistigh, Co. na Gaillimhe, duine cáiliúil le linn Athbheochan Liteartha na hÉireann. Bhí sí ina scríbhneoir, drámadóir, aistritheoir agus béaloideasaí agus cé go raibh sí mar chuid den uas...
Cothrom an Lae - 14 Márta (Tiobraid Árann) 14.03.2022 2:17
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1879 rugadh an fisiceoir Albert Einstein. Tá cáil ar Einstein as forbairt a dhéanamh ar Theoiric na Coibhneasachta. Chomh maith leis sin rinne sé obair thábhachtach ar theoiric ...
Cothrom an Lae - 13 Márta (An Dún) 13.03.2022 1:51
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an tríú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1781, thángthas ar an phláinéad Úránas, an chéad phláinéad a thángthas air ón chianaois. Agus é ag tabhairt faoi shuirbhéireacht ar na réaltaí, thug an réalteolaí Sasanach, William Herschel, faoi deara go raibh rud ag bogadh os...
Cothrom an Lae - 12 Márta (Maigh Eo) 12.03.2022 4:23
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Cothrom an lae seo sa bhliain 1689, tháinig James Stuart i dtír in Éirinn i gCionn tSáile. Ag an am bhí sé ina iar-rí ar Alban, ar Shasana agus ar Éirinn, agus dár leis, ar an&...
12 Márta 2022 (Tiobraid Árann) 12.03.2022 4:47
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Lean ionsaithe san Úcráin i rith na seachtaine agus fórsaí na Rúise ag bogadh níos cóngaraí do Chív, príomhchathair na tíre, gach lá. Tharla ionsaithe ar na cathracha Lutsk, Ivano-Frankivsk agus, den chéad uair ó thús an ionraidh, Dnipro. Tá cainteanna síochá...
Cothrom an Lae - 11 Márta (Luimneach) 11.03.2022 1:52
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag ocht déag, foilsíodh an leabhar Frankenstein. Is úrscéal gotach agus ficsean eolaíochta é Frankenstein. Ba í an t-údar Mary Shelley, iníon an fheiminigh Mary Wollstonecraft a scríobh é, nuair n...
Cothrom an Lae - 10 Márta (Dún na nGall) 10.03.2022 2:36
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cothrom an lae seo sa bhliain 1876, rinne Alexander Graham Bell an chéad scairt teileafóin ar domhan, nuair a d’éirigh leis ceangal intuigthe a bhunú lena chúntóir a bhí i seomra teorantach. Ghair sé ar a chúntóir saotharlainne, Thomas Watson, leis na focail, “...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.