Conradh na Gaeilge i Londain

Nuacht Mhall

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

Be sure to visit the podcast's website and support the creator: podcasters.spotify.com

Author

Conradh na Gaeilge i Londain

Category

Education

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Oct 24, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android almost 10M downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

30 Aibreán 2022 (Tír Eoghain) 30.04.2022

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá Emmanuel Macron i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar Marine Le Pen i dToghchán Uachtaránachta na Fraince. Níor bhain Uachtarán reatha na Fraince an dara téarma amach ó rinne Jacques Chirac é fiche bliain ó shin. Chuir ceannairí éagsúla ar fud na hEorpa fáilte roimh bhu...

23 Aibreán 2022 (Ard Mhacha) 23.04.2022

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Dúirt Uachtarán na hUcráine Volodymr Zelensky go bhfuil tús curtha ag Arm na Rúise le feachtas fornirt in oirthear na hÚcráine. Sheasfadh muintir na hÚcráine an fód ba chuma cé mhéad saighdiúir a sheolfadh an Rúis chuig an tír, arsa Zelensky. Beidh an tr...

16 Aibreán 2022 (Baile Átha Cliath) 16.04.2022

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an 16ú de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá tairisicint déanta ag an bhfiontraí agus billiúnaí, Elon Musk, an suíomh meáin shóisialta Twitter a cheannach ar shuim os cionn daichead a trí billiún dollar. Is é Musk an scairshealbhóir is mó ar Twitter cheana féin tar éis dó sciar naoi faoin gcéad a cheannach sa chuideachta...

9 Aibreán 2022 (Dún na nGall) 09.04.2022

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Déardaoin, ceapadh an chéad bhean dhubh ina breitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Is é an chéad uair nach mbeidh fir gheala ina dtromlach sa Chúirt le 233 bliain anuas. Chaith an Bhreitheamh Jackson, atá 51 bliain d'aois, níos mó ná 20 uair ag freagairt fiosrúch...

2 Aibreán 2022 (An Clár) 02.04.2022

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Thosaigh cainteanna síochána idir an Rúis agus an Úcráin in Iostanbúl an tseachtain seo. Gheall na Rúisigh go maolódh fórsaí Rúiseacha a ngníomhartha míleata timpeall na príomhchathrach Cív agus in áiteanna eile i dtuaisceart na tíre fad is atá na cainteanna ar siúl....

26 Márta 2022 (Luimneach) 26.03.2022

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Thuairteáil eitleán a bhí ag iompar céad tríocha a dó duine i ndeisceart na Síne Dé Luain. Ní bhfuarthas aon mharthanóirí go dtí seo, de réir údaráis na Síne. Ar an gCéadaoin fuair siad an bosca dubh, is féidir é a úsáid chun tuiscint a fháil ar chúis na timpiste...

19 Márta 2022 (An Dún) 19.03.2022

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Shroich an líon dídeanaithe atá ag teitheadh as an Úcráin ó thús an chogaidh leis an Rúis 3 mhilliún an tseachtain seo, de réir fícirí ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce. Dúirt UNICEF gur páistí iad leath acu. Ghlac Rialtas na hÉireann 6,600 isteach sa tír, agus chu...

Cothrom an Lae - 17 Márta (Baile Átha Cliath) 17.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an 17ú lá de mhí an Mhárta – Lá Fhéile Pádraig. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1601, tharla an chéad pharáid a bhfuil tuairisc againn uirthi in onóir na Féile Pádraig  san áit ar a dtugtar “Naomh Agaistín” anois in Florida. Léirítear sna tuarascálacha gur...

Cothrom an Lae - 16 Márta (Tír Eoghain) 16.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1872, imríodh an chéad chluiche ceannais sa Chorn FA i Sasana. Bunaíodh an FA féin siar in 1863 ach cuireadh tús leis an chéad Chorn FA i mí na Samhna 1871 agus tharla an cluiche ceannais ar 16 Márta 1872. Ba iad Wanderers FC ó Leytonstone...

Cothrom an Lae - 15 Márta (Gaillimh) 15.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett.  Cothrom an lae seo sa bhliain 1852, rugadh Lady Augusta Gregory i gCreig an Róistigh, Co. na Gaillimhe, duine cáiliúil le linn Athbheochan Liteartha na hÉireann. Bhí sí ina scríbhneoir, drámadóir, aistritheoir agus béaloideasaí agus cé go raibh sí mar chuid den uas...

Cothrom an Lae - 14 Márta (Tiobraid Árann) 14.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1879 rugadh an fisiceoir Albert Einstein. Tá cáil ar Einstein as forbairt a dhéanamh ar Theoiric na Coibhneasachta. Chomh maith leis sin rinne sé obair thábhachtach ar theoiric&nbsp...

Cothrom an Lae - 13 Márta (An Dún) 13.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an tríú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.  Cothrom an lae seo sa bhliain 1781, thángthas ar an phláinéad Úránas, an chéad phláinéad a thángthas air ón chianaois. Agus é ag tabhairt faoi shuirbhéireacht ar na réaltaí, thug an réalteolaí Sasanach, William Herschel, faoi deara go raibh rud ag bogadh os...

Cothrom an Lae - 12 Márta (Maigh Eo) 12.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.  Cothrom an lae seo sa bhliain 1689, tháinig James Stuart i dtír in Éirinn i gCionn tSáile. Ag an am bhí sé ina iar-rí ar Alban, ar Shasana agus ar Éirinn, agus dár leis, ar an&...

12 Márta 2022 (Tiobraid Árann) 12.03.2022

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Lean ionsaithe san Úcráin i rith na seachtaine agus fórsaí na Rúise ag bogadh níos cóngaraí do Chív, príomhchathair na tíre, gach lá. Tharla ionsaithe ar na cathracha Lutsk, Ivano-Frankivsk agus, den chéad uair ó thús an ionraidh, Dnipro. Tá cainteanna síochá...

Cothrom an Lae - 11 Márta (Luimneach) 11.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey.  Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag ocht déag, foilsíodh an leabhar Frankenstein. Is úrscéal gotach agus ficsean eolaíochta é Frankenstein. Ba í an t-údar Mary Shelley, iníon an fheiminigh Mary Wollstonecraft a scríobh é, nuair n...

Cothrom an Lae - 10 Márta (Dún na nGall) 10.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.  Cothrom an lae seo sa bhliain 1876, rinne Alexander Graham Bell an chéad scairt teileafóin ar domhan, nuair a d’éirigh leis ceangal intuigthe a bhunú lena chúntóir a bhí i seomra teorantach. Ghair sé ar a chúntóir saotharlainne, Thomas Watson, leis na focail, “...

Cothrom an Lae - 9 Márta (Baile Átha Cliath) 09.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an naoú lá de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1959, tharraing seoladh an chéad bhábóg Barbie go leor poiblíochta ag Aonach Bréagán Idirnáisiúnta Mheiriceá Thuaidh i Nua Eabhrach. Chruthaigh an bhean ghnó, Ruth Handler, an bhábóg íocónach don chomhlacht bréagán, Mattel, agus margaíodh Barbie...

Cothrom an Lae - 8 Márta (Ciarraí) 08.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.  Cothrom an lae seo sa bhliain 1910, ba í Raymonde de Laroche an chéad bhean a fuair ceadúnas píolóta. Rugadh i bPáras na Fraince í sa bhliain 1882. Bean spórtúil ab ea í agus thaithin gluaisrothair agus cartacha go mór lei. Bhí cáil uirthi leis mar aisteoir r...

Cothrom an Lae - 7 Márta (Tír Eoghain) 07.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1917, eisíodh an chéad cheirnín ar a tugadh “snagcheol”, nó “jazz” sa Bhéarla. Ba é an Dixieland Original Jass Band a chum agus a sheinn “Dixieland Jass Band One-Step”. Ceaptar gur in New Orleans a cruthaíodh an seánra ceoil seo, nuair a bhí...

Cothrom an Lae - 6 Márta (Gaillimh) 06.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett.  Cothrom an lae seo sa bhliain 1972, rugadh Shaquille Rashaun O'Neal, nó 'Shaq', iar-imreoir cispheile Meiriceánach gairmiúil agus duine de na himreoirí cispheile is fearr agus is cáiliúla ar domhain. Chaith sé naoi mbliana déag ag imirt cispheile sna Stáit Aontaithe, ar fh...

5 Márta 2022 (Maigh Eo) 05.03.2022

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin ar siúl, go mall agus go tubaisteach, in aghaidh frithbheartaíocht dhian mhuintir na hÚcráine. Thosaigh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin an t-ionradh orthu chun, mar a dúirt sé, dínaitsíú a dhéanamh ar an Ú...

Cothrom an Lae - 5 Márta (Tiobraid Árann) 05.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.  Cothrom an lae seo sa bhliain 1960 tógadh ‘an griangraf is cáiliúla ar domhan’. Thóg Alberto Korda an grianghraf Guerillero Heroico, portráid de réabhlóidí Marxach Che Guevara in Havana, Cúba...

Cothrom an Lae - 4 Márta (An Dún) 04.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.  Cothrom an lae seo sa bhliain 1678, tháinig ceoltoir agus cumadóir Antonio Vivaldi ar an saol i Venice, san Iodáil. Tríd a shaol, chum Vivaldi go leor píosaí tábhachtacha agus aitheanta de cheol barócach, agus is fearr aithne air mar chumadóir an choinséartó “...

Cothrom an Lae - 3 Márta (Maigh Eo) 03.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an tríú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.  Cothrom an lae seo sa bhliain 1861, cuireadh saoradh sheirfigh na Rúise i bhfeidhm trí fhorógra an tSáir Alastar a Dó. Fuair thart ar 23 milliún duine, 38% de dhaonra na Rúise ag an&nbsp...

Cothrom an Lae - 2 Márta (Luimneach) 02.03.2022

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey.  Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag, tríocha a sé, d’fhógair Texas a neamhspleáchas ó Mheicsiceo go foirmiúil, tar éis cogadh a mhair timpeall sé mhí. Ansin cruthaíodh Poblacht Texas. Deirtear gur tharla an cogadh de bhar...

Listen to the Nuacht Mhall podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.