Conradh na Gaeilge i Londain
Nuacht Mhall
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Be sure to visit the podcast's website and support the creator: podcasters.spotify.com
Author
Conradh na Gaeilge i Londain
Category
Podcast website
Latest episode
Oct 24, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Cothrom an Lae - 7 Márta (Tír Eoghain) 07.03.2023 2:26
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1917, eisíodh an chéad cheirnín ar a tugadh “snagcheol”, nó “jazz” sa Bhéarla. Ba é an Dixieland Original Jass Band a chum agus a sheinn “Dixieland Jass Band One-Step”. Ceaptar gur in New Orleans a cruthaíodh an seánra ceoil seo, nuair a bhí...
Cothrom an Lae - 6 Márta (Gaillimh) 06.03.2023 2:13
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett. Cothrom an lae seo sa bhliain 1972, rugadh Shaquille Rashaun O'Neal, nó 'Shaq', iar-imreoir cispheile Meiriceánach gairmiúil agus duine de na himreoirí cispheile is fearr agus is cáiliúla ar domhain. Chaith sé naoi mbliana déag ag imirt cispheile sna Stáit Aontaithe, ar fhoirne...
Cothrom an Lae - 5 Márta (Tiobraid Árann) 05.03.2023 2:10
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1960 tógadh ‘an griangraf is cáiliúla ar domhan’. Thóg Alberto Korda an grianghraf Guerillero Heroico, portráid de réabhlóidí Marxach Che Guevara in Havana, Cúba, ag c...
Cothrom an Lae - 4 Márta (An Dún) 04.03.2023 1:56
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1678, tháinig ceoltoir agus cumadóir Antonio Vivaldi ar an saol i Venice, san Iodáil. Tríd a shaol, chum Vivaldi go leor píosaí tábhachtacha agus aitheanta de cheol barócach, agus is fearr aithne air mar chumadóir an choinséartó “Na Cei...
4 Márta 2023 (Luimneach) 04.03.2023 6:31
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Feabhra d’fhógair Rishi Sunak “Creatlach Windsor” – leagan nua de phrótacal Thuaisceart Éireann a comhaontaíodh tar éis ceithre mhí d’idirbheartaíocht leis an Aontas Eorpach. Tugann an comhaontú “coscán éigeandála” do rialtas na Ríocht...
Cothrom an Lae - 3 Márta (Maigh Eo) 03.03.2023 3:05
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an tríú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Cothrom an lae seo sa bhliain 1861, cuireadh saoradh sheirfigh na Rúise i bhfeidhm trí fhorógra an tSáir Alastar a Dó. Fuair thart ar 23 milliún duine, 38% de dhaonra na Rúise ag an am, a...
Cothrom an Lae - 2 Márta (Luimneach) 02.03.2023 1:47
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag, tríocha a sé, d’fhógair Texas a neamhspleáchas ó Mheicsiceo go foirmiúil, tar éis cogadh a mhair timpeall sé mhí. Ansin cruthaíodh Poblacht Texas. Deirtear gur tharla an cogadh de bharr ...
Cothrom an Lae - 1 Márta (Dún na nGall) 01.03.2023 2:54
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cothrom an lae seo sa bhliain 1896, tháinig an fisiceoir Henri Becquerel ar fhionnachtain cheannródaíoch de thimpiste, agus é i measc tástáil ag lorg fianaise ar son a theoiric mhícheart go n-ionsúnn salainn úráiniam atá tineghealánach solas na gréine agus go n-astaí...
25 Feabhra 2023 (Tír Eoghain) 25.02.2023 5:16
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá vótáil ar siúl sa Nigéir inniu sa toghchán uachtaránachta is iomaíche a tharla le blianta fada. De ghnáth, bíonn dhá pháirtí mhóra san iomaíocht - Comhdháil na bhForasaithe Uile (APC) agus Páirtí Daonlathach an Phobail (PDP) - ach i mbliana tá ag éirí go maith le Pái...
18 Feabhra 2023 (Ciarraí) 18.02.2023 6:05
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tháinig Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak go Béal Feirste chun bualadh le ceannairí na bpáirtithe polaitiúla in Stormont. Dúirt Ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh Jeffrey Donaldson go raibh dul chun cinn déanta leis an idirbheartaíocht idir L...
11 Feabhra 2023 (Ard Mhacha) 11.02.2023 5:49
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá deag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. De réir tuairiscí tá breis agus 20,000 duine maraithe i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria i ndiaidh an chreatha talún Dé Luain, agus is dócha go n-ardóidh na figiúirí sna leathanta amach romhainn. Ó thaobh na Tuirce de, deir na húdaráis go bhfuil...
4 Feabhra 2023 (An Clár) 04.02.2023 5:49
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an pobal Meiriceánach Afracach ag caoineadh marú eile de chuid na bpóilíní nuair a tháinig físeán chun solais ina bhfuair Tyre Nichols bás. Ar an seachtú lá de mhí Eanáir, stopadh Nichols agus é ag tiomáint abhaile in Memphis. Dúirt na póilíní go raibh Nichols ag...
28 Eanáir 2023 (Dún na nGall) 28.01.2023 5:23
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá cinneadh déanta ag an Ghearmáin le 14 tanc Leopard 2 a sheoladh chuig an Úcráin agus tá sé mar phlean ag na Stáit Aontaithe 31 Abrams a sheoladh sna míonna atá amach romhainn. Thug an Ghearmáin cead do thíortha Eorpacha eile a dtancanna Gearmánacha a sheoladh ch...
21 Eanáir 2023 (An Dún) 21.01.2023 5:21
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Agus an Dáil ag filleadh le linn na seachtaine, dúirt Aire Stáit úr na Gaeltachta go mbeadh an phleanáil teanga, an tAcht Teanga agus pobal na hUltaise i measc na dtosaíochtaí aige sa chéad cúpla mí ina ról úr. Dúirt Patrick O'Donovan, an tAire Stáit nua, a ceapadh...
14 Eanáir 2023 (Tiobraid Árann) 14.01.2023 3:41
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Rinne lucht tacaíochta iar-Uachtarán na Brasaíle Jair Bolsonaro iarracht an Chúirt Uachtarach, Teach na Comhdhála agus Pálás an Uachtaráin sa phríomhchathair Brasilia a ransú ag an deireadh seachtaine. Bhí an chuma air go raibh na hagóideoirí ag iarraidh ait...
7 Eanáir 2023 (Maigh Eo) 07.01.2023 5:02
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Eanair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tharla sochraid an iar-Phápa Benedict XVI i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine an tseachtain seo. Bhí sé cúig bliana is nócha d’aois. Rugadh sa Ghearmáin é mar Joseph Ratzinger, agus nuair a bhí sé ina ghasúr, coinscríobhadh é in Ógra...
31 Nollaig 2022 (Baile Átha Cliath) 31.12.2022 5:20
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí na Nollag, Oíche Chinn Bliana 2022. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tuairiscíodh níos mó básanna i Meiriceá Thuaidh de bharr síobadh sneachta trom. Maraíodh ar a laghad 60 duine in ocht stát mar gheall ar an ‘gcioclón buama’ ag deireadh seachtaine na Nollag agus fágadh na mílte teach gan leictreachas. Tá na c...
24 Nollaig 2022 (Luimneach) 24.12.2022 5:35
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Nollag, oíche Nollag. Is mise Sibéal Dempsey. Chaill an Fhrainc i gcoinne na hAirgintíne i gcluiche ceannais chorn an domhain dhá mhíle is fiche a dó a imríodh i gCatar Dé Domhnaigh seo caite. Tháinig deireadh leis an gcluiche le ciceanna pionóis agus fuair an Airgintín ceithre ph...
10 Nollaig 2022 (Ciarraí) 10.12.2022 5:11
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Ag an gCorn Domhanda i gCatar, bhain Maracó éacht amach leis an mbua a bhí acu i gcoinne na Spáinne. Is iad an chéad náisiún Arabach le dul ar aghaidh go dtí an Cluiche Ceathrú Ceannais. Tar éis 120 nóiméad, bhí orthu ciceanna pionóis a thógáil toisc nár aimsigh na foi...
3 Nollaig 2022 (An Dún) 03.12.2022 5:26
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá níos mó daoine ag teacht slán ó ailse ionrach anois ná riamh de bharr an fheabhais atá tagtha ar chúrsaí cóireála leighis agus mar go n-aimsítear an galar níos luaithe fosta. Is é ailse ionrach an cineál ailse a d'fhéadfadh leathadh ón áit ar aimsíodh é i dtosach g...
26 Samhain 2022 (An Clár) - uasdátaithe 27.11.2022 5:54
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Fuair níos mó ná 270 duine bás san Indinéis de bharr creatha talún in iarthar Iáva Dé Luain seo caite. Dé réir na n-údarás, tá 151 duine fós ar iarraidh agus tá 1000 duine eile gortaithe. Tréigeadh beagnach 60,000 teach sa cheantar mar gheall ar an tubaiste nádúrt...
19 Samhain 2022 (Dún na nGall) 19.11.2022 5:26
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de Mhí na Samhna, 2022. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Le linn na seachtaine, sheol úinéir úr Twitter, Elon Musk, teachtaireacht chuig a fhoireann ar fud an domhain ag insint dóibh nach raibh ach lá acu machnamh a dhéanamh ar chinnúint idir fánacht agus “a bheith ag obair go rí-dhian ar feadh tamall fada,” nó glacadh...
12 Samhain 2022 (Tiobraid Árann) 12.11.2022 3:40
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tá Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le hAthrú Aeráide, nó COP27, ar siúl in Sharm El Sheikh san Éigipt. Tá níos mó ná nócha ceann stáit agus ionadaithe ó beagnach dhá chéad tír i láthair. Tá an Chomhdháil ag tarlú agus níos mó fianaise ná riamh tagtha c...
5 Samhain 2022 (Ard Mhacha) 05.11.2022 5:19
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí an bua ag Lula da Silva sa toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl. Ag an deireadh ní raibh mórán idir Lula, atá ar an eite chlé, agus an duine sa phost faoi láthair, Bolsanaro. Fuair Lula nach mór 51%, agus 49% ag Bolsonaro. Tá imní ar an saol...
29 Deireadh Fómhair 2022 (Maigh Eo) 29.10.2022 4:25
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Is é Rishi Sunak an chéad Phríomh-Aire eile sa Bhreatain. Bhuaigh Sunak rás ceannaireachta na dTóraithe nuair a d'éirigh Boris Johnson agus Penny Mordaunt as an rith. Bhí orthu níos mó ná céad vóta a fháil ó Fheisirí Wes...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.