teicneoir@raidionalife.ie

Fada is Fairsing

News GA ↓ 439 episodes

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...

Author

teicneoir@raidionalife.ie

Category

News

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Sep 30, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Clár 39 - 2014 - Raidió na Life 15.04.2014

Ar chlár na hoíche seo, cloisimid tuairimí Mike Ravey i Learpholl Shasana faoi chuairt an Uachtaráin Éireannaigh ar Shasana agus faoi Ghaeil-Shasanaigh an lae inniu, labhraíonn Colm Duffin linn ó Cheanada le labhairt linn faoin Lá Dearg a bhí ag pobal Gaeilge Cheanada le déanaí mar thacú leis an bhfeachtas Dearg le Fearg /Lá Mór Gaeilge anseo in Éirinn agus ar deireadh cloisimid ó Shorcha Ní Mheal...

Clár 38 - 2014 - Raidió na Life 08.04.2014

Ar an gclár seo d'Fhada is Fairsing rinneamar trácht ar chuairt stáit an Uachtaráin Mícheál D Ó hUiginn ar Shasana trí labhairt le Victoria B. Hamilton atá lonnaithe i Londain agus a chaith lá den chuairt i Windsor. Chomh maith leis sin chualamar ó Madeleine Ní Ghallchobhair, iartheagascóir Gaeilge Fulbright a d'fhreastail ar an gcomhdháil TEDxFulbright Bhaile Átha Cliath ar an 5ú Aibreán. Labhair...

Clár 37 - 2014 - Raidió na Life 01.04.2014

Ar an gclár seo, cloisimid ó Chiarán Dawson ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh atá i mbun ranganna Gaeilge a mhúineadh ansin le mic léinn leighis as áiteanna éagsúla ar fud na cruinne. Labhraíonn sé faoin spéis a chuireann go leor mac léinn sa choláiste sa Ghaeilge agus faoin turas a thug na foghlaimeoirí Gaeilge ar Chorca Dhuibhne le déanaí. Chomh maith leis sin cloisfimid ó Mháirtín Coilféir, lé...

Clár 36 - 2014 - Raidió na Life 25.03.2014

Ar an gclár seo, cloisimid ó Bhreandán Mac Ardghail a bheidh ag déanamh cainte ag an gcomhdháil TEDxFulbrightDublin a bheas ar siúl den chéad uair i mBaile Átha Cliath i mbliana agus á reachtáil ag Fulbright Éireann. Tuilleadh eolais ar an suíomh i nGaeilge agus i mBéarla ag TEDxFulbrightDublin Chomh maith leis sin cloisimid ó Shéamas Ó Neachtain ó Chumann Charad na Gaeilge (An Philo-Celtic Societ...

Clár 35 - 2014 - Raidió na Life 18.03.2014

Ar an 35ú clár,chualamar ó phobail Ghaeilge éagsúla ón dá thaobh tíre de na Stáit Aontaithe. Labhair mé le Caitríona Weafer atá ag cur fuithi i 'gCathair na n-Aingeal' (L.A.) i gCalifornia leis na blianta i mbun mhúineadh na Gaeilge is go leor eile, faoin bpobal Gaeilge ansin is go leor eile. Ó Chósta an Oirthir ansin bhí Brian Ó Broin linn ag labhairt faoin gclár raidió atá idir lámha aige le roi...

Clár 34 - 2014 - Raidió na Life 11.03.2014

Ar chlár na hoíche seo, cloisimid ó Scott De Buitléir faoin bplé ar fad atá ar siúl le déanaí ar chearta an phobail LADT (LGBT) ó óráid Panti anseo in Éirinn go dtí an coiriúlú den homaighnéasachas in Uganda, Chomh maith leis sin cloistear an t-Athair Éamonn Breslin a bhí lonnaithe i Lucsamburg ar feadh na mblianta agus atá lonnaithe sa Róimh anois faoina shaol agus faoin bPápa nua Pronsias.

Clár 33 - 2014 - Raidió na Life 04.03.2014

Ar an gclár seo, cloisimid scéalta an scríbhneora aitheanta Derry O'Sullivan faoina chuid scríbhneoireachta, faoina shaol i bPáras na Fraince agus Craobh Chonradh na Gaeilge agus chomh maith leis sin ó Sheán Ó Dubhghaill i Lováin na Beilge faoina chuid múinteoireachta ansin agus Seachtain Gaeilge a mbeidh sé ag glacadh páirte ann sa tír go luath!

Clár 32 - 2014 - Raidió na Life 25.02.2014

Cloisimid ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Fulbright Éireann, Colleen Dube faoi na duaiseanna atá le fáil faoi láthair do mhúinteoirí is do dhaltaí Gaeilge ó na Stáit Aontaithe le teacht i mbun staidéir ar an nGaeilge in Éirinn agus faoin mbuntáiste a mbaineann leo d'Éirinn agus do na Stáit Aontaithe araon. Ar an dul sin, cloisimid ó Anne Driscoll atá i mbun scoláireachta Fulbright in Éirinn i láthair n...

Clár 31 - 2014 - Raidió na Life 18.02.2014

Sa chlár seo labhraím le Matthew Holmberg ó Massachusetts agus Audrey Nickel ó California faoi na damhachtainní Gaeltachta a fuair siad an bhliain seo caite le teacht go ceantair éagsúla Gaeltachta in Éirinn chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Chomh maith leis sin labhraím le Robert Henneman as Beirlín na Gearmáine atá i mbun teagaisc i mbaile Loch Garman faoina chuid oibre ansin agus an suim...

Clár 30 - 2014 - Raidió na Life 11.02.2014

Ar an tríochú clár d'Fhada is Fairsing labhraímid le fear mór Gaeilge Ceanada, Aralt Mac Giolla Chainnigh a tháinig go hÉirinn ar feadh roinnt seachtainí chun páirt a ghlacadh i Lá Mór na Gaeilge chomh maith le sraith oráidí a dhéanamh le grúpaí éagsúla faoin réaltólaíocht agus na deiseanna a bheidh ann d'Éireannaigh san earnáil amach anseo. Cuirimid an Ghaeilge is an Ghaidhlig i gcomparáid lena c...

Clár 29 - 2014 - Raidió na Life 04.02.2014

Anocht labhraím le Donncha Mac Niallais faoi Fhéile na bPan Cheilteach a bhéas ar siúl den chéad uair riamh i dTuaisceart Éireann i gCultúrlann Uí Channáin, Doire i mbliana. Chomh maith leis sin cloisimid níos mó ón mBeilg, in agallamh le Beartla de Búrca faoi Chlub Óige atá idir lámha ag grúpa sa Bhruiséil faoi láthair. Ar deireadh tá Vera Orschel ón Ostair atá ag obair in áiteanna timpeall na tí...

Clár 28 - 2014 - Raidió na Life 28.01.2014

San ochtú clár is fiche cloisimid ó Chiarán ó Ceallaigh ón gComhairle Eorpach faoin Seachtain Gaeilge atá á reachtáil ag grúpa daoine sa Bhruiséil don phobal Éireannach sa chathair. Labhraím le Amanda Bernhard in agallamh Skype freisin faoin tógra nua atá idir lámha aici lena phairtnéir chun cainteoirí Gaeilge ar fud na cruinne a tharraingt le chéile i nciorcail chómhrá ar an idirlíon dar teideal...

Clár 27 - 2014 - Raidió na Life 21.01.2014

Sa chlár seo cloisimid ó Aislínn Nic Ruairí faoin ngrúpa Gaelach 'Na Gaeil i gCéin' atá lonnaithe sa Bhruiséil a eagraíonn imeachtaí Gaelacha do Ghaeil sa chathair. Chomh maith leis sin labhraímid le Emma Uí Bhroin, Oifigeach Gaeilge de chuid Glór Cheatharlach faoin gcomórtas amhrán atá á reachtáil ag an eagraíocht chun amhrán a roghnú le dul san iomaíocht don Fhéile Pan Cheilteach a bhéas ar siúl...

Clár 26 - 2014 - Raidió na Life 14.01.2014

Sa chlár seo labhair Antoin De Blárach ó Ghaoth Dobhair faoin scéal a thit amach faoi féin is faoina dheartháir nuair a caitheadh amach as tacsaí iad i nGlaschú de bharr go raibh Gaeilge á labhairt acu, chualamar ó Jennifer O'Riordan atá ag múineadh Gaeilge leis an ngrúpa Let's Learn Irish agus an Ollscoil Chaitliceach i Washington DC. Ar deireadh labhair Reuben Ó Conluainn linn faoin bhFéile Inte...

Clár 25 - 2014 - Raidió na Life 07.01.2014

Labhraíonn Eibhlín Zurrell linn ó Rockville, Nua Eabhrac faoin athrú ollmhór aimsire ansin ag tús na bliana agus an teocht níos ísle i Nua Eabhrac ná mar a bhí sé le 120 bliain anuas. Labhraíonn tuairisceoir spóirt Raidió na Life, Cóilín Ó Dubhthaigh linn faoin gcéad chluiche CLG a d'imir foireann ón Astráil in Éirinn i rith na Nollag. Cloisimid ó roinnt mac léinn óg atá i mbun Gaeilge a fhoghlaim...

Clár 24 - 2013 - Raidió na Life 24.12.2013

Clár speisialta Nollag ina gcloisimid roinnt amhrán ar an sean-nós ó Natalia Danzmann sa Bhrasaíl, labhraíonn Séamas Ó Neachtain linn faoin ngrúpa Cumann Carad na Gaeilge agus faoi Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín ar an Oileán Fada. Cloisimid ó Emma Carlson atá i mbun oibre ar scannán Gaeilge i Nua Eabhrac mar chuid dá staidéar ar an nGaeilge in Ollscoil Nua Eabhrac agus ar deireadh cloisimid ó Mhai...

Clár 23 - 2013 - Raidió na Life 17.12.2013

Sa chlár seo labhair Muireann de Barra linn a chaith go leor ama sa Bholaiv ag déanamh scannánaíochta agus í ag caint linn faoi na bundúchasaigh ann tar éis don McDonalds deireanach dúnadh sa tír. Chomh maith leis sin labhair Maura Mulligan linn ó Nua Eabhrac faoin méid atá déanta aici leis an gcultúr Gaelach thall leis na blianta anuas ó bhog sí ó Mhaigh Eo go Meiriceá. Léann sí dán de chuid Eogh...

Clár 22 - 2013 - Raidió na Life 10.12.2013

Clár speisialta é seo ina labhraím le Deirdre Donnelly, saoririseoir a thaistil go dtí an Aetóip le cuidiú ón Simon Cumbers Media Fund, ag déanamh cláir fháisnéise do Newstalk agus go leor leor eile. Labhraíonn sí linn faoin turas a bhí aici, faoin méid a d'fhoghlaim sí uaidh agus faoi na heagraíochtaí deonacha do dhaoine faoi mhíchumas ar bhuail sí leo nuair a bhí sí ann.

Clár 21 - 2013 - Raidió na Life 03.12.2013

Cloisimid níos mó ón agallamh a rinne mé le Seán Mag Uidhir ó Dallas, Teicseas sa chlár seo, agus é ag insint dúinn faoi chúrsaí Gaeilge i Dallas sa chuid seo de. Chomh maith leis sin cloisimid ó Shíobhra Aiken agus í ag caitheamh a chéad Lá Altaithe(Thanksgiving) thall i Meiriceá agus ar tí dul ag taisteal timpeall ar Mheiriceá Theas don Nollaig. Ar deireadh labhraíonn Evin Downey linn ó Ghlaschú...

Clár 20 - 2013 - Raidió na Life 26.11.2013

Bhí agallamh spreagúil againn ar an gclár seo le Maura Lennon ón gcatharnas Goal cúpla lá tar éis di taisteal le heitleán Aer Lingus chun cúnamh a thabhairt do mhuintir na n-Oileán Filipíneach tar éis an tíofúin sa tír tamall beag roimhe sin. Labhair Kate Smyth linn ó Londain faoi scéal na mban a coimeádadh mar sclábhaithe tí i Lambert, Londain ar feadh blianta. Ar deireadh chualamar ó Sheán Mag U...

Clár 19 - 2013 - Raidió na Life 19.11.2013

Sa chlár seo chualathas ó Sheanán Ó Coistín atá ag obair leis an gCoimisiún Eorpach i Lucsamburg agus é ag labhairt linn faoin mbailiú airgid a bhí ar siúl ag grúpa cairde is comhghleacaithe aige ar son na ndaoine sna hOileáin Fhilipíneacha tar éis don tíofún an tír a bhualadh. Labhair Eoin Ó Catháin linn ó Ottawa, Ceanada faoin gclár raidió Gaeilge a bhí á chur i láthair aige ansin dár teideal Th...

Clár 18 - 2013 - Raidió na Life 12.11.2013

San ochtú gclár déag labhair mé le hOrla Ní Mhaoláin ó Dhoire a thaistil go stát Nua Eabhrac ar thuras le hÓgras, chun an Ghaeilge is spóirt Ghaelacha a mhúineadh do pháistí óga ansin. Chualamar ó John Feeney ón taobh sin tíre freisin, ag labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge i gConnecticut agus an Irish Gaelic Circle of CT a n-oibríonn seisean leis. Ar deireadh labhair Joe Costelloe linn ó Bhairéin...

Clár 17 - 2013 - Raidió na Life 29.10.2013

Ar an gclár seo labhraíonn Cian Mac Cárthaigh linn sa stiúideó faoin bhféile mhór cheoil Womax ar fhreastail sé uirthi sa Bhreatain Bheag agus labhraím le hAralt Mac Giolla Chainnigh agus é ar thuras le grúpa mór Meiriceánach is Ceanadach timpeall ar na ceantair Ghaeltachta uilig in Éirinn. Cloisimid ó dhaoine eile ar an turas agus roinnt acu ag ceol agus iad i láthair ag cúrsa Gaeilge de chuid Oi...

Clár 16 - 2013 - Raidió na Life 22.10.2013

Ag breathnú siar arís ar an gclár cloisimid ó Deibhin Ó Flangáin a oibríonn go dian ar son na Gaeilge i Meániarthar na Stát Aontaithe. Chuir sé tús leis an Lá Gaeilge a bhíonn ar siúl i mBloomington, Indiana beagnach sé bliana ó shin chomh maith le tús a chur le roinnt leathanach Facebook Gaeilge, Gaelskype san áireamh. Labhraíonn sé linn faoi chúrsaí Gaeilge sa Mhéaniarthar agus faoin méid atá dé...

Clár 15 - 2013 - Raidió na Life 15.10.2013

Clár dearfach faoi fhostaíocht do Ghaeilgeoirí timpeall na cruinne, ag teacht amach i rith seachtaine fógartha an bhuiséid! Labhraíonn Colm Ó Duifin atá mar theagascóir Gaeilge de chuid na heagraíochta ICUF agus é ag múineadh na teangan in ollscoil i dTorontó ansin ar feadh bliana. Ina dhiaidh cloisimid ó Ross Ó Briain atá ag obair le Comhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil faoi láthair agus si...

Listen to the Fada is Fairsing podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.