teicneoir@raidionalife.ie
Fada is Fairsing
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...
Author
teicneoir@raidionalife.ie
Category
Podcast website
Latest episode
Sep 30, 2025
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Clár 14 - 2013 - Raidió na Life 08.10.2013 26:08
Clár é seo ag fanacht níos gaire don bhaile agus ag breathnú ar roinnt áiteanna timpeall na hEorpa. Ar dtús cloistear Rónán Ó Condúin atá i mbun dochtúireachta ar dhlí na hEorpa in Institiúd na hOllscoile Eorpaigh i bhFlórans na hIodáile agus é ag labhairt linn faoin méid atá ar siúl aige sa chathair ansin. Ina dhiaidh seo labhraím le Maria Ní Chatháin, láthreoir de chuid Raidió na Life agus í i m...
Clár 13 - 2013 - Raidió na Life 01.10.2013 25:58
Clár speisialta faoin Áis é seo ina labhraím le Neil Mac Taidhg atá ag múineadh an Bhéarla sa tSeapáin faoi láthair agus le John Ó Liodáin atá i mbun múinteoireachta Gaeilge in ollscoil i mBéising na Síne ar feadh bliana. Insíonn an bheirt dúinn faoina saolta ansin, faoin bpobal Éireannach sa dá chathair agus faoin nGaeilge san Áis inniu.
Clár 12 - 2013 - Raidió na Life 24.09.2013 26:01
Sa chlár seo labhraím le Mícheál Ó hEoghain atá ag obair leis an nGaeilge in ollscoil i Hamburg na Gearmáine faoin olltoghachán a bhí ar siúl an tseachtain sin sa tír. Ina dhiaidh sin cloisimid ó Sam Ó Fearraigh a scríobhann blag darb ainm 'Word Otter' agus a scríobh píosa faoin nGaeilge agus faoin gcineál tuairimíochta a bhíonn le cloisteáil i measc Gaeilgeoirí ar bhlaganna ar líne na laethanta s...
Clár 11 - 2013 - Raidió na Life 17.09.2013 26:28
Sa chlár seo, labhraím le beirt fhear den ainm Maidhc i Meiriceá Thuaidh! Ar dtús cloisimid ó Mhaidhc O' Regan atá ina chónaí gar do Chicago agus é ag labhairt linn faoin nGaeilge thart ar an gcathair ansin agus faoin Irish American Heritage Centre ann. Múineann Maidhc agus a bhean chéile Gaeilge ann agus insíonn sé dúinn faoi sin is faoi phobal na Gaeilge in Iarthar-láir Mheiriceá. Labhraímid le...
Clár 10 - 2013 - Raidió na Life 10.09.2013 23:51
An oíche seo, labhraímid le Hillary Mhic Suibhne atá mar léachtóir Gaeilge in Ollscoil Nua Eabhrac faoi sheasamh na Stát Aontaithe i leith cúrsaí sa tSiria agus meon na meiriceánach faoin scéal. Cloisimid ó Labhrás Wilson atá ina chónaí i Maryland sna Stáit Aontaithe chomh maith, faoina shaol féin is an Ghaeilge agus ar deireadh labhraímid le Siún Ní Dhuinn, léachtóir Gaeilge, a chuaigh i mbun múi...
Clár 9 - 2013 - Raidió na Life 03.09.2013 27:54
Sa chlár seo labhraímid le Naoise Waldron atá ag múineadh na Gaeilge ar scoláireacht Fulbright i mbliana i Missoula, Montana. Labhraíonn sé linn faoin bpost mar theagascóir Gaeilge Fulbright agus faoi thús a bhliana féin ar an scoláireacht úd. Labhraímid le hiarláithreoir de chuid Raidió na Life, Helena Ní Mhaoláin faoina cuid taistil i gCeanada i rith an tsamhraidh. Ar deireadh labhraímid le Bren...
Clár 8 - 2013 - Raidió na Life 27.08.2013 23:21
Clár é seo ina labhraímid le Tomaí Ó Conghaíle faoin gclár a rinne sé don BBC le hArt Hughes agus iad ag taisteal ar fud na hEorpa ag freastal ar fhéilte Ceilteacha is cultúrtha. Cloisimid chomh maith ó Shorcha Batchelor ó Texas a chaith seala ag cur feabhais ar a cuid Gaeilge le hOideas Gael i rith an tsamhraidh agus í ag labhairt linn faoina foghlaim féin den teanga agus faoi chúrsaí Gaeilge i '...
Clár 7 - 2013 - Raidió na Life 20.08.2013 25:21
Sa chlár seo cloisimid ó Simone Amiras ó Milan, Pól Ferris ó Nua-Jhersey agus Gearóid Ó hAinnidh atá lonnaithe i Lucsamburg; a bhí uilig ag foghlaim na Gaeilge le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille i rith an tsamhraidh. Insíonn siad dúinn faoin taithí a bhí acu féin ar fhoghlaim na Gaeilge agus faoin nGleann is Oideas Gael iad féin. Chomh maith leis seo labhraíonn David Menees ó Milwaukee linn fao...
Clár 6 - 2013 - Raidió na Life 30.07.2013 26:27
Clár ag breathnú ar mhúineadh is ar fhoghlaim na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh is ar fud an domhain. Labhraíonn Maidhc Newell linn ó 'Chumann na Gaeilge i mBostún' faoin nGaeilge i measc na nGael-Mheiriceánaigh is na hÉireannaigh i mBostún agus faoi imeachtaí samhraidh an Chumainn. Cloisfimid ó roinnt mac léinn ó Mheiriceá, ó Cheanada is ón Eoraip atá ag caitheamh seala ag Acadamh na hOllscolaíochta...
Clár 5 - 2013 - Raidió na Life 23.07.2013 25:14
Sa chlár seo, labhraímid leis an saoririseoir Deirdre Donnelly a bhéas ag dul go dtí an Aetóip i mí na Samhna le maoiniú ón Simon Cumbers Media Fund. Fad is a bheidh sí ansin, déanfaidh Deirdre clár fáisnéise raidió faoi Chúnamh Éireann ar thionscnaimh do dhaoine faoi mhíchumas agus rithfidh sí sa Great Ethiopian Run, chomh maith le neart eile. Labhraíonn Sláine Ní Chathalláin, léiritheoir TG4, li...
Clár 4 - 2013 - Raidió na Life 16.07.2013 25:53
Sa chlár seo, labhraíonn láithreoir 'Spórt 106' Cóilín Ó Dubthaigh linn faoi chúrsaí Cumainn Lúthchleas Gael timpeall na cruinne inniu, agus áit bainte amach ag foireann peile Londain i gcluiche ceannais Chraobh Connachta. Chomh maith leis sin, labhraíonn Natália Danzmann, aistritheoir ón mBrasaíl, linn faoina taithí féin ag foghlaim na Gaeilge, faoin turas a ghlac sí go Machu Picchu le deireanaí...
Clár 3 - 2013 - Raidió na Life 09.07.2013 19:36
Ag filleadh go dtí an Eoraip anocht, labhraíonn tuairisceoir spóirt Raidió na Life Cillian Ó Conchúir linn faoi Wimbledon 2013, na cluichí ceannais ach go háirithe agus labhraíonn T-rex Ó Saurus linn ón Spáinn faoin saoire atá á chaitheamh aige ansin agus é ina 'Spailpín Spáinneach' ar feadh tamaillín!
Clár 2 - 2013 - Raidió na Life 02.07.2013 25:47
Sa dara chlár den tsraith, labhraíonn an fear ilteangach(omniglot)Simon Ager linn ón mBreatain Bheag faoina shaol leis an nGaeilge is faoi na teangacha uile atá foghlamtha aige faoi seo. Labhraíonn Helena King, láithreoir de chuid Raidió na Life linn ó San Diego faoin samhradh atá á chaitheamh aici i gCalifornia ar víosa oibre J1 agus ar deireadh labhraíonn Evin Downey linn ó Albain, fear Baile Át...
Clár 1- 2013 - Raidió na Life 25.06.2013 28:55
Sa chéad chlár den tsraith breathnaíonn Lisa ar scéal agus ar phobal na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh. Labhraíonn sí le hAralt Mac Giolla Chainnigh atá lonnaithe in Ontario faoin nGaeilge i gCeanada agus faoi Oireachtas Cheanada, agus le hEibhlín Zurell i Nua-Eabhrac faoi phobal na Gaeilge sna Stáit Aontaithe inniu agus faoin eagraíocht 'Daltaí na Gaeilge'.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.