teicneoir@raidionalife.ie

Fada is Fairsing

News GA ↓ 439 episodes

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...

Author

teicneoir@raidionalife.ie

Category

News

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Sep 30, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Clár 64 - 2015 - Raidió na Life 06.01.2015

Ar an gcéad chlár den bhliain 2015, chualamar ó Edel Ní Churraoin ar as Londain di ó dhúchas agus atá lonnaithe i mBéal Feirste anois. Labhair sí linn faoin bpobal láidir Gaeilge atá sa chathair anois agus faoi ghnéithe éagsúla den chathair. Chomh maith leis sin chualamar ó Suzanne de Paor a chaith dhá bhliain ag obair i dTorontó, Ceanada agus atá anois tar éis filleadh ar Éirinn.

Clár 63 - 2014 - Raidió na Life 23.12.2014

Ar an gclár deireanach de 2015, labhair Eoin linn beo ó Chontae an Chláir, áit a bhí sé don Nollaig, agus labhraíomar faoi na scéalta idirnáisiúnta nuachta is mó den bhliain. Chomh maith leis sin chulamar ó Natalia Danzmann sa Bhraisíl a fuair ainmniúchán ar tuairisc.ie d'fhíseán Gaeilge a rinne sí inar chan sí aistriúchán ar amhrán as an scannán Frozen.

Clár 62 - 2014 - Raidió na Life 09.12.2014

Anocht ar an gclár, labhair Eoin le beirt dá mhic léinn, Clíodhna Ni Dhufaigh agus Andrew Jackson, faoina dtaithí agus iad ag taisteal timpeall na cruinne. Tá Clíodhna ag tabhairt aghaidhe ar an Nua Shéalainn an tseachtain seo chugainn, áit a mbeidh a deartháir le pósadh agus labhraíonn faoin gcodarsnacht idir an dá thír. Anuraidh ghlac Andrew bliain saor agus chuaigh sé timpeall na tíre agus timp...

Clár 61 - 2014 - Raidió na Life 02.12.2014

Ar an gclár seo, chuaigh muid go Ceanada le labhairt le Gus O' Gorman a bhog ó Ghaillimh go Montréal breis is 40 bliain ó shin agus le Aralt Mac Giolla Chainnigh a bhíonn ag cur na Gaeilge chun cinn ​in Ottowa agus timpeall ar Mheiriceá Thuaidh. Ina theannta sin, labhraíomar faoi scéalta idirnáisiúnta na seachtaine, ag díriú ar chás Michael Browne i​ ​bh​Ferguson​.​

Clár 60 - 2014 - Raidió na Life 25.11.2014

Ag céiliúradh an 60ú cláir bhreathnaíomar​ siar ar na haíonna éagsúla a bhí againn sna cláir a bhí againn go dtí seo, phléamar staitisticí agus scéal an phobail leathain Gaeilge atá ar fud na cruinne sa lá atá inniu ann. Chomh maith leis sin, labhair Síle Nic Suibhne linn ó Dubai faoin obair atá idir lámha aici ansin ar son Bord Bia.

Clár 59 - 2014 - Raidió na Life 18.11.2014

Ar an gclár seo bhíomar ag caint le Padhraig Mac Lochlainn a bhfuil a shaol caite ag déanamh éagsúlacht post ó shagart go múinteoir Gaeilge, in áiteanna ar fud na cruinne ó Zambia go Quebec, áit a bhfuil sé lonnaithe anois. Bhí píosa beag amhránaíochta ar an Sean-nós aige dúinn ar an gclár freisin! Labhair Eoin linn faoi chúpla ceann de na scéalta idirnáisiúnta is mó den tseachtain-pósadh Charles...

Clár 58 - 2014 - Raidió na Life 11.11.2014

Labhraíomar le Nicole Muller, Scoláire Fulbright Gearmánach-Mheiriceánach atá ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh dá scoiláireacht ag déanamh taighde is léachtóireacht ar chúrsaí Urlabhra agus Teangan, agus ar an Teangeolaíocht. Chualamar ó Ghearóid Breathnach freisin atá ag taisteal i Meiriceá Theas agus timpeall na cruinne ar feadh roinnt míonna, agus a bhí in Rio de Janeiro nuair a labhair muid l...

Clár 57 - 2014 - Raidió na Life 04.11.2014

Ar an gclár seo phléamar scéal na ndlithe gunna éagsúla agus na n-ionsuithe gunnaí is deireanaí i Meiriceá Thuaidh. Labhraíomar leis an iarshaighdiúr Aralt Mac Giolla Chainnigh faoi na hionsuithe a tharla i Montréal agus in Ottowa le gairid, agus chuir sé cás na Stát Aontaithe agus cás Cheanada i gcomparáid lena chéile dúinn. Labhair Brian Ó Broin, léachtóir sna Léann Éireannach agus sa Teangeolaí...

Clár 56 - 2014 - Raidió na Life 21.10.2014

I gclár na seachtaine seo, tháinig Máire de Staic isteach chun labhairt linn ar an Stail Ghaelach agus ar scéalta idirnáisiúnta. Labhair Siobhán Nic Fhlannachadha linn mar gheall ar an imeacht atá eagraithe aici don Satharn seo 25ú Deireadh Fómhair ina mbeidh sí agus a cairde ag déanamh Zumba ar feadh trí uaire chun airgead a bhailiú do dhá charthanacht, Óspidéal na bPáistí Crumlin agus Irish Hors...

Clár 55 - 2014 - Raidió na Life 14.10.2014

Ar an gclár seo d'Fhada is Fairsing, labhraíomar le Bláth de Búrca, a rinne an tríú sraith de 'Ó Tholg go Tolg' lena comhláithreoir Ciara Ní Bhroin. Thaisteal siad ar fud na hEorpa ag fanacht ar thoilg éagsúla, ag bualadh le daoine éagsúla agus ag déanamh rudaí as an ngnáth ar shaoire an-éagsúil ar thaifead siad gach cuid de! Labhraíomar le Seaghan Mac an tSionnaigh atá i mbun dochtúireachta sa Bh...

Clár 54 - 2014 - Raidió na Life 07.10.2014

Ar chlár na seachtaine seo labhair muid le Séamas Ó Meachair, atá lonnaithe sa Bhrúiséil, mar gheall ar na héisteachtaí a bhí ar siúl an tseachtain seo caite le coimisinéirí an Aontais Eorpaigh a cheapadh. Choinnigh Máire de Staic ar an eolas muid faoi ócáidí móra atá ag teacht aníos do na Gaeil Óga agus labhair Brenda Nic Ghairbhí linn faoin éacht iontach a rinneadh le linn na seachtaine nuair a...

Clár 53 - 2014 - Raidió na Life 30.09.2014

Ar an 53ú clár, chualamar ó Vikki Ní Bhréin a d'eagraigh cuairt an bhanna ceoil Seo Linn chuig an ollscoil ina bhfuil sí ag múineadh i Massachusetts. Rinne siad ceolchoirm den scoth ann agus labhair Vikki faoin gcuairt agus faoin méid atá ar siúl aici in Chicopee, Massachusetts. Chomh maith leis sin labhraíomar le Róisín Nic Fhearghusa atá ag múineadh i Doha i gCatar i mbliana agus ar deireadh phl...

Clár 52 - 2014 - Raidió na Life 23.09.2014

Ar chlár an lae inniu, labhair Eoin le Lisa Nic an Bhreithimh mar gheall ar na comórtaisí éagsúla atá á dtairiscint ag Fulbright in Éirinn. Má tá spéis ag éinne, is féidir teagmháil a dhéanamh leo, agus tá gach eolas ar an suíomh www.fulbright.ie Ina theannta sin, d’éist muid le cúpla píosa ceoil, agus bhí an deis againn éisteacht le Brídín Ní Mhaoldomhnaigh a chaith an samhradh san Afraic ag obai...

Clár 51 - 2014 - Raidió na Life 16.09.2014

Ar an gclár seo labhraíomar le Louis de Paor faoina bhliain idir ollscoileanna i Nua Eabhrac agus California ar scoláireacht Fulbright ag teagasc agus ag obair ar shaothair éagsúla, bhíomar ag caint le Mariachiara Pecchiari as an Iodáil a d'fhoghlaim Gaeilge i nGaillimh agus í ag staidéar in OÉG ansin agus phléamar scéalta móra idirnáisiúnta na seachtaine - reifreann na hAlban agus cás Oscar Pisto...

Clár 50 - 2014 - Raidió na Life 09.09.2014

Ar chlár na seachtaine seo, labhair muid le hEvan atá ag obair le Conradh na Gaeilge i nGlaschú agus rinneadh plé ar an reifreann neamhspleáchais a bheidh ar siúl ar an 18ú Meán Fómhair. Ina theannta sin, thug Dáithí Ó Muircheartaigh agus Fionntán Ó Tuathail cur síos ar an samhradh taitneamhach a bhí acu agus iad ar an víosa J1 i Meiriceá.

Clár 49 - 2014 - Raidió na Life 02.09.2014

Ar an 49ú clár, phléigh Lisa agus Eoin scéalta móra idirnáisiúnta na seachtaine, labhair siad le Lisa Saladin atá díreach tar éis aistriú go hÉirinn ó Idaho, Meiriceá ar scoláireacht Fulbright chun máistreacht a dhéanamh sa Ghaeilge i gCOBÁC agus le Síle Concannon atá díreach tar éis filleadh ó bhliain ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Montana.

Clár 48 - 2014 - Raidió na Life 26.08.2014

Ar an gclár seo bhreathnaigh Lisa Nic an Bhreithimh agus Eoin Ó Cathain, comhláithreoirí nua an chláir, ar na scéalta is mó den tseachtain timpeall na cruinne. Labhair siad le Diarmuid Breatnach faoi chúrsaí i nGáza faoi láthair agus an ghluaiseacht idirnáisiúnta ag tacú le muintir na Palaistíne. Chomh maith leis sin labhair Oisín Ó Doinn leo faoi iarchomhghleacaí leis as Gáza atá anois ag triail...

Clár 47 - 2014 - Raidió na Life 19.08.2014

Ar an gclár seo chualamar agallamh le Diarmuid Breatnach ag ócáid darb ainm 'Las na Spéartha ar son Gáza' a bhí ar siúl i mBÁC ar son mhuintir Gáza ar an 12 Lúnasa. Chualamar na roscanna ar son Gáza as Araibis, as Béarla agus as Gaeilge i measc an tslua freisin! Chomh maith leis sin chualamar ó Tok Thompson i gCalifornia a d'fhoghlaim a chuid Gaeilge idir Éirinn agus Alasca agus a scríobhann ailt...

Clár 46 - 2014 - Raidió na Life 12.08.2014

Bhí an chéad mhír ó láithreoir nua de chuid Fada is Fairsing Eoin Ó Catháin ar an gclár seo, ina raibh sé ag trácht ar na scéalta móra idirnáisiúnta an tseachtain seo, ag díriú ar scéal mhuintir Gaza agus ag trácht beagán ar bhás Robin Williams, an aisteoir cáiliúil, an lá sin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Maidhc Ó Riabhaigh faoi na hÉireannaigh i Learpholl, Sasana inniu agus san am atá thart...

Clár 45 - 2014 - Raidió na Life 17.06.2014

Sa chlár seo labhraíomar le Natalia Danzmann, aistritheoir ón mBrasaíl faoin gCorn Domhanda agus tuairimí phobal na Brasaíle faoi na costais mhóra a bheidh le híoc ag rialtas na tíre dá mbarr agus eile. Chomh maith leis sin chualamar roinnt den amhránaíocht álainn ar an Sean-nós atá déanta ag Natalia féin. Ina dhiaidh sin dár mír nua 'Vitimín D' faoi laethanta saoire samhraidh chualamar ó T-Rex Ó...

Clár 44 - 2014 - Raidió na Life 10.06.2014

Sa chlár seo labhair Clár Johnston linn faoin ról a bheidh aici ag múineadh na Gaeilge ar son Fulbright Ireland i Minnesota ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh, bhí teagascóir Gaeilge de chuid an Irish Arts Center, Caoimhe Nic Giollarnáith ag labhairt linn faoin ionad féin agus faoin scannán a bhí á thaispeáint an oíche sin dar teideal 'Aisling Gheal' agus ar deireadh mar mhír nua don a bheas againn do...

Clár 43 - 2014 - Raidió na Life 27.05.2014

Sa chlár seo labhair Síne Nic An Ailí linn faoin scoláireacht Fulbright atá bainte amach aici le dul i mbun múineadh na Gaeilge i Montana san Fhómhar, Chomh maith leis sin, bhí Greg Burns agus Éamonn Ó Neachtain ó Cumann Gaeilge na hAstráile linn le labhairt faoi chúrsaí Gaeilge is eile ansin i Melbourne. Roinnt eolais faoi ranganna is eile d'éinne sa chuid sin den domhan!

Clár 42 - 2014 - Raidió na Life 06.05.2014

Ar an gclár seo, labhraíomar le Cara Nig Fhearraigh agus í ag roinnt eolais linn faoi na deiseanna leis na hinstitiúidí Eorpacha sa Bhruiséil do dhaoine le Gaeilge is eile, agus faoin gcathair í féin. Níos déanaí ar an gclár, beidh Cóilín Ó Dubhthaigh, tuairisceoir spóirt de chuid RnaL ag labhairt linn faoin seal a chaith sé i gcathair Nua Eabhrac ag an gcluiche CLG idir foireann Mhaigh Eo is foir...

Clár 41 - 2014 - Raidió na Life 29.04.2014

Ar an gclár seo, labhraíomar le Tomás Ó Raghallaigh atá ag obair mar mhúinteoir ionadaíochta i Norwich, Sasana faoina shaol ansin agus na dúshláin atá roimh mhúinteoirí Éireannacha óga anois. Chomh maith leis sin bhí muid ag caint le Liada Ní Riada, iníon de chuid Sheáin Uí Riada, atá san iomaíocht i dToghcháin na hEorpa sa deisceart

Clár 40 - 2014 - Raidió na Life 22.04.2014

Ar an gclár seo cloisimid ó John Ó Liodáin atá ag múineadh na Gaeilge i mBéising na Síne faoi mheonta phobal na Síne i leith scéal an eitleáin Malaeisiach a bhfuiltear fós á chuardach tar éis dó dul ar iarraidh ar lá á eitilte idir Kuala Lumpar agus Béising ar an 8ú Márta 2014. Chomh maith leis sin labhraímid le Cuan Ó Seireadáin, tuairisceoir de chuid Raidió na Life agus ceoltóir clasaiceach proi...

Listen to the Fada is Fairsing podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.