teicneoir@raidionalife.ie
Fada is Fairsing
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...
Author
teicneoir@raidionalife.ie
Category
Podcast website
Latest episode
Sep 30, 2025
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Clár 89 - 2015 - Raidió na Life 01.09.2015 25:14
Ar an gclár seo labhair mè le Matthew Holmberg a mhúin Gaeilge in Ollscoil Harvard i Massachusetts ar feadh roinnt blianta agus a chaith sealanna i nGaeltacht na hÉireann thar na blianta faoin múineadh agus faoina saol féin. Chomh maith leis sin bhí Seán Ó Baoill beo linn le labhairt faoi phíosa a rinne sé do meoneile.ie le déanaí faoin leon Cecil a maraíodh i mí Lúnasa agus faoi chearta agus leas...
Clár 88 - 2015 - Raidió na Life 25.08.2015 27:09
Ar an gclár seo, chualamar ó Karen Reshkin thall in Illinois faoi 'Na Gaeil' in Chicago a mbíonn sí ag múineadh Gaeilge leo agus eile agus ó Laura Ní Chathasaigh i gCuáit a labhair lenár dtuairisceoir Dylan Mac Réamoinn.
Clár 87 - 2015 - Raidió na Life 11.08.2015 23:02
Ar an gclár seo chualamar ó Chris Herron i Vancouver faoina saol ansin agus faoin spéis ar chuir sé sa Ghaeilge agus é ar chuairt in Éirinn 3 bliana ó shin. Chomh maith leis sin chualamar ó Natália Danzmann a bhog go hÉirinn ón mBrasaíl ag tús na bliana faoin méid atá déanta aici go dtí seo-ó fhíseáin le Coláiste Lurgan go ComicCon!
Clár 86 - 2015 - Raidió na Life 28.07.2015 26:27
Ar an gclár seo, labhair Caitríona Weafer aka. An Croí Ait linn faoin gcúrsa Gaeilge in Hollywood ar eagraigh sí féin agus daoine eile i gCathair na n-Aingeal, agus a bheas ar siúl ó mhí Lúnasa go dtí Mí na Samhna. Chualamar freisin faoin gcéad scannán Gaeilge a rinneadh, 'Oidhche Sheanchais' ó Bhrian Ó Catháin ó Ollscoil Mhaigh Nuad. Bhí an scannán ar iarraidh ar feadh blianta go dtí gur thángtha...
Clár 85 - 2015 - Raidió na Life 21.07.2015 27:54
Ar an gclar seo labhair me le Síne Nic An Ailí faoin mbliain a bhí aici i Missoula, Montana ar scoláireacht Fulbright agus ansin labhair Eoin Ó Catháin linn faoin ionsaí buama a rinneadh sa Túirc inné inar maraíodh 30 gníomhaithe óga agus faoi chás na n-inimirceach san Eoraip i láthair na hEorpa.
Clár 84 - 2015 - Raidió na Life 14.07.2015 26:17
Ar an 84ú clár, labhraíomar le Aisling Ní Shírínn faoin mbliain iontach a chaith sí ar scéim ICUF i dTorontó anuraidh agus faoi na deiseanna iontacha a thug sí di. Chomh maith leis sin labhair Cóilín Ó Dubthaigh linn faoi Wimbledon 2015 agus cúpla gné spéisiúil a sheas amach faoin gcomórtas i mbliana.
Clár 83 - 2015 - Raidió na Life 07.07.2015 23:48
Ar an gcéad chlár tar éis sosa shamhraidh, rinne muid clár speisialta faoi Oireachtas Gaeilge Cheanada inar labhraíomar le Máirín Nic Dhonnchadha ó Oireachtas na Gaeilge a thaistil go Ceanada don fhéile agus a chabhraigh leis an moltóireacht, agus le Bríd Keady, uachtarán Oireachtas Gaeilge Cheanada, a bhí ar an bhfoireann a d'eagraigh go leor d'imeachtaí na féile i mbliana.
Clár 82 - 2015 - Raidió na Life 26.05.2015 24:49
Bhí Eoin Ó Cathain beo linn ó Washington D.C. áit a bhfuil sé ag obair ar feadh tamaill don samhradh ar an gclár seo. Chomh maith leis sin, chualamar ó Vikki Ní Bhréin duine de na hÉireannaigh a tháinig abhaile chun vóta a chaitheamh sa dá Reifreann Dé hAoine an 22 Bealtaine agus ó Shíne Nic An Ailí atá ag obair in Ollscoil Montana, inar bhuaigh an fhoireann iománaíochta 'Na Grizzlies', faoi stiúr...
Clár 81 - 2015 - Raidió na Life 19.05.2015 22:07
Ar an gclár seo chualamar faoi na Gaeil-Shasanaigh i Londain agus an tábhacht a bhaineann le cuairt an Phrionsa Charles ar Éirinn, don phobal Gael-Shasanach agus eile ón iriseoir leis an Irish Post James Mulhall. Chomh maith leis sin,labhair Eoin Ó Catháin linn faoin intéirneacht a bheas á déanamh aige in Washington D.C. don samhradh leis an gcomhlacht Mc Graw-Hill.
Clár 80 - 2015 - Raidió na Life 12.05.2015 25:25
Ar an 80ú clár, labhraíomar le láithreoir '7 Lá' de chuid TG4, Páidí Ó Lionáird agus le Seán Mac an tSíthigh, físiriseoir le RTÉ agus TG4 faoi thoghcháin na Breataine agus an toradh air, a chuir iontas ar go leor daoine sa Bhreatain agus timpeall na cruinne.
Clár 79 - 2015 - Raidió na Life 05.05.2015 23:17
Ar an gclár seo, chualamar ó Vikki Ní Bhréin atá lonnaithe i Massachusetts ag múineadh na Gaeilge agus labhair Eoin McEvoy linn ó Pennsylvania áit a bhfuil sé féin i mbliana mar scoláire Fulbright i mbliana. Labhair Eoin linn faoi scéalta móra idirnáisiúnta na seachtaine.
Clár 78 - 2015 - Raidió na Life 28.04.2015 25:04
Ar an gclár seo chualamar ó Devin Ó Flanagáin ón Indiana Celtic Community i MeánIarthar na Stát Aontaithe faoin deireadh seachtaine Gaeilge a bhí á reachtáil acu i mBloomington, Indiana agus na himeachtaí Ceilteacha éagsúla a bhíonn ar siúl acu leis an bpobal ansin. Chomh maith leis sin bhí Michelle Nic Grianna, buaiteoir Phearsa Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach linn le labhairt linn fa...
Clár 77 - 2015 - Raidió na Life 21.04.2015 24:45
Ar an gclár seo, labhraíomar leis an mblagadóir agus an bhean iontach Sinéad de Búrca faoin scéal a d'inis sí ag 'The Moth' a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath le déanaí, faoi rudaí eile a nglacann sí páirt iontu agus faoin gclár a dhéanadh sí féin le Raidió na Life tráth! Chomh maith leis sin labhair Evin Ó Dunaigh linn ó Ghlaschú faoi scéal dhúnmharú na mná Éireannaí Karen Buckley sa chathair.
Clár 76 - 2015 - Raidió na Life 14.04.2015 26:34
Labhair Ambasadóir na hÉireann i gCeanada Ray Bassett linn ó Ottowa faoina ról mar Ambasadóir agus stair agus rath na Gaeilge i gCeanada. Labhair Eithne Dunbar linn ó Cheanada freisin faoina saol le Gaeilge sa tír, an obair dhian atá déanta aici chun cultúr na hÉireann a spreagadh sa tír agus faoi Dhámhachtlann na Laoch. Chomh maith leis sin labhraíomar faoi Hillary Clinton agus toghchán uachtarán...
Clár 75 - 2015 - Raidió na Life 31.03.2015 24:15
Ar an gclár anocht, rinneadh an-phlé ar chúrsaí reatha na seachtaine: Labhair Scott de Buitléir linn faoi dhlí conspóideach Indiana, a thabharfadh an cead do dhaoine a ngnó a dhiultú do dhaoine a chuireann isteach ar a gcreideamh. Bhí an faitíos ann go mbainfeadh daoine úsáid as leis an bóthar a thabhairt do dhaoine aeracha. Labhair muid le Noel Canty faoi thragóid eitleáin sa Fhrainc, agus conas...
Clár 74 - 2015 - Raidió na Life 24.03.2015 22:12
Ar an gclár seo chualamar ó Chaoimhe Ní Mhuilleoir i bPáras faoin 'An Ghaeltacht sur Seine', eagraíocht Ghaelach sa chathair agus na himeachtaí Gaelacha a bhí ar siúl sa chathair mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. D'inis sí dúinn faoi chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael ann freisin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Dhónall(Danny) Doyle in Kingston, Ontario faoi stair na Gaeilge is na Gaidhlige i gCe...
Clár 73 - 2015 - Raidió na Life 10.03.2015 25:39
Ar an gclár seo, chualamar ó Marie Ní Bhraonáin, múinteoir meánscoile a bheidh ag dul go Zambia na hAfraice le grúpa daltaí is múinteoirí ón scoil Gonzaga ag tógáil tithe um Cháisc. Labhair John Ó Liodáin linn faoi chúpla feachtas a bhfuil sé ag obair orthu faoi láthair i mBÁC - ceann Amháin chun Gaeilgeoirí le spéis sa reifreann Mí Bealtaine a tharraingt le chéile - tar éis dó filleadh tamall ó s...
Clár 72 - 2015 - Raidió na Life 03.03.2015 30:27
Ar an gclár seo labhraíomar leis an FPE(MEP) Liadh Ní Riada faoin bhfeachtas ar thug sí faoi chun Gaeilge a labhairt gach lá ar feadh seachtaine agus í i mbun oibre sna hinsititiúidí Eorpacha, i rith Seachtain na Gaeilge. Chomh maith leis sin labhraíomar le Laura Gaynor faoi Fhéile Scannán Berlinale agus chualamar ó Natalia Danzmann faoi ranganna Rúisise atá ar siúl i mBÁC faoi láthair.
Clár 71 - 2015 - Raidió na Life 24.02.2015 27:03
Ba chlár speisialta é seo faoi na Oscars! Labhair Lisa, Eoin agus Lisa Madden, Clár Reachtaire RnL. Chomh maith leis sin chualamar ó Aralt Mac Giolla Chainnigh faoi Chomhdháil de chuid Comhaltais i Meiriceá Thuaidh a bheidh ar siúl i bParsippany 'Nua-Gheansaí' mí Bealtaine agus faoi Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh a cuireadh le chéile le déanaí. Ar deireadh chualamar ó Mháirtí...
Clár 70 - 2015 - Raidió na Life 17.02.2015 28:49
Don 70ú clár, bhí clár lán, bríomhar againn! Bhí an bhean Bhrasaíleach-Ghaelach Natália Danzmann sa stiúideó linn ag labhairt faoin bhféile Carnaval sa Bhrasaíl agus chualamar agallamh a rinne sí féin le Cristóir Ó Faoláin a bhí ag cóisir Carnaval i mBaile Átha Cliath. Chomh maith labhair Eoin faoi scéalta móra idirnáisiúnta na seachtaine, cúrsaí eacnamaíochta na Gréige san áireamh agus labhair Li...
Clár 68 - 2015 - Raidió na Life 03.02.2015 25:50
Ar an gclár seo de Fada is Fairsing, bhí Natalia Danzmann beo sa stiúideó linn tar éis di bogadh go hÉirinn óna háit dhúchais Sao Paulo sa Bhrasaíl. Chomh maith leis sin labhair iriseoir de chuid tuairisc.ie Maitiú Ó Coimín linn faoi thaighde a rinneadh ar chainteoirí na Breatnaise agus ar úsáid na teangan ar líne sa lá atá inniu ann. Ar deireadh, chualamar ó Mhichaeline Donnelly, atá mar Oifige...
Clár 69 - 2015 - Raidió na Life 03.02.2015 25:50
Anocht ar an gclár, chuala muid ó iar Ard-Mhéara ar Bhéal Féirste, Máirtín Ó Muilleoir, agus é ag déanamh tráchta ar an mBille nua Gaeilge a foilsíodh i dTuaisceart Éireann ar maidin. Rinneadh plé ar thábhacht na Gaeilge ó thuaidh, agus ar cad gur cheart don Rialtas i bPoblacht na hÉireann, fiú, a dhéanamh chun tacú leis an nGaeilge. Ina theannta sin, thug Lisa neart eolais dúinn ar dhámhachtáiní...
Clár 67 - 2015 - Raidió na Life 27.01.2015 25:48
Labhair an múinteoir staire Ogie O Ceilleachair linn faoin 70ú Comóradh de Shaoradh Auschwitz ar an gclár seo agus chualamar ó Janik Bastien as Québéc atá ina hollamh socheolaíochta i Montréal faoina saol féin agus faoi phobal láidir Gaelach Cheanada. Phléamar roinnt de na scéalta idirnáisiúnta is mó den tseachtain freisin- síobadh sneachta Nua Eabhrac san áireamh!
Clár 66 - 2015 - Raidió na Life 20.01.2015 25:19
Ar an gclár seo labhair Lisa le Treasa Ní Loinn atá lonnaithe i gcathair St. Louis gar do chathair Ferguson, Missouri faoin gcorraíl ansin le tamall anuas, faoin scoláireacht Fulbright atá idir lámha aici ag déanamh taighde ar theicneolaíocht theangan agus faoi na blianta a chaith sí san Astráil freisin. Labhair Eoin leis an Dochtúir Ian Malcolm, Prostastúnach agus Aontachtach i dTuaisceart Éirean...
Clár 65 - 2015 - Raidió na Life 13.01.2015 28:16
Bhí Liam Ó Cuinneagáin ag labhairt linn ar an gclár seo faoi ráth agus obair Oideas Gael agus faoin bpáipéar a thabharfaidh sé ag Comhdháil Transatlantic Connections de chuid Ollscoil Drew, NJ i mBun Dobhráin an tseachtain seo. Labhair Eoin Ó Catháin linn faoi scéal Charlie Hebdo agus na rudaí atá tar éis titim amach sa Fhrainc an tseachtain seo, tar éis d'ionsuithe a bheith déanta ar oifigí na hi...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.