teicneoir@raidionalife.ie

Fada is Fairsing

News GA ↓ 439 episodes

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...

Author

teicneoir@raidionalife.ie

Category

News

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Sep 30, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Clár 115 - 2016 - Raidió na Life 12.07.2016

Clár speisialta ‪de ‎Fada is Fairsing‬ a bhí anseo ar na maruithe agus léirsuithe in Louisiana, Minnesota, Texas agus ar fud na Stát Aontaithe ag tús mhí Iúil 2016, an ghluaiseacht ‪Black Lives Matter‬ agus na léirsiuithe a bhí ar siúl i nGaillimh, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath chun seasamh leis an bpobal Meiriceánach Afracach sna Stáit Aontaithe. Chulathas ó Sheán Mag Uidhir a bhfuil cóna...

Clár 114 - 2016 - Raidió na Life 28.06.2016

Ar an gclár seo, bhí Barra Ó Scannláin ag caint linn beo ón bhFrainc faoi chomórtas na "Euros" 2016 agus an craic is spraoi a thug lucht leanúna fhoireann na hÉireann leo ansin, chomh maith leis sin chualamar ó Rankin Sherling ó acadamh míleata in Alabama agus é i nGleann Cholm Cille ag cúrsa Gaeilge le hOideas Gael agus grúpa 'cadets' óga in éineacht leis ansin.

Clár 112 - 2016 - Raidió na Life 14.06.2016

Ar an gclár seo chualamar ó Eoin Ó Catháin i dtaobh an ionsaí uafásach a rinneadh in Orlando, Florida inar maraíodh tuairim is caoga duine agus faoi ainmniúchán Clinton agus Trump do rás uachtarántachta na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin chualamar ó Stephen Eustace as Baile Átha Cliath atá anois lonnaithe san Ísiltír, agus é ag caint faoi ghrúpa Gael atá tagtha le chéile sa tír anois agus fao...

Clár 111 - 2016 - Raidió na Life 10.05.2016

Ar an gclar seo chualamar ó Shéamus Ó Neachtain ó Chumann Charad na Gaeilge faoi "An Gael - Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge" agus ó Chóilín Ó Dubhthaigh, iriseoir spóirt RnL faoin gcurachóir Jenny Egan a bheidh sna Cluichí Oilimipeacha in Rio de Janeiro go luath ar son na hÉireann agus faoi na Cluichí araon!

Clár 110 - 2016 - Raidió na Life 03.05.2016

Ar an gclár seo, labhraíomar le Méabh Ní Choileáin in Washington DC atá ag teagasc na Gaeilge ansin ar scoláireacht Fulbright le beagnach bliain anuas agus a bhí ar chlár raidió Ryan Tubridy ag caint faoi le déanaí. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne John Ó Liodáin linn tamall ó shin faoin mbliain a chaith sé féin ag teagasc na Gaeilge agus Stair na hÉireann i mBéising na S...

Clár 109 - 2016 - Raidió na Life 26.04.2016

Ar an gclár seo chualamar ó Labhrás Ó Finneadha, Ceannaonad ar Sheirbhís Aistriúcháin na Gaeilge i bParliamaint na hEorpa agus é ag labhairt faoi na foluntais ata le fáil faoi lathair d'aistritheoiri le Gaeilge www.europarl.europa.eu . Chomh maith leis sin, labhraíomar le Ciaran Mac Goill ón ngrúpa An Ghaeltacht-sur-Seine sa Fhrainc faoin méid atá déanta ag an ngrúpa le déanaí don Chomóradh ar Éir...

Clár 108 - 2016 - Raidió na Life 19.04.2016

Ar an gclár seo, chualamar ó Bharra Ó Scannláin atá ag druidim i dtreo dheireadh a bhliana Erasmus i Lyon na Fraince faoin mbliain a bhí aige ann, lena chuid oibre is staidéir, leis an ionsaí ar Pháras agus aroile. Chomh maith leis sin labhair muid le Natália Danzmann as an mBrasaíl a bhog go hÉirinn anuraidh agus a thug faoin scrúdú Teastas Eorpach Na Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite.

Clár 107 - 2016 - Raidió na Life 05.04.2016

Clár speisialta de Fada Is Fairsing a bhí sa chlár seo le hagallamh leis an scríbhneoir agus blagadóir Réaltán Ní Leannáin faoin dá chónaitheacht scríbhneoireachta a dhéanfaidh sí le hAnam Cara i mBéire agus ceann eile san Ísiltír

Clár 106 - 2016 - Raidió na Life 29.03.2016

Ar an gclár seo chualamar ó Eoin Ó Catháin a bhí sa Bhruiséil nuair a phléasc buamaí sa chathair in ionsaí sceimhlitheoireachta ar an 22 Márta. Chomh maith leis sin labhair Tomás Keys, Cathaoirleach Hospice Africa Ireland linn faoin obair a dhéanann siad in Uganda agus eile.

Clár 105 - 2016 - Raidió na Life 15.03.2016

Ar an gclár seo, chualamar ó Mhaidhc Ó Riabhaigh as Learpholl faoin Reifreann a bheas ar siúl sa Bhreatain Mhór mí Mheitheamh ina vótálfaidh muintir na Breataine le fanacht in nó le himeacht as Aontas Eorpach nó an #Brexit mar is fearr aithne air sna meáin. Chomh maith leis sin chualamar ó Maeve Ní Chillín i mBeirlín atá ag obair le Conradh na Gaeilge Bheirlín faoi chuairt a thug Cumann Gaelach Ch...

Clár 104 - 2016 - Raidió na Life 08.03.2016

Ar an gclár seo labhraíomar le Scott De Buitléir faoin #EmigrantsManifesto ar chearta vótála na n-imirceach Éireannach inniu. Mhol Ed Davitt agus Barry Johnston, atá mar iarrthóirí do thoghachán an tSeanaid i mbliana, an forógra seo. Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Pól Ferris as Nua-Jhersey na Stát Aontaithe faoi Lá Gaeilge ar fhreastail sé air i Nua Eabhrac ag an deireadh seachtaine agus faoi...

Clár 103 - 2016 - Raidió na Life 23.02.2016

Ar an gclár seo labhraíomar le Bee Ní Choitir beo ó Hebron na Palaistíne, ag labhairt faoin saol ansin agus an obair atá á déanamh aici le Youth Against Settlements ansin, Chomh maith Roinn mé eolas faoi scoláireachtaí atá ar fáil faoi láthair do Mheiriceánaigh le teacht agus cúrsaí a dhéanamh i gceantair Gaeltachta na hÉireann i rith an tsamhraidh le www.fulbright.ie

Clár 102 - 2016 - Raidió na Life 02.02.2016

Ar an gclár seo, chulamar ó Sheaghan Mac An tSionnaigh faoi thuras a dhéanfaidh turas go Ceanada níos déanaí sa mhí ar son Fondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada ag iarraidh institiúidí nua a mhealladh chun páirt a ghlacadh sa chlár agus glacadh le teagascóirí Gaeilge de chuid ICUF Eolas ar www.icuf.ie Chomh maith leis sin labhraíomar le Andréa Farrell a bheidh ag déanamh a chéad gig grinn aonair...

Clár 101 - 2016 - Raidió na Life 26.01.2016

Cloisfimid ó Eibhlin Zurell faoin stoirm uafásach atá ag bualadh cósta Oirthir na Stát Aontaithe faoi láthair agus ansin ó Oisín Montanari atá ag teagasc ar an gclár ICUF i bhFredricton, New Brunswick i gCeanada faoi láthair. Deiseanna scoláireachta éagsúla do Cheanadaigh agus d'Éireannaigh ar fáil. Féach www.icuf.ie i gcomhair tuilleadh eolais.

Clár 100 - 2016 - Raidió na Life 12.01.2016

Ar Chlár 100 den tsraith idirnáisiúnta faoi chainteoirí Gaeilge ar fud na cruinne, chualamar ó Róisín Nic Fhearghusa faoin obair atá á déanamh aici i Doha, Qatar. Chomh maith leis sin, d'fhill m'iarchomhláithreoir Eoin Ó Catháin ar an gclár beo ón mBruiséil le breathnú siar ar 100 clár de Fada is Fairsing agus ar chúpla scéal reatha ón mBruiséil agus na Stáit Aontaithe.

Clár 99 - 2016 - Raidió na Life 05.01.2016

Ar an gclár seo labhair Robert Henneberg linn ón mBruiséil faoi chúrsaí sa chathair ansin agus faoin mbagairt sceimhlitheoireachta a fógraíodh i gCathair na Mánach sa Ghearmáin ar Oíche Cinn Bliana, chualamar ó Marie Ní Bhraonáin faoin bhfeachtas Habitat for Humanity a bhfuil sí féin agus daltaí na scoile Gonzaga i mBÁC ag obair air le tithe a thógáil i Zaimbia na hAfraice agus lá rásaíochta a dhé...

Clár 98 - 2015 - Raidió na Life 08.12.2015

Agallamh speisialta a bhí ar an gclár seo ón tráchtaire Pj Mac Gabhann ag breathnú siar ar an méid atá tar éis titim amach san Eoraip agus sa MheánOirthear ó na hionsuithe a rinneadh ar Pháras go cúrsaí sa tSiria.

Clár 97 - 2015 - Raidió na Life 01.12.2015

Clár speisialta d'Fhada is Fairsing a bhí anseo ag breathnú siar ar na hionsuithe a rinneadh ar Pháras le deireanas. Labhair Barra Ó Scanláin linn ó Lyon na Fraince, áit a bhfuil sé ar Erasmus agus ag obair faoin atmaisféar ansin an oíche sin agus meon na Francach faoi na hionsuithe. Chomh maith leis sin chualamar ó Sheán Ó Baoill a bhí i bPáras seachtain i ndiaidh na n-ionsuithe faoin gcathair ta...

Clár 96 - 2015 - Raidió na Life 17.11.2015

Ar an gclár seo, chualamar ón Ollamh Kevin Scannel, a oibríonn le mionteangacha agus cúrsaí teicneolaíochta i St Louis Missouri agus a labhair ag cómhdháil i mBaile Átha Cliath le déanaí faoina chuid taighde. Ar sheachtain bhrónach do Pháras tar éis ionsaí an Aoine, d'éisteamar siar le hagallamh a Rinne muid tamall ó shin le Caoimhe Ní Mhuilleoir faoi chúrsaí Gaelacha sa chathair ansin. Breathnóim...

Clár 95 - 2015 - Raidió na Life 03.11.2015

Clár speisialta Ceanadach a bhí anseo le hAralt Mac Giolla Chainnigh ag labhairt faoin chúrsaí Gaeilge i gCeanada agus faoin turas atá á dhéanamh aige timpeall ar Éirinn leis an bpobal Gaeilge anseo a nascadh leis an bpobal thall ansin, Oireachtas na Samhna san áireamh. Chomh maith leis sin labhair muid le Geni Beretton i Montreal faoina turas féin go hÉirinn le déanaí a bhuaigh sí tar éis di buac...

Clár 94 - 2015 - Raidió na Life 27.10.2015

Ar an gclár seo, chualamar ó Nikki Ragsdale, amhránaí sean-nóis agus Treoraí na Gaeilge le Comhaltas Cheoltóirí na hÉireann thall i Meiriceá Thuaidh, a bhí i láthair ag roinnt imeachtaí a eagraíodh do chuairt an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUigínn i San Francisco na Stát Aontaithe i rith na seachtaine sin. Chomh maith leis sin, chualamar píosa cainte a rinne Naoise Waldron agus Síobhra Aiken ag Seisiú...

Clár 93 - 2015 - Raidió na Life 20.10.2015

Ar an gclár seo, bhí Cóilín Duffy linn le labhairt faoin gCorn Domhan Rugbaí agus na cluichí a bhí ag Éirinn sna seachtainí beaga anuas. Chomh maith leis sin chulamar cúpla mír ó Sheisiún Eolais a bhí ag Coimisiún Fulbright na hÉireann le déanaí in oifigí Foras Na Gaeilge faoi na deiseanna atá ann do dhaoine le Gaeilge le Fulbright- píosa cainte a rinne an t-Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe...

Clár 92 - 2015 - Raidió na Life 06.10.2015

Chualamar ar an gclár seo ó Brian Ó Broin faoin scaoileadh gunna in Oregon na Stát Aontaithe, óráid Obama ina leith agus na cúiseanna a bhfuil na dlithe gunna mar atá sa tír, Chomh maith leis sin labhair Barra Ó Scannláin linn atá ag déanamh bliana Erasmus i Lyon na Fraince faoi láthair faoin méid atá ar siúl aige thall.

Clár 91 - 2015 - Raidió na Life 22.09.2015

Labhair Brian Ó Conchubhair linn ar an gclár seo faoi dhámhachtainí Fulbright atá ar fáil sa teicneolaíocht foghlama teangan in Ollscoil Notre Dame in Indiana na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin labhraíomar le Dan McDonald atá ag eagrú díolachán ealaíne do na teifigh in Calais agus sa tSiria a bheas ar siúl ar an 30 Meán Fómhair sa Workman's Club i mBAC agus bhí Siún Ní Cheallaigh ag labhairt...

Clár 90 - 2015 - Raidió na Life 15.09.2015

Ar an gclár chualamar ó Mhairéad Nic Giolla Mhichíl faoin scoláireacht Fulbright TechImpact atá á déanamh aici in Ollscoil Notre Dame agus ó Shorcha Batchelor i dTeicseas faoina seal le hOideas Gael sa samhradh.

Listen to the Fada is Fairsing podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.