teicneoir@raidionalife.ie

Fada is Fairsing

News GA ↓ 439 episodes

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár...

Author

teicneoir@raidionalife.ie

Category

News

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Sep 30, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Clár 173 - 2018 - Raidió na Life 06.02.2018

Ar an gclár seo labhair Barra Ó Scannláin linn ón bhFrainc faoin méid atá ar siúl aige ansin agus faoi bhua fhoireann rugbaí na hÉireann sa Stade de France ag an deireadh seachtaine. Chomh maith leis sin labhair iarchraoltóir RnL, Sarah Ní Mháirtín atá anois ag obair sa Bhruiséil, linn faoi dhaoine thar sáile ag filleadh go hÉirinn chun vóta a chaitheamh, na cearta atá acu agus eile!

Clár 172 - 2018 - Raidió na Life 30.01.2018

Oíche speisialta a bhí anseo i Raidió na Life leis an Taoiseach Leo Varadkar T.D. ar chuairt!...bhí Ian Mac Gabhann linn ag labhairt faoin ráth a bhí ar an bhfeachtas Trasna na dTonnta #TrasnaNadTonnta agus faoi chomórtais ICUF www.icuf.ie do theagascóirí Gaeilge le múineadh i gCeanada atá oscailte anois! Chomh maith leis sin cloisfimid ó Ben Ó Ceallaigh a thug caint ar a chuid taighde ar mhiontea...

Clár 171 - 2018 - Raidió na Life 23.01.2018

Ar an gclár seo cloisfear mír a rinne mé le hAire Stáit agus Príomhaoire Joe McHugh agus Mícheál Ó Conaire ón Roinn Cultúir Oidhreachta is Gaeltachta ag an seoladh de MOOC, Fáilte ar líne. Chomh maith leis sin labhair mé le Síle Concannon faoi chonas mar atá ag éirí leis an bhfeachtas #trasnanadtonnta

Clár 170 - 2018 - Raidió na Life 16.01.2018

Ar an gclár seo labhair Paula Melvin ó Fulbright linn faoi scoláireachtaí Gaeltachta do Mheiriceánaigh chun cúrsaí Gaeilge a dhéanamh in Éirinn. http://www.fulbright.ie/coming-to-ireland/us-gaeltacht-awards/ . Chomh maith leis sin bhí Klara Charlton agus Dan Lydon ó Brattleboro, Vermont ag caint linn faoin drochaimsir agus imeachtaí Gaelacha ansin!

Clár 136 - 2017 - Raidió na Life 24.01.2017

Clár speisialta a bhí anseo ar Insealbhú Uachtarántachta na Stát Aontaithe 2017 agus an t-Uachtarán nua. Chualamar ó bheirt atá ar scoláireachtaí #Fulbright- Ian Pádraig Mac Carlúis in Washington DC agus Niamh Nic Leoid atá lonnaithe san Oirthuaisceart i gConnecticut. Chomh maith leis sin bhí tuairisc bheo againn ón agóid in aghaidh an uachtaráin nua i mBÁC Dé hAoine, lá an insealbhaithe le Sara M...

Clár 135 - 2017 - Raidió na Life 17.01.2017

Ar an gclár seo chualamar ó Dhónall Ó Dubhghaill in Ottawa Ceanada faoi Chomhaltas Ceoltóirí Ottawa agus ó Greg Darwin, mac léinn dochtúireachta ag Ollscoil faoina chuid taighde dochtúireachta, faoi chúrsaí Gaeilge i Massachusetts agus faoi insealbhú Trump. Ar deireadh chualamar ó Noelle O'Connell, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn #EMI faoi fholúntas poist atá acu faoi lát...

Clár 134 - 2017 - Raidió na Life 03.01.2017

Ar an gclár seo chualamar ó Mike Ravey i Learpholl Sasana faoin Nollaig ansin agus 2016 sa Ríocht Aontaithe, an Bhreatimeacht san áireamh. Chomh maith leis sin labhair mé le Cian Mac Cárthaigh ón mbanna ceoil IMLÉ faoin mbliain a bhí acu féin anuraidh agus faoin turas a rinne siad go dtí an Iodáil le déanaí

Clár 133 - 2016 - Raidió na Life 20.12.2016

Ar an gclár seo labhair mé le Bee Ní Choitir faoin seal atá caite aici i dToronto Ceanada go dtí seo, faoi aimsir Nollag ansin agus faoi dhaoine gan dídeán in Éirinn agus an ghluaiseacht Home Sweet Home .

Clár 132 - 2016 - Raidió na Life 06.12.2016

Ar an gclár seo chualamar ó Dhónal Kelleher i Londain faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus timpeall ar an Ríocht Aontaithe, agus Coláiste na nGael. Chomh maith leis sin labhair mé le Fran Mulraney i Nua Eabhrac faoin Pop Up Gaeltacht a bheas ar siúl ansin go luath.

Clár 131 - 2016 - Raidió na Life 29.11.2016

Ar an gclár seo chualamar ó Pa Sheehan atá ar scoláireacht Fulbright Ireland ag Ollscoil Montana faoi chúrsaí iománaíochta i SAM, agus é ag traenáil is ag imirt leis na Grizzlies ansin! Chomh maith leis sin chualamar ó Shíne Nic an Ailí, ó Chonradh na Gaeilge faoin 'gCultúr Club' atá á reachtáil acu le grúpaí Gaelacha ar fud na cruinne.

Clár 130 - 2016 - Raidió na Life 22.11.2016

Ar an gclár seo, labhair mé le James McDonald a bhog ó chontae Loch Garman go Londain roinnt blianta ó shin agus atá anois i mbun grúpa súgartha Gaeilge a bhunú do pháistí ansin i gcomhoibriú le hIonad Éireannach Londain. Chomh maith leis sin chualamar ó Eoin Ó Broin i bPáras atá mar chuid den ghrúpa 'An Ghaeltacht-Sur-Seine' agus é ag cur síos ar na himeachtaí a bheas ar siúl ag an ngrúpa ansin m...

Clár 129 - 2016 - Raidió na Life 15.11.2016

Labhair Seagan Mac An tSionnaigh linn ar an gclár seo, atá leathbhealach tríd an mí agus é i mbun #Movember chun airgead a thiomsú don taighde a dhéantar ar mheabharshláinte na bhfear - mobro/seaghansionnach Chomh maith leis sin chualamar ó Scott Oser in Vancouver, Ceanada, a labhair faoin gcaint a dhéanfaidh sé ag Comhdháil Meanmanra Dé Sathairn an 19 Samhain.

Clár 128 - 2016 - Raidió na Life 08.11.2016

Clár speisialta a bhí anseo ar thoghchán uachtarántachta na Stát Aontaithe ar lá vótála toghchán 2016. Bhí Ian Corless linn beo ó Washington DC ar dtús le labhairt faoin atmaisféar thart ar an gcathair ansin agus faoin scoláireacht Fulbright atá idir lámha aige féin sa chathair. Chomh maith leis sin chualamar ónár dtrácthaire rialta ar chúrsaí polaitíochta SAM Eoin Keane sa Bhruiséil.

Clár 127 - 2016 - Raidió na Life 01.11.2016

Ar an gclár seo chualamar ó Mhòrbheinn Mèinnearach in Albain faoi thionchar an #Bréalú ar an Albain. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinneadh ar an gclár seo dhá bhliain ó shin le fear uasal darb ainm Gus Ó Gormáin a bhog ó Ghaillimh go Montreal 40 bliain ó shin agus a fuair bás le déanaí.

Clár 126 - 2016 - Raidió na Life 18.10.2016

Ar an gclár seo chualamar ó Edel Ni Bhraonáin ó Chonradh na Gaeilge faoi na craobhacha nua den Chonradh a bunaíodh timpeall na cruinne le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Chaitríona Weafer faoi chúrsaí Gaeilge i gCathair na n-Aingeal, CnaG LA san áireamh agus faoi thuairimí an phobail ansin i leith an toghcháin uachtarántachta, le trí seachtaine fágtha go dtí an príomhlá vótála.

Clár 125 - 2016 - Raidió na Life 11.10.2016

Ar an gclár seo labhair Eoin Ó Catháin linn ón Bruiséip faoin dara díospóireacht uachtarántachta a bhí ar siúl oíche Domhnaigh i SAM agus faoi chonspóid na #TrumpTapes. Chomh maith leis sin chualamar ó Sheaġan Mac An tSionnaiġ a bheas ag glacadh páirte san fheachtas mór domhanda #Movember go luath. mobro.co/seaghansionnach .

Clár 124 - 2016 - Raidió na Life 04.10.2016

Chualamar ó Ian Mac Gabhann atá ag múineadh Gaeilge ar scoláireacht ICUF ag Ollscoil St. Thomas i New Brunswick, Ceanada agus chomh maith leis sin Labhraíomar le Paula Melvin, Bainisteoir Dámhachtaine le Coimisiún Fulbright na hÉireann faoi thuras a ghlac an Coimisiún go Corcaigh le grúpa scoláirí Meiriceánacha le déanaí agus na deiseanna atá á n-offráil acu faoi láthair.

Clár 123 - 2016 - Raidió na Life 27.09.2016

Chualamar ó Maura Hutchinson in Indiana na Stát Aontaithe faoin bhféile 'Indy Irish' a bhíonn ar siúl ansin gach bliain agus chomh maith leis sin labhair Éilis Nic Aodhagáin linn ó Toronto, Ceanada faoin scoláireacht ICUF atá idir lámha aici ansin ar feadh na bliana agus faoi chathair Toronto féin.

Clár 122 - 2016 - Raidió na Life 20.09.2016

Ar an gclár seo, chualamr ó Dheasúin Ó Nualáin sa Gaelic-American Club i bhFairfield, Connecticut faoi chúrsaí Gaeilge is Gaelach ansin. Chomh maith leis sin labhair Maeve Ní Chillín atá mar Oifigeach Gaeilge anois le hAmbasáid na hÉireann i mBeirlín na Gearmáine linn faoina ról leis an Ambasáid agus faoin bhféile Oktoberfest.

Clár 121 - 2016 - Raidió na Life 13.09.2016

Ar an gclár seo, chualamar ó Noelle O'Connell, Stiúthóir Feidhmiúcháin European Movement Ireland agus í ag labhairt linn faoi mheon phobal na hÉireann i leith na hEorpa, an Bréalú, Clár na Réalta Goirme a dhéanann siad le páistí bunscoile agus obair uile na heagraíochta.

Clár 120 - 2016 - Raidió na Life 06.09.2016

Sa chlár seo, bhí mé i mbun comhrá le Nigel Govan faoin máistreacht atá ar bhun aige san aistriúchán agus an seal a chaith sé sa Bhruiséil mar chuid de le deireanas.

Clár 119 - 2016 - Raidió na Life 30.08.2016

Ar an gclár seo, chualamar ó Chiarán Mac Guill ón ngrúpa 'An Ghaeltacht sur Seine' faoin ngrúpa féin i bPáras na Fraince agus faoi scéal na Burkini-the sa Fhrainc faoi láthair. Chomh maith leis sin labhraíomar le Cóilín Ó Dubhthaigh faoi na scéalta dearfacha is diúltacha de na Cluichí Oilimpeacha 2016.

Clár 118 - 2016 - Raidió na Life 16.08.2016

Ar an gclár seo, chulamar ó Natália Danzmann as an mBrasaíl faoi na Cluichí Oilimpeacha a bheith ar siúl sa tír agus faoin ráth atá ar na lúthchleasaithe Brasaíleacha go dtí seo sna cluichí. Chomh maith leis sin labhraíomar le Cecilia Dalzell i gConnecticut na Stát Aontaithe a chaith am ar Inis Oírr ar scoláireacht Gaeltachta le déanaí le 'Feicim'.

Clár 117 - 2016 - Raidió na Life 09.08.2016

Chualamar ó Chiarán Ó Braonáin atá i mbun taighde ar chainteoirí Gaeilge Mhór-Roinn na hEorpa faoi láthair. Tuilleadh eolais ar www.mylanguagediary.com Chomh maith leis sin, chulamar ó Bee Ní Choitir ó Chraobh Chontae an Chláir den Irish Palestinian Solidarity Campaign faoin seasamh atá á ghlacadh acu ar chuairt Ambasadóir na hIosráile ar Chontae an Chláir le deanaí www.ipsc.ie .

Clár 116 - 2016 - Raidió na Life 26.07.2016

Ar an glcár seo, labhraíomar le Paula Melvin atá díreach tar éis tosú ag obair le Coimisiún Fulbright na hÉireann faoina cuid oibre féin, faoi scéimeanna éagsúla an Choimisiúin agus faoin gcomórtas a bheidh ag oscailt ag deireadh mhí Lúnasa. Tuilleadh eolais le fáil ar www.fulbright.ie .

Listen to the Fada is Fairsing podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.