Conradh na Gaeilge i Londain

Nuacht Mhall

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

Be sure to visit the podcast's website and support the creator: podcasters.spotify.com

Author

Conradh na Gaeilge i Londain

Category

Education

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Oct 24, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android almost 10M downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

27 Márta 2021 (Dún na nGall) 27.03.2021

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. D’fhógraigh an Coimisiún Eorpach go n-éireofar na rialacha a bhaineann le heaspórtáil vacsaíní Covid-19 ón Aontas Eorpach níos daingne agus na ballstáit ag iarraidh a bheith cinnte go bhfuil a ndótháin soláthairtí acu. Dé Céadaoin, afách, foilsíodh ráiteas oifig...

20 Márta 2021 (Baile Átha Cliath) 20.03.2021

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an fichiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh Tá rialtas na Ríochta Aontaithe ag iarraidh bille nua conspóideach a chur i bhfeidhm a chuirfeadh srian ar cheart saoránach agóid a dhéanamh. Clúdaíonn an Bille Póilíní, Coireachta, Pianbhreithe, agus Cúirteanna 2021 réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le hathchóiriú cear...

13 Márta 2021 (Gaillimh) 13.03.2021

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Tá an pictiúrleabhar Gaeilge MÍP ainmnithe ar ghearrliosta ‘KPMG Children’s Books Ireland Awards 2021’, na mórghradaim náisiúnta litríochta do leabhair do pháistí. Is í Máire Zepf a scríobh MÍP agus is é Paddy Donnelly a mhaisigh an leabhar. Tá MÍP foilsithe ag Futa Fata. Bhuaigh Máire an gradam anuraidh dá húrscéal d'...

6 Márta 2021 (Tír Eoghain) 06.03.2021

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá Pontins tar éis gealladh a gcleachtais oibre maidir le háirithintí a athrú. Cuireadh in iúl an tseachtáin seo go bhfuil liosta sloinnte “neamh-inmhianaithe” ag an chuideachta, a reáchtálann páirceanna saoire i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Cé gurb iad sloinnte Éireannacha an...

27 Feabhra 2021 (Ciarraí) 27.02.2021

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Thug an Chuirt Eaglasta i gCanterbury cead do chlann Margaret Keane ráiteas Gaelainn a chur ar a leac cuimhneacháin i gCoventry, Sasana. Fuair Margaret Keane bás dhá bhliain ó shin. Ní raibh cead ag a clann ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar a leac mar cheap an bre...

20 Feabhra 2021 (Tiobraid Árann) 20.02.2021

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Feabhra. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Beidh rogha ag daltaí na hardteiste i mbliana idir grád measta nó scrúdú traidisiúnta a dhéanamh le haghaidh gach ábhair. Is féidir leis na daltaí grád measta a roghnú, na scrúduithe a dhéanamh le haghaidh gach ábhair nó meascán idir na hábhair a roghnú. Gheo...

12 Feabhra 2021 (Maigh Eo) 13.02.2021

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Feabhra. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tar éis imeacht tobann téamh strataisféarach, tá cuid mhaith de thuaisceart an domhain faoi bhrat sneachta. Thit an teocht go lúide fiche trí in Albain, an teocht is ísle ó 1995; agus i Londain, bhí deis ag go leor naíonán an chéad fhear sneachta dá saol a dh...

6 Feabhra 2021 (An Clár) 06.02.2021

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an t-arm i Maenmar tar éis coup míleata a thosú agus tá an ceannaire polaitiúil, Aung San Suu Kyi, gafa acu. De réir an t-arm, bhí an toghchán is déanaí sa tír lochtach. Tá an ceannasaí airm, Min Aung Hlaing, ag reáchtáil na tíre anois. Bhuaigh Aung San Suu Kyi an Duais Síochá...

30 Eanáir 2021 (Dún na nGall) 30.01.2021

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 30 Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. D’fhéadfadh sé go bhfuil suas le 1,000 páiste i gcruachás le gréasán coiriúil, de réir stáidéar a d’fhoilsigh Ollscoil Luimnigh, a bhí faoi bhun acu ar feadh cúig bliana. Léiríonn an taighde an tslí ina mheallann agus a bheireann na gréasáin choiriúla ar pháistí atá chomh óg le hocht mbli...

23 Eanair 2021 (Baile Átha Cliath) 23.01.2021

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 23ú lá de mhí Eanáir. Is mise Liam Ó Brádaigh. “Éistíodh toil na ndaoine agus tugadh aird ar thoil na ndaoine.” Sin a dúirt Joe Biden ina chéad óráid mar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Insealbhaíodh Biden roimh meán lae Dé Máirt agus roinnt uaireanta a chloig tar éis an tsearmanais insealbhaithe, chuir an riarachán nua tús...

16 Eanáir 2021 (Gaillimh) 16.01.2021

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Ella Hassett. Tá peileadóir óg ó Chorca Dhuibhne ar a shlí chun na hAstráile inniu, le dul ag imirt peil na hAstráile ar feadh dhá bhliain ar a laghad. Is as an Liotuáin é Deividas Uosis ó dhúchais, ach d’aistrigh a chlann go hÉirinn nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. Tá cáil bainte amac...

9 Eanáir 2021 (Tír Eoghain) 09.01.2021

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá géarchéim an chorónvíris dulta in olcas arís in Éirinn agus sa Bhreatain agus na huimhreacha is airde feicthe ó bhí tús na paindéime ann, in ainneoin srianta nua curtha i bhfeidhm sa dá thír. Tá eagla ar na húdaráis nach mbeidh leapacha ospidéil ar fáil roimh i bhfad, agus...

1 Eanáir 2021 (Ciarraí) 02.01.2021

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Eanáir. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá an Bhreatain imithe as an Aontas Eorpach ó aon déag a chlog ar Oíche Chinn Bliana. Thángadar ar an gcomhaontú nach mbeadh aon táillí breise ar thradáil idir an Bhreatain agus an Aontas Eorpach. Fanfaidh Tuaisceart na hEireann sa Margadh Aonair le rialacha chustaim an Aon...

26 Nollaig 2020 (Maigh Eo) 26.12.2020

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu Lá Fhéile Stiofáin. Is mise Oisín Mac Conamhna. Breis agus ceithre bliana tar éis reifreann an Bhreatimeachta, agus na blianta ag idirbheartú, tá comhaontú trádála bainte amach ag an Aontas Eorpach leis an Ríocht Aontaithe. D’fhoilsíodh an téacs inniu ar maidin. Tá an tAontas Eorpach sásta go bhfuil cosaint oiriúnach...

19 Nollaig 2020 (Tiobraid Árann) 19.12.2020

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá dhéag de mhí na Nollag. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tháinig níos mó ná trí chéad buachaill abhaile go sábhailte inné, seachtain tar éis dóibh a bheith fuadaithe óna scoil sa Nigéir. Tháinig na buachaillí ar bus go Katsina, áit ina bhuail siad le hUachtarán na Nigéire Muhammadu Bahari. Tharla an fuadach ar an...

12 Nollaig 2020 (An Clár) 12.12.2020

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá dhéag de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Chuir an Ríocht Aontaithe tús ar a plean vacsaínithe Covid-19 an tseachtain seo caite. Maidin Dé Máirt fuair an chéad duine an vacsaín, bean darb ainm Margaret Keenan atá nócha bliain d’aois. Rugadh í in Inis Ceithleann i gContae Fhear Manach agus bhog sí go Coventry i S...

5 Nollaig 2020 - TÉIC 2 (Dún na nGall) 05.12.2020

Gabh ár leithscéal, seo é an leagan ceart! * Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 5ú lá de mhí na Nollag. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Fógraíodh an tseachtain seo go mbeidh an Ríocht Aontaithe ar an chéad áit ar domhan le húsaid vacsaín in aghaidh Covid-19 a cheadú. Is í an vacsaín ó Pfizer/BioNTech a gheobhaidh Rialtas na Ríochta Aontaithe, le 800,000 dáileog a c...

28 Samhain 2020 (Baile Átha Cliath) 28.11.2020

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh. Beidh scannán Gaeilge ag dul chun cinn mar iarrthóir don scannán idirnáisiúnta is fearr ag gradaim na nOscar an bhliain seo chugainn. Roghnaíodh an scannán, ‘Arracht’, atá suite i gConamara i rith an Ghorta Mhóir ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann. Bai...

21 Samhain 2020 (Gaillimh) 21.11.2020

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Tá an peileadóir Marcus Rashford tar éis togra nua spéisialta a eagrú do pháistí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Sheol sé club leabhar nua do pháistí idir aon déag agus sé bliana déag d’aois i gcomhar le Macmillian Children’s Books sa Ríocht Aontaithe Dé Máirt. Don chéad leabhar, foilseofar leabhar nua leis an údar Carl Anka dar teideal You...

14 Samhain 2020 (Tír Eoghain) 14.11.2020

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Seoladh fondúireacht trasphobail nua in ómós John agus Pat Hume an tseachtain seo. Beidh sé mar aidhm ag an fhondúireacht oidhreacht síochánta na Humes a chur chun cinn, chun an chéad ghlúin eile de síochánaithe a spreagadh. Deir cathaoirleach na fondúireachta, An tOllam...

7 Samhain 2020 (Ciarraí) 07.11.2020

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Sheol Conradh na Gaeilge polasaí nua le haghaidh pleanála sa Ghaeltacht. Moltar gurb é Udarás na Gaeltachta a bheadh ag stiúradh pleanála sa Ghaeltacht. Deir siad go bhfuil gá le polasaí náisiúnta chun go mbeadh sé níos éasca do mhuintir na Gaeltachta tithe a thógaint. Beidh tastálacha nua don víreas Covid 19 ar fáil go luath in Éirinn. T...

31 Deireadh Fómhair 2020 (Maigh Eo) 31.10.2020

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu Oíche Shamhna. Is mise Oisín Mac Conamhna. Drochscéal ón gcosmos an tseachtain seo, mar tá sé faighte amach ag na réalteolaithe David Vokrouhlický agus a chomhoibrithe go bhfuil seans amháin i thart ar céad agus caoga míle go mbuailfidh an t-astaróideach Apophis anuas ar an domhan i 2068, rud a bheadh tubaisteach go h-ioml...

24 Deireadh Fómhair 2020 (Tiobraid Árann) 24.10.2020

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Ag meán-oíche ar an gCéadaoin cuireadh srianta leibhéal a cúig i bhfeidhm ar fud na hÉireann. Beidh na srianta i bhfeidhm ar feadh sé seachtaine go dtí an chéad lá de Mhí na Nollag. Is é leibhéal a cúig an leibhéal srianta is airde i bplean Cov...

17 Deireadh Fómhair 2020 (Dún na nGall) 17.10.2020

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 17ú (seachtú lá déag) de mhí Dheireadh Fómhar. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Dé Máirt, fógraíodh Buiséad 2021 in Éirinn, an buiséad is mó a chonaic an tír riamh. Tá €17.75 billiún le caitheamh ag an rialtas agus leath den iomlán ar chursaí a bhaineann le tacaíochtaí coróinvíris. Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe gurb é a...

10 Deireadh Fómhair 2020 (An Clár) 10.10.2020

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. An tseachtain seo caite, agus gan ach mí roimh thoghchán na huachtaránachta, nocht Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go bhfuair sé toradh dearfach ar thástáil don choróinvíreas. Ó shin amach, bhí torthaí dearfacha ag níos mó ná fiche duine sa Teach Bán. Tá...

Listen to the Nuacht Mhall podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.